Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá brón orm as a bheith déanach ach bhí mé ag éisteacht thuas staighre san oifig agus ag leanúint na díospóireachta a bhí ar siúl. Tá cúpla ceist agam féin agus tá comhaltaí eile tar éis an-chuid de na ceisteanna a bhí mé chun a chur a chur cheana féin. Is é an rud is mó a theastaím a rá ná go gcaithfimid luach a thabhairt don teanga agus an grá agus an tsuim sin a mhúscailt sna daltaí. Tá an córas mar atá sé faoi láthair bunaithe ar chóras na bpointí agus táimid ag obair laistigh de sin. Ta sé deacair an sprid agus an grá sin a mhúscailt laistigh de sin ach ag an am céanna, tá rudaí faoi leith gur féidir linn a dhéanamh chun an córas a athrú.

Bhí mé ag éisteacht leis na tuairimí a bhí ag na finnéithe maidir le pointí bónais a chur i bhfeidhm, sárchúrsa nó cúrsa Gaeilge feidhmeach. Bhí mé féin ag labhairt mar gheall air sin ar feadh na mblianta agus tá sé deas a chloisteáil inniu go bhfuil ár bhfinnéithe glan i bhfabhar é sin. Tá súil agam go n-athróidh rudaí sa todhchaí.

Ag díriú isteach ar na ceisteanna atá agam, bhí na finnéithe ag labhairt faoin scrúdú béil. Faoi láthair, tá an méid atá sa scrúdú béil intuartha agus is féidir leis na daltaí ullmhú dá réir. Ní olc an rud é sin agus tá sé sin go maith do na daltaí ach, mar a dúirt mé, tá sé intuartha. Cén saghas struchtúr eile a bheadh ár bhfinnéithe ag smaoineamh faoi chun an scrúdú béil a mheascadh suas, beagáinín, agus conas ar féidir linn é sin a dhéanamh don scrúdú sin?

Tá an dara ceist atá agam bunaithe ar an idirbhliain. Nuair a bhí mé féin ag múineadh i nGaelcholáiste, chuaigh me thíos gach bliain go dtí an Ghaeltacht leis an idirbhliain, go háirithe, agus chaith siad b’fhéidir seachtain nó cúpla lá thíos i gCiarraí. Ó bheith ag múineadh i nGaelcholáiste, ceapaim gur deas an rud aitheantas a thabhairt don am sin a chaitheann na daltaí thíos sa Ghaeltacht. An bhfuil aon tuairimí ag ár bhfinnéithe má chaitheann dalta ceithre, cúig nó sé seachtaine thíos sa Ghaeltacht ionas gur féidir linn aitheantas éigin nó pointí a thabhairt dó sin ó thaobh creidiúint sa todhchaí?

Tá an tríú ceist atá agam lasmuigh den ardteistiméireacht féin. Bhí na finnéithe ag labhairt mar gheall ar phoist sa Státseirbhís agus sa phobal. An bhfuilimid ag déanamh ár ndóthain chun an líon daoine a gcaithfidh Gaeilge a bheith acu sa Státseirbhís a bheith ann chun déileáil leis an bpobal? An bhfuilimid cóngarach don líon sin daoine a chomhlíonadh nó an féidir linn níos mó a dhéanamh agus más féidir linn, cad é sin?

Tá ceist eile agam mar bhí an Teachta O’Callaghan anseo ag labhairt faoin gcóras pátrúnachta atá againn. Tá a fhios agam gur fadhb mhór é i mBaile Átha Cliath. Tá an t-ádh liom féin mar tá dhá Ghaelscoil i mo cheantar féin. An bhfuil sé cothrom go gcaithfidh daltaí taisteal 30, 40, nó 50 nóiméad chun freastal ar scoil lán-Ghaeilge sa lá ata inniu ann? Fáiltím roimh smaointe ár bhfinnéithe orthu sin agus is féidir liom ceist eile a chur ina dhiaidh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.