Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 November 2016
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta
5:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá céad fáilte roimh na finnéithe. I dtosach, ba cheart dom a lua go raibh baint agam féin le riaradh na dá scéime atá Muintearas ag caint faoi, le scéim na gcúntóirí teanga agus le seirbhísí spóirt Chonamara nuair a bhí mé ag obair le Cumas Teo roinnt blianta siar. Is léir go bhfuil cuid de na constaicí céanna fós ag baint le na scéimeanna áirid siúd. Tuigim an fíor-thábhacht atá le Muintearas i gceantair Chonamara agus i gceantracha Gaeltachta eile, go háirid ó thaobh na suíomhe tíreolaíochta de agus an fhostaíocht d'ardchaighdeán a chuirtear ar fáil sna ceantair sin. Tá sé fíor-thábhachtach go dtacófaí leo le cur leis an obair agus na scéimeanna atá ann agus iad a fheabhsú.
Maidir le na hachainí atá ag na finnéithe, tacaím leo go huile is go hiomlán. Maidir leis an 13 scoil breise, sílim gur cheart é sin a dhéanamh. Má tá maitheas ar bith le bheith sa straitéis oideachais Gaeltachta, tá gá le sin a dhéanamh. Luaigh na finnéithe go gcosnóidh sé €28,000 don chuid eile den bhliain. Cé mhéid a chosnódh sé an scéim a thabhairt go dtí na 13 scoil breise sin do bhliain iomlán? B'fhéidir go dtiocfaidh na finnéithe ar ais chugam le figiúr ar sin. Is cuimhin liom nuair a bhí comhordaitheoir oideachais ag Muintearas. Rinne sí an-obair go deo. Tá mé ag ceapadh, os rud é nach mbeadh costas mór breise leis, gur cheart don choiste seo achainí a dhéanamh ag an Roinn Oideachas agus Scileanna go ndéanfaí a leithéid arís a cheadú. Aontaím le na finnéithe nach bhfuil sé inghlactha go mbeadh orthu tairiscintí a chur chuig na boird oiliúna agus oideachais sna ceantracha eile i mBéarla. Ba chóir go mbeadh sé de cheart ag aon eagraíocht atá ag feidhmiú le heagraíocht Stáit a bhfuil cúram Gaeltachta orthu a leithéid a dhéanamh as Gaeilge.
Tá cúpla ceist agam faoi scéim na gcúntóirí teanga. Thart ar €550,000 an buiséad iomlán atá ann. Cén céatadán de sin a chaitear ar riarachán? An bhfuil athrú tagtha ar sin le roinnt blianta anuas? An bhfuil sé ardaithe, íslithe nó céard é an scéal leis an gcéatadán riaracháin? Luaigh na finnéithe an traenáil a bhaineann leis an scéim. Cén traenáil gur féidir leo cur ar fáil i láthair na huaire do na cúntóirí, cén traenáil gur mhaith leo a chur ar fáil agus cén airgead breise a theastódh le sin a dhéanamh? Mar thuismitheoir le gasúir ag freastal ar scoil ina bhfuil cúntóir teanga, tá ard-mheas agam ar obair na gcúntóirí in aon scoil a bhfeicimse sna Gaeltachtaí agus ar an obair a dhéanann siad. Tá gearán amháin a bhí ariamh acu, agus is é sin an ráta pá. Cén ráta pá atá ag na cúntóirí in aghaidh na huaire, cén ardú atá tagtha ar sin le roinnt blianta agus cén ardú ar chóir go mbeadh ann? An bhfuil cáilíochtaí faoi leith ag na cúntóirí i láthair na huaire agus cad iad na cáilíochtaí a shamhlódh Muintearas mar eagraíocht oideachais gur b'fhiú a bheadh acu agus gur cheart oibriú ina threo? Cad iad na himpleachtaí a bheadh aige sin?
Tá a fhios ag na finnéithe go maith go bhfuil ceisteanna ardaithe agam féin thar na blianta faoin eagraíocht. Ó thaobh struchtúir de, tuigim gur fo-chomhlacht é Muintearas de chuid Údaras na Gaeltachta. D'ardaíodh struchtúr boird Muintearas le tamall anuas. Sílim nach bhfuil sé folláin le riar blianta anuas gur fostaithe de chuid Údarás na Gaeltachta a bhí mar na stiúrthóirí ar bhord Muintearas. Sílim gur locht sa struchtúr a bhí ansin agus d'ardaigh mé é le bord Muintearas agus le bord an údaráis thar na blianta. Sílim gur cheart breathnú ar sin in athuair ó thaobh struchtúr an bhoird. Luaigh an tUasal Ó Coisdealbha deacrachtaí idir Muintearas agus Pobal sa slí nach dtuigeann Pobal cultúr na háite ina bhfuil siad ag feidhmiú. Bhí cás ann cheana idir Muintearas agus Pobal maidir le cúrsaí airgeadais agus na seirbhísí cúraim leanaí, ina raibh Pobal ag cur locht ar Mhuintearas mar eagraíocht faoin mbainistíocht agus an chuntasaíocht a bhí á dhéanamh acu. An bhfuil na finnéithe in ann a dhearbhú go bhfuil rudaí ina gceart ó shin agus go bhfuil an caidreamh idir Muintearas agus Pobal feabhsaithe ón taobh sin de?
Tá tuairiscí freisin sna meáin le tamaillín anuas go bhfuil iniúchadh breise iarrtha ag an Roinn ar an údarás agus gur iarr siad ar chomhlacht Gilroy Gannon, sílim, le teacht isteach chun iniúchadh a dhéanamh ar Mhuintearas. Cén sórt téarmaí tagartha atá i gceist leis an iniúchadh sin agus céard atá i gceist acu iniúchadh a dhéanamh ar? Cén fáth a bhfuil a leithéid ar bun? D'ardaigh mé ceisteanna crua cheana le bord Muintearas agus bord Údarás na Gaeltachta maidir le cásanna, mar a thuigim, i gcúrsaí chaidreamh saothair. Tuigtear dom go raibh deacrachtaí le roinnt iar-oibrithe agus go raibh siad ag dul i dtreo chásanna a thógáil trí na meicníochtaí chaidreamh saothair atá sa Stát seo agus gur tharraing siad siar na cásanna sin. Ach, tuigtear dom i gcásanna áirid go-----
No comments