Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá cúpla pointe agam. Ar an gcéad dul síos, fáiltím roimh an cur i láthair. Tá sé soiléir go bhfuil réimse an-leathan gníomhaíochtaí ar siúl ag Muintearas timpeall na tíre. Teastaíonn uaim díriú isteach ar thrí ábhar faoi leith: an cúntóir teanga, Óige na Gaeltachta agus polasaí oideachais na Gaeltachta. Tá an-chuid eolais tugtha ach ba mhaith liom cúpla pointe a shoiléiriú.

Maidir leis an gcúntóir teanga, bhí ceist ann ag tús na bliana faoi na ciorruithe agus an slí go raibh siad ag cur isteach ar na scoileanna a bhí ag tosnú.

Bhí sé sin dírithe ar an airgead riaracháin, ach chuir sé moill fós ar thosach na scéime. Cá sheasann sibh anois, mar níl an scoilbhliain ach tréimhse faoi leith agus bhí mí imithe sula raibh sibh ábalta an scéim a thosnú i dtreo Dheireadh Fómhair? An mbeidh an deis ann an bearna sin a líonadh? Cad ina thaobh nach mbíonn an scéim sin ag tosnú ag tosach na scoilbliana de ghnáth? Is é sin an t-am a thagann na daltaí isteach agus ag a bhfuil an brú is mó orthu sa seomra ranga agus faoin atmaisféar nua ar fad. Shamhlófá go mbeadh an tacaíocht is mó ag teastáil ansin sa chéad cúpla seachtain. Cad ina thaobh go mbeadh aon mhoill ann de ghnáth? Tuigim gur i lár mí Mheán Fhómhair a thosnaíonn sé de ghnáth.

Conas a bhíonn a fhios ag daltaí conas atá ag éirí leo? Cén slat tomhais atá in úsáid? Bhíodh scéim na deich bpunt ann cheana. Bhí a fhios ag daoine an raibh ag éirí leo agus mar sin de. Gan é sin anois, cén sórt slat tomhais atá ann nó conas a mbíonn a fhios acu cén dul chun cinn atá á dhéanamh? Luaigh na finnéithe ábhair tacaíochta, cosúil le CDs agus mar sin de. Tuigim go bhfuil an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, ag déanamh roinnt den obair sin chomh maith. Cad é an teangmháil atá idir Muintearas agus COGG? An bhfuil sibh sásta go bhfuil na háiseanna cuí agaibh?

Maidir leis an saibhreas teanga, tá an-chuid béime i scoileanna faoi leith chun caighdeán na Gaeilge a thabhairt suas. I scoileanna níos láidre, bíonn daltaí níos láidre agus béim níos mó ar shaibhreas teanga. Is cosúil go bhfuil uaireanta an chloig breise agaibh in áiteanna faoi leith agus nach bhfuil in áiteanna eile. Cá fhágann sé sin na scoláirí a theastaíonn an saibhreas teanga uatha ach atá, cur i gcás, i scoil i gcatagóir B nó C? Is cailliúnt mhór é sin do na Gaeltachtaí sin. Ba chóir an béim sin a thabhairt chun cinn i ngach scoil, ní hamháin na scoileanna i gcatagóir A.

Táim beagnach críochnaithe. Níl ach dhá cheist eile agam. Maidir le hÓige na Gaeltachta, tá réimse an-leathan de ghníomhaíochtaí atá an-tairbheach i gceist. Bíonn deis ag daoine óga casadh ar a chéile agus a gcuid Gaolainne a úsáid lena gcairde i gcomhthéacs difriúil ar fad ón scoil. Níl ach trí duine sa tír ar fad ag pléigh le sin. Is foireann an-bheag é sin. Má chuirtear i gcomparáid é le heagraíochtaí eile bainteach le dreamanna óga timpeall na tíre, conas nach bhfuil ach triúir ag obair ann? Nach gcuirfeadh sé go mór leis dá mba rud é go raibh duine i gCiarraí, duine i gCorcaigh, duine i bPort Láirge agus mar sin de? Bheadh triúir i gCúige Mumhan amháin sa chás sin. Cuirfeadh sé go mór le háiseanna do mhuintir na Gaeltachta.

Baineann an cheist dheireanach atá agam leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta. Luaigh an finné an ról a bhféadfaí a bheith ag an gcúntóir teanga sa scoil. Caithfidh na scoileanna go léir iarratas a dhéanamh chun go glactar leo mar scoil Gaeltachta. Tá na príomhoidí agus na scoileanna go léir an-ghnóthach cheana féin. Tá an ualach breise seo anois ag teacht anuas ar an scoil. Cá bhfeiceann Muintearas ról an chúntóra teanga nó ról an phríomhoide? Cén sórt tacaíocht a bhféadfaí a thabhairt do na scoileanna chun an t-iarratas sin a dhéanamh nó chun an stádas sin a choimeád?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.