Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta: Conradh na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta O'Dowd, ón Seanadóir Ó Donnghaile agus ón Teachta Connolly. Ní féidir leo a bheith i láthair. Táimid anseo inniu chun plé a dhéanamh ar churaclam nua na hardteistiméireachta, lena ngabhann dhá shonraíocht, T1 agus T2. Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge. Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfuil an finné lonnaithe i Seomra na Dála, mar aon leis na comhaltaí den choiste. Níl aon duine ar líne.

Ba mhaith liom a chur ar aird an fhinné go bhfuil sé, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann sé don choiste seo chomh fada is atá sé lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dó, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann sé dá tabhairt, níl sé i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise aige. Ordaítear dó nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dó cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom é a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir sé faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Mr. Julian de Spáinn:

Gabhaim míle buíochas leis an gCathaoirleach, leis na Teachtaí, leis na Seanadóirí agus le foireann an chomhchoiste as an gcuireadh le bheith ina láthair inniu chun labhairt faoin nGaeilge sa chóras oideachais, go háirithe faoin gcomhairliúchán ar na sonraíochtaí nua ardteistiméireachta, T1 agus T2, atá ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM. Díreoidh mé ar an gcomhairliúchán sin ar dtús agus ansin labhróidh mé beagáinín faoin mórphictiúr faoin nGaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil Conradh na Gaeilge go mór taobh thiar den mholadh gur chóir difreáil a dhéanamh ag leibhéal na sraithe sinsearaigh le sonraíochtaí faoi leith do scoileanna Gaeltachta agus do Ghaelcholáistí, ar nós atá déanta ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus sna bunscoileanna roimhe seo. Chomh maith leis sin, creideann muid gur chóir go mbeadh an difreáil seo ar fáil do scoileanna a éiríonn go maith leo leis an nGaeilge a mhúineadh más mian leo é a chur ar fáil dá ndaltaí. Tá an conradh, agus 12 eagraíocht Ghaeilge agus oideachais eile, den tuairim, áfach, gur chóir an comhairliúchán reatha atá ar bun ag an CNCM ar na sonraíochtaí nua ardteistiméireachta T1 agus T2 a chur siar.

Ba mhaith liom dul tríd cuid de na cúiseanna go bhfuilimid ag éileamh seo. Gan athbhreithniú ceart eolaíoch déanta ar an tsraith shóisearach Gaeilge nua T1 agus T2 roimh bhogadh ar aghaidh go dtí an tsraith shinsearach, tá seans mór ann go leanfar le botúin agus le fadhbanna atá sa tsraith shóisearach nua faoi láthair agus go mbeidh aon sonraíocht nua ardteistiméireachta, mar sin, lochtach ón tús. Mar shampla, is é ceann de na heasnaimh is mó atá ann sa tsraith shóisearach, dar ndóigh, ná nach bhfuil aon bhéaltriail ann a thuilleadh. Níl aitheantas ar bith ann, mar sin, don teanga labhartha sa mharc a fhaigheann daltaí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Conas gur féidir teanga a mheas i gceart gan bhéaltriail?

Ní hamháin go bhfuil an conradh agus an 12 eagraíocht Ghaeilge agus oideachais eile ag éileamh go mbeidh athbhreithniú ceart déanta ar an tsraith shóisearach roimh bhogadh ar aghaidh go dtí na sonraíochtaí ardteistiméireachta ach, de réir suirbhéanna éagsúla déanta le déanaí ag Cumann na Meánmhúinteoirí, ASTI, agus ag an nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, léirigh breis is 95% de mhúinteoirí Gaeilge sa dá shuirbhé tacaíocht don éileamh seo. D’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann má dhéanann an Roinn Oideachais agus an CNCM neamhaird ar thuairim na múinteoirí. Conas gur féidir dul ar aghaidh le comhairliúchán agus 95% de mhúinteoirí ag iarraidh go gcuirfear siar é?

Sna suirbhéanna céanna, aithnítear na heasnaimh atá sna cáipéisí comhairliúcháin ar nós nach bhfuil liosta litríochta ar fáil, nach bhfuil scéim marcála ar fáil agus nach bhfuil na torthaí foghlama soiléir. Chomh maith leis sin, níltear sásta leis an moladh go laghdófar na marcanna don bhéaltriail ó 40% go 35%. Conas gur féidir le múinteoirí agus le geallsealbhóirí eile páirt iomlán a ghlacadh sa chomhairliúchán seo gan an t-eolas cuí ar fáil sna cáipéisí a bhaineann leis an gcomhairliúchán?

Níl cuid den eolas is tábhachtaí curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais chun gur féidir le tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí tuiscint iomlán a bheith acu ar céard a bheidh i gceist leis an tsonraíocht nua T1. Níl an Roinn tar éis a dheimhniú an mbeidh marcanna bónais ann le haitheantas, cúiteamh nó spreagadh a chur ar fáil do dhaltaí as siollabas níos deacra le hualach breise a dhéanamh. I suirbhé a rinne Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile in Éirinn le déanaí, dúirt 76% go meallfadh marcanna bónais iad leis an gcúrsa T1 a dhéanamh. Cén fáth a roghnódh daltaí an cúrsa T1 a dhéanamh mura mbíonn marcanna bónais ar fáil dóibh?

Tá an-chontúirt ann - agus ba mhaith liom béim faoi leith a chur ar an bpointe seo - go gcaillfear muinín an phobail sa pholasaí oideachais Gaeltachta. Tá an comhairliúchán féin ag déanamh neamhairde ar an bpolasaí agus ar an tagairt atá déanta do shonraíochtaí ardteistiméireachta sa pholasaí ina ndeirtear "Táthar ag súil go dtosóidh obair ar shonrúcháin idirdhealaithe T1 agus T2 a fhorbairt do Ghaeilge na sraithe sinsearaí nuair a bheidh na sonrúcháin idirdhealaithe don Ghaeilge sa tsraith shóisearach forbartha agus iad ag obair go maith sna scoileanna." Níl aon fhianaise ann go bhfuil an tsraith shóisearach ag feidhmiú go maith sna scoileanna, in éagmais aon athbhreithniú oifigiúil, agus a mhalairt atá fíor ón aiseolas atá faighte ón ASTI agus ón nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge. Beidh neamhaird agus ceapmhagadh léirithe don pholasaí oideachais Gaeltachta má théitear ar aghaidh leis an gcomhairliúchán agus forbairt sonraíochtaí nua ardteistiméireachta gan deimhniú go mbeidh marcanna bónais ann agus athbhreithniú déanta ar an tsraith shóisearach. D’fheadfadh sé scoilt sa phobal a chruthú idir daoine a bheidh ar son an pholasaí oideachais Gaeltachta agus daoine a bheidh ina choinne agus dhéanfadh sin an-dochar sa Ghaeltacht. Is í an cheist is bunúsaí atá ann ná, gan marcanna bónais as cúrsa níos dúshlánaí a roghnú, cén mhaith gach rud eile sa pholasaí?

Níl aon tagairt nó plé sa chomhairliúchán maidir le bonnleibhéal a choinneáil agus ní bheidh freastal sásúil ar an dalta le deacrachtaí foghlama mar sin. Tá an-bhaol ann go méadófar an líon daltaí ag lorg díolúintí mura bhfuil bonnleibhéal ar fáil dóibh nó go laghdófar torthaí foghlama an ghnáthleibhéil le freastal ar dhaltaí níos laige agus, mar thoradh air sin, go laghdófar caighdeán gnáthleibhéil trí chéile. Níl aon tagairt nó plé sa chomhairliúchán maidir leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach a úsáid le freastal níos fearr ar dhaltaí bonnleibhéil agus daltaí gnáthleibhéil agus tá deis á cailliúint mar sin córas nua a úsáid le freastal ar riachtanais an dalta in ionad an chórais dhaingin dholúbtha atá molta sna sonraíochtaí seo.

Mar is eol do na comhaltaí, tá sprioc uaillmhianach leagtha amach i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 go mbeadh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí inniúil sa Ghaeilge. Is é leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, FTCE, an caighdeán is mó a luaitear go hidirnáisiúnta mar bhunriachtanas le go mbeadh duine in ann feidhmiú i dteanga ar bith i gcomhthéacs gairmiúil.

Tá deis ann a chinntiú go mbeadh an caighdeán seo ag cuid mhaith daltaí scoile tar éis dóibh cúrsa na hardteistiméireachta a chur i gcrích. Dá mbeadh an ardteistiméireacht ailínithe leis an FTCE ar bhealach trédhearcach, agus córas bailí measúnachta ag baint leis, thacódh sé go mór le polasaí agus spriocanna earcaíochta an Bhille teanga. Buntáiste a bheadh ann don dalta freisin, dá mbeadh aitheantas gairmiúil ag baint le cáilíocht Ghaeilge na hardteistiméireachta. Níl aon tagairt nó plé, áfach, sa chomhairliúchán maidir leis an FTCE a úsáid. Ceann de na gnéithe is réabhlóidí faoin FTCE ná go ndéanann sé cur síos ar an bhfoghlaimeoir teanga mar úsáideoir teanga. Is é an phíomh-sprioc a bhaineann le cúrsaí atá bunaithe ar an FTCE, mar sin, ná an foghlaimeoir a chumasú le bheith in ann an teanga a úsáid go héifeachtach ina shaol nó ina saol acadúil, gairmiúil agus sóisialta i ndiaidh an chúrsa, seachas foghlaimeoir a ullmhú do scrúdú. Deis amú a bheidh ann mura n-úsáidfí an cur chuige seo go soiléir i gcúrsa nua na hardteistiméireachta, agus beidh an-bhaol ann go bhfágfaidh glúin eile an scoil le scileanna agus straitéisí scrúdaithe seachas inniúlacht teanga agus chumarsáide. Céard is fiú do chuid amháin den Rialtas a bheith ag brú ar aghaidh leis an FTCE agus an chuid eile ag déanamh neamhaird air?

Bheadh buntáiste i gceist leis an tsraith shinsearach a nascadh leis an FTCE chomh maith, de bharr gur ar an gcóras sin atá na curaclaim ollscoile don Ghaeilge bunaithe. An bhféadfaí glacadh leis go mbeadh aon dalta T1 agus T2 a bhaineann amach grád faoi leith sa tsraith shinsearach cáilithe nó cumasaithe le tabhairt faoin nGaeilge mar ábhar ollscoile? An gcaithfeadh daltaí T2 bliain bhreise nó fiú modúil bhreise a dhéanamh san ollscoil i gcomparáid le daltaí T1? D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag na sonraíochtaí seo don soláthar múinteoirí freisin. An mbeadh cáilíochtaí éagsúla i gceist do mhúinteoirí cúrsa T1 agus T2? D’fhéadfadh go mbeadh easpa mhór múinteoirí incháilithe nó inniúil leis an tsonraíocht T1 a mhúineadh ag leibhéal na sraithe sinsearaí. Ní féidir páirt iomlán a ghlacadh sa chomhairliúchán gan freagraí ar na ceisteanna seo. B’fhearr moill a chur ar an bpróiseas anois leis na sonraíochtaí difreáilte a chur le chéile agus iad a dhéanamh i gceart, in ionad praiseach a dhéanamh de na sonraíochtaí nua ardteistiméireachta nach mbeidh daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus eile ag tacú leo.

D’fhéadfadh sonraíocht dhifreáilte a bheith leagtha amach go sásúil le marcanna bónais freastal i gceart ar an gcainteoir dúchais, daltaí Gaelcholáiste agus daltaí eile i scoileanna a n-éiríonn go maith leo an Ghaeilge a mhúineadh. D’fhéadfadh sé seo cumas, úsáid agus saibhreas na teanga a láidriú trí chéile sa tír. Tá súil ag Conradh na Gaeilge go n-aontóidh an comhchoiste linn gur chóir an comhairliúchán reatha atá ar bun ag an CNCM ar na sonraíochtaí nua ardteistiméireachta T1 agus T2 a chur siar, gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an tsraith shóisearach agus gur gá don Roinn Oideachais marcanna bónais a dheimhniú don chúrsa T1 gan a thuilleadh moille. Bheimis an-bhuíoch dá mbeadh an coiste sásta rún a rith chuige seo agus scríobh chuig an Aire Oideachais agus chuig an CNCM le tacaíocht dár n-éileamh a chur in iúl dóibh.

Is maith an rud é go bhfuil an comhchoiste ag plé ceist na sonraíochtaí ardteistiméireachta inniu. Tuigim go raibh plé aige roimhe seo maidir leis na díolúintí, caighdeán Gaeilge na múinteoirí, agus eile. D’fhéadfainn 20 ábhar oideachais eile a mholadh le plé a dhéanamh orthu, ó bhunú Gaelscoileanna go páirt-tumoideachas sna bunscoileanna, agus go leor eile. Bheadh daoine eile in ann go leor leor ábhar oideachais eile a mholadh le plé chomh maith. Caithfidh go bhfuil cur chuige níos fearr ann ná iomaí ábhar oideachais éagsúla nach bhfuil ceangal eatarthu.

Go rómhinic, is tinte a mhúchadh a bhíonn ar siúl againn, in ionad pleanáil go cuimsitheach, go comhtháite agus go fadtéarmach don Ghaeilge sa chóras oideachais. Sin an fáth, roimh an olltoghchán i 2020, gur chuir an feachtas #Gaeilge4All moladh chun cinn leis na páirtithe polaitiúla gur chóir go mbeadh polasaí ann don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Chuimseodh an polasaí an Ghaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal agus i ngach earnáil, leis an trí chroí-pholasaí seo a leanas san áireamh sa pholasaí: an polasaí oideachais Gaeltachta reatha; polasaí don Ghaelscolaíocht, mar a gheall an Teachta McHugh nuair a bhí sé mar Aire Oideachais i mí na Nollag 2019; agus polasaí don oideachas a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Bheadh an páirt-tumoideachas, tumoideachas iomlán, an curaclam, sonraíochtaí, oiliúint múinteoirí, bunú Gaelscoileanna, díolúintí, measúnú agus gach rud eile san áireamh sa pholasaí seo.

Bheadh go leor buntáistí lena leithéid de pholasaí. Bheadh ciall agus ceangal comhtháite le foghlaim na Gaeilge don dalta sa chóras ón gcéad lá sa réamhscoil go dtí scrúdú na hardteistiméireachta agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Thógfadh polasaí mar seo na geallsealbhóirí ar fad le chéile le díriú ar sprioc faoi leith. Bheadh an polasaí ag freastal ar bhuarthaí dlisteanacha daoine óga maidir le foghlaim na Gaeilge agus cuirfear iad ar a suaimhneas trí chóras a dhéanann ciall ó leibhéal go leibhéal a chur ar fáil dóibh, a léiríonn na deiseanna agus na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge. Ag an leibhéal is bunúsaí, phléifeadh an polasaí le cuid mhaith de na bréaga agus an míchruinneas a bhaineann leis an teanga atá ag mionlach sa phobal, mar shampla, go bhfuil an Ghaeilge marbh, go mbíonn daoine 13 bliain ag foghlaim na Gaeilge agus ní féidir le haon duine abairt a chur le chéile, nó go bhfuil sé ródheacair í a fhoghlaim. Chuirfeadh polasaí mar seo spreagadh arís faoi theagasc na Gaeilge ón mbonn agus chuirfeadh sé le húsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga sa tír. Laghdódh sé an gá le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a bhronnadh ar dhaltaí ag teacht isteach déanach sa chóras nó ar dhaltaí le fadhbanna foghlama, mar go mbeadh sé i bhfad níos freagraí do riachtanais agus cumais éagsúla na ndaltaí.

Tá eiseamláir dá leithéid de pholasaí comhtháite cuimsitheach le feiceáil sa pholasaí oideachas Gaeltachta a cuireadh le chéile le tacaíocht, seilbh agus ionchur ón bpobal agus lucht an oideachais. Tá ról acu i gcur i bhfeidhm an pholasaí chomh maith. D’fheadfaí an polasaí a bhunú, mar shampla, ar an FTCE agus bheadh deis torthaí foghlama a leagadh síos sa réamhscoil a thiocfadh le torthaí sa bhunscoil agus ar aghaidh chuig an iar-bhunscoil agus an tríú leibhéal. Ní raibh polasaí Gaeilge don chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal riamh ann ó bunaíodh an Stát ó Dheas. Mar sin, tá deis faoi leith ann a bheith réabhlóideach agus an Ghaeilge sa chóras oideachais a athrú ón mbonn.

As na páirtithe Rialtais, gheall Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas go gcuirfeadh siad an polasaí seo le chéile agus thacaigh Fine Gael leis an bpolasaí don Ghaeloideachas. Tá gealltanas sa chlár Rialtais ó shin go soláthrófar polasaí cuimsitheach don Ghaeilge ó oideachas réamhscoile go hoideachas múinteoirí, ach, faraor, níl aon rian le feiceáil den pholasaí nó na socruithe leis an bpolasaí seo a chur le chéile ó thosaigh an Rialtas reatha. Ní raibh tagairt ar bith don pholasaí seo sa ráiteas straitéise den Roinn Oideachais a cuireadh os comhair an Rialtais le déanaí. Bheadh muid an-bhuíoch den chomhchoiste seo dá mbeadh sé sásta rún a rith le héileamh ar an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt laistigh de bhliain. Ba chóir di próiseas comhairliúcháin a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí a fhorbairt agus, ar nós a rinneadh le forbairt an pholasaí oideachais Gaeltachta, ba chóir go mbeadh aighneachtaí ón bpobal, cruinnithe poiblí, cruinnithe le geallsealbhóirí agus eile san áireamh sa chomhairliúchán.

Gabhaim buíochas arís leis an gcoiste as an deis chun labhairt leis inniu. Tá súil agam go mbeidh na baill in ann tacú linn agus rún tacaíochta a chur tríd ag pointe éigin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Tiocfaimid ar ais ag an gceist faoi rún. Beidh cruinniú príobháideach againn an tseachtain seo chugainn agus is féidir linn é sin a chur ar an gclár oibre. Tá sé i gceist againn leanúint leis an gcur chuige maidir leis an ábhar seo agus oideachas trí Ghaeilge i gcoitinne. B’fhéidir go mbeidh muid in ann tuairisc a chur le chéile ag an deireadh ach, más gá, féachfaimid conas mar is féidir linn déileáil leis an rún atá luaite, má aontaíonn na baill leis sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineadh stangadh asam nuair a chuala mé faoin moladh nach mbeadh aon bhuntáiste le cúrsa T1 a dhéanamh. Ní raibh mórán eolais ag cibé a smaoinigh air seo ar dhaoine óga nó ar an ardteistiméireacht, mar is cluiche mór é le pointí a bhaint amach agus dul ar an ollscoil le do rogha ábhar a dhéanamh. Is eochair an dorais atá ann agus breathnaíonn scoláirí óga go fuarchúiseach air, mar aon lena dtuismitheoirí agus a gcuid múinteoirí. Má éiríonn leo an doras sin a oscailt tá an saol mór amach rompu agus is féidir leo a mian a leanúint. Mar sin, ní aontaím leis an gcur chuige seo ar chor ar bith. Níl aithne ar bith agam ar aon duine ina chiall nó ina ciall a dhéanfadh T1 agus a gheobhadh 100% nuair a d’fhéadfaidís na marcanna ceannann céanna a fháil i T2 le leath an anró agus níos mó ama a bheith acu le caitheamh ar ábhair eile. Sin mar a oibríonn an ardteistiméireacht. Chuir muid moladh níos foirfe ar aghaidh deich mbliana ó shin agus bhí díomá orm ag an am nach raibh mé in ann é a chur ina luí ar an Roinn Oideachais. Is féidir le duine matamaitic, matamaitic fheidhmeach agus fisic a dhéanamh agus bheadh an t-ábhar sa lár an-chosúil le cuid den fhisic agus cuid den mhatamaitic. Is minic a dhéanann daoine é sin le marcanna breise a fháil. Mar shampla, má tá sain-scil ag duine sa Spáinnis, tá sé éasca go maith dó nó di an Iodáilis a dhéanamh mar luíonn ábhair éagsúla le chéile. Tá a fhios ag na scoláirí féin céard iad na hábhair a théann le chéile, le gur féidir leo marcanna arda a fháil san oiread ábhair is féidir, le go bhfaighidh siad an eochair le dul isteach an doras go cibé cén todhchaí atá rompu.

