Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 15 November 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Oideachas Gaeltachta: Muintearas Teoranta

5:00 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an cur i láthair. Ní bheidh faill agam fanacht. Ag amharc air seo, cím go bhfuil bearna de €11,000 idir an caiteachas agus an teacht isteach atá ag Muintearas. Cén dóigh ina líontar an bearna sin?

Bhí go leor cainte, go háirithe ar Raidió na Gaeltachta, maidir le Muintearas i mbliana. Ní bhfuair Muintearas cead go dtí, b'fhéidir, deireadh mhí Mheán Fómhair nó tús mhí Dheireadh Fómhair do na cúntóirí teanga a bhí ag obair sna scoileanna agus atá ceadaithe le blianta. An raibh sé seo á dhéanamh chun airgead a shábháil? Dúirt an tAire Stáit é féin ar Raidió na Gaeltachta go mbeidh 13 scoil breise ag fáil cúntóirí teanga agus, ina measc sin, bhí ceithre cinn i nDún na nGall. Bhí Scoil Náisiúnta an Chéidigh, Scoil Náisiúnta an Bhreacaigh in Ard an Rátha, Scoil Náisiúnta Mhín na Gabhann i Leitir Mhic an Bhaird agus, i mo bhaile dhúchais féin, Pobalscoil na Rossan. Thug an tAire Stáit gealltanas ar Raidió na Gaeltachta, agