Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

Ó thaobh an allúntais uaireanta breise a tugadh do na scoileanna i gcatagóir A ceithre bhliana ó shin, is dóigh nach raibh an maoiniú ar fáil le allúntas uaireanta breise a thabhairt do na scoileanna ar fad. Déanadh cinneadh idir muid féin agus an Roinn, tar éis go leor plé siar agus aniar ag breathnú ar an gcaoi go socródh muid é leis an méid airgid a bhí ar fáil, gurb iad na scoileanna sna ceantair is láidre Gaeltachta a bhfaigheadh an allúntas ag an bpointe sin. Dá mbeadh níos mó maoiniú ar fáil, ba bhreá linn an allúntas sin a thabhairt do na scoileanna sna ceantair is laige. Feicim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh deis ag páistí gur cainteoirí dúchais iad sna ceantair nach bhfuil bealach chomh láidir ann dul chun cinn, forbairt agus saibhreas teanga a bhaint amach. Is iad sin na daoine a bheidh i bhfeighil ar chúrsaí sa phobal fiche bliain síos an bóthar. Muna mbeidh cainteoirí dúchais den scoth againn ag an am sin, beidh gach rud laghdaithe ansin. Is rud ciorclach é ar bhealach. Is dóigh liom gur fiú breathnú ar an gceist arís amach anseo le féachaint an bhfuil aon bhealach go bhféadfaí saibhriú teanga a dhéanamh le páistí i gcuid de na ceantair sin ionas go mbeadh togha na Gaeilge ag na páistí iad féin nó ag na teaghlaigh lena mbaineann siad.

Maidir le tréimhse na scéime, beidh sé ag leanúint ar aghaidh go dtí deireadh mhí Bealtaine i mbliana.

Aontaím go láidir leis an Teachta. Is rud é a chloiseann muid ó na scoileanna i gcónaí gur mhaith leo go mbeadh an cúntóir ar fáil sa dara sheachtain de mhí Mheán Fómhair, toisc gurb é sin an uair is mó atá pleananna á dhéanamh faoi chumas Gaeilge na bpáistí, cé acu a bheidh cúntóir teanga ag teastáil uathu agus cén chaoi a ndéanfar é i gcomhair le clár ama na scoile agus mar sin. Muna bhfuil cinnteacht ann ag an am sin cén uair a bheidh an cúntóir ag tosú i mbun oibre arís, tá sé deacair go leor ar na scoileanna pleananna cuí a dhéanamh don chuid eile den bhliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.