Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim céad míle fáilte roimh na finnéithe ó Muintearas Teoranta. Is iontach an rud é go bhfuil Seán Ó Coistealbha, Andreas Vogel agus Máirín Nic Fhionghuin os ár gcomhair tráthnóna. Tá sé ráite agam roimh ré go mbeidh deacrachtaí agam leis na hainmneacha. Faraoir géar, níor éirigh leis an dream ó Chontae Chiarraí teacht anseo inniu, ach tá siad sásta teacht os ár gcomhair am éigin eile. Tá leithscéal faighte againn ó Mháire Ní Scannláinn ar son Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Is mór an trua é nach bhfuil sí i láthair. De réir mar a thuigim, beidh Máirín Nic Fhionghuin ag labhairt ar dtús.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Tá súil agam go bhfuil cóip den chur i láthair faighte ag gach duine. Is féidir liom dul tríd sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Is dóigh liom go bhfuil cóip ag chuile dhuine. Caithfidh cléireach an choiste rud oifigiúil a dhéanamh i dtús báire.

Clerk to the Committee:

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht an Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe éirí as fianaise i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bun agus barr an scéal, bígí cúramach leis an méid atá le rá agaibh.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Gabhaim ár mbuíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as ucht an cuireadh cur i láthair a dhéanamh agus beagánín cainte a dhéanamh ar obair Muintearas. Gabhfaimid tríd an cur i láthair atá réitithe againn. Ansan, pléifidh an tUasal Ó Coisdealbha agus an tUasal Vogel pointí agus ceisteanna áirid.

Is eagraíocht oideachais agus oiliúna pobail é Muintearas, a bunaíodh in 1980. Tá an phríomhoifig againn i dTír an Fhia, Leitir Móir i gceantar na n-oileán ach tá fo-oifigí againn freisin i nGaoth Dobhair, i mBéal an Mhuirthead agus i gCúil Aodha, nó i mBaile Bhuirne, i gCorcaigh. Tá muid ag feidhmiú sna mór-réigiúin Ghaeltachta ar fad. Tá 114 duine fostaithe ag Muintearas i láthair na huaire agus, as sin, tá 22 post lánaimsearach agus 92 post páirtaimsearach i gceist. Is iad na cúntóirí teanga an chuid is mó den dream páirtaimsearach. Tá teacht isteach de thart ar €2.264 milliún agus caiteachas de €2.275 milliún don bhliain anuraidh. Ar an gcéad sleamhnáin eile, tá leide faoi na mór-foinsí maoinithe a bhíonn againn ach bíonn an teacht isteach, an caiteachas agus na foinsí maoinithe ag athrú ó bhliain go bliain de réir na scéimeanna agus tograí a bhíonn ar siúl againn .

Is é scéim na gcúntóirí teanga an príomhgnó atá le plé againn anseo. Tá Muintearas ag reachtáil scéim na gcúntóirí teanga le cúig bliana anuas. An aidhm atá leis an scéim ná an Ghaeilge a sheachadhadh go dtí an chéad ghlúin eile go cruinn, le saibhreas agus leis na canúintí áitiúla láidir i ngach ceantar Gaeltachta. Mar a luaigh an Cathaoirleach, tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag reachtáil na scéime i gCúige Mumhan. Tá Muintearas á reachtáil i nGaillimh agus i Maigh Eo i gCúige Chonnacht, i gContae na Mí agus i nDún na nGall freisin. Mar sin, tá ceantar mór fairsing le clúdach ansin.

Tá an scéim maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Reigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. I mbliana go dtí seo, tá buiséad de thart ar €548,000 againn leis na cúntóirí teanga a fhostú agus le seirbhís a chur ar fáil do na scoileanna atá i gceist. Tá an scéim á reachtáil ag Muintearas ó bhí 2010 ann i dTír Chonaill agus ó bhí 2011 ann i gConamara, i nGaeltachtaí Mhaigh Eo agus i Rath Cairn agus Baile Ghib i gContae na Mí. Tá 68 cúntóir fostaithe faoi láthair i 75 scoil idir Thír Chonaill agus réigiún an iarthair, is é sin Conamara, Maigh Eo agus Contae na Mí. As sin, tá 28 cúntóir agus 29 scoil i gceantar Chonamara. Tá naoi gcúntóir i Maigh Eo agus 11 scoil. Tá trí chúntóir idir Rath Cairn agus Baile Ghib i gContae na Mí agus tá 30 cúntóir ar fad sna Gaeltachtaí éagsúla i dTír Chonaill, ó Ghleann Cholm Cille ó dheas suas go dtí Na Dúnaibh agus Fánaid ó thuaidh. Tá sé mheánscoil ar fad páirteach sa scéim i láthair na huaire. Tá trí cinn acu i gConamara, ceann amháin i gContae Mhaigh Eo agus dhá mheánscoil i dTír Chonaill.

Bíonn uaireanta páirtaimsearacha na gcúntóirí teanga sna scoileanna ag brath ar cé mhéad páiste a bhfuil cabhair ag teastáil uathu nó ar cé mhéad páiste nach bhfuil mórán Ghaeilge acu nuair a théann siad isteach sa scoil. Le ceithre bliana anuas, chuir an Roinn allúntas airgid breise ar fáil do na scoileanna sna ceantair Ghaeltachta is láidre de réir an staidéar teangeolaíochta a rinneadh in 2007 chun saibhriú teanga a dhéanamh leis na cainteoirí dúchais. Tháinig sé sin ó éileamh thuismitheoirí a bhrath nach raibh aon dul chun cinn á dhéanamh ag na páistí acu. Mar sin, cuireadh uaireanta breise ar fáil do roinnt de na scoileanna le saibhriú teanga a dhéanamh leis na cainteoirí dúchais.

Ceann de na príomhdhualgaisí atá ag na cúntóirí teanga ná cabhrú le páistí feidhmiú gan stró sa gcóras oideachais Gaeltachta. Is é atá i gceist anseo ná páistí nach bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas nó nach bhfuil Gaeilge ach ag tuismitheoir amháin acu nó gurb as tíortha eile iad nó as cúlra teanga éagsúla ar fad iad. Ceann eile de na príomhdhualgaisí ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc pháistí scoile na Gaeltachta. Is é atá i gceist leis seo ná go mbeadh na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí taobh amuigh den seomra ranga ar fad tré mheán na Gaeilge. Ceann eile ná saibhriú teanga, mar a luaigh mé, a dhéanamh leis na páistí atá á dtógáil le Gaeilge sa mbaile - na cainteoirí dúchais - ionas go mbeadh siad ag déanamh forbartha agus dul chun cinn ar a gcumas teanga i gcónaí.

Oibríonn an cúntóir teanga mar bhall foirne den scoil. Tá sé nó sí cosúil le cúntóir riachtanais speisialta nó aon chúntóir eile. Is cuid d'fhoireann na scoile an cúntóir teanga. Bíonn siad ag obair faoi stiúir an mhúinteora nó an phríomhoide. Leagann an scoil amach plean oibre dóibh. Is faoin scoil é na bealaí a bheidh siad ag obair leis na páistí a shocrú i gcomhar le Muintearas. Déanann siad sealbhú na Gaeilge tríd go leor bealaí éagsúla: scéalaíocht, drámaíocht agus rannta ina measc. Bíonn an béim ar spraoi agus, in ionad iad a bheith ag foghlaim ina n-aonar, tógann cuid de na scoileanna grúpaí páistí amach as an seomra ranga agus bíonn an cúntóir teanga ag obair leo. I scoileanna eile, bíonn an cúntóir teanga istigh i gcúinne an seomra ranga. Braitheann sé ar na háiseanna a bhíonn ar fáil ag na scoileanna agus mar sin de. Mar a dúirt mé, bíonn plean oibre leagtha amach gach téarma a bheidh ag leanacht curaclam na scoile ach ag díriú ar chumas Gaeilge. Sa gcaoi sin, níl an páiste ag caill amach ar an obair sa rang nuair atá sé nó sí leis an gcúntóir teanga mar tá an obair a dhéanann an cúntóir bunaithe ar céard atá ar siúl sa rang.

Tá saibhriú teanga ag díriú ar chainteoirí dúchais agus ag iarraidh rud breise a thabhairt dóibh ionas go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh acu ó thaobh a gcumas Gaeilge agus go bhfuil sé á fhorbairt i gcónaí. Tá uaireanta breise ag roinnt de na scoileanna atá sna ceantair Gaeltachta is láidre. Roinnt dóibh, bíonn an cúntóir á dhéanamh. I scoileanna eile, bíonn siad ag déanamh imeachtaí ar nós drámaíocht, scéalaíocht, béaloideas an cheantair, amhránaíocht agus rudaí mar sin atá ag tabhairt rud breise do na páistí agus atá ag cur leis an tuiscint atá acu ar an nGaeilge agus ar an gcultúr agus mórtas cine.

Tá roinnt tagairtí sa pholasaí um oideachas Gaeltachta a foilsíodh le deireanaí do na téamaí a bhíonn scéim na gcúntóirí teanga ag plé leo ar nós cúlraí teanga éagsúla agus mar sin de. De réir mar a thuigimid, tá athbhreithniú le déanamh ar an scéim i bhfianaise an polasaí nua agus déanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta é sin idir seo agus bliain nó bliain go leith eile. Fáiltíonn Muintearas go mór roimh an bpolasaí. Bhí muid páirteach sa phróiseas comhairliúcháin. Fáiltimid go mór roimh an aitheantas atá faighte ag an nGaeltacht mar cheantar nó mar aonad ar leith i dtaobh chúrsaí oideachais. Feiceann muid go dtugann sé an-deis scéim na gcúntóirí teanga a fheabhsú, a dhéanamh níos proifisiúnta agus a thabhairt go leibhéal nó caighdeán níos airde.

Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil na cúlraí teanga éagsúla atá i scoileanna Gaeltachta á aithint ag an polasaí. Bheifí ag súil go dtabharfadh an tumoideachas ar feadh an chéad dhá bhliain don scolaíocht deis do pháistí an teanga a shealbhú níos fearr agus, b'fhéidir, níos luaithe agus níos sciobtha. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil tacaíocht don chainteoir dúchais aithinte sa pholasaí freisin. Is gné an-tábhachtach é d'oideachas Gaeltachta nach mbíonn cainteoir dúchais ag dul ar chúl nó gan deis cur lena scileanna teanga. Aithníonn an polasaí é sin go láidir.

Níl a fhios agam an bhfuil an tUasal Ó Coisdealbha nó an tUasal Vogel ag iarraidh aon ní a chur leis sin.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Os ag caint ar scéim na gcúntóirí teanga atá muid, agus cur i láthair iontach déanta ag Máirín Nic Fhionguin air, is dóigh an rud is tábhachtaí dúinne nuair atá deis againn teacht i láthair anseo inniu go bhfuil guibhe nó dhó againn. Má tá sé ceart againn an guibhe sin nó na hachainí a chur chun cinn, déanfaimid é.

Is dóigh liom gur bealach é sin le dul chun cinn níos fearr a dhéanamh. Bhí sé aitheanta againne i Muintearas go raibh 13 scoil breise le cur leis an scéim i nGaeltacht Chonamara, Gaeltacht na Mí, Gaeltacht Mhaigh Eo agus Tír Chonaill le go mbeadh na comhdheiseanna céanna ag na scoileanna Gaeltachta a bhí ag iarraidh teacht ar bord. Cuireann muide i Muintearas béim an-mhór ar sin. An guibheatá againn anseo inniu ná an rud seo a chur os comhair an choiste agus gur féidir leis an coiste an tacaíocht a thabhairt dúinn na scoileanna breise sin sna ceantair Gaeltachta eile a chur i láthair. Nílimid ag iarraidh ach na deiseanna céanna a thabhairt do na scoileanna atá amuigh ansin. Is iontach an cabhair é an scéim seo. Tá an scéim seo praiticiúil do na scoileanna agus thar a bheith praiticiúil mar fhoinse ioncaim do dhaoine áitiúla ina bpobail féin. Is é sin an guibhe a bheadh agam ag teacht as sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An tUasal Vogel?

Mr. Andreas Vogel:

Níl mé chun teacht isteach ag an bpointe seo. Fágfaidh mé é don Uasal Ó Coisdealbha.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a chríochnaíonn an finné, b'fhéidir go dtiocfaidh muid ar ais ansin. Gabh mo leithscéal, an raibh an tUasal Ó Coisdealbha críochnaithe?

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Díreach rud amháin eile. Más ag caint ar pholasaí oideachais Gaeltachta atáimid, bhí an uair ann ó 1982 go dtí 2007 a raibh comhordaitheoir oideachais ag Muintearas a bhí ag feidhmiú sna ceantair Gaeltachta éagsúla. Duine amháin a bhí ann ón lar-oifig. Arís, tá cuid den pholasaí oideachais Gaeltachta le moladh. Is rud nua é agus tá sé sin tábhachtach. Maidir le togra praiticiúil ar an talamh, déanann muid achainí ar an gcoiste gur féidir linn é sin a chur i láthair na Roinne Oideachais agus Scileanna. Níl aon chostas mór airgid nua i gceist anseo. Níl ann, mar a bhí ariamh, ach múinteoir a bheith scaoilte ar sos gairme agus curtha ar fáil do Mhuintearas ar mhaithe le scéimeanna éagsúla oideachais Gaeltachta a thabhairt chun cinn. San am a caitheadh, rinne muid go leor oibre ó thaobh ábhar foghlamtha. Rinne muid go leor oibre chun ceardlanna múinteora a thabhairt le chéile. Ar bheagán costas, d'fhéadfadh an Rialtas duine a scaoileadh, mar a bhí ó 1982 go dtí 2007, mar chomhordaitheoir oideachais Gaeltachta. Ba mhór an chúnaimh a bheadh ansin do scéim na gcúntóirí Gaeilge. Is dhá achainí beaga iad sin ag éirí as an réimse sin.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Leanfaidh mise ar aghaidh. Tá roinnt pointí maidir leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta a bheadh ábharach do scéim na gcúntóirí teanga ar bhealach amháin nó bealach eile, cosúil le níos mó ceangail nó leanúnachas a bheith ann idir an naíonra agus an bunscoil. Tá a fhios agam go dtarlaíonn sé sin i roinnt áiteanna, ach ní tharlaíonn sé go forleathan. Dá mbeadh a fhios ag foireann na scoile agus ag an gcúntóir teanga cén páistí atá ag teacht isteach atá tar éis freastal ar naíonra agus cén cumas Gaeilge atá acu, bheadh muid in ann a aithint níos fearr cé hiad ná páistí is mó atá cúnamh ag teastáil uathu ó thaobh chúrsaí teanga de.

Pointe eile ná cúrsaí oiliúna teanga-bhunaithe a chur ar fáil do mhúinteoirí, cosúil le saibhreas teanga, cruinneas agus mar sin de. Tá go leor múinteoir a bhfuil togha na Gaeilge acu, ach cabhair a bheadh ann roinnt cúrsaí mar sin a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeltachta freisin. Ba chóir tacú le scoileanna a bheidh ag iarraidh athrú le bheith ina scoileanna lán-Gaeltachta faoin bpolasaí nua. D'fhéadfaí tacaíocht praiticiúil a chur ar fáil do na scoileanna sin le go mbeidh sé ar chumas na scoileanna na hábhair ar fad a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Bheadh ról láidir ag an gcúntóir teanga ansin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ligfidh mé don fhinné críochnú agus tabharfaidh mé deis ansin don Uasal Ó Coisdealbha.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Tá bealaí chun feabhas a chur ar an scéim seo, cosúil le cuid de na rudaí atáimid fhéin agus an Roinn ag plé le roinnt blianta anuas. Le míniú don choiste, nuair a thosaigh scéim na gcúntóirí teanga go neamh-fhoirmiúil níos mó na 20 bliain ó shin, is i gcúpla scoil i gContae Chiarraí a thosaigh sé. Bhí fadhb ag na scoileanna le gasúir a bhí ag teacht isteach gan aon Ghaeilge acu. Bhí deacrachtaí ag na páistí, mar sin, feidhmiú sa gcóras oideachais Gaeltachta. D'fhás an scéim ó shin ar bhealach neamh-fhoirmeálta ar feadh tamall mhaith, cé gur cuireadh clár oiliúna ar fáil do na cúntóirí teanga agus mar sin de.

Tá roinnt ceisteanna le plé i gcónaí i dtaobh na gcúntóirí agus rudaí mar sin. Tar éis 20 bliain, tá go leor scoileanna breise anois sa scéim, atá i bhformhór na scoileanna Gaeltachta. Ach, tá roinnt rudaí a bhféadfadh muid a dhéanamh chun feabhas a chur ar an scéim, ar nós spriocanna a leagadh amach den líofacht nó leibhéal Gaeilge a bheadh duine ag súil leis ó pháistí in aoisghrúpaí difriúla atá ag obair le cúntóir teanga sa chóras oideachais. Chomh maith le sin, bheadh sé mar bhuntáiste siollabas a leagadh amach don scéim agus an cur chuige a leasú sa gcaoi go mbeadh coibhneas níos fearr idir scoileanna beaga agus scoileanna a bhfuil níos mó páistí iontu, ar nós an méid uair an chloig a bheadh ag na scoileanna agus mar sin de.

Bheadh sé go maith cúrsaí oiliúna a chur ar fáil do na cúntóirí teanga. Tá go leor gearrchúrsaí oiliúna a bhféadfaí a chur ar fáil. Bheadh grúpaí oibre sna réigiúin éagsúla mar bhuntáiste, ionas go mbeadh ionadaíocht ó scoileanna, príomhoidí, múinteoirí ranga, Muintearas agus na cúntóirí iad fhéin chun treoir agus tacaíocht a thabhairt don scéim. Tá go leor deiseanna le hábhair foghlamtha agus tacaíochta a fhorbairt do na cúntóirí, chomh maith le heolas a thabhairt do thuismitheoirí. An rud atáimid ag cloisteáil go minic le roinnt míonna anuas ná nach mbíonn a fhios ag na tuismitheoirí an bhfuil a bpáiste ag freastal ar an gcúntóir teanga sa scoil nó nach bhfuil. Bheadh sé go maith nasc níos láidre a dhéanamh leis na tuismitheoirí. Is é sin scéim na gcúntóirí teanga agus tá mé cinnte go mbeimid ag teacht ar ais go dtí sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

S'ea. Tiocfaidh muid ar ais go dtí sin.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Rachaidh mé tríd cuid de na réimsí oibre eile an-sciobtha. Ceann de na mór-réimse oibre eile atá ag Muintearas ná luath-oideachas an linbh. Cuireann muid seirbhís iomlán cúraim leanaí ar fáil - cúram lae agus seirbhís iarscoile. Tá dhá naíolann againn, ceann i Leitir Mór agus ceann i nGaoth Dobhair. Tá 21 duine fostaithe idir an dá naíolann sin. Tá 19 páiste cláraithe sa naíolann i Leitir Mór faoi láthair agus 31 páiste cláraithe sa tseirbhís cúraim iarscoile ann. Tá 60 páiste cláraithe i naíolann Ghaoth Dobhair agus 34 páiste cláraithe sa tseirbhís cúraim iarscoile ann. Tá na seirbhísí sin ar fad á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuirimid cúrsaí oiliúna ar fáil i gcúram leanaí freisin ag leibhéal QQI a 5 agus a 6. Is cúrsaí aitheanta iad sin. Cuireann muid cúrsaí ar fáil do chomhlachtaí eile ó am go chéile, mar shampla, chuireamar cúrsa cúraim leanaí leibhéal QQI a 6 ar fáil d'fhoireann Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Faoi láthair, tá cúrsa ar siúl againn i Leitir Mór ar a bhfuil 21 rannpháirtí ag freastal. Ní hamháin ó thaobh chaighdeán an chúraim agus caighdeán an oideachais a chuireann naíolann ar fáil go bhfuil na cúrsaí sin tábhachtach, ach tá siad tábhachtacht ó thaobh chúrsaí teanga freisin, ionas go bhfuil na téarmaí agus na habairtí cuí ag na daoine atá ag obair sna naíolanna agus ionas go bhfuil siad ábalta seirbhís iomlán a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá fíor-thábhacht ag baint le sin.

In iompar óige, tá maoiniú againn ón gcrannchur náisiúnta ó 1998 agus ó Údarás na Gaeltachta le clár imeachtaí do dhaoine óga ó sé bhliana suas go dtí 18 mbliana nó níos sine uaireanta. "Special projects for youth" an t-ainm atá ar an bhfoinse maoinithe a bhaineann leis an gcrannchur náisiúnta. Cuireann muid clár leathan imeachtaí ar fáil do dhaoine óga ansin. Is éard atá i gceist ná deiseanna forbartha pearsanta, cúrsaí cinnireachta, cúrsaí garchabhrach agus spóirt, agus foghlaim neamh-fhoirmeálta tar éis imeachtaí spóirt, ar nós comórtasaí agus rudaí éagsúla. Táimid i mbun an phróisis chaighdeán náisiúnta, quality standards framework, don obair óige i gcomhair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na ETBs, education and training boards, i láthair na huaire.

Ó Mheitheamh anuraidh, tá an comhlacht Óige na Gaeltachta comh-nasctha le Muintearas. Tá an fhoireann ar fad a bhí ag Óige na Gaeltachta fostaithe ag Muintearas ón dáta sin ar aghaidh. Tá bainisteoir i gceist agus trí oifigeach forbartha don trí réigiún éagsúil: Dún na nGall, Gaillimh agus Cúige Laighin, agus Cúige Mumhan. Tá thart ar 40 club óige cláraithe linn i láthair na huaire agus 1,169 ball idir na clubanna sin ar fad. Is iad sin na daoine óga iad féin. Freastalaíonn muid ar dhá aoisghrúpa: seacht go dtí 12 bhliain agus 12 go 18 mbliana. Tugann muid seirbhís riaracháin, árachais agus tacaíochta do na clubanna. Cuireann muid traenáil ar fáil do na hoibrithe deonacha sna clubanna. Bíonn imeachtaí réigiúnda agus náisiúnta i gceist idir na Gaeltachtaí ar fad. Bíonn na clubanna ag freastal ar imeachtaí idir na ceantair Gaeltachta ar fad.

Bíonn deis acu bualadh le chéile agus le déagóirí atá sna ceantair Ghaeltachta eile. Tá clár leathan imeachtaí óige á chur ar fáil againn chomh maith le deiseanna forbartha agus mar sin de. Bíonn go leor imeachtaí agus deiseanna do dhaoine óga as na nGaeltachtaí éagsúla a bheith ag caint agus ag spraoi le chéile agus ag malartú smaointe agus rudaí mar sin. Cuireann muid cúrsaí oiliúna ar fáil do dhaoine óga ar mhaith leo a bheith ag obair mar cheannairí i gclubanna óige nó i gcampaí samhraidh agus mar sin de. Tugann muid tacaíocht do ghrúpaí pobail agus do choistí deonacha imeachtaí a chur ar fáil do ghrúpaí óga nó do dhaoine óga sna ceantair éagsúla - tograí atá spéisiúil do dhaoine óga - agus tá cúnamh faighte againn ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le trealamh a cheannach do chlubanna óige ó am go chéile le cur ar a gcumas imeachtaí ealaín agus spóirt agus mar sin de a dhéanamh.

I láthair na huaire, tá muid ag réiteach straitéis óige do na ceantair Ghaeltachta. Mar chuid den cónasc, d'iarr Údarás na Gaeltachta orainn taighde a dhéanamh le daoine óga agus straitéis a réiteach chun a fháil amach céard atá uathu agus céard iad na háiseanna, na himeachtaí agus na deiseanna ar mhaith leo a bheith acu agus cén chaoi a bhraitheann siad ó thaobh thodhchaí na teanga. Tá go leor ceisteanna a bhaineann leis an teanga sa taighde atá déanta againn. Tá coiste curtha le chéile againn atá ionadaíoch ar na mór-réigiúin Ghaeltachta agus tá ceistneoirí déanta le grúpaí daoine óga tríd na scoileanna agus na clubanna. Bhí deis ag daoine óga an ceistneoir a fhreagairt ar chóras ar-líne freisin.

I láthair na huaire, tá muid ag déanamh anailís ar na torthaí ar fad atá faighte againn agus tabharfaidh sé léargas ar céard a cheapann daoine óga sna ceantair Ghaeltachta iad féin agus céard a theastaíonn uathu. Is minic a bhíonn eagraíochtaí nó coistí ag rá gur gceapann siad gur b'in an rud a theastaíonn ón duine óg ach ní chuirtear ceist ar an duine óg é nó í féin an t-am ar fad. Tá ceardlann le déanamh le coistí agus eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine óga, clubanna spóirt agus cumainn agus mar sin de. Nuair a bheidh sé sin ar fad déanta, beidh straitéis á fhoilsiú againn a bheidh úsáideach go maith d'eagraíochtaí ar nós ár n-eagraíocht féin, rannóga Stáit agus mar sin de agus iad ag caint ar áiseanna agus maoiniú a chur ar fáil do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta.

Gabhfaimid tríd na campaí samhraidh an-sciobtha. Táimid ag riaradh scéim na gcampaí samhraidh sna ceantair Gaeltachta ar fad thar ceann na Roinne ó mhí Bhealtaine 2015. Anuraidh bhí 201 campa reachtáilte sna ceantair Ghaeltachta ar fad agus i mbliana bhí 183 campa samhraidh ann. Déanann muid monatóireacht ar na campaí ar fad le cinntiú go bhfuil caighdeán ceart ó thaobh sláinte agus sábhailteachta, ó thaobh na himeachtaí a chuireann siad ar fáil agus ó thaobh chúrsaí teanga ann. Tá muid, go bunúsach, ag riaradh scéim na gcampaí samhraidh do na ceantair Ghaeltachta ar fad don dara bliain i mbliana. Beidh muid á dhéanamh arís an bhliain seo chugainn de réir mar a thuigeann muid agus ansin beidh le feiceáil.

Tá cúpla cairt ar fáil a thugann léargas ar an líon campaí a bhí ann i mbliana, an tinreamh, líon na n-eagraíochtaí a reachtáil campaí agus na deontais a n-íocadh. Go bunúsach, bhí 74 campa samhraidh idir na Gaeltachtaí ar fad i nDún na nGall, 75 i nGaillimh, sé champa i gCorcaigh agus 11 i gCiarraí. Bhí deich gcinn de gcampaí i nGaeltacht Mhaigh Eo, sé cinn i bPort Láirge agus ceann amháin i gContae na Mí. Tá seirbhís á cur ar fáil do dhaoine óga, do pháistí agus do thuismitheoirí i rith an tsamhraidh agus is féidir leo freastal ar na campaí sin. Tá ceantair ann nach bhfuil an oiread sin campaí ar siúl iontu, ar nós Contae na Mí. Ba mhaith linn é sin a láidriú amach anseo agus níos mó tacaíocht a thabhairt do dhreamanna ansin le campaí samhraidh a chur ar fáil.

Tá scéim eile maidir le seirbhísí spóirt maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Feidhmíonn an scéim seo i gConamara amháin. Is clár aclaíochta agus oideachais é atá á reachtáil sna bunscoileanna i gConamara. Tá dhá theagascóir spóirt cáilithe fostaithe againn a théann isteach sna bunscoileanna agus a chuireann seirbhís aclaíochta agus spóirt ar fáil do na gasúir tré mheán na Gaeilge. Cuireann siad béim ar chúrsaí sláinte agus aclaíochta agus tugann siad deis do na páistí. Ní hiad na gnáth-spóirt nó na gnáth-imeachtaí a bheadh deis ag gasúr a dhéanamh sa pobal ar nós GAA atá i gceist ach go leor rudaí agus cluichí éagsúla agus go leor cineál spórt chun blas a thabhairt do na gasúir orthu siúd.

Bíonn an scéim ar siúl ar feadh 36 seachtaine, ceithre lá sa tseachtain. Sa scoilbhliain seo caite, d'fhreastail 1,153 gasúr ar an scéim idir 22 scoil i gConamara. B'fhéidir gur mhaith leis an an Uasal Vogel píosa a dhéanamh faoin forbairt ábhair agus an rannóg eile.

Mr. Andreas Vogel:

Tá roinnt mhaith foilseachán ag Muintearas freisin. Ag tosú le foilsiúchán sa réimse-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, ach tá an Teachta Gallagher ag iarraidh teacht isteach mar tá sé faoi bhrú maidir le rud eile. Bhí sé ag fanacht chun ceist a chur.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an cur i láthair. Ní bheidh faill agam fanacht. Ag amharc air seo, cím go bhfuil bearna de €11,000 idir an caiteachas agus an teacht isteach atá ag Muintearas. Cén dóigh ina líontar an bearna sin?

Bhí go leor cainte, go háirithe ar Raidió na Gaeltachta, maidir le Muintearas i mbliana. Ní bhfuair Muintearas cead go dtí, b'fhéidir, deireadh mhí Mheán Fómhair nó tús mhí Dheireadh Fómhair do na cúntóirí teanga a bhí ag obair sna scoileanna agus atá ceadaithe le blianta. An raibh sé seo á dhéanamh chun airgead a shábháil? Dúirt an tAire Stáit é féin ar Raidió na Gaeltachta go mbeidh 13 scoil breise ag fáil cúntóirí teanga agus, ina measc sin, bhí ceithre cinn i nDún na nGall. Bhí Scoil Náisiúnta an Chéidigh, Scoil Náisiúnta an Bhreacaigh in Ard an Rátha, Scoil Náisiúnta Mhín na Gabhann i Leitir Mhic an Bhaird agus, i mo bhaile dhúchais féin, Pobalscoil na Rossan. Thug an tAire Stáit gealltanas ar Raidió na Gaeltachta, agus é ag labhairt le muintir na Gaeltachta, do Mhuintearas agus do dhaoine eile a bhí ag éisteacht. Dúirt sé go raibh sé sin ceadaithe. An bhfuil cead tugtha do na scoileanna seo cúntóir teanga a fhostú? Ceapaim féin go bhfuil sé seo scanallach bliain ar bith, go háirithe in 2016. Céad bliain ó Éirí Amach na Cásca tá an Roinn ag rá nach bhfuil ach cúpla pingean breise ann. Thug an tAire Stáit an gealltanas ar Raidió na Gaeltachta agus phléigh mé féin agus an Teachta Pearse Doherty an cheist leis sa Dáil, ach níor tharla rud ar bith ó shin. Bheinn i bhfábhar an comhordaithe ó thaobh oideachais de, mar a bhí ann ó 1982 go 2007. B'fhéidir nach raibh airgead ann idir an dá linn ach níl an oiread sin airgead de dhíth chun duine mar sin a fhostú. B'fhéidir gur féidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna an t-airgead a chur ar fáil.

Smaoiním ar an naíolann a bhí ar An Screabán i nGaoth Dóbhair go dtí cúpla bliain anuas agus í ag obair go maith, ach thit an tóin as. Gan Muintearas ag teacht isteach ag an am, b'fhéidir nach mbeadh naíolann ar bith againn anois. Tá naíolann den scoth acu anois ar An Screabán, nó i bPáirc Ghnó Ghaoth Dóbhair mar a deireann siad anois agus í faoi lánseol. Caithfear moladh a thabhairt do Mhuintearas as ucht teacht isteach ag an am sin.

Tá ceist eile réasúnta tábhachtach agam. Maidir le struchtúr Muintearas, cím go bhfuil idir 35% and 40% den soláthar airgid atá ag Muintearas á chaitheamh i nDún na nGall ach ní dóigh liom go bhfuil duine ar bith as Dún na nGall ar bord Muintearas, más é sin an focal ceart. An bhfuil bord ag Muintearas? B'fhéidir gur cheist d'Údarás na Gaeltachta nó don Aire í nó b'fhéidir gur cheist do Mhuintearas í, ach ba cheart go mbeadh duine nó beirt as Dún na nGall ar bord Muintearas. Caithfidh athrú a theacht air sin. Tá muidne i nDún na nGall - tá mé féin agus an Seanadóir Ó Domhnaill anseo - ag tabhairt ár dtacaíocht ach níl duine ó Dhún na nGall ar an mbord.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta ag imeacht nó ag fanacht leis na freagraí?

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fanfaidh me do chúpla freagra.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta faoi bhrú?

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Tosóidh mé leis an gceist deireadh. Níl aon leithscéal air sin. Aontaím go huile is go hiomlán gur chóir go mbeadh duine éigint as Tír Chonaill ar an mbord. Níl aon tuiscint agamsa mar phríomhfheidhmeannach ar cén fáth nach bhfuil duine éigint as Tír Chonaill ar an rud seo. Chuir sé go mór leis an obair a rinne muide ar naíolann Ghaoth Dóbhair. In 2013, bhí naíolann Ghaoth Dóbhair bancbhriste. Thóg muide cúraimí iomlán an entitis sin. Dá mbeadh daoine ar an mbord againn ag an am, ba mhór an cuidiú dúinne mar fheidhmeannaigh. Níl aon leithscéal agus níl aon freagra agamsa air sin. Is cúram d'Údarás na Gaeltachta é sin agus is dóigh liomsa mar phríomhfheidhmeannach gur cúram é sin gur cheart dom a thógáil. An bhfuil moladh déanta againne mar fhoireann ó am go chéile? Tá. Is rud é, mar a deirtear i gcanúint an Teachta, atá de dhíobháil nó atá ag teastáil go láidir. Sin an pointe sin.

Má fhillfimid go dtí an cheist a bhí ann ó thaobh na scoileanna breise, tá an moladh sin déanta ag Muintearas. Ar a laghad ar bith, tugaim m'aitheantas don Aire Stáit gur éirigh leis an t-airgead sin a fháil ar ais. Glacaim buíochas leis na daoine i dTithe an Oireachtais a thug tacaíocht do Mhuintearas maidir leis an airgead sin. Tá 13 scoil breise ann agus níl i gceist ach airgead an-íseal. Tá cuid den bhliain caite agus nílimid ag caint ar ach thart ar €30,000.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Braitheadh sé ar cé mhéad uair a' chloig a bheadh faighte ag na scoileanna sin. Bíonn 26 seachtaine sa scoilbhliain ach faoin am a bheadh é seo ceadaithe agus daoine ceaptha bheadh 10 seachtaine dó sin imithe. Le cúig uair a' chloig a chur ar fáil an cuid eile den tréimhse atá i gceist leis an scéim, bheifí ag caint ar suas anuas le €28,000 nó €29,000 idir chuile chostas.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Is é sin an costas don chuid eile don bhliain agus, arís, is guibhe é atá againn anseo.

Le filleadh ar ais ar phointe amháin eile, caithfidh an Roinn a bheith níos solúptha leis an scéim seo. Inseoidh mé bealach amháin gur féidir leis sin a tarlú. Tá scoil nó dhó b'fhéidir ar imeall na Gaeltachta nó sna Breac-Ghaeltachtaí go mbíonn an Roinn géar orthu ó ham go chéile mar gheall ar teagasc sa Ghaeilge. Tabharfaidh mé sampla amháin gan aon ainm a thabhairt: scoil áirid i nGaeltacht Thír Chonaill atá ag déanamh tréan iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá an cuid is mó de na hábhair á múineadh tré Ghaeilge. Tá na páistí ar fad ag aistriú isteach ar mheánscoil Gaeltachta ach fós tá an riail dhocht seo ann. Mholfainn, sa lá atá inniu amháin, nuair atá muid ag iarraidh an teanga a chur chun cinn, aitheantas a thabhairt do na scoileanna atá i limbo agus gan an riail a chur i bhfeidhm chomh géar. Má tá muid ag caint ar an nGaeilge a chur chun cinn agus má tá muid ag diúltú do scoileanna ar imeall na Gaeltachta go bhfuil na páistí ina dhiaidh ag aistriú isteach i scoileanna Gaeltachta, ní dóigh liom gur b'in bealach le dul chun cinn.

Maidir leis na ceisteanna a bhí ag an Teachta Gallagher, tá an chéad cheist freagartha.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an bearna idir an teacht isteach-----

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Sin fadhb a bheidh againn. Bhí ciorrú ar bhuiséad an údaráis sa bhliain sin nár thuig muid. Bhí laghdú €25,000 ag Muintearas ó 2015 go dtí an buiséad a bhí againn in 2016, cé go raibh ardú ar bhuiséad an údaráis. Níl aon tuiscint againn air sin. Sin ceann de na deacrachtaí atá againn i Muintearas. Nuair atá ciorrú den sórt sin ann, cén chaoi go n-éirodh linn é sin a choinneáil ag imeacht? Cén chaoi gur féidir linn míorúiltí éagsúla a dhéanamh ar bhuiséad atá laghdaithe? An raibh ceist amháin eile?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní dóigh liom é. Is dóigh liom gur b'in iad na trí cheisteanna. An bhfuil an Teachta Gallagher sásta leis na freagraí.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe agus leis an gCathaoirleach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil na Teachtaí eile ag iarraidh teacht isteach anois nó an ligfimid do Mháirín Nic Fhionghuin an cur i láthair a chríochnú ar dtús?