Is é an moladh a bhí ann ná go mbeadh dhá chúrsa Gaeilge don ardteistiméireacht, cúrsaí neamhspleácha a bheadh marcanna iomlána ag dul go dtí gach aon cheann díobh. Bheadh ceann amháin dírithe ar scríobh agus labhairt na teanga - bheadh béim mhór ar labhairt chruinn na teanga. Bheadh an dara ceann bunaithe ar scríobh na Gaeilge, le haistí, aistriú agus gramadach, na gnáthrudaí a bheadh ann dá mbeinn ag foghlaim teanga. Ansin, ní bheadh mórán plé ar an gcéad chúrsa le litríocht na Gaeilge. Bheadh an cúrsa eile Gaeilge ann le litríocht na Gaeilge, a chuimseodh filíocht, prós agus mar sin de a d’fhéadfadh duine a dhéanamh mar ábhar comhthreomhar leis. Glacaim leis dá mbeadh eolas iontach maith ag duine ar an Gaeilge, agus é nó í ina chainteoir nó cainteoir dúchais nó a chomhionann, dhéanfadh an duine sin thar cionn san ábhar sin i dteanga na Gaeilge. Dá mbeidís chomh maith sin sa Ghaeilge ní bheadh an oiread struis orthu dul chun an litríocht a dhéanamh mar bheadh an teanga acu. Bheidís in ann í a léamh agus na dánta a fhoghlaim, a thuiscint agus mar sin de, mar bheadh Gaeilge mhaith acu. Fós féin chaithfidís an dara curaclam a leanúint ach dá ndéanfaidís é sin bheadh an dá oiread marcanna ar fáil.

Bheadh buntáiste mór leis sin mar thabharfadh sé blaiseadh ceart den litríocht do chuid mhaith gasúr sa tír seo. Níl aon amhras orm ach go roghnódh scoláirí sa chás áirithe seo na cúrsaí sin agus go ndéanfaidís iad mar a dhéanann daoine péirí eile de chúrsaí atá cosúil le chéile cheana féin don ardteistiméireacht. Is é sin an moladh a bhí ann agus creidim dá nglacfaí leis an moladh sin cheana féin nach mbeimis san áit ina bhfuilimid anois.

Níl aon chiall ná réasún agus ní fhéadfadh glacadh leis an moladh, de réir mar a thuigim atá ann, mar is é go mbeadh dhá chúrsa ann agus ceann amháin níos deacra ná an ceann eile, i bhfad níos mó léimh le déanamh agus anró ag baint leis, ach ag deireadh an lae dá bhfaighfeá 100% sa cheann éasca ní fhéadfá dul agus 100% a fháil sa cheann crua. Tá rud seo cosúil le comhdháil mhór de Chumann Lúthchleas Gael, CLG, agus go socraíonn an cumann go dtabharfaí pointe le liathróid a chur os cionn an trasnáin agus pointe leis í a chur san eangach. Cén chaoi a chuirfí an liathróid mar sin san eangach dá mbeadh sé i bhfad níos éasca í a chur thar an trasnán? Cé mhéad cúl a scórálfaí dá mbeadh an brabach ar an dá rud mar a chéile? Ar ndóigh tá ciall ag an CLG. Tuigeann sé go bhfuil sé i bhfad níos deacra an liathróid a chur san eangach agus tugann an cumann trí phointe dó. Tá an rud seo chomh craiceáilte le duine ar bith a déarfadh go mba ceart – ní aontódh foireann Chiarraí leis seo ar aon nós mar is breá leo cúl a fháil – go mbeadh an brabach ceannann céanna ar chúl agus atá ar chúilín agus, ar an gcaoi chéanna, a rá go mbeadh an brabach céanna as T1 agus atá as T2.

Dúirt mé é sin ón gcéad lá a chuala mé faoin moladh seo agus tá sé in am dúinn an rud ar fad a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua arís. Níl mise sásta le haon rud a dhéanfadh caint timpeall air agus mar sin de. Tá rud i bhfad níos radacaí ná mar atá molta ag teastáil uainn. Tá rud éigin ag teastáil le haos óg na tíre seo a ghríosú, ní hamháin le tuiscint agus cumas teanga a bheith acu, ach le tuiscint agus cumas a bheith acu i litríocht na Gaeilge agus níl aon amhras orm ach go meallfadh sé seo iad. Caithfidh mé a rá nuair a rinne mé an ardteistiméireacht, agus ní inniu nó inné a tharla sé sin, bhí go leor litríochta le déanamh agus leabhair le léamh - bhí orainn na dánta agus an fhiannaíocht a dhéanamh agus mar sin de. Chaithfeá a bheith réasúnta maith ag an nGaeilge leis í a dhéanamh. Bhí sí níos dúshlánaí ná díreach an teanga a fhoghlaim ach ba cheart dul ar ais aige sin ach í a dhéanamh mar dhá ábhar seachas mar cheann amháin.

Mr. Julian de Spáinn:

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus aontaím leis. Is é sin an moladh a bhí againn. Táimid fós den tuairim go bhféadfaí é a dhéanamh sa tslí sin ionas go mbeadh dhá ábhar don ardteistiméireacht. Athraíodh é ag leibhéal na sraithe sóisearaí ar dtús sa mhéid is go raibh an T1 agus an T2 ann. Ag breathnú ar aghaidh go dtí an ardteistiméireacht, tá an Roinn ag iarraidh an modh céanna a choinneáil.

Tá an ceart ag an Teachta mar is é an rud a bhí i gceist againne ná go mbeadh gach duine ag tabhairt faoi chúrsa cumarsáide agus eile, bunaithe ar an FTCE, agus go mbeadh ciall faoi leith leis mar sin mar rud a d’fhéadfaí a úsáid sa saol mór ina dhiaidh sin freisin. Tá béim ar leith aige sin ar chúrsaí cumarsáide agus daoine a chumasú chun gur féidir leo dul agus feabhas a chur ar a gcuid teanga. Bheadh an dara cúrsa dírithe ar litríocht, saíocht agus eile, agus go mbeifí ag iarraidh é a dhéanamh ar leibhéal i bhfad níos airde.

Is féidir é sin a dhéanamh mar fhreagra air seo. Aontaím leis an Teachta faoin méid a luaigh sé faoi bheith radacach. Mar chur chuige nó comhthéacs chun a bheith radacach nó réabhlóideach fiú amháin sa chás seo, ní gá ach a rá go bhfuilimid ag déanamh an rud ceannann céanna arís is arís eile ar feadh na mblianta agus tagann na ceisteanna céanna chun cinn gach uile bhliain faoin nGaeilge éigeantach don ardteistiméireacht agus nach n-oireann an cúrsa do chainteoirí dúchais. Tarlaíonn sé seo i gcónaí ach nílimid ag breathnú ar an bpictiúr mór agus a rá go gcaithfimid athrú ón mbonn a chur i bhfeidhm sa Ghaeilge sa chóras oideachais. Tá súil agam go dtabharfaí faoi sin sa bhealach ina bhfuil sé geallta sa chlár Rialtais. Gheall na páirtithe atá sa Rialtas faoi láthair go dtapódh siad an deis sin. Tá an eiseamláir ann leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta le go bhfeicfimid rud éigin comhtháite atá ag breathnú ar rudaí ón réamhscoil go dtí an ollscoil agus go luíonn sé sin le ciall. Táimid ag súil go bhféadfaí é sin a dhéanamh in ionad dul síos an bóthar seo. Má theann an comhairliúcháin seo ar aghaidh le cuid mhaith de na moltaí anseo, gan aon eolas faoi mharcanna bónais, d’fhéadfadh sé titim ar fad as a chéile. Bheadh impleachtaí tromchúiseacha ann sa phobal ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin curtha san áireamh sa chomhairliúchán mar tá sé sin bunaithe ar rud faoi leith a bhaineann le sonraíochtaí amháin. Níl sé ag breathnú ar an bpictiúr mór.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn as an ráiteas, an eolas agus an suirbhé. Aontaím le gach rud atá ráite ag an Teachta Ó Cuív agus leis an bhfreagra ón bhfinné. Cá bhfuil an fhadhb? Cén fáth nach bhfuil tuiscint sa CNCM nó sa Roinn faoin dainséar atá anseo? Bhí sé suimiúil gur leag Julian de Spáinn amach go hard go bhfuil contúirt ann agus gur chuir sé an-bhéim go gcaillfí muinín an phobail sa pholasaí don oideachas Gaeltachta. Tá sé tar éis caint a dhéanamh air sin ina fhreagra ar an Teachta Ó Cuív. An bhfuil fianaise ag an bhfinné maidir leis an gcontúirt agus an mbuairt atá aige faoi sin? Cá bhfuil an fhadhb agus cén fáth go bhfuil an mhoill anseo? Tuigim é go bhfuil sé réasúnta simplí.

Mr. Julian de Spáinn:

Tá an oiread sin daoine tar éis teagmháil a dhéanamh liom ó fógraíodh go raibh an comhairliúchán ar siúl agus iad á rá go n-easaontaíonn siad leis an gcur chuige atá beartaithe. Tá go leor daoine ón nGaeltacht tar éis a bheith i dteagmháil liom agus iad den tuairim go bhfuil sé mícheart go mbeadh ar a bpáistí ualach sa bhreis a iompar chun an marc céanna a bhaint amach is a bhaineann dalta eile amach. Tuigim agus níl freagra agam dóibh. Ní féidir liom iad a mhealladh sa treo is go bhfuil fiúntas le go mbeadh cúrsa difriúil ann idir T1 agus T2 mar, gan na marcanna bónais agus an chinnteacht sin ón Roinn Oideachais, ní féidir liom é sin a rá. Ní fhéadfainn a bheith ag moladh d’aon duine tabhairt faoi chúrsa níos deacra gan aon rud a bheith ann dó nó di. Tá go leor fianaise ann ó thaobh na dtuairimí atá curtha in iúl agus ar ais chugam ó na heagraíochtaí atá páirteach san obair seo freisin, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ina measc.

