Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 November 2016
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta
5:00 pm
Mr. Seán Ó Coisdealbha:
Freagróidh mé péire cheist réasúnta sciobtha. Beimid in ann scéim na gcúntóirí teanga a chríochnú i mbliana. Beimid. An mbeidh sé chomh héifeachtach? Tá súil agam go mbeidh, ach beidh deacracht againn.
Níl fáth ar bith nach dtabharfaí an dáta. Bhí bliain amháin ann ina bhfuair muid an litir a cheadaigh an scéim ar 22 Lúnasa. Sin é an dáta gur chóir dúinn a fháil amach gach bliain - i mí Lúnasa. Tá sé mí-éifeachtach é sin a dhéanamh i mí Mheán Fhómhair nuair atá scoileanna ar ais, brú ar mhúinteoirí agus brú ar an eagraíocht. Níl éifeacht dá laghad ag baint leis. Botún a bhí ann. Níl a fhios agam an bhfuil an chumhacht agaibhse mar choiste na daoine atá freagrach as an dáta sin a thabhairt os bhur gcomhair. B'fhéidir go bhfuil an freagra acusan, ach níl sé agamsa. Tá an freagra áit éigin istigh sa Roinn agus ní thuigimse cén fáth gur tharla sé sin i mbliana. Níl sé cóir ar na cúntóirí. Tá ar a laghad ceathrar nó cúigear de na cúntóirí, a bhí ag saothrú airgid mhaith ina gceantar féin imithe ón scéim. Is scéal Muintearas é sin ó am go chéile. Bíonn daoine ag imeacht ón eagraíocht againne mar nach bhfuil muid in ann an leanúnachas ceart agus cóir a thabhairt dóibh ó thaobh fostaíochta. Níl aon tuiscint agam ar sin. Ní féidir liom é a fhreagairt, ach mar phríomhoifigeach ar an togra, níl tuiscint agam air. Ba mhaith go gcuirfeadh an duine nó na daoine atá freagrach as sin, más féidir, an freagra ar fáil. Ní chuidíonn sé linne agus níl éifeacht i gceist leis.
Fágfaidh mé na ceisteanna eile ag mo chomhghleacaithe. Ó thaobh Óige na Gaeltachta, is cinnte gurb é sin ceann de na lochtanna is mó. Táimid nua sa gcluiche a bhaineann le hÓige na Gaeltachta. Tá sé faoinár gcúram le naoi mí anuas. Tá roinnt leasuithe i gceist againn cheana féin. Tá straitéis nua do Óige na Gaeltachta á leagan amach againn agus beidh spéis againn é sin a fheiceáil. Ach, ní mórán é triúir fheidhmeannaigh. Fós féin, tá an buiséad sin gearrtha freisin agus ní dhéanann sé sin aon chiall ar chor ar bith. Má dhéantar comparáid idir eagraíochtaí óige Gaeltachta agus eagraíochtaí óige eile atá airgeadaithe go náisiúnta, níl aon chomparáid ann. Tá ciorruithe déanta ar bhuiséad Óige na Gaeltachta. Is é sin an spré a bhfuair muid ón bpósadh idir Mhuintearas agus Óige na Gaeltachta: cailliúnt €20,000 nó €30,000. Spré álann é sin ar lá ár bpósta. Mar áisineacht atá ag amharc amach ar na ceantair Gaeltachta ó thaobh chúrsaí an óige, caithfidh Údarás na Gaeltachta breathnú go géar ar sin.
Níl mé ag rá gurb é an freagra i gcónaí tuilleadh airgid nó rudaí den tsórt sin. Caithfidh muid breathnú go láidir ar an scéim. Ach cinnte, níorbh é an tús is fearr dúinn tósú amach le ciorrú de €20,000 nó €30,000. Aontaím leis an Teachta Moynihan. Má táimid ag iarraidh an jab a dhéanamh i gceart, ba chóir go mbeadh níos mó tacaíochta ann. Tá sé an-deacair ar an mbean iontach, bean den scoth, atá ag feidhmiú i ndáilcheantar an Teachta feidhmiú ó am go chéile nuair nach bhfuil ann ach í féin. Is post uaigneach é. Cinnte, aontaím leis an Teachta faoi sin.
B'fhéidir go mbeadh mo chomhghleacaí in ann freagra a thabhairt ar an gceist faoi shaibhriú teanga.
No comments