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Sílim go bhfuil an tUasal Vogel chun an píosa deireanach a dhéanamh.

Mr. Andreas Vogel:

Níl mórán fágtha leis an gcur i láthair. Tá tionscadal foilsitheoireachta - idir foilseacháin oideachais agus foilseacháin cultúrtha agus oidhreachta - ar siúl ag Muintearas chomh maith. Tá réimse leathan ann agus tá leabhra i gceist chomh maith le foilseacháin fuaime, CDs agus ábhair ríomhaireachta, cláracha ríomhaireachta agus mar sin de. Tá liosta mór ar fáil de na foilseacháin atá ann. Tá an t-eolas sin ar fáil ar shuíomh idilín Muintearas.

Bhí muid ag caint go dtí seo ar an luathoideachas agus ag caint go láidir ar an oideachas sa réimse bunscoile agus meánscoile. Maidir le traenáil in réimsí eile, tá go leor ar siúl ag Muintearas sna réimsí oideachais fadsaoil agus cúrsaí éagsúla, go hiondúil an modh is coitianta chun na cúrsaí sin a sholáthar mar, gan dabht, caithfidh maoiniú a bheith ar fáil d'aon chúrsa gur féidir linn a chur ar fáil. Go hiondúil, tagann sé sin tríd na leibhéil éagsúla sna Boird Oideachais agus Oiliúna. Tá polasaí oideachais Gaeltachta anois ag an Roinn. Níl sé i bhfad ann ach tá sé anois ann. Níl na Boird Oideachais agus Oiliúna luaite ann, cé go bhfuil siad ceangailte leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chomh maith.

Ta an polasaí oideachais Gaeltachta teoranta do na bunscoileanna agus na meánscoileanna ag an bpointe seo. Is maith ann é go bhfuil siad ag tabhairt aitheantas don chéad uair ar shuíomh na Roinne Oideachais agus Scileanna go bhfuil a leithéid de rud agus Gaeltacht ann. Araon le go leor Ranna Stáit eile, ní raibh an oiread sin aitheantas á thabhairt don Ghaeltacht mar aonad a bhfuil riachtanais ar leith agus constaicí ar leith bainteach leis. Mar gheall nach bhfuil sé sin sa réimse sin go fóill, tar éis an réimse meánscoile - an oideachas fadsaoil - tá muid faoi bhacanna áirid ansin. Ní féidir linn, mar shampla, an argóint a dhéanamh go bhfuil cúrsa ag teastáil tré mheán na Gaeilge mar gheall ar nach bhfuil na Boird Oideachais agus Oiliúna fiú ar an eolas don chuid is mó den am cen áit a thosaíonn an Ghaeltacht agus cén áit a chríochnaíonn sé agus cé hiad na cúinsí a bhaineann leis. Mar sin féin, déanfaimid iarracht díriú ar cheantair Ghaeltachta agus mar sin de, ach mar gheall go bhfuil muid ag déanamh é sin tríd an córas poiblí tairisceana ní féidir linn a bheith teoranta don Ghaeltacht amháin sa réimse sin agus tá muid ag soláthar cúrsaí taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith céanna. Tá muid aitheanta mar ionad de chuid Quality and Qualifications Ireland, QQI, mar ionad ECDL agus mar ionad City & Guilds. Tá deiseanna ansin le go leor cúrsaí a sholáthar sa réimse Gaeltachta.

Taobh amuigh de na réimsí atá luaite cheana féin, an méid atá fanta le lua ná na réimsí pobail agus seirbhísí pobail. Tá bialann pobail a reachtáil ag Muintearas i dTír an Fhia, rud atá an-tábhachtach sa gcaoi is go bhfuil deis ag an bpobal bualadh isteach. Níl mórán deiseanna den chineál sin ann i gceantair tuaithe ar nós an ceantar a bhfuilimid ag obair ann. Tá ionad garraíodóireachta againn. Tá muid ag cur seirbhísí iompair ar fáil do sheandaoine i gceantar na n-oileán agus mórthimpeall air agus tá muid ag cur ar fáil seirbhísí oifige, seirbhís ríomhaireachta agus seirbhísí chun CVs agus ábhair eile mar sin a chur le chéile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá gloine uisce tuilte ag na finnéithe tar éis an cur i láthair sin.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Tá brón orm cur isteach arís ach tá cúpla guibhe caite amach agam. Más ceadaíodh dom, tá ceann amháin eile bunaithe ar an rud a dúirt an tUasal Vogel. Tá sé an-deacair againn feidhmniú mar eagraíocht oiliúna, sár-cháilithe agus sár-aithinte, agus fós féin go gcaitheann muid tairiscintí go hiomlán i mBéarla a sholáthar do na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil na Boird Oideachais agus Oiliúna ag feidhmiú.

Gan aon duine a lua nó tada, bhí deiseanna ann cheana, mar shampla, i gceantar an iarthair i Maigh Eo, ina bhféadfaí tairiscintí Gaeilge a chur isteach. Má táimid ag caint ar fhorbairt, buanú agus sealbhú na Gaeilge, tá sé náireach nach bhfuil an deis againne ar laghad a bheith in ann na tairiscintí sin a chur isteach i nGaeilge. Is guibhe é sin a bheadh agam. Dar liom, tá sé ag goill ar aon reachtaíocht atá ag cosaint na Gaeilge faoi láthair. Má tá comhlacht, cosúil le Muintearas, atá aitheanta agus oilte sa Ghaeilge, ba chóir go mbeadh an cead sin ann.

Ag filleadh ar an réimse luath-oideachais, táimid ag déileáil le heagraíocht darbh ainm Pobal. Ó tharla go bhfuair mé foláireamh ag tús an chruinnithe, b'fhéidir nach gcríochnóidh mé mo chuid cainte ar sin. Ach, ní dóigh liom go bhfuil mórán tuiscinte ag Pobal ar an gcultúr agus an teanga againne atá ag feidhmiú sna ceantair Gaeltachta. An riachtanas is mó atá ag teastáil uainne i bhforbairt chláracha luath-fhorbartha, is é sin, i naíolanna nó i ndéileáil le páistí, ná go mbeadh aitheantas tugtha don cheantar Gaeltachta. I gcontaetha áirithe, tá a leithéid den Galway City and County Childcare Committee, ceann i Loch Garman, ceann i bPort Láirge, srl. An guibhe is mó a bheadh againne ná go mbeadh aitheantas Gaeltachta ag an gceantar Gaeltachta mar atá ag na contaetha, go mbeadh tuiscint ar an gcultúr ar leith atá againne sna ceantair Gaeltachta agus go mbeadh feidhmiú déanta dá réir. Ní dóigh go bhfuil an tuiscint sin againn faoi láthair.

Le pointe an Teachta a cheartú, níl aon bhreis airgid i gceist le comhordatheoir oideachais. Is duine ar iasacht ón Roinn Oideachais agus Scileanna atá ann. An rud céanna atá ann leis an gcomhchoiste um chúram leanaí Gaeltachta. Ní bheadh aon bhreis airgid i gceist ansin. Tá siad ann i struchtúr na gcontaetha. Mar a deireann siad i mBéarla, ba chóir go mbeadh "joined-up thinking" i gceist.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus i nGaeilge?

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Comh-mhachnamh-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fad is atá smaoineamh á dhéanamh ag an bhfinné ar sin, tabharfaidh mé deis do bhaill an choiste ceisteanna a chur. Cuirfidh mé tús leis. Ba mhaith liom a rá nach raibh a fhios agam go raibh an méid sin imeachtaí faoi chúram Muintearas. D'oscail sé mo shúile ag éisteacht libh. In ainneoin gur fhreastal mé ar ranganna Gaeilge de chuid Muintearas agus in ainneoin go raibh mé sa Chlúid, bialann Muintearas, áit a raibh an bia go hálainn, ní raibh a fhios agam go raibh an réimse sin imeachtaí ar siúl ag Muintearas. Gabhaim buíochas as na finnéithe as ucht an chur i láthair. Bhí an t-uafás eolais ann.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim buíoch as an deis mar go mbeidh orm imeacht gan mhoill agus gabhaim leithscéal as sin. Gabhaim buíochas le hionadaithe Muintearas atá anseo. Tuigimse an dea-obair atá ar siúl ag Muintearas ar feadh na blianta ag cur seirbhísí sonracha ar fáil i gceantracha tuaithe agus Gaeltachta. Tá cur i láthair cuimsitheach déanta acu anseo ag déanamh cur síos ar chuid den obair atá ar bun acu. Taispeánann na sonraí ó na cápéisí éagsúla a chur Muintearas os comhair an choiste dúinn uilig an obair atá déanta ar airgead beag, i ndáiríre. Níl an airgead chomh mór sin nuair a chuirtear é i gcomhthéacs chaiteachas an Stáit go ginearálta, caiteachas na Roinne faoina bhfuil sé nó fiú caiteachas an údaráis. Airgead beag atá i gceist, mar a dúirt Teachta Ó Gallachóir.

Sa bhliain 2015, bhí teacht isteach de €2.264 milliún agus caiteachas de €2.275 milliún ag Muintearas. Tá ceist ansin faoin údarás. Má tá géarchéim airgid mar sin ann ag deireadh na bliana, an bhfuil an deis ag Muintearas dul chuig Údarás na Gaeltachta agus an t-airgead sin a lorg? Is cosúil nach bhfuil, ach b'fhéidir gur b'fhiú go mbeadh, mar go bhfuil na seirbhísí tábhachtach agus go gcaithfidh Muintearas na seirbhísí sin a chur ar fáil. B'fhéidir go bhfuil solúbthacht á fháil cheana féin ón Roinn, mar a dúirt an tUasal Ó Coisdealbha, ach bheadh sé go maith é a fháil ón údarás feasta.

Maidir le scéim na gcúntóirí teanga, tá cuimhne mhaith agamsa nuair a bhí Micheál McGee, go ndéana Dia trócaire air, ag déanamh comhordanáidiú ar an scéim i nDún na nGall. Chuir sé scéim den chéad scoth ar fáil. Tá lúcháir ormsa go bhfuil an scéim sin ag leanúint ar aghaidh. Is cosúil go bhfuil an scéim faoi bhrú airgid. Cloistear go minic an téarma "value for money" ó thaobh chaiteachais poiblí de. Measaimse gurb é sin ceann de na scéimeanna is fearr agus buntáisteach maidir le hairgead a chaitheann an Stát chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Déileáileann sé le páistí ag aois óg atá in ann an t-eolas a thabhairt isteach. Tugann sé tacaíocht do na múinteoirí, don chóras oideachais agus do gach rud eile.

Dá mbeadh an córas oideachais agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair mar is ceart, ní bheadh gá leis an scéim, ach ní sin mar atá. Tá gá leis an scéim. Tá 13 scoil sa bhreis luaite ag na finnéithe agus aontaím leis an Teachta Ó Gallachóir ar an méid atá ráite aige ar sin. Bhí sé fógartha ag an Aire. Bhí mé ag éisteacht leis an Aire an maidin sin a d'fhógair sé é agus chuir sé iontas orm go raibh cúlú déanta ar an stádas a bhí aige laistigh de 24 uair an chloig. Pinginí atá i gceist anseo sa phictiúir iomlán. Tá súil agam go bhféadfadh an coiste seo moladh a dhéanamh don Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus an t-airgead sin a chur ar fáil láithreach bonn. Bheinnse den tuairim gur b'fhiú dúinn é sin a dhéanamh.

Fáiltím roimh aon mholadh atá ag na finnéithe maidir leis an scéim ag dul chun tosaigh sna blianta amach romhainn. Tá mise cinnte go bhfuil scoileanna eile ann a bhfuil suim acu. B'fhiú machnamh a dhéanamh ar sin. Tá a fhios agam féin scoileanna a raibh suim acu. An bhfuil aon léargas nó an raibh plé déanta ag Muintearas leis an Roinn maidir le seo? An bhfuil moltaí déanta ag an Roinn nó an bhfuil an Roinn ag éisteacht? An féidir leis an gcoiste seo tacaíocht a thabhairt daoibh chun cuid de na moltaí sin a bhrú chun tosaigh?