Rinneadh suirbhéanna i measc múinteoirí. Feicfear sa cháipéis a roinn mé leis na comhaltaí na torthaí a tháinig ar ais ó thaighde an Ghréasáin do Mhúinteoirí Gaeilge agus ó thaighde an ASTI. Feicfear ansin go bhfuil na múinteoirí an-bhuartha faoi seo. Léirítear sa dá shuirbhé go bhfuil 95% de mhúinteoirí ar son an comhairliúchán a chur siar go dtí go bhfuil muid ag breathnú ar an tsraith shóisearach agus go dtí go bhfuil na fadhbanna agus rudaí eile a cruthaíodh ansin réitithe. Sna suirbhéanna a rinne an Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge agus Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile in Éirinn, léirítear an tuairim gur gá na marcanna bónais a chur ar fáil. Gan an freagra sin ón Roinn Oideachais agus an comhairliúchán seo ar siúl, ní féidir aighneacht cheart a chur isteach mar níl freagra na ceisteanna sin ag aon duine. Tá sin ag cur bac mór ar an bpróiseas comhairliúcháin seo. Arís, bheadh sé go maith dá mbeadh muid in ann teacht ar an bhfreagra sin maidir leis na marcanna bónais. Mura bhfuil an rogha eile a luaigh an Teachta Ó Cuív ann, is é sin go mbeadh dhá chúrsa i gceist don ardteistiméireacht, agus má tá na cúrsaí sin, T1 agus T2, ann mar atá leagtha amach faoi láthair, caithfear marcanna bónais a chur ar fáil.

Bhí mé ag labhairt le príomhoide ar an ábhar seo agus thug sé sampla dom. Dá mbeadh beirt dhalta scoile sa rang céanna, duine amháin acu ag dul le T1 agus an duine eile ag dul le T2, agus dán le déanamh acu, bheadh ar dhalta amháin trí véarsa a dhéanamh agus ní bheadh ar an dalta eile ach véarsa amháin a dhéanamh. Bheadh an marc céanna ar fáil ag an deireadh nuair a thagann na torthaí ar ais agus, bunaithe air sin, bheadh na pointí céanna ar fáil freisin. Cén fáth go ndéanfadh duine na trí véarsa in ionad véarsa amháin? Ní dhéanann sé aon chiall ach is é sin an rud atá molta faoi láthair. Chun cothrom na Féinne a thabhairt don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, is ceist don Roinn Oideachais í ceist na marcanna bónais ach is ceist don CNCM ceist an athbhreithnithe ar an tsraith shóisearach.

Photo of Barry WardBarry Ward (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Julian de Spáinn agus gabhaim buíochas leis as an méid atá ráite aige ansin. Feictear domsa gurb í príomhaidhm an athraithe seo ná díriú ar na bunchlocha, scileanna teanga agus cumarsáide, a thabhairt do na scoláirí nach bhfuil taithí acu ar Ghaeilge a úsáid agus staidéar níos doimhne a dhéanamh seachas a bheith ag díriú ar scoláirí a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu. Ní dóigh liom go bhfuil sé cothrom glacadh leis nach bhfuil ardchaighdeán ag scoláirí a bhfreastalaíonn ar scoileanna lán-Bhéarla. Fiú nach bhfuil siad ag staidéar trí Ghaeilge ach trí Bhéarla, tá an-suim ag roinnt scoláirí sa Ghaeilge. Tá neart scoláirí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Bhéarla ann a bhfuil an-phaisean acu don teanga. Téann siad chuig coláistí samhraidh, nó fiú chuig Coláiste na Rinne nó áit éigin mar sin ar feadh bliana. Bhí an seans sin agamsa. Tá a fhios againn go bhfuil an aip Duolingo acu freisin. Tá a fhios agam go bhfuil scoláirí ann a oibríonn ar an nGaeilge go han-chrua ar fad. Bhí mise ar Scoil na Leanaí i bPort Láirge agus nuair a d'fhill mé ar Bhaile Átha Cliath, bhí seans agam a bheith ag labhairt Gaeilge le mo chairde sna Gasóga Mara, daoine a d'fhreastail ar scoileanna lán-Ghaelach sa chás sin. Ba chóir dúinn rud éigin a dhéanamh do dhaoine atá ag staidéar trí Bhéarla freisin. Ní mé i bhfabhar segregation a dhéanamh idir scoláirí lán-Ghaeilge agus scoláirí lán-Bhéarla. Ba cheart dúinn tacú le daoine atá ag freastal ar scoil trí Bhéarla freisin.

I mí Eanáir bhí modúl iriseoireachta ag TG4 do scoláirí san idirbhliain. Ba mhodúl do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge amháin é. Ní raibh seans a bhí ar scoláire taobh amuigh den Ghaeltacht i scoil lán-Bhéarla a bheith páirteach sa mhodúl sin. Is fadhb í go bhfuil muid ag déanamh na difríochta sin. Tá an Ghaeilge ann do gach éinne. Ba cheart dúinn na rudaí sin a chur ar fáil do gach éinne, is cuma má fhreastalaíonn siad ar scoil lán-Ghaeilge nó scoil lán-Bhéarla.

Agus é sin curtha san áireamh, más maith linn cothromaíocht a fháil, bunchlocha na teanga a thabhairt do na scoláirí uilig agus deis a thabhairt do na scoláirí atá líofa staidéar níos doimhne a dhéanamh, táim chun aird a tharraingt ar pholasaí eile atá molta ag Ógra Fhine Gael nó Young Fine Gael ina cháipéis "I dTreo Athbheochan na Gaeilge". Moltar gur ceart go mbeadh ábhar éigeantach ann darb ainm "teanga na Gaeilge" a dhíríonn ar labhairt na teanga, cluastuiscint, ceapadóireacht agus léamhthuiscint agus, ina theannta sin, ábhar roghnach a dhíríonn ar litríocht agus stair na Gaeilge. An aontódh Julian de Spáinn go dtabharfadh an cur chuige seo deis chothrom do scoláirí staidéar níos doimhne a dhéanamh ar an teanga, is cuma más scoil lán-Ghaeilge nó scoil lán-Bhéarla a scoil?

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív agus leis an Teachta Calleary faoin mbuntáiste nádúrtha atá ag scoláirí i scoileanna lán-Ghaeilge ó thaobh na ceiste seo. Táim ag smaoineamh ar, mar shampla, Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin i mo cheantar féin. Bhí mé ann cúpla seachtain ó shin. Tá siadsan ag staidéar trí Ghaeilge agus ag déanamh a gcuid oibre trí Ghaeilge. Is buntáiste don teanga agus don tír é sin. Tá míbhuntáistí ann dóibh freisin. Tá roinnt scoláirí ann nach labhraíonn an Ghaeilge sa bhaile mar shampla. Tá deacracht acu. Tá buntáiste nádúrtha acu nuair atá siad ag déanamh na hardteistiméireachta trí Ghaeilge. Má táimid chun an difríocht seo a dhéanamh, an mbeadh míbhuntáiste ann dóibh? B'fhéidir go bhfuil an cheist seo freagartha ag an ardrúnaí cheana féin. Caithfimid cothrom na Féinne a chinntiú ansin ionas nach mbeidh míbhuntáiste ann do scoláirí i nGaelcholáistí.

Mr. Julian de Spáinn:

Is é an chéad rud atá agam le rá, agus luaigh mé é níos luaithe, ná go bhfuil muid den tuairim gurb é an chéad tosaíocht, má théitear ar aghaidh leis an gcóras T1 agus T2 mar atá, ná freastal ar an gcainteoir dúchais agus iad atá sna scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáiste chomh maith. Ba chóir go mbeadh an tsonraíocht chéanna ar fáil do scoileanna eile, scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Más mian le múinteoirí nó daltaí é a dhéanamh, ba chóir go mbeadh an rogha sin ann. Tá an ceart ag an Seanadóir. Aontaímid gur cóir go mbeadh an ceart ag gach duine an cúrsa difriúil a dhéanamh.

I mbealach áirithe, is drochtheidil iad T1 agus T2. Ba chóir rud éigin a chur orthu ar nós gnáthleibhéal, ardleibhéal agus sárleibhéal agus ba chóir gur féidir le haon duine gur mian leis nó léi an cúrsa sárleibhéil a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh an rogha sin ann. Go príomha agus mar thosaíocht, caithfear a fhiafraí an bhfuil an leibhéal sin ag freastal ar an gcainteoir dúchais agus ar na daltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáistí, ach ní ceart aon duine a ghearradh amach.

Maidir le moladh nó rogha eile in ionad dul síos an bóthar sin ina ndéantar difreáil idir T1 agus T2, luaigh an Teachta Ó Cuív agus an Seanadóir Ward cur chuige eile, cur chuige atá molta ag Young Fine Gael freisin. Is é an moladh seo ná go mbeadh cúrsa sa bhreis ann. Bheadh cúrsa amháin dírithe ar an gcumarsáid agus eile. Is é sin an bunmholadh atá againn ar feadh roinnt blianta. Táimid den tuairim gur fiú é sin a chur san áireamh sa chaint ar fad seo faoin gcóras a athrú ón mbonn. An rud a bheadh i gceist ná go mbeadh cúrsa éigeantach ann a leanfadh gach duine. Bheadh an cúrsa seo bunaithe ar an bhfráma coiteann Eorpach. Bheadh sé sin ag teacht le polasaí an Rialtais mar tá sé ag iarraidh é sin a chur i bhfeidhm leis an mBille teanga. Dhéanfadh é sin ar fad ciall. Ansin beidh cúrsa eile ann a bheidh dírithe ar litríocht agus eile go bhféadfadh daltaí a dhéanamh mar rogha. Is bealach eile é sin le tabhairt faoin bhfadhb seo.

