Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim buíoch as an deis mar go mbeidh orm imeacht gan mhoill agus gabhaim leithscéal as sin. Gabhaim buíochas le hionadaithe Muintearas atá anseo. Tuigimse an dea-obair atá ar siúl ag Muintearas ar feadh na blianta ag cur seirbhísí sonracha ar fáil i gceantracha tuaithe agus Gaeltachta. Tá cur i láthair cuimsitheach déanta acu anseo ag déanamh cur síos ar chuid den obair atá ar bun acu. Taispeánann na sonraí ó na cápéisí éagsúla a chur Muintearas os comhair an choiste dúinn uilig an obair atá déanta ar airgead beag, i ndáiríre. Níl an airgead chomh mór sin nuair a chuirtear é i gcomhthéacs chaiteachas an Stáit go ginearálta, caiteachas na Roinne faoina bhfuil sé nó fiú caiteachas an údaráis. Airgead beag atá i gceist, mar a dúirt Teachta Ó Gallachóir.

Sa bhliain 2015, bhí teacht isteach de €2.264 milliún agus caiteachas de €2.275 milliún ag Muintearas. Tá ceist ansin faoin údarás. Má tá géarchéim airgid mar sin ann ag deireadh na bliana, an bhfuil an deis ag Muintearas dul chuig Údarás na Gaeltachta agus an t-airgead sin a lorg? Is cosúil nach bhfuil, ach b'fhéidir gur b'fhiú go mbeadh, mar go bhfuil na seirbhísí tábhachtach agus go gcaithfidh Muintearas na seirbhísí sin a chur ar fáil. B'fhéidir go bhfuil solúbthacht á fháil cheana féin ón Roinn, mar a dúirt an tUasal Ó Coisdealbha, ach bheadh sé go maith é a fháil ón údarás feasta.

Maidir le scéim na gcúntóirí teanga, tá cuimhne mhaith agamsa nuair a bhí Micheál McGee, go ndéana Dia trócaire air, ag déanamh comhordanáidiú ar an scéim i nDún na nGall. Chuir sé scéim den chéad scoth ar fáil. Tá lúcháir ormsa go bhfuil an scéim sin ag leanúint ar aghaidh. Is cosúil go bhfuil an scéim faoi bhrú airgid. Cloistear go minic an téarma "value for money" ó thaobh chaiteachais poiblí de. Measaimse gurb é sin ceann de na scéimeanna is fearr agus buntáisteach maidir le hairgead a chaitheann an Stát chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Déileáileann sé le páistí ag aois óg atá in ann an t-eolas a thabhairt isteach. Tugann sé tacaíocht do na múinteoirí, don chóras oideachais agus do gach rud eile.

Dá mbeadh an córas oideachais agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair mar is ceart, ní bheadh gá leis an scéim, ach ní sin mar atá. Tá gá leis an scéim. Tá 13 scoil sa bhreis luaite ag na finnéithe agus aontaím leis an Teachta Ó Gallachóir ar an méid atá ráite aige ar sin. Bhí sé fógartha ag an Aire. Bhí mé ag éisteacht leis an Aire an maidin sin a d'fhógair sé é agus chuir sé iontas orm go raibh cúlú déanta ar an stádas a bhí aige laistigh de 24 uair an chloig. Pinginí atá i gceist anseo sa phictiúir iomlán. Tá súil agam go bhféadfadh an coiste seo moladh a dhéanamh don Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus an t-airgead sin a chur ar fáil láithreach bonn. Bheinnse den tuairim gur b'fhiú dúinn é sin a dhéanamh.

Fáiltím roimh aon mholadh atá ag na finnéithe maidir leis an scéim ag dul chun tosaigh sna blianta amach romhainn. Tá mise cinnte go bhfuil scoileanna eile ann a bhfuil suim acu. B'fhiú machnamh a dhéanamh ar sin. Tá a fhios agam féin scoileanna a raibh suim acu. An bhfuil aon léargas nó an raibh plé déanta ag Muintearas leis an Roinn maidir le seo? An bhfuil moltaí déanta ag an Roinn nó an bhfuil an Roinn ag éisteacht? An féidir leis an gcoiste seo tacaíocht a thabhairt daoibh chun cuid de na moltaí sin a bhrú chun tosaigh?

Tá trí phointe deireanacha agam. B'fhéidir gur b'fhiú don choiste tacaíocht a thabhairt do Mhuintearas maidir leis an gcomhordaitheoir oideachais. Tá sé tábhachtach go mbeadh comhordaitheoir oideachais Gaeltachta ann. Má chuir an Roinn deireadh leis an bpost sin i 2007, caithfimid iarracht a dhéanamh é a fháil ar ais. Ó thaobh na dtairiscintí i mBéarla go dtí na education and training boards, ETBs, de, glacaim leis gur pholasaí na ETBs é agus nach bhfuil an fhoireann acu machnamh a dhéanamh ar na tairiscintí as Gaeilge. An é sin an réasún atá siad ag tabhairt? Tá sé dochreidte. Airgead Stáit atá i gceist anseo a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Muna bhfuil siad in ann déileáil leis, tá sé dochreidte.

Tá go leor oibre ar bun ag na finnéithe. D'fhéadfaimís an tráthnóna a chaitheamh ag dul tríd. Gabhaim buíochas mór le na finnéithe as a bheith anseo. Tá pointí tábhachtacha ardaithe acu. Tá súil agam go mbeidh aontú sa choiste chun cuid de na pointí sin a bhrú chun tosaigh. I mo ról féin sa tSeanad, beidh mé breá sásta cuid de na pointí sin a ardú agus a bhrú ar an Aire toisc go bhfuil an teanga agus an obair atá ar bun ag Muintearas tábhachtach. Caithfimid tacaíocht a thabhairt do sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.