Tá trí phointe deireanacha agam. B'fhéidir gur b'fhiú don choiste tacaíocht a thabhairt do Mhuintearas maidir leis an gcomhordaitheoir oideachais. Tá sé tábhachtach go mbeadh comhordaitheoir oideachais Gaeltachta ann. Má chuir an Roinn deireadh leis an bpost sin i 2007, caithfimid iarracht a dhéanamh é a fháil ar ais. Ó thaobh na dtairiscintí i mBéarla go dtí na education and training boards, ETBs, de, glacaim leis gur pholasaí na ETBs é agus nach bhfuil an fhoireann acu machnamh a dhéanamh ar na tairiscintí as Gaeilge. An é sin an réasún atá siad ag tabhairt? Tá sé dochreidte. Airgead Stáit atá i gceist anseo a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Muna bhfuil siad in ann déileáil leis, tá sé dochreidte.

Tá go leor oibre ar bun ag na finnéithe. D'fhéadfaimís an tráthnóna a chaitheamh ag dul tríd. Gabhaim buíochas mór le na finnéithe as a bheith anseo. Tá pointí tábhachtacha ardaithe acu. Tá súil agam go mbeidh aontú sa choiste chun cuid de na pointí sin a bhrú chun tosaigh. I mo ról féin sa tSeanad, beidh mé breá sásta cuid de na pointí sin a ardú agus a bhrú ar an Aire toisc go bhfuil an teanga agus an obair atá ar bun ag Muintearas tábhachtach. Caithfimid tacaíocht a thabhairt do sin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla pointe agam. Ar an gcéad dul síos, fáiltím roimh an cur i láthair. Tá sé soiléir go bhfuil réimse an-leathan gníomhaíochtaí ar siúl ag Muintearas timpeall na tíre. Teastaíonn uaim díriú isteach ar thrí ábhar faoi leith: an cúntóir teanga, Óige na Gaeltachta agus polasaí oideachais na Gaeltachta. Tá an-chuid eolais tugtha ach ba mhaith liom cúpla pointe a shoiléiriú.

Maidir leis an gcúntóir teanga, bhí ceist ann ag tús na bliana faoi na ciorruithe agus an slí go raibh siad ag cur isteach ar na scoileanna a bhí ag tosnú.

Bhí sé sin dírithe ar an airgead riaracháin, ach chuir sé moill fós ar thosach na scéime. Cá sheasann sibh anois, mar níl an scoilbhliain ach tréimhse faoi leith agus bhí mí imithe sula raibh sibh ábalta an scéim a thosnú i dtreo Dheireadh Fómhair? An mbeidh an deis ann an bearna sin a líonadh? Cad ina thaobh nach mbíonn an scéim sin ag tosnú ag tosach na scoilbliana de ghnáth? Is é sin an t-am a thagann na daltaí isteach agus ag a bhfuil an brú is mó orthu sa seomra ranga agus faoin atmaisféar nua ar fad. Shamhlófá go mbeadh an tacaíocht is mó ag teastáil ansin sa chéad cúpla seachtain. Cad ina thaobh go mbeadh aon mhoill ann de ghnáth? Tuigim gur i lár mí Mheán Fhómhair a thosnaíonn sé de ghnáth.

Conas a bhíonn a fhios ag daltaí conas atá ag éirí leo? Cén slat tomhais atá in úsáid? Bhíodh scéim na deich bpunt ann cheana. Bhí a fhios ag daoine an raibh ag éirí leo agus mar sin de. Gan é sin anois, cén sórt slat tomhais atá ann nó conas a mbíonn a fhios acu cén dul chun cinn atá á dhéanamh? Luaigh na finnéithe ábhair tacaíochta, cosúil le CDs agus mar sin de. Tuigim go bhfuil an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, ag déanamh roinnt den obair sin chomh maith. Cad é an teangmháil atá idir Muintearas agus COGG? An bhfuil sibh sásta go bhfuil na háiseanna cuí agaibh?

Maidir leis an saibhreas teanga, tá an-chuid béime i scoileanna faoi leith chun caighdeán na Gaeilge a thabhairt suas. I scoileanna níos láidre, bíonn daltaí níos láidre agus béim níos mó ar shaibhreas teanga. Is cosúil go bhfuil uaireanta an chloig breise agaibh in áiteanna faoi leith agus nach bhfuil in áiteanna eile. Cá fhágann sé sin na scoláirí a theastaíonn an saibhreas teanga uatha ach atá, cur i gcás, i scoil i gcatagóir B nó C? Is cailliúnt mhór é sin do na Gaeltachtaí sin. Ba chóir an béim sin a thabhairt chun cinn i ngach scoil, ní hamháin na scoileanna i gcatagóir A.

Táim beagnach críochnaithe. Níl ach dhá cheist eile agam. Maidir le hÓige na Gaeltachta, tá réimse an-leathan de ghníomhaíochtaí atá an-tairbheach i gceist. Bíonn deis ag daoine óga casadh ar a chéile agus a gcuid Gaolainne a úsáid lena gcairde i gcomhthéacs difriúil ar fad ón scoil. Níl ach trí duine sa tír ar fad ag pléigh le sin. Is foireann an-bheag é sin. Má chuirtear i gcomparáid é le heagraíochtaí eile bainteach le dreamanna óga timpeall na tíre, conas nach bhfuil ach triúir ag obair ann? Nach gcuirfeadh sé go mór leis dá mba rud é go raibh duine i gCiarraí, duine i gCorcaigh, duine i bPort Láirge agus mar sin de? Bheadh triúir i gCúige Mumhan amháin sa chás sin. Cuirfeadh sé go mór le háiseanna do mhuintir na Gaeltachta.

Baineann an cheist dheireanach atá agam leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta. Luaigh an finné an ról a bhféadfaí a bheith ag an gcúntóir teanga sa scoil. Caithfidh na scoileanna go léir iarratas a dhéanamh chun go glactar leo mar scoil Gaeltachta. Tá na príomhoidí agus na scoileanna go léir an-ghnóthach cheana féin. Tá an ualach breise seo anois ag teacht anuas ar an scoil. Cá bhfeiceann Muintearas ról an chúntóra teanga nó ról an phríomhoide? Cén sórt tacaíocht a bhféadfaí a thabhairt do na scoileanna chun an t-iarratas sin a dhéanamh nó chun an stádas sin a choimeád?

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Freagróidh mé péire cheist réasúnta sciobtha. Beimid in ann scéim na gcúntóirí teanga a chríochnú i mbliana. Beimid. An mbeidh sé chomh héifeachtach? Tá súil agam go mbeidh, ach beidh deacracht againn.

Níl fáth ar bith nach dtabharfaí an dáta. Bhí bliain amháin ann ina bhfuair muid an litir a cheadaigh an scéim ar 22 Lúnasa. Sin é an dáta gur chóir dúinn a fháil amach gach bliain - i mí Lúnasa. Tá sé mí-éifeachtach é sin a dhéanamh i mí Mheán Fhómhair nuair atá scoileanna ar ais, brú ar mhúinteoirí agus brú ar an eagraíocht. Níl éifeacht dá laghad ag baint leis. Botún a bhí ann. Níl a fhios agam an bhfuil an chumhacht agaibhse mar choiste na daoine atá freagrach as an dáta sin a thabhairt os bhur gcomhair. B'fhéidir go bhfuil an freagra acusan, ach níl sé agamsa. Tá an freagra áit éigin istigh sa Roinn agus ní thuigimse cén fáth gur tharla sé sin i mbliana. Níl sé cóir ar na cúntóirí. Tá ar a laghad ceathrar nó cúigear de na cúntóirí, a bhí ag saothrú airgid mhaith ina gceantar féin imithe ón scéim. Is scéal Muintearas é sin ó am go chéile. Bíonn daoine ag imeacht ón eagraíocht againne mar nach bhfuil muid in ann an leanúnachas ceart agus cóir a thabhairt dóibh ó thaobh fostaíochta. Níl aon tuiscint agam ar sin. Ní féidir liom é a fhreagairt, ach mar phríomhoifigeach ar an togra, níl tuiscint agam air. Ba mhaith go gcuirfeadh an duine nó na daoine atá freagrach as sin, más féidir, an freagra ar fáil. Ní chuidíonn sé linne agus níl éifeacht i gceist leis.

Fágfaidh mé na ceisteanna eile ag mo chomhghleacaithe. Ó thaobh Óige na Gaeltachta, is cinnte gurb é sin ceann de na lochtanna is mó. Táimid nua sa gcluiche a bhaineann le hÓige na Gaeltachta. Tá sé faoinár gcúram le naoi mí anuas. Tá roinnt leasuithe i gceist againn cheana féin. Tá straitéis nua do Óige na Gaeltachta á leagan amach againn agus beidh spéis againn é sin a fheiceáil. Ach, ní mórán é triúir fheidhmeannaigh. Fós féin, tá an buiséad sin gearrtha freisin agus ní dhéanann sé sin aon chiall ar chor ar bith. Má dhéantar comparáid idir eagraíochtaí óige Gaeltachta agus eagraíochtaí óige eile atá airgeadaithe go náisiúnta, níl aon chomparáid ann. Tá ciorruithe déanta ar bhuiséad Óige na Gaeltachta. Is é sin an spré a bhfuair muid ón bpósadh idir Mhuintearas agus Óige na Gaeltachta: cailliúnt €20,000 nó €30,000. Spré álann é sin ar lá ár bpósta. Mar áisineacht atá ag amharc amach ar na ceantair Gaeltachta ó thaobh chúrsaí an óige, caithfidh Údarás na Gaeltachta breathnú go géar ar sin.

Níl mé ag rá gurb é an freagra i gcónaí tuilleadh airgid nó rudaí den tsórt sin. Caithfidh muid breathnú go láidir ar an scéim. Ach cinnte, níorbh é an tús is fearr dúinn tósú amach le ciorrú de €20,000 nó €30,000. Aontaím leis an Teachta Moynihan. Má táimid ag iarraidh an jab a dhéanamh i gceart, ba chóir go mbeadh níos mó tacaíochta ann. Tá sé an-deacair ar an mbean iontach, bean den scoth, atá ag feidhmiú i ndáilcheantar an Teachta feidhmiú ó am go chéile nuair nach bhfuil ann ach í féin. Is post uaigneach é. Cinnte, aontaím leis an Teachta faoi sin.

B'fhéidir go mbeadh mo chomhghleacaí in ann freagra a thabhairt ar an gceist faoi shaibhriú teanga.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Ó thaobh an allúntais uaireanta breise a tugadh do na scoileanna i gcatagóir A ceithre bhliana ó shin, is dóigh nach raibh an maoiniú ar fáil le allúntas uaireanta breise a thabhairt do na scoileanna ar fad. Déanadh cinneadh idir muid féin agus an Roinn, tar éis go leor plé siar agus aniar ag breathnú ar an gcaoi go socródh muid é leis an méid airgid a bhí ar fáil, gurb iad na scoileanna sna ceantair is láidre Gaeltachta a bhfaigheadh an allúntas ag an bpointe sin. Dá mbeadh níos mó maoiniú ar fáil, ba bhreá linn an allúntas sin a thabhairt do na scoileanna sna ceantair is laige. Feicim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh deis ag páistí gur cainteoirí dúchais iad sna ceantair nach bhfuil bealach chomh láidir ann dul chun cinn, forbairt agus saibhreas teanga a bhaint amach. Is iad sin na daoine a bheidh i bhfeighil ar chúrsaí sa phobal fiche bliain síos an bóthar. Muna mbeidh cainteoirí dúchais den scoth againn ag an am sin, beidh gach rud laghdaithe ansin. Is rud ciorclach é ar bhealach. Is dóigh liom gur fiú breathnú ar an gceist arís amach anseo le féachaint an bhfuil aon bhealach go bhféadfaí saibhriú teanga a dhéanamh le páistí i gcuid de na ceantair sin ionas go mbeadh togha na Gaeilge ag na páistí iad féin nó ag na teaghlaigh lena mbaineann siad.

Maidir le tréimhse na scéime, beidh sé ag leanúint ar aghaidh go dtí deireadh mhí Bealtaine i mbliana.

Aontaím go láidir leis an Teachta. Is rud é a chloiseann muid ó na scoileanna i gcónaí gur mhaith leo go mbeadh an cúntóir ar fáil sa dara sheachtain de mhí Mheán Fómhair, toisc gurb é sin an uair is mó atá pleananna á dhéanamh faoi chumas Gaeilge na bpáistí, cé acu a bheidh cúntóir teanga ag teastáil uathu agus cén chaoi a ndéanfar é i gcomhair le clár ama na scoile agus mar sin. Muna bhfuil cinnteacht ann ag an am sin cén uair a bheidh an cúntóir ag tosú i mbun oibre arís, tá sé deacair go leor ar na scoileanna pleananna cuí a dhéanamh don chuid eile den bhliain.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad faoin slat tomhais? Conas a bhíonn a fhios ag daltaí cén dul chun cinn atá déanta acu?