Ba mhaith linn a chinntiú nach bhfuil aon mhíbhuntáiste ann don scoláire atá sa Ghaelcholáiste nó don scoláire atá sa scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Is ceann de na rudaí eile atá an-bhaolach leis seo, agus arís nach bhfuil luaite sa chomhairliúchán, ná go bhfuiltear ag fáil réidh leis an mbonnleibhéal. Is dócha go bhfuil sé seo le cabhrú leis na daltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, nach bhfuil chomh maith leis an nGaeilge nó nach bhfuair na deiseanna a fuair daoine eile ó thaobh na Gaeilge de. Má fhaightear réidh leis an mbonnleibhéal, tá seans ann go mbeidh na daltaí seo ag lorg na díolúintí nach mbeidh siad in ann an gnáthleibhéal a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuil siad ag déanamh an chúrsa bhunleibhéil. Má chuirtear isteach sa ghnáthleibhéal iad, caithfear caighdeán an ghnáthleibhéil a ísliú. Ar thaobh an chainteora dúchais nó an scoláire sa Ghaelcholáiste, níl an comhairliúchán nó na moltaí in oiriúint dóibh. Ar an taobh eile, taobh an chainteora atá níos laige, níl an comhairliúchán in oiriúint dó nó di ach an oiread. Níl na moltaí ag teacht leis na rudaí atá ag teastáil ó thaobh amháin nó ón taobh eile. Arís is fadhb eile í seo atá curtha ar leataobh. Is féidir í a chur i gceart le rud éigin atá comhtháite ó thús go deireadh chun gur féidir le daoine an dréimire a fheiceáil ón réamhscoil tríd an mbunscoil agus tríd an meánscoil go dtí an tríú leibhéal agus an áit ar an dréimire sin a oireann dóibh.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Tosóidh mé le pointe ginearálta ó thaobh oideachais na Gaolainne de. Tá baol ann go bhfuilimid ag titim idir dhá stól anseo. Táimid ag plé an ábhair seo ó thaobh na Gaeilge de ach b’fhéidir go mbeadh luach nó fiúntas i ndul i dteagmháil leis an gcoiste oideachais agus plean a dhéanamh faoi conas gur féidir linn an díospóireacht seo a bheith againn mar phíosa amháin idir an dá choiste.

Tá sé deacair bheith in easaontas le Julian de Spáinn ó thaobh an chomhairliúcháin seo agus go bhfuil cúis ann moill a chuir ar an gcomhairliúchán nuair atá an méid sin eagraíochtaí Gaeilge agus tuismitheoirí ag rá gur chóir tamaillín beag a thógáil chun féachaint ar an ábhar seo. Aontaím freisin leis an méid a dúirt an Teachta Ó Cuív faoi chúl agus cúilín agus an luach eatarthu.

Ábhar imní domsa ná na daoine atá ag freastal ar ghnáth-mheánscoileanna nó meánscoileanna T2. Fáiltím roimh an méid a dúradh faoi nach bhfuil sé oiriúnach bheith ag caint faoi T1 agus T2 agus b’fhéidir go mbeadh sé níos fearr caint faoi shár-leibhéal, ardleibhéal, gnáthleibhéal agus bonnleibhéal. Má tá pointí bónais ar fáil, bheinn buartha faoi dhaltaí i ngnáth-mheánscoileanna. Mar shampla, níl Gaelscoil nó meánscoil trí mheán na Gaeilge ar fáil againn i dTrá Mhór. Tá meánscoil istigh i gcathair Phort Láirge, ach más mian le daoine dul ar an meánscoil ina mbaile féin, níl aon Ghaelscoil ann. An mbeadh na daltaí sin faoi mhíbhuntáiste ó thaobh cúrsaí oideachais agus ó thaobh na hardteistiméireachta de? Líne a léim amach ón ráiteas ná go mbíonn daoine “ag fágáil na scoile le scileanna agus straitéisí scrúdaithe seachas inniúlacht teanga” nó aon rud eile. Sin criticism gur féidir a thabhairt faoin ardteistiméireacht go ginearálta. Is scileanna scrúdaithe atá i gceist i ndáiríre. Bheinn buartha faoi na pointí bónais óna thaobh sin. An gcuirfeadh siad sin gnáthdhalta i ngnáthmheánscoil T2 ar mhíbhuntáiste?

Fáiltím roimh an méid a dúirt Julian de Spáinn faoin bhFráma Tagartha Comónta Eorpach. Bhí an-díospóireacht agus an-phlé againn le linn na díospóireachta faoi Bhille na dteangacha oifigiúla maidir leis an bhfráma tagartha sin a úsáid ó thaobh inniúlachta de. Aontaím go mbeadh fiúntas sa cháilíocht sin mar bheadh duine a tháinig amach ón ardteistiméireacht leis in ann dul ar aghaidh go jab éigin sa státchóras. Chun díriú isteach ar an gceist sin, an gcuirfeadh an córas seo an gnáthdhalta i ngnáthmheánscoil T2 faoi mhíbhuntáiste, dá mbeadh pointí bónais ar fáil don ábhar T1?

Mr. Julian de Spáinn:

Tosóidh mé leis an gceist maidir leis an míbhuntáiste sna coláistí T2. Ar an gcéad dul síos, bheadh muid ag súil go mbeadh an leibhéal, pé teideal atá air, ar fáil do gach scoil agus go bhféadfadh aon dalta a bheadh ag iarraidh é a dhéanamh é sin a shocrú ina scoil féin. Ba chóir go mbeadh sé ofráilte dóibh. Mar a luaigh an Seanadóir Ward níos luaithe, bíonn go leor daoine ag freastal ar na coláistí samhraidh, agus go leor daoine le Gaeilge sa bhaile acu nó le cúlra sa teaghlach ó thaobh na teanga de. Creidim féin go mbeadh go leor daoine i scoileanna T2 a bheadh spéis acu sa chúrsa eile a dhéanamh, leis an tuiscint go mbeadh breis oibre i gceist leis. Tá sé ar nós na pointí bónais atá ar fáil don mhata. Tá an rogha sin ar fáil do dhaoine ach ní gá dóibh é a dhéanamh. Bheadh argóint ann go bhfuil daoine áirithe níos fearr ó thaobh teagasc an mhata ná daoine eile ach caithfidh an deis sin a bheith ar fáil don dalta ar an gcéad dul síos. Ba chóir go mbeadh an fhéidearthacht acu freisin freastal ar choláiste samhraidh. Tá comhghleacaí an Teachta sa Seanad tar éis moladh gur chóir go mbeadh deis ag gach dalta scoile tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Aontaíonn muid leis an dearcadh sin agus creideann muid ann. Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, an-bháúil dó sin agus dúirt sí go bhfuil sí chun obair a dhéanamh air. D’fhéadfadh sé sin cabhrú an bearna sin a líonadh.

Maidir le hinniúlacht agus scileanna scrúdaithe, tá an ceart ag an Teachta go bhfuil an cheist níos leithne ó thaobh na hardteistiméireachta go ginearálta, ach ní fheicim aon fháth nach bhféadfadh muid tabhairt faoin bhfadhb sin leis an nGaeilge ar dtús. Más féidir linn an córas a athrú ón mbonn i gceart ó thaobh múineadh na Gaeilge de, bheadh leas aige sin do gach ábhar eile amach anseo freisin. D’fhéadfadh muid tosú leis sin. Tá an FTCE ann agus is buntáiste é gur féidir linn é sin a úsáid mar bheadh a fhios ag na scoláirí amach anseo cén leibhéal atá siad ar an FTCE. An buntáiste eile atá ann leis an bhfráma tagartha ná go mbeadh i bhfad níos lú díolúintí ag teastáil sna scoileanna.

Tóg dalta a tháinig isteach déanach ó thír éigin eile sa tríú bliain sa mheánscoil, mar shampla. In ionad díolúine a thabhairt dóibh agus rá leo gan a bheith buartha faoin nGaeilge, gur féidir leo suí ar chúl an tseomra agus a rud féin a dhéanamh, dá bhféadfadh siad A1, sé sin, an chéad chéim ar an bhfráma a bhaint amach, gheobhadh sé nó sí pointí ardteistiméireachta bunaithe air sin. Ansin d'fhéadfadh an duine sin páirt a ghlacadh. D’fhéadfadh foghlaimeoirí le deacracht ó thaobh scríobh teanga an scrúdú béil a dhéanamh don ardteistiméireacht agus gheobhaidís pointí don ollscoil bunaithe air sin freisin. Tá i bhfad Éireann níos mó solúbthacht ann má úsáidtear rud éigin ar nós an FTCE ná mar atá sa chóras faoi láthair. D’fhéadfadh muid é sin a úsáid mar eiseamláir i gcomhair na hábhair eile ina dhiaidh sin.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas do Julian de Spáinn as a chur i láthair. Tá cúpla pointe le déanamh agam agus cúpla ceist le cur. Aontaím go hiomlán leis an Seanadóir Ward maidir leis an gcúrsa T1 a bheith ar fáil do gach duine. Faraor, níl go leor Gaelcholáistí againn agus níl daoine ábalta Gaelcholáistí a bhaint amach dá gclann go háitiúil. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an leibhéal T1 ar fáil do gach aon duine. Gabhaim buíochas do Julian de Spáinn as an stádas a shoiléiriú dúinn. Tá pointí bónais ar fáil do dhaltaí a dhéanann an t-ardleibhéal i matamaitic agus tá an córas sin ann chun daltaí a mhealladh isteach agus ardchaighdeán a bhaint amach sa mhatamaitic. Mar sin, baineann an cheist seo leis an luach a chuirimid ar an nGaeilge. An bhfuilimid ábalta rud éigin mór a dhéanamh le haghaidh na Gaeilge, chun daltaí a mhealladh isteach agus marcanna bónais a chur ar fáil dóibh siúd gur féidir leo caighdeán ard a bhaint amach? Tá sé ríthábhachtach rud éigin mór a dhéanamh. Luadh an fhadhb a bhíonn againn mar lucht labhartha na Gaeilge gach aon bhliain ag freagairt na ceisteanna céanna maidir leis an nGaeilge agus an ardteistiméireacht mar nach bhfuil daltaí ábalta an teanga a úsáid ina ngnáthshaol. Beidh na ceisteanna sin ag teacht chun cinn gach aon lá muna ndéanaimid rud éigin suntasach anois.

An bhfuil cumhacht iomlán ag an Aire Oideachais pointí breise a chur ar fáil nó an bhfuil córas eile ann chun é sin a dhéanamh? An bhfuil feachtas ann i gcoinne marcanna bónais? An bhfuil daoine áirithe i gcoinne an chórais sin atá leagtha amach nó an bhfuiltear just ambivalent maidir leis na pointí breise sin? An mbeadh gach gnáthscoil lán-Bhéarla ábalta an cúrsa T1 a chur ar fáil? An bhfuil gá ann go gcuirfeadh gach scoil an córas sin a chur ar fáil?

Mr. Julian de Spáinn:

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Tá roinnt ceisteanna ansin. Rinne an Seanadóir pointe an-mhaith maidir leis an luach a thabharfadh an cúrsa T1, nó pé teideal a chuirfear air, ó thaobh na teanga féin. Tá pointe an-mhaith le déanamh sa Ghaeltacht nó i measc tuismitheoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn lena páistí. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh daoine mar sin in ann a rá lena bpáistí go bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh na páistí sin ag plé le breis litríochta, le saíocht agus leis na rudaí seo sa bhreis ar fad, ní amháin ar leas an dalta amháin ach ar leas na sochaí ina hiomlán. Más féidir linn níos mó daoine a mhealladh le bheith níos oilte nó le níos mó eolais a bheith acu ar litríocht na Gaeilge agus eile, nach ar leas na sochaí ina hiomlán é sin? Dá mbeadh na marcanna bónais ann chun cabhrú le daoine é sin a dhéanamh, bheadh sé mar rud thar a bheith fiúntach don tsochaí ina hiomlán.

Maidir leis an gcumhacht atá ag an Aire, chonaiceamar é sin leis an mata. Bhí ar an Aire dul i bpáirt leis na coláistí tríú leibhéal maidir leis na marcanna bónais. Tuigim ó fhreagraí ar cheisteanna Dála go bhfuil an tAire ag rá go bhfuil sí ag plé leis na coláistí tríú leibhéal ar an gceist seo faoi láthair. Níl a fhios agam an bhfuil siad ag plé ceist na marcanna bónais, ach is fiú é sin a fhiosrú. Is é an chéim is suntasaí atá ag teastáil le dul i bhfeidhm ar na coláistí tríú leibhéal chun é sin a bheith mar chuid den chóras amach anseo ná go dtiocfadh an tAire taobh thiar den éileamh gur chóir go mbeidh marcanna bónais ann. Níl mé tar éis a chloisteáil ó aon duine atá i gcoinne a leithéid de chóras go fóill.

Ó thaobh na scoileanna agus na ceiste an mbeidh a dhóthain múinteoirí ann chun an cúrsa T1 a dhéanamh, tá sé deacair an cheist a fhreagairt sa bhealach nach bhfuil a fhios againn céard go díreach a bheidh i gceist leis an gcúrsa T1 go fóill. Tá sé ráite ag na múinteoirí go ríshoiléir sna suirbhéanna a scaip mé ar na comhaltaí a rinne an ASTI agus an Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge go mbeidh gá le traenáil dóibh chun aon sonraíocht nua a chur i bhfeidhm. Caithfidh sé sin a bheith mar dhlúthchuid. Is é an tuiscint atá agam ná nár cuireadh a dhóthain traenáil ar fáil i leith na sraithe sóisearaí nua. Ní raibh na páipéir shamplacha ar fáil nach mór go dtí go raibh na scrúduithe le déanamh, cé nach raibh an scrúdú ann sa deireadh mar gheall ar Covid. Bhí na rudaí ar fad déanach. Tá an cuma ar an scéal go bhfuiltear ag rith le rud éigin arís a d'fhéadfadh sé go leor leor fadhbanna a chruthú sa seomra ranga. Is cás difriúil ó chás na sraithe sóisearaí é. Níl sé inghlactha go mbeidh botúin nó fadhbanna ann. Ní féidir é sin a dhéanamh ar leibhéal na hardteistiméireachta. Ní féidir a bheith ag súil leis go mbeidh daltaí in ann an ardteistiméireacht a dhéanamh nuair nach bhfuil freagraí ar na ceisteanna seo ar fad ann dóibh roimh ré. Pé rud faoin tsraith shóisearach, ag leibhéal na sraithe sinsearaí caithfidh gach rud a bheith soiléir, ceart agus intuigthe don dalta a bheas ag tabhairt faoi na scrúduithe.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin sa bhreis agam le cur ar Julian de Spáinn. An raibh sé nó duine eile i dteagmháil leis na coláistí tríú leibhéal maidir leis na pointí bónais? An bhfuil aon tuairim aige maidir leis an meon atá acu?

Mr. Julian de Spáinn:

Ní raibh go fóill ach tiocfaidh cuid mhaith de sin tríd an dearcadh atá ag an Aire reatha ar an gceist. I ndáiríre, níl an cheist ar an mbord go dtí go bhfuil an tAire taobh thiar di agus go dtí go bhfuil sé nó sí ag rá go bhfuil sé nó sí ag iarraidh go mbeidh marcanna bónais ann toisc go n-aithníonn sé nó sí go bhfuil géarghá leo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin mar gheall air seo. Measaim féin go bhfuil an Roinn seafóideach ó thaobh an chomhairliúcháin seo. Tá sé bunaithe ar choincheap mícheart agus easpa tuisceana ar scolaíocht trí Ghaeilge agus na dúshláin atá ann ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn. Baineann roinnt de na dúshláin seo leis an Stát. Bhí an ceart ag an Seanadóir Clifford-Lee agus í ag caint ansin faoin mata. D'aithin an Stát go raibh fadhb shuntasach ann ó thaobh na matamaitice ní amháin ó thaobh na scolaíochta de ach ó thaobh na heacnamaíochta de freisin. Nuair a bhíothas ag caint air sin, tugadh luach áirithe don mhatamaitic agus rinneadh an córas a athrú dá réir. Is é sin an fáth gur thángthas ar phointí bónais.

Anois táimid ag díriú isteach ar chomhairliúchán ar an choincheap sin atá ann, T1 agus T2. Bheadh sé sin tubaisteach amach is amach ó thaobh na Gaeilge sa chóras oideachais agus ó thaobh Gaeilgeoirí agus lucht na Gaeltachta a mhealladh chun staidéar ceart a dhéanamh ar an nGaeilge sa chóras oideachais muna mbeidh na pointí breise sin ann. Ní mé i bhfabhar na pointí bónais. Táim i bhfabhar an scéim a luaigh an Teachta Ó Cuív agus an t-ard-rúnaí féin ina mbeidh dhá ábhar ann. Bheadh buntáiste leis sin dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge mar bheadh siad in ann díriú isteach uirthi. Muna bhfuil sé sin ar fáil dúinn, ba chóir dúinn a aithint go bhfuil stró breise ag baint leis an gcúrsa níos deacra a dhéanamh. Is é sin atá ann. Díríonn daltaí isteach ar rudaí agus déanann siad cinntí. Tá m'iníon féin chun an ardteistiméireacht a dhéanamh an bhliain seo chugainn. Roghnaigh sise an mhatamaitic fheidhmeach. Níl sé ar fáil ina scoil mar chuid den ghnáthchóras. Tagann múinteoir isteach níos luaithe agus déanann sí an cúrsa sin agus an ghnáthmhatamaitic chomh maith. Déanann sí an fhisic freisin ach níl sí go maith aici. B'fhéidir go mbeidh sí níos fearr roimh na hardteistiméireachta. Tá an tuiscint sin ann.

Tá an ceart ag an Seanadóir Ward. Tá fadhb ann ó thaobh ceantair nach bhfuil Gaelcholáistí iontu. Má táimid ag bogadh i dtreo an dá chúrsa sin agus ualach breise a chur ar dhaltaí, mar atá luaite ag Julian de Spáinn, caithfidh an Stát acmhainní breise a thabhairt do na scoileanna sin chun go mbeidh múinteoirí agus cúrsaí ar fáil. B'fhéidir go gcuirfí na ranganna sin ar fáil uair an chloig roimh thús na scoile nó ag an deireadh seachtaine, ní amháin sna Gaelcholáistí ach i ngach uile scoil.

Luaigh an t-ard-rúnaí dosaen eagras eile. An féidir leis iad sin a liostáil? Ba chóir go mbeidh aithne againn orthu ar fad toisc gur luaigh sé iad. Luaigh sé suirbhé a rinne an ASTI freisin. Thug sé dúinn é agus beidh sé ar an suíomh Idirlín atá againn níos déanaí. An féidir leis an suirbhé sin a mhíniú dúinn? Cad a bhí le tuiscint uaidh? An bhfuil aon leid ann go mbeidh athbhreithniú ar na hathruithe a rinneadh ar an tsraith shóisearach? Cén uair a bheidh a leithéid d'athbhreithniú ann? Tá a fhios agam go bhfuil sé mar chuid den éileamh atá ag an gcuid is mó dúinn go mbeadh athbhreithniú nó athfhéachaint air sin sula mbogfar ar aghaidh. Muna bhfuil athbhreithniú nó dáta d'athbhreithniú ann, ba chóir go réiteofar é sin.

Ní oibríonn an córas oideachais as a stuaim féin. Tá sé dírithe ar a lán rudaí, ní amháin a bheith ag cur oideachais ar pháistí agus ar dhaltaí. Tá sé in ainm is a bheith ag cuidiú linn comhshaol ceart a chruthú agus a bheith ag féachaint ar an eacnamaíocht chomh maith céanna. Ó thaobh an státchórais, mar a luaigh daoine eile, bhíomar ag caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.

An gá dúinn déanamh cinnte de go mbeidh Gaeilgeoirí ann? Ba cheart go mbeadh daoine líofa agus in ann an Ghaeilge a labhairt má tá siad chun bheith mar ábhair oidí nó má tá siad chun dul ag obair sa Státseirbhís. Fiú gan an fhoráil seo, bhí fadhb againn. Leis an athrú atá luaite, beidh fadhbanna níos mó againn. Gan athrú iomlán, ní bheimid in ann cur chuige ceart a dhéanamh chun déileáil leis na fadhbanna sin.