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

S'ea, an slat tomhais. Déanann muid monatóireacht i gcomhair le na scoileanna, agus na príomhoidí go mórmhór, ar dul chun cinn na scéime. Téann muid amach ar chuairt ar na scoileanna ar a laghad uair sa mbliain. Bíonn foirm le líonadh isteach idir na príomhoidí agus múinteoirí ranga ar an dul chun cinn atá déanta ag na páistí. Ach, is gné den scéim é ar a bhféadfaí go leor oibre a dhéanamh agus ar a bhféadfaí feabhas a chur amach anseo freisin. Sílim gur luaigh mé sa chur i láthair gur b'fhiú breathnú ar spriocanna a leagadh síos don chúntóir teanga, a bheadh ag súil le caighdeán nó líofacht áirid Gaeilge ó pháistí sna naíonáin mhóra ar aghaidh ag deireadh na bliana. Bheadh sé go maith córas nó slat tomhais, mar a luaigh an Teachta féin, a bheith ann ar a bhféadfaí caighdeán a leagadh síos.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Le teacht isteach ar phointe Mháirín, tá sé dochreidte amach is amach go raibh sé i gceist ag an Roinn an t-airgead riaracháin a ghearradh i mbliana, nuair is tríd an airgead sin gur féidir linn slatanna tomhais agus measúnú a dhéanamh ar an scéim. Tá sé dochreidte gurb é sin a bhí i gceist ag an Roinn.

Aontaím leis an Teachta Moynihan. Tá rudaí áirid ar siúl againn faoi seo. Sa chaoi ina bhfuil an scéim leagtha amach gan dáta buan do chuile bhliain agus gan cinneadh déanta go maireadh an tréimhse ar feadh trí bliana, mar shampla, tá sé an-deacair na rudaí eile a dhéanamh. Arís ar ais, tá mé ag tóraíocht focal Gaeilge mar go hiondúil tá saibhreas teanga againn. B'fhéidir go bhféadfadh an Cathaoirleach cúnamh a thabhairt dom an uair seo mar is é "fire-fighting" téarma ar dhéanann cur síos maith air.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tar éis na cruinnithe.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Is é sin a bhíonn ar siúl againn, agus is mór an peaca é. Aontaím leis an Seanadóir Ó Domhnaill nuair a deir sé gurb é scéim na gcúntóirí teanga an luach saothair airgid is fearr le fáil in aon scéim. Tá mé 31 bliain ag plé le cúrsaí forbartha i gceantair Gaeltachta. Is é an luach airgid is fearr ar aon scéim dá bhfaca mé riamh. B'fhéidir gur pointe tábhachtach é gur chóir dúinn a bheith ag díriú isteach air le slat tomhais. Cén chaoi gur féidir linn anailís a dhéanamh ar an dul chun cinn? Tá ag éirí leis an aiseolas a fhaigheann muid ó scoileanna agus ó thusimitheoirí i gcuid is mó de na scoileanna.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Déanfaidh mé pointe beag amháin. Caithfear é sin a dhéanamh i gcomhair le na scoileanna mar is iad na múinteoirí agus na daoine atá ag obair sa scoil atá ag plé le na gasúir ó lá go lá. Is iadsan a fheiceann an dul chun cinn. Ní bheadh aon mhaitheas i Muintearas a rá go bhfuileamar ag súil le caighdeán faoi leith ag deireadh na bliana nuair nach bhfuilimid fhéin ann ó lá go lá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag an bpointe seo, tabharfaidh mé deis don bheirt canteoirí eile agus beidh deis againn ansin teacht ar ais ar phointí áirithe. Glaoim ar an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá céad fáilte roimh na finnéithe. I dtosach, ba cheart dom a lua go raibh baint agam féin le riaradh na dá scéime atá Muintearas ag caint faoi, le scéim na gcúntóirí teanga agus le seirbhísí spóirt Chonamara nuair a bhí mé ag obair le Cumas Teo roinnt blianta siar. Is léir go bhfuil cuid de na constaicí céanna fós ag baint le na scéimeanna áirid siúd. Tuigim an fíor-thábhacht atá le Muintearas i gceantair Chonamara agus i gceantracha Gaeltachta eile, go háirid ó thaobh na suíomhe tíreolaíochta de agus an fhostaíocht d'ardchaighdeán a chuirtear ar fáil sna ceantair sin. Tá sé fíor-thábhachtach go dtacófaí leo le cur leis an obair agus na scéimeanna atá ann agus iad a fheabhsú.

Maidir le na hachainí atá ag na finnéithe, tacaím leo go huile is go hiomlán. Maidir leis an 13 scoil breise, sílim gur cheart é sin a dhéanamh. Má tá maitheas ar bith le bheith sa straitéis oideachais Gaeltachta, tá gá le sin a dhéanamh. Luaigh na finnéithe go gcosnóidh sé €28,000 don chuid eile den bhliain. Cé mhéid a chosnódh sé an scéim a thabhairt go dtí na 13 scoil breise sin do bhliain iomlán? B'fhéidir go dtiocfaidh na finnéithe ar ais chugam le figiúr ar sin. Is cuimhin liom nuair a bhí comhordaitheoir oideachais ag Muintearas. Rinne sí an-obair go deo. Tá mé ag ceapadh, os rud é nach mbeadh costas mór breise leis, gur cheart don choiste seo achainí a dhéanamh ag an Roinn Oideachas agus Scileanna go ndéanfaí a leithéid arís a cheadú. Aontaím le na finnéithe nach bhfuil sé inghlactha go mbeadh orthu tairiscintí a chur chuig na boird oiliúna agus oideachais sna ceantracha eile i mBéarla. Ba chóir go mbeadh sé de cheart ag aon eagraíocht atá ag feidhmiú le heagraíocht Stáit a bhfuil cúram Gaeltachta orthu a leithéid a dhéanamh as Gaeilge.

Tá cúpla ceist agam faoi scéim na gcúntóirí teanga. Thart ar €550,000 an buiséad iomlán atá ann. Cén céatadán de sin a chaitear ar riarachán? An bhfuil athrú tagtha ar sin le roinnt blianta anuas? An bhfuil sé ardaithe, íslithe nó céard é an scéal leis an gcéatadán riaracháin? Luaigh na finnéithe an traenáil a bhaineann leis an scéim. Cén traenáil gur féidir leo cur ar fáil i láthair na huaire do na cúntóirí, cén traenáil gur mhaith leo a chur ar fáil agus cén airgead breise a theastódh le sin a dhéanamh? Mar thuismitheoir le gasúir ag freastal ar scoil ina bhfuil cúntóir teanga, tá ard-mheas agam ar obair na gcúntóirí in aon scoil a bhfeicimse sna Gaeltachtaí agus ar an obair a dhéanann siad. Tá gearán amháin a bhí ariamh acu, agus is é sin an ráta pá. Cén ráta pá atá ag na cúntóirí in aghaidh na huaire, cén ardú atá tagtha ar sin le roinnt blianta agus cén ardú ar chóir go mbeadh ann? An bhfuil cáilíochtaí faoi leith ag na cúntóirí i láthair na huaire agus cad iad na cáilíochtaí a shamhlódh Muintearas mar eagraíocht oideachais gur b'fhiú a bheadh acu agus gur cheart oibriú ina threo? Cad iad na himpleachtaí a bheadh aige sin?

Tá a fhios ag na finnéithe go maith go bhfuil ceisteanna ardaithe agam féin thar na blianta faoin eagraíocht. Ó thaobh struchtúir de, tuigim gur fo-chomhlacht é Muintearas de chuid Údaras na Gaeltachta. D'ardaíodh struchtúr boird Muintearas le tamall anuas. Sílim nach bhfuil sé folláin le riar blianta anuas gur fostaithe de chuid Údarás na Gaeltachta a bhí mar na stiúrthóirí ar bhord Muintearas. Sílim gur locht sa struchtúr a bhí ansin agus d'ardaigh mé é le bord Muintearas agus le bord an údaráis thar na blianta. Sílim gur cheart breathnú ar sin in athuair ó thaobh struchtúr an bhoird. Luaigh an tUasal Ó Coisdealbha deacrachtaí idir Muintearas agus Pobal sa slí nach dtuigeann Pobal cultúr na háite ina bhfuil siad ag feidhmiú. Bhí cás ann cheana idir Muintearas agus Pobal maidir le cúrsaí airgeadais agus na seirbhísí cúraim leanaí, ina raibh Pobal ag cur locht ar Mhuintearas mar eagraíocht faoin mbainistíocht agus an chuntasaíocht a bhí á dhéanamh acu. An bhfuil na finnéithe in ann a dhearbhú go bhfuil rudaí ina gceart ó shin agus go bhfuil an caidreamh idir Muintearas agus Pobal feabhsaithe ón taobh sin de?

Tá tuairiscí freisin sna meáin le tamaillín anuas go bhfuil iniúchadh breise iarrtha ag an Roinn ar an údarás agus gur iarr siad ar chomhlacht Gilroy Gannon, sílim, le teacht isteach chun iniúchadh a dhéanamh ar Mhuintearas. Cén sórt téarmaí tagartha atá i gceist leis an iniúchadh sin agus céard atá i gceist acu iniúchadh a dhéanamh ar? Cén fáth a bhfuil a leithéid ar bun? D'ardaigh mé ceisteanna crua cheana le bord Muintearas agus bord Údarás na Gaeltachta maidir le cásanna, mar a thuigim, i gcúrsaí chaidreamh saothair. Tuigtear dom go raibh deacrachtaí le roinnt iar-oibrithe agus go raibh siad ag dul i dtreo chásanna a thógáil trí na meicníochtaí chaidreamh saothair atá sa Stát seo agus gur tharraing siad siar na cásanna sin. Ach, tuigtear dom i gcásanna áirid go-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim ar an Seanadóir a bheith cúramach agus é ag plé cásanna áirid agus pointí ginearálta amháin a dhéanamh. Nílim chun stop a chur leis ach iarraim air a bheith cúramach maidir le cásanna áirithe.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé. Níl aon ainm luaite agam agus níl aon duine faoi leith luaite agam.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Más ceart-----

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil cead agam mo cheist a chríochnú?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílim ach ag rá leis gur léigh muid amach rialacha i dtús an chruinnithe.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim sin. Tá mé cúramach. Tuigtear dom go raibh cásanna áirid ann. B'fhéidir go mbeadh na finnéithe in ann soiléiriú a thabhairt dom futhú. An raibh cásanna áirid ann? Má bhí, ar déanadh íocaíochtaí le hiar-oibrithe sna cásanna áirithe siúd? An bhfuil an iniúchadh atá ar bun i láthair na huaire chun díriú ar na cúinsí a bhain leis na cásanna áirid sin? An bhfuil na deacrachtaí a bhain leis na cásanna sin le réiteach mar chuid den iniúchadh atá á dhéanamh?

Mar a dúirt mé ag an tús, táimse fíor-chinnte go dteastaíonn a leithéid de Mhuintearas sna ceantracha Gaeltachta. Mar eagraíocht, tá sé fíor-thábhachtach don fhostaíocht agus do na scéimeanna a chuirtear ar fáil agus tacaím le formhór na n-éileamh atá ag na finnéithe. Ach, ag an am céanna, caithfimid a bheith cinnte go bhfuil inmharthanacht na heagraíochta cinntithe agus go bhfuil na próisis ar fad a bhaineann le cúrsaí bainistíochta, cúrsaí airgeadais agus mar sin de iomlán i gceart ag dul chun tosaigh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an Seanadóir as ucht a lán ceisteanna a ardú ansin. Glaoim ar an Teachta Griffin.

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le na finnéithe as ucht an chur i láthair iontach. Ar an gcéad dul síos, níl an Ghaolainn líofa agam fós. Táim ag foghlaim fós.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid go léir ag foghlaim. Lean ar aghaidh.

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal as aon bhotún, go háirithe i mo chuid gramadaí. Tá sé uafásach ar fad.