Measaim go mbeidh an CNCM ag teacht os ár gcomhair. Bhí siad le bheith linn inniu ach níl siad in ann teacht inniu. Beidh siad os ár gcomhair ar an 17 Iúil. Beimid ag déileáil leis an gceist seo idir seo agus an dáta sin. Má thagann aon eolas breise chugainn ó eagrais dhifriúla idir an dá linn, is féidir é a chur ar aghaidh agus roinnfidh mé leis na baill ar fad é agus nuair atá siad os ár gcomhair is féidir linn díriú isteach ar na fadhbanna.

Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn as an gcur chuige a rinne sé. Tá na fadhbanna atá aitheanta ag Conradh na Gaeilge, agus an 12 eagras a bhfuil sé anseo thar a gceann, leagtha amach go cuibheasach soiléir aige.

Mr. Julian de Spáinn:

Tosóidh mé leis an gcéad rud a luaigh an Cathaoirleach maidir leis an easpa tuiscine agus cothrom na Féinne atá á thabhairt don CNCM sa chás seo ar bhealach áirithe. Tá siadsan ag breathnú ar jab faoi leith a bhaineann leis an obair a bhíonn ar siúl acu de ghnáth. Tá sé deacair orthu, mar sin, é seo a chur i gcomhthéacs. Is é an comhthéacs atá ann ná go mbeidh mórimpleachtaí ag na sonraíochtaí nua a bheas curtha i bhfeidhm ar úsáid na Gaeilge agus ar chumas na Ghaeilge, srl., amach anseo. D’fhéadfadh go leor impleachtaí a bheith ag an gcóras nua ar an bpobal sa Ghaeltacht freisin. Níl sé sin san áireamh agus an fáth nach bhfuil sé san áireamh ná nach bhfuil a fhios againn cén áit a luíonn na sonraíochtaí leis na rudaí eile a bhaineann le cúrsaí oideachais ó thaobh na Gaeilge de.

Tagann sé sin ar ais go dtí an pointe seo: ba cheart go mbeadh sé seo ar fad curtha le chéile in aon mhórpholasaí amháin ar céard atá ag teastáil uainn sa Stát seo ó thaobh múineadh na Gaeilge de, ó thús go deireadh. Cén córas atá ann? Cén dréimire atá ann? Conas a cheanglaíonn na píosaí éagsúla lena chéile? Ar a laghad, bheadh comhthéacs ag an CNCM leis na sonraíochtaí. Níl sé sin acu faoi láthair. Tá sé geallta sa chlár Rialtais. Bhí ráiteas straitéise na Roinne Oideachais os comhair an Rialtais le déanaí. Níl tagairt ar bith do pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an ollscoil ann. Sílim gur mór an easnamh é sin agus pé rud gur féidir leis an gcoiste seo a dhéanamh chun é seo a chur chun cinn, bheadh sé sin cabhrach freisin.

Ó thaobh na rudaí atá luaite ag an gCathaoirleach faoi na scoláireachtaí agus an gá atá ann cabhrú le daoine ionas go mbeadh an deis chéanna acu, aontaím go mbeadh sé go maith dá mbeadh a leithéid curtha ar fáil do na daltaí. Tá Gaeloideachas, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile, Gael-Taca, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Gréasan do Mhúinteórí Gaeilge agus An Foras Pátrúnachta ar fad páirteach san fheachtas seo.

Bhí an ceart ag gCathaoirleach sa mhéid a bhí le rá aige faoi stró breise. Sin é ag deireadh an lae. Tá siad ag caint faoi chúrsa a bheith ina stró breise. Nuair a smaoinímid faoi stró agus nuair a thagann sé go dtí cúrsaí ardteistiméireachta, ciallaíonn an stró sin strus freisin. Nílimid ag iarraidh córas a chur ar bun ina mbeidh ar na daltaí bochta cinneadh a dhéanamh idir a dteanga agus córas na bpointí. Ba cheart go mbeidh tuiscint acu go mbeidh sé níos fearr an cúrsa eile a dhéanamh ó thaobh saíochta agus eile dóibh siúd ach go gcaithfidh siad breathnú ar chóras na bpointí freisin agus nach féidir leo an cúrsa sin a roghnú mar gheall ar na pointí atá ag teastáil uathu.

Tá sé tábhachtach a rá freisin go bhfuil rud amháin luaite sa pholasaí oideachais. D'fhéadfadh an coiste freagra a fháil ón Roinn Oideachais maidir leis na marcanna bónais go bhfuil an tuairim seo ann nó go bhfuil rud luaite. Táimid ag caint faoi bhuntáistí a bheith ann ar nós spásanna breise sna coláistí oiliúna do dhaoine a dhéanann an T1, nó go mbeadh scoláireachtaí áirithe ann do dhaltaí, ach freastalóidh aon cheann de na rudaí breise sin a bhfuilimid ag caint fúthu ar mhéid áirithe daltaí. Mura bhfuiltear ag freastal ach ar mhéid áirithe daltaí, cruthaítear scoilt mar go mbeidh méid áirithe daltaí a n-éireoidh leo an scoláireacht a fháil, agus méid áirithe a bheas ag iarraidh múinteoireacht a dhéanamh amach anseo. Táimid ag súil leis go mbeadh gach dalta a thugann faoin T1 in ann pé cinneadh gur mhaith leo a dhéanamh faoin ngairm ar mhaith leo siúd amach anseo, bíodh sé gairm mar dhochtúir, mar chuntasóir nó eile, agus nach mbeadh siad teoranta tríd an gcinneadh a dhéanann siad maidir le sonraíocht don Ghaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta. Is é an t-aon cúiteamh atá féaráilte trasna an bhoird d’aon duine a bheidh ag déanamh an T1 ná na marcanna bónais sa chóras atá againn faoi láthair.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun filleadh ar ais ar an gceist sin faoi na pointí bónais, mura bhfuilimid ag caint faoi scoileanna T1 agus scoileanna T2 agus má táimid ag caint faoi sárleibhéal, ardleibhéal, bonnleibheál agus meánleibhéal, tá sé furasta a rá gur féidir le daltaí i meánscoil T2 an sárchéim a dhéanamh ach bhí an coiste seo ag plé leibhéal na Gaeilge atá ag múinteoirí nuacháilithe an tseachtain seo chaite. An bhfuil an toil ann sa chóras oideachais an sárleibhéal sin a chur ar fáil i ngach meánscoil? Mura bhfuil agus má táimid ag caint faoi dhaltaí ag déanamh grinds chun na pointí bónais seo a fháil amach - táimid ag éirí an-hypothetical ag an staid seo - an bhfuilimid ag caint arís ar idirdhealú ó thaobh cúrsaí acmhainne de maidir leis na scoláirí gur féidir leo grinds a dhéanamh toisc go bhfuil airgead ag a dtuismitheoirí? An bhfuilimid arís eile ag cur an ghnáthscoláire meánscoile faoi mhíbhuntáiste má táimid ag caint faoi phointí bónais ag baint leis an sárleibhéal? Tuigim an loighic a bhaineann leis an sárleibhéal ach sin an t-ábhar imní is mó domsa agus mé ag caint faoi phointí bónais.

Mr. Julian de Spáinn:

Maidir leis na scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla agus iad ag déanamh cinntí maidir leis an gcúrsa nó an sonraíocht bhreise a chur ar fáil, bheinn ag súil leis go ndéanfaidís amhlaidh. Seo arís ceann de na fadhbanna atá againn anseo. Tá sé deacair breathnú ar an rud seo ar shlí fhadtéarmach ó thaobh réiteach ar an gceist ina iomláine de. Más féidir linn a chinntiú go bhfuil na múinteoirí in aon scoil oilte ionas gur féidir leo an cúrsa T1 nó T2 a chur ar fáil, mar sin d’fhéadfadh sé a bheith ar fáil in aon scoil. Is ceist amchlár na scoile é ansin an cúrsa a chur ar fáil. Tá cineál ciorcail anseo. Más féidir linn an cúrsa a chur ar fáil i méid áirithe scoileanna de réir a chéile, de réir mar a théann na daltaí sin tríd an gcóras, rachaidh siad isteach go dtí na coláiste oiliúna nó chun an ard-dioplóma a dhéanamh amach anseo agus rachaidh siadsan isteach sa chóras freisin. De réir mar a láidríonn agus a fheabhsaítear an córas, an méid níos láidre a bhfaighidh an córas. Tá a mhalairt de sin ag tarlú faoi láthair ó thaobh chumas Gaeilge de agus ba mhaith linn dul sa treo eile. Caithfear tabhairt faoi seo i gceart. Caithfear tabhairt faoi oiliúint mhúinteoirí i gceart. Caithfear a chinntiú go mbeidh na múinteoirí in ann na cúrsaí seo a chur ar fáil. Is ceist amchlár na scoile é ansin. Ba cheart dúinn a chinntiú gur féidir le gach scoil ina bhfuil daltaí ag iarraidh an cúrsa a dhéanamh é a chur ar fáil.

Ba bhreá liom smaoineamh amach anseo go mbeidh gach scoil ag iarraidh é a dhéanamh - agus méid áirithe daltaí freisin - agus go mbeidh daoine uaillmhianach a ndóthain le smaoineamh gur mhaith leo an rud breise a bheadh i gceist leis an gcúrsa eile a fháil.

Tríd sin, beidh an córas forbartha i bhfad níos mó. Arís tagann cuid mhaith de seo ar ais chuig an bpointe nach bhfuil aon phlean mór ann sa chóras oideachais. Má thógaimid céim siar agus má thabharfaimis faoin rud atá sa chlár Rialtais agus atá geallta ag na páirtithe, d’fhéadfaimis an réabhlóid, an rud radacach nó an t-athrú mór atá ag teastáil ar feadh na mblianta a aimsiú ach go bhfuilimid ag damhsa timpeall air gach bliain nuair a bhíonn beagáinín athraithe anseo agus ansiúd, in ionad is a rá cad é an bealach chun tosaigh a fhreagróidh in aon pholasaí amháin na ceisteanna atá ag an Teachta, atá agamsa agus atá ag na daltaí, na tuismitheoirí agus na daoine eile ar fad.