Tá sé soiléir go bhfuil obair iontach ar siúl ag Muintearas. I gCiarraí, tá a fhios agam go bhfuil Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag déanamh obair iontach freisin. Tá mé i mo chónaí i gCorca Dhuibhne agus mar sin tá a fhios agam cad atá ar siúl acu ar an talamh. Tá an obair atá á dhéanamh acu ann iontach ar fad. Mar athair le beirt pháistí óg, tá páistí cosúil le sponges agus iad ag foghlaim na Gaolainne agus tá sé an-tábhachtach an dul chun cinn a dhéanamh nuair a bhíonn daoine óg ach go háirithe. Ag an am céanna, ní bhíonn duine riamh ró-aosta an Ghaolainn a fhoghlaim.

Maidir le scéim na gcúntóirí teanga, tá sé soiléir gur airgead beag atá i gceist. Labhróidh mé arís leis an Aire Stáit. Tá aithne mhaith agam air agus tá a fhios agam go bhfuil grá mór aige don teanga agus don chultúr. Tá a fhios aige go bhfuil a lán rudaí iontacha ag tarlúint i Muintearas agus in Oidhreacht Chorca Dhuibhne. An bhfuil ceist precedent i gceist anseo? Tá an t-airgead i gceist an-bheag agus tá buiséad mór ann. An bhfuil cead ag Muintearas an t-airgead a fháil ó áiteanna eile sa bhuiséad ginearálta? An bhfuil an cheist mhór anseo faoi céard a tharlóidh an bhliain seo chugainn? An é sin an cheist mhór atá ag na finnéithe?

Maidir leis an dáta tosaigh, ba mhaith liom go mbeadh na daoine ón Roinn os comhair an choiste sa todhchaí chun na ceisteanna sin a fhreagairt. Níl sé maith go leor. Tá an pointe déanta go maith anseo inniu faoi sin. Is é sin mo cheist maidir leis an mbuiséad iomlán agus an t-airgead beag atá i gceist anseo. Maidir le na cúntóirí agus na daoine atá ag obair faoin scéim, an múinteoirí óga nó múinteoirí dífhostaithe atá i gceist anseo? An bhfuil próiseas oscailte poiblí ann chun na daoine seo a earcú? An bhfuil aon mhúinteoir atá tar éis éirí as agus atá ar phinsin ag obair faoin scéim? Is é sin é uaimse.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Tosóidh mise amach ar chúpla ceist a chur an Seanadóir Ó Clochartaigh. Cuirim ar thaifead an choiste seo go bhfuil dea-chleachtas iomlán fostaíochta á leanúint againne sa togra. Is dea-chleachtas iomlán é a bhaineann le chuile réimse de chúrsaí fostaíochta. Ní ghabhfaidh mé níos deimhne sa scéal mar táim fhéin faoi láthair ag lorg comhairle dlí maidir le rudaí éagsúla atá ráite ag an Seanadóir go poiblí agus san údarás. Ní theastaíonn uainn, mar gheall ar na cúinsí a luaigh an Seanadóir, dul níos deimhne ann. Tá comhairle dlí lorgaithe agamsa mar gheall ar an ngéarleanúint, is dóigh liom, atá ar siúl. Ní theastaíonn uaim dul níos faide isteach sa scéal sin ach le rá go bhfuil comhairle dlí lorgaithe agam agus go mbeidh an próiseas sin ag leanúint ar aghaidh. Tá dea-chleachtas iomlán á leanúint ag an togra faoi mo bhainistíochtsa maidir le chuile ghné a bhaineann le cúrsaí fostaíochta. B'fhéidir go bhfuil mo chomhghleacaí ag iarraidh cur le sin.

Mr. Andreas Vogel:

Ba mhaith liom aird an choiste a tharraingt ar an gcomhcheangal atá ann idir ábhair éagsúla a bhíomar ag plé. Maidir le ceist an mhaoinithe do scéim na gcúntóirí teanga agus an buanú atá leis, tá moill ag baint leis an bpróiseas, rud a chuireann isteach ar an bpleanáil. Níl scéal é sin atá teoranta, faraor, go scéim na gcúntóirí teanga. Tá maoiniú Údarás na Gaeltachta don togra ina iomlán ar an gcaoi chéanna. Táimid anois i lár mí na Samhna. Níl aon eolas againn cén maoiniú a bheidh le fáil againn ó Údarás na Gaeltachta don bhliain 2017. Bhí sé sin mar a chéile anuraidh agus an bhliain roimhe sin. Thart ar mí Mhárta nó mar sin, faigheann muid amach cén maoiniú atá againn don bhliain. Thuigfeadh aon duine go bhfuil sé sin ag cur an-deacracht ar an gcórás phleanáil airgeadais agus mar sin de. Cén chaoi gur féidir linn fios a bheith againn ag tús na bliana cé mhéid foireann atáimid in ann a choinneáil ar an bpá-rolla nuair nach bhfuil a fhios againn cén maoiniú atá ar fáil? Cuireann sé sin isteach ar an gcaighdeán fostaíochta ó am go chéile freisin, mar gheall go gcaithfidh muid, faraor, scaoileadh le daoine ó am go chéile de cheal maoinithe do scéimeanna áirithe atá tagtha chun deiridh nó atá dúnta suas.

Maidir leis an scéal a bhain le maoiniú Pobal ag an am sin, is scéal casta é. Ceapaimse go bhfuil sé sábháilte a rá ag an bpointe seo go bhfuil an rud stairiúil a bhíomar ag plé leis an t-am sin socraithe. Ach, os rud é go bhfuil go leor athruithe tagtha ar na próisis a bhaineann le Pobal agus mar sin de, tá ligeachtaí sa gcóras i gcónaí. Baineann sé sin freisin le pleanáil. Bhí an Seanadóir ag plé na ceiste linn. Tá níos mó eolais aige air ná atá ag an gcuid eile den choiste. Le scéal fada a dhéanamh gearr, i gcóras Pobal, tá an fhadhb chéanna ann. Sa slí nach bhfuil a fhios againn cén maoiniú a bheidh againn do scéim na gcúntóirí teanga roimh an scoilbhliain, mar a chéile le sin níl a fhios againn cé mhéid airgid a bheidh muid ag fáil nuair a thosaíonn an bhliain amach. De réir sin, seans go dtugtar figiúr éigin dúinn agus déantar íoslú air ina dhiaidh sin. Is é sin an rud a tharla an uair cheana.

Tá na fadhbanna maoinithe agus pleanála, more or less, ag baint le chuile ghné de obair Muintearas. Taobh istigh den réimse sin, táimid ag déanamh ár ndícheall a bheith ag obair chomh chúramach agus chomh cheart agus is féidir. Ní féidir linn cuid de na bacanna sin a leigheas agus caithfidh muide mar eagraíocht atá ag brath ar mhaoiniú ó na foinsí sin a bheith ag obair de réir na cúinsí agus na conníollacha a bhaineann leis, faraor. Tá go leor rudaí gur féidir leigheas a chur ar sin, ach tá mé ag iarraidh aird an choiste a tharraingt ar an gceangal atá idir na réimsí sin. Bhíomar ag plé go leor sonraí faoi chás na gcúntóirí teanga, ach baineann sé le maoiniú ón údarás, maoiniú ó Pobal agus go leor scéalta eile freisin.

An bealach atá againn le déileáil leis go hiondúil ná go mbíonn muid b'fhéidir níos cúramaí ná mar is gá a bheith. Bhí fadhbanna againn cheana agus táimid ag iarraidh iad a sheachaint. Ach, ag go leor pointí, is tasc sách deacair é an buiséad a chothromú, ní hamháin ag deireadh na bliana don eagraíocht iomlán, ach le chuile scéim a bhaineann leis. Baineann sé sin ina iomlán le scéim na gcampaí samhraidh chomh maith céanna, cé go bhfuil sé níos fearr ar an taobh sin de toisc go bhfuil tréimhse theoranta ag baint leis.

Nuair a déanann na heagraíochtaí éagsúla iarratais linn ar champaí samhraidh, níl a fhios acu cé mhéad rannpháirtithe a bheidh ann. Tá an deontas atá ag dul dóibh ag deireadh an champa bunaithe ar an méid rannpháirtithe atá ann. Mar sin, tá muide chomh maith céanna leis an scéim sin ag obair ar buile faoi thuairim. Ní féidir linn an iomarca acu a cheadú mar, ag deireadh, b'fhéidir nach mbeidh an t-airgead ann le hiad a n-íoc agus ní féidir linn a bheith ró-chúramach nó beidh airgead fágtha a chead a bheith caite ar an scéim sin ag an deireadh. Tá an deacracht sin ag baint leis. Is rud casta é le láimhseáil ar go leor bealaí. Tá a fhios agam go dtuigeann an coiste beagánín an cúlra a bhaineann leis sin.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Más féidir liom, a Chathaoirligh-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh deis eile ag an Uasal Ó Coisdealbha ach táim ag iarraidh go bhfreagrófaí na ceisteanna ginearálta ar dtús.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Bhí ceist ag an Seanadóir faoi Phobal.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tabharfaidh mé deis don Uasal Ó Coisdealbha.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

B'fhéidir gur féidir liomsa cuid de na ceisteanna a chur an Seanadóir faoi dintiúir na scéime, más maith leat, a fhreagairt. An pá a fhaigheann na cúntóirí ná €21.12 san uair. Déarfadh go leor daoine gur phá réasúnta ard é sin, ach ní bhíonn mórán uaireanta a' chloig i gceist acu. Is dóigh gurb é sin an gearán is mó a bhíonn ann. Bíonn sé deacair daoine a choinneáil nuair nach bhfuil acu ach deich n-uaire a' chloig sa tseachtain.

Maidir leis na cáilíochtaí, rinne mé tagairt níos túisce don chaoi ar thosaigh an scéim. B'fhéidir sin ceann de na ceisteanna nó na deacrachtaí atá le roinnt blianta anuas ag teacht chun cinn. Nuair a thosaigh an scéim, bhí na daoine a bhí mar chúntóirí teanga roghnaithe mar gheall ar an gcumas Gaeilge a bhí acu agus ina measc bhí cuid de na cainteoirí is fearr sa pobal ar fad. Nuair a cuireadh ar bhonn uile-Ghaeltachta é ansin, bhí airgead Stáit á chaitheamh leis agus bhí gá poist a fhógairt go poiblí agus mar sin de. Níor tugadh aon eolas dúinn, nuair a thosaigh Muintearas ag plé leis, cén cáilíocht a bhí riachtanach don chúntóir teanga. Bíonn muid ag cuartú dioplóma sa Ghaeilge nó a chomhionann. Tá réimse leathan cáilíochtaí ag na cúntóirí. Tá céim máistreachta sa Ghaeilge ag cuid acu. Bheadh leibhéal dioplóma nó mar sin de ag cuid eile acu. Bíonn muid ag cuartú cáilíocht cúram leanaí nó cáilíocht i dtaobh a bheith ag obair le daoine óga nó rud éigint mar sin. Ní gá go mbeadh sé ann ach is buntáiste d'iarrthóir é sin a bheith acu, nó taithí a bheith ag obair i scoil cheana féin nó ar a bheith ag obair le páistí óga. An bonnleibhéal a bheadh muid ag cuartú ná dioplóma sa Ghaeilge nó a chomhionann.

Maidir leis na scoileanna nua, más buan mo chuimhne, is costas de thart ar €56,000 a bheadh ann don tréimhse 26 seachtain ar fad ar fad. Sin le gach costas san áireamh, idir PRSI fostóra, pá saoire agus mar sin de. Ní airgead ollmhór é nuair a chuimhnítear ar an méid scoileanna a bheadh seirbhís curtha ar fáil dóibh.

Rinne muid cúpla cúrsa oiliúna ar shaibhriú na Gaeilge agus sochtheangeolaíocht leis na cúntóirí ceithre nó cúig bliana ó shin. Module QQI a bhí iontu sin a d'ullmhaigh muid féin i gcomhar le Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta blianta ó shin. Bhí siad dírithe go hiomlán ar a bheith ag obair le páistí le Gaeilge sa gcomhthéacs oideachais nó sa gcomhthéacs naíonra. Bheadh muid ábalta na cúrsaí sin a chur ar fáil arís. Ní bheadh costas ró-mhór ag baint leis. Tá muid ábalta gearrchúrsaí ar nós scileanna teagaisc agus mar sin a chur ar fáil do na cúntóirí freisin. Tá gá le cúrsa oiliúna a chur ar fáil do chúntóirí teanga nua ar nós an cúrsa a bhí ann i bhfad siar. Nuair a thosaigh an scéim i gConamara ar dtús, bhí cúrsa, sílim, i gcomhar le hAcadamh Ollscolaíochta na Gaeilge agus sílim go ndearna Oidhreacht Chorca Dhuibhne cúrsa i gcomhar le DIT. Tá gá leis sin a dhéanamh arís le cúntóirí atá tosaithe le roinnt blianta anuas le oiliúnt níos mó a chur orthu sin agus daoine nua a bheadh suim acu a bheith fostaithe mar chúntóirí amach anseo.

Phléigh muid féin agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne cúpla uair an bhfuil bealach go bhféadfaí é a dhéanamh idir an trí réigiúin Ghaeltachta. Dá mbeadh cúrsa amháin ar fáil, d'fhéadfadh, b'fhéidir, cuid dó a dhéanamh ar-líne agus d'fhéadfadh na rannpháirtithe teacht le chéile. D'fhéadfadh teacht le chéile a bheith ann ó dheas, ceann i gConamara agus ceann ó thuaidh. Ní bheadh gá é a bheith sa gceantar céanna i gcónaí. Tá féidirtheachtaí ansin agus d'fhéadfaí breathnú ar an gcur chuige is fearr nó is eacnamúla chun cúrsa mar sin a chur ar fáil do na réigiúin ar fad.

Níor tháinig aon ardú ar airgead riaracháin le ceithre nó cúig bliana anuas ó thosaigh Muintearas ag plé leis. Fiú go bhfuil scoileanna breise curtha leis le dhá bhliain nó trí bliana anuas, níor tháinig aon ardú ar an airgead riaracháin. D'fhan sé mar a chéile.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad den €550,000-----

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Níl a fhios agam cén céatadán ach táimid ag caint ar €39,000 as an €548,000 atá ann i mbliana, idir Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Chonamara agus Chontae na Mí. Sin an méid atá ann do riarachán agus monatóireacht. Peanuts i ndáiríre. I gcomparáid leis an pá do na cúntóirí agus mar sin de, ní airgead mór é.

Maidir leis an gceist a bhí ag an Teachta Griffin, san eolas a fhaigheann muid ón Roinn, go hiondúil bíonn liosta de na scoileanna agus na huaireanta a bheidh ann. Ansan bíonn an t-airgead riarachán ann. Dá mbeadh airgead á bhaint as taobh amháin le tabhairt don taobh eile, bheadh scoil éigint ag caill amach nó bheadh uaireanta á laghdú. Chaithfí rud éigint mar sin a dhéanamh. Ag an am céanna, is fíor a rá go bhfuil Muintearas, mar eagraíocht, ag iompar cuid den chostas a bhaineann le riaradh na scéime mar níl dóthain san buiséad riaracháin don riarachán iomlán a bhaineann leis an scéim a dhéanamh 100%. Tá Muintearas, mar eagraíocht, ag déanamh contribution, más é sin an focal ceart, ar an riarachán agus ar an monatóireacht a dhéantaí ar na scéimeanna.

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An tuigim i gceart go bhfuil níos mó eolais ag teastáil ó Mhuintearas agus é níos luaithe?

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Bheadh sé níos fearr fios a bheith againn níos luaithe sa bhliain an méid airgid atá ar fáil don scéim, mar a bhí muid ag plé cheana. Leis an leibhéal airgid riaracháin atá againn faoi láthair, tá riarachán á dhéanamh ar an méid sin airgead. Má chuirtear scoileanna breise leis an scéim - rud a fháiltíonn muid roimhe mar feicim gur cheart go mbeadh an deis céanna ag gach aon scoil Ghaeltachta do chúntóir teanga - tá an obair riaracháin agus monatóireachta atá le déanamh ar an scéim á méadú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireadh ceist maidir le múinteoirí.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Rud atá feicthe le ceithre nó cúig bliana anuas ná go bhfuil múinteoirí óga ag cur isteach ar phoist mar chúntóirí teanga. Go bhfios dom, bhí duine amháin a d'oibrigh mar mhúinteoir ar feadh na blianta agus a bhí éirí as a chur isteach ar phost mar chúntóir teanga. Sin duine amháin as 68 nó 69 duine. Bhí go leor agus tá fós cúpla múinteoir nua-cháilithe ag obair mar chúntóirí teanga. Is dóigh go dtugann sé taithí dóibh a bheith ag obair sa seomra ranga, rud a chabharaíonn go mór nuair a chuireann siad isteach ar phost múinteoireachta. Le cúpla bliain anuas, tá daoine atá, más dada é, i bhfad ró-cháilithe don phost mar chúntóir teanga. Bíonn cáilíocht múinteoireachta nó céim máistreachta sa Ghaeilge ag roinnt mhaith dóibh sin.

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An ceist é sin do na scoileanna nó do Mhuintearas? An bhfuil próiseas poiblí ann?

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Idir na scoileanna agus Muintearas, bíonn fógraíocht phoiblí ar an bpost. Déanann muid agallamh ansin agus bíonn duine ó Mhuintearas agus duine ón scoil - an príomhoide nó cathaoirleach an bhoird bhainistíochta nó duine de na múinteoirí - ar an bord agallaimh. Tá córas leagtha amach maidir le daoine a cheapadh.

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fadhb ghinearálta sa chóras oideachais maidir le hionadaithe. Is ceist do na scoileanna é sin. Tá a lán daoine sa chóras a d'éirigh as an múinteoireacht agus a bhfuil pinsean acu agus tá a lán múinteoirí óga ann nach bhfuil in ann aon obair a fháil. Sin an fáth atá leis an gceist sin. An mbíonn a leithéid i gceist anseo?

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Níl. Mar a dúirt mé, bíonn go leor daoine óga atá cáilithe mar mhúinteoirí le, b'fhéidir, trí nó ceithre bliana anuas ag cur isteach ar phost mar chúntóir teanga. Tá go leor daoine óga le céim agus céim máistreachta sa Ghaeilge acu agus atá ard-cháilithe. Is dócha gur léargas é ar cé chomh deacair is atá sé do dhaoine óga post múinteoireachta buan nó aon rud mar sin a fháil.

Ach, tá próiseas earcaíochta ann. Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh ar na scoileanna a bheith páirteach sa phróiseas earcaíochta. Bíonn an cúntóir teanga fostaithe ag Muintearas ach ag obair sa scoil ó lá go lá. Mar sin, tá sé tábhachtach go bhfuil ionchur ón dá thaobh ann.

Mr. Andreas Vogel:

B'fhéidir go bhfuil ceist amháin nach bhfuil freagraithe againn. Baineann sé leis an athbhreithniú atá beartaithe ag Muintearas. Níl téarmaí tagartha scríofa feicthe againn féin go fóill. Táimid curtha ar an eolas go bhfuil próiseas athbhreithnithe ar an gclár oibre agus go dtabharfaí foirne do Mhuintearas. Tá scálaí pá agus a leithéid san áireamh. Tá an comhlacht Gilroy Gannon, tá mé ag ceapadh, ag dul ina mbun i lár na míosa seo, ach ní raibh siad i dteagmháil linn go fóill. Is é sin an méid gur féidir linn a rá faoi sin faoi láthair, i ndáiríre. De réir mar a cuireadh in eol dúinn go neamhfhoirmeálta, baineann sé leis na hathruithe atá tagtha ar an saol mar gheall ar an gcomhnascadh le hÓige na Gaeltachta agus na féidireachtaí atá ann. B'fhéidir go bhfuil dúbailt ann in áiteanna den struchtúr foirne mar atá sé anois, mar go raibh rannóg óige ag Muintearas sula raibh an comhnascadh ann. Tháinig Óige na Gaeltachta ar bord agus tá an t-uafás daoine ag plé leis an réimse sin anois. I réimsí eile, cosúil le traenáil, mar shampla, níl an oiread sin daoine ag plé leis faoi láthair. Tá sé sin ar fad i gceist. Ní féidir linn mórán níos mó a rá faoi mar gheall nach bhfuil a fhios againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfidh mé stop leis an bhfinné. Bhí an tUasal Ó Coisdealbha ag iarraidh teacht isteach.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Ba mhaith liom a chur go láidir ar thaifead arís nach raibh aon-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, má tá sé ráite, tá sé ráite. Tá mé ag coinneáil súil ar an gclog.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Tuigim. Ní thógfaidh sé seo i bhfad.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílim ag iarraidh dul isteach i rudaí-----

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Táim ag caint ar Phobal.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon ghá labhairt faoi Phobal arís. Tá sé sin ráite.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

No.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Thugamar cuireadh do Mhuintearas teacht os ár gcomhair. Tá cur i láthair iontach tugtha agus cuireadh an t-uafás eolais os ár gcomhair.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Go raibh maith agat.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom díriú isteach ar sin. Tá a fhios agam go bhfuil na finnéithe faoi bhrú agus go bhfuil turas fada rompu freisin. Tá sé ráite. Muna bhfuil aon rud nua le rá, ná habair é agus rachaidh mé ar ais chuig an mbeirt eile. Tá siad críochnaithe. An raibh an Seanadóir Ó Clochartaigh ag iarraidh teacht isteach?

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

No. Tháinig an tUasal Vogel ar ais leis an bhfreagra a bhí mé ag cuartú.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé an-tábhachtach mo phointe a rá, más é do thoil é. Chomh fada agus a bhaineann sé linne agus le Pobal, tá mise 100% cinnte nach raibh tada éagórach riamh déanta ag an togra againne. Lorg an Seanadóir Ó Clochartaigh freagraí. Tugadh dó thiar i Muintearas iad agus bhí sé sásta leo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. D'iarr mé ar an bhfinné gan tuilleadh a rá. Mar a dúirt mé, cur i láthair iontach dearfach a bhí ann.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir mé comhairle ar an bhfinné gan tuilleadh a rá. Níl aon ghá a bheith ag caint faoi eagraíochtaí eile anseo. Cuireadh ceisteanna agus tá freagraí faighte. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil Muintearas os ár gcomhair ag cur in iúl dúinn arís, agus tá sé ráite agam cheana, an réimse imeachtaí atá ar siúl acu. Ní raibh a fhios againn. D'ardaigh na finnéithe pointí dearfacha agus diúltacha. Ní mór dúinn mar choiste breathnú orthu sin. Bheadh sé cabhrach dúinne freisin dá mbeadh na finnéithe in ann pointí a scríobh síos dúinn ar an méid atá ráite acu inniu.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Cinnte.

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Cinnte.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas le na finnéithe. Tá an Teachta Éamon Ó Cuív ar ais arís. Tá fáilte roimhe.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Don chéad chruinniú eile-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam sin. Nílim ag déanamh pointe. Táim ag cur fáilte roimh an Teachta.

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Ba mhaith liomsa buíochas a ghabháil le cléireach an choiste, an tUasal Eugene Ó Cruadhlaoich, as ucht cé chomh tuisceanach is a bhí sé roimh ré agus le linn an chruinnithe. Thugamar gealltanas beag dó go gcuirfinn pacáiste beag ar fáil den saothar foilsithe atá againn. Má tá sé sin ceadmhach agus de réir na rúibricí, beimid breá sásta pacáiste beag a chur ar fáil do na hionadaithe a bhí anseo inniu.

Ar deireadh, tá plug beag agam. Dúradh go raibh an t-uafás ar siúl againn. Má théann duine isteach go físeáin Muintearas ar YouTube, feicfidh sé iliomad - thart ar leath-chéad - fís-scannáin beaga álainne de na himeachtaí a bhíonn againn in Ionad Áirneáin ar mhaithe le filíocht, ceol agus rudaí éagsúla a chur ar siúl. Is iad sin físeáin Muintearas. Má tá an coiste ag iarraidh iad sin a chur os comhair na mball, tá saibhreas cultúrtha, filíochta, ceoil agus go leor réimsí eile curtha ar fáil.

Níor luamar inniu an obair atá ar siúl ag an diaspora. Tá an t-uafás ar siúl sa réimse sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam, ach, mar a dúirt mé, táim ag breathnú ar an gclog. Tá turas fada ag na finnéithe. Gabhaim míle buíochas leis an Uasal Eugene Ó Cruadhlaoich agus an fhoireann freisin. Tá sé tábhachtach ár mbuíochas a chur in iúl don fhoireann. Déanann siad a ndícheall leis an nGaeilge freisin. Tá siad an-bháúil don Ghaeilge. Tá sé deacair dóibh agus níl sé éasca.

Gabhaim buíochas le na finnéithe agus tá súil agam go mbeidh siad os ár gcomhair arís, b'fhéidir in gceann bliana. Bíodh turas sábháilte acu.

Chuaigh an coiste ar athló ar 7.06 p.m. go dtí 5 p.m. ar 29 Samhain 2016.