Arís, is é an polasaí oideachais Gaeltachta an sampla maith atá againn. Chuir an Roinn Oideachais comhairliúchán an-mhaith ar bun. Ghlac na tuismitheoirí, na daltaí agus na pobail éagsúla sa Ghaeltacht páirt sa phróiseas agus cé nach bhfuil sé foirfe, tá sé go maith agus tá an pobal tar éis glacadh leis. Dá bhféadfaimis an rud céanna a dhéanamh le múineadh na Gaeilge trí chéile, bheadh sé iontach smaoineamh air go mbeadh an pobal ina iomlán ag glacadh leis an gcóras nua agus go mbeadh siadsan ag ceannach isteach sa rud freisin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an bplé. Tá brón orm go raibh mé déanach mar bhí mé thíos sa Dáil agus níor chuala mé an cur i láthair ar dtús. Is é an dearcadh nó an plé a bhí agam le go leor daoine mar gheall air seo ná, má tá claonadh ag duine i dtreo, cuir i gcás, matamaitic, tá an deis aige nó aici an t-ábhar sin a dhéanamh agus ábhar breise matamaitice feidhmeach a dhéanamh, agus bheidís in ann na hábhair sin a thabhairt ar aghaidh mar ábhair bhreise i gcomhair na hardteistiméireachta. Mar an gcéanna, má tá blas faoi leith ag duine ó thaobh teangacha de nó, go háirithe, ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir go mbeadh an deis aige nó aici an t-ábhar breise mar aon leis an gnáth-ábhar a bheadh ar siúl ag gach duine eile a thabhairt ar aghaidh. Dá mbeadh réimse níos leithne acu mar sin, d’fhéadfaidís ábhar eile a chur ar leataobh i gcomhair an CAO.

Cad é an dearcadh atá ag an gconradh maidir leis an nGaeilge a bheith ina hábhar amháin nó mar aon le ceann eile agus go bhféadfaí í a thabhairt chun cinn le chéile?

Níl mé cinnte mar gheall ar an gceist faoi na pointí bónais mar tá na marcanna breise ann cheana féin laistigh den scrúdú agus faigheann duine cúpla marc breise ag brath ar an toradh a fhaigheann sé nó sí sa Ghaeilge. Feicim go mbeadh deacrachtaí ann má táthar ag tabhairt pointí bónais cosúil leis an gcaoi ina bhfuil sé sa mhatamaitic. Cén dearcadh atá ag an gconradh maidir leis an dá ábhar nó le habhar amháin, lena thoil?

Mr. Julian de Spáinn:

Bhí an conradh go hiomlán taobh thiar den mholadh sin, is é sin gur cóir go mbeadh an Ghaeilge mar dhá ábhar don ardteistiméireacht agus b’fhéidir gur fiú breathnú air sin arís. Is dócha gur faoin rud atá ar an mbord faoi láthair atá na moltaí atá curtha le chéile againne bunaithe. Féadfar cinnte é seo a dhéanamh le dhá ábhar don ardteistiméireacht. Is é sin an bun rud a bhí againn ar an gcéad lá riamh. Is é an rud a bhí i gceist againn, mar a dúirt mé cheana, go mbeadh an cúrsa éigeantach mar chroí-ábhar do gach duine agus é bunaithe ar an gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha agus go mbeadh bunús leis sin a bheadh ag freastal ar riachtanais na ndaltaí éagsúla a bheadh ag tabhairt faoin ábhar. Bheadh an dara cúrsa ag plé le cúrsaí litríochta, saíocht agus nithe eile agus bheadh dhá chúrsa mar sin don ardteistiméireacht.

Níl sé sin ar an mbord faoi láthair agus níl sé ina chuid den chomhairliúchán atá os ár gcomhair agus, mar sin, táimid ag breathnú ar an gcúrsa mar atá molta, is é sin an T1 agus T2. Mar a luamar cheana, b’fhéidir nach iad T1 agus T2 na teidil is fearr. B’fhéidir gur fearr a bheith ag breathnú air mar a bheadh bonnleibhéal, gnáthleibhéal, ardleibhéal agus sár-leibhéal ann.

Maidir leis na pointí bónais, tá sé tábhachtach a rá nach bhfuil aon phointí bónais sa bhreis don Ghaeilge ag aon scoláire sa Ghaeltacht nó in aon Ghaelcholáiste. Is ceist éagsúil é sin agus tá an ceist seo bunaithe go hiomlán ar an bhfíric, mar atá leagtha amach faoi láthair, go mbeadh ualach breise ar an duine a bheadh ag tabhairt faoin T1 agus gan aon chúiteamh sa bhreis air nó uirthi siúd. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag caint faoi sin mar, gan mharcanna bónais sa chóras atá molta faoi láthair, ní fheicimid an fáth a bheadh aon dalta sásta an cúrsa leis an ualach breise sin a dhéanamh. Is gá sa chóras mar atá againn - feicimid é leis an ábhar matamaitice - gur gá spreagadh agus daoine a mhealladh le rud éigin. Tá na daltaí ag féachaint i dtreo na bpointí mar tá siad ag iarraidh an áit sa tríú leibhéal a bhaint amach. Mura bhfuil an t-ábhar seo ag teacht le marcanna bónais, ní fheicim go n-éireofar na moltaí eile a bhaint amach ar an gcaoi a luaigh mé níos luaithe, ar nós na n-áiteanna sa bhreis a bheith sna coláistí oiliúna. B’fhéidir nach bhfuil cuid mhaith de na daltaí ag iarraidh a bheith ina múinteoirí. Táimid ag dul síos bóthar le méid áirithe daoine a mhealladh gan a bheith ag smaoineamh ar an rud ina iomláine. Caithfear a bheith cothrom agus an rud a chur in iúl do ghach duine.

Leis an méid sin a bheith ráite agam, ta sé tábhachtach a rá arís go bhfuilimid ar son an mholta go mbeadh an cúrsa seo ar fáil i ngach aon scoil freisin, mar thosaíocht do na cainteoirí dúchais agus do na Gaelcholáistí, ach ba chóir go mbeadh sé ar fail do na coláistí eile freisin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím go láidir le Julian de Spáinn gur cóir go mbeadh sé ar fáil do gach dalta ar fud na tíre mar más duine é nó í a bhfuil an-suim aige nó aicí i gcúrsaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath nó sa Ghaeltacht i mBaile Bhuirne, ba chóir go mbeadh an deis ann do pé Gaeilgeoir tabhairt faoi.

Tá an conradh ag plé anois leis an Roinn mar gheall ar an leagan amach atá an Roinn tar éis a mholadh. An bhfuil an conradh fós ag insint di gur chóir dul sa treo eile nó an bhfuil sé ag plé go huile is go hiomlán leis an bplean mar atá ann? Bheadh sé fíorthábhachtach a bheith ag insint di arís is arís eile dul sa treo eile mar is é an rud ceart é a dhéanamh ar bhonn an dá ábhar ionas go mbeadh an deis ag an scoláire é sin a tharraingt aníos ar pé ardán is mian leis nó léi.

Mr. Julian de Spáinn:

Caithfear a rá go bhfuil an méid sin ag teacht leis an dara rud a bhí á rá agam níos mó ná aon rud eile, is é gur gá plean a bheith ann don Ghaeilge sa chóras oideachais suas go dtí an deireadh. Bheadh sé sin ann mar thoradh na hardteistiméireachta ach tá an scrúdú sin mar bhuaicphointe ar an turas foghlama don dalta. I ndáiríre, nílimid ag breathnú ar an turas ina iomláine agus is gá é sin a dhéanamh ionas, faoin am a thagann duine go dtí an ardteistiméireacht, go bhféadfadh dhá chúrsa don ardteistiméireacht a bheith ann, agus luífeadh sé sin le ciall dúinn. Níl a fhios agam faoi gach eagraíocht Ghaeilge nó oideachais eile ach tá ciall leis an moladh sin dúinn agus bheimis ag tacú lena leithéid.

Chun an fhírinne a rá níl an próiseas sin tosaithe go fóill, cé go bhfuil sé geallta. Bá chóir an chaint seo faoi na sonraíochtaí a chur ar leataobh ar bhealach áirithe, mar beidh ceist na ndíolúintí, mar aon le han-chuid ceisteanna eile, ag teacht chun cinn arís go luath ach níl plean mór againn. Más féidir leis an Aire Oideachais tús a chur leis an rud atá geallta, chabhródh sé sin le rudaí a bhogadh ar aghaidh, is é sin go mbeadh an léarscáil againn nó go mbead a fhios againn cá bhfuil ár dtriall ó thaobh múineadh na Gaeilge trí chéile. Níl sé sin againn agus ní raibh sé riamh againn ó bunaíodh an Stát.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna ar fad agus le Julian de Spáinn as an méid a luaigh sé ansin agus as na ceisteanna ar fad a d'fhreagair sé. Cuireann sé sin clabhsúr leis an díospóireacht seo. Mar a dúirt mé cheana, beidh an bun-doiciméad a chuir an conradh chugainn, an suirbhé, gach rud eile mar aon le trí nó ceithre aguisín leis, ar fáil ar shuíomh an choiste níos déanaí.

Tá an cruinniú seo á chur ar athló go dtí 9 Meitheamh nuair a bheidh cruinniú príobháideach ar líne againn. Nílimid ag tarraingt daoine suas go dtí Baile Átha Cliath, iad siúd atá thíos faoin tír. Bain sult as. Beimid ag déileáil leis an comhfhreagras ar an lá sin agus díreoimid ar an gceist a luaigh Julian de Spáinn níos luaithe faoi rún ón gcoiste mar gheall ar an gceist seo. Pléifimid é sin an tseachtain seo chugainn ar líne agus cuirfidh mé nóta thart faoi am an chruinnithe sin ar 9 Meitheamh. Gabhaim buíochas arís.

Cuireadh an cruinniú ar athló ar 1.49 p.m. go dtí 12.30 p.m. Dé Céadaoin, 16 Meitheamh 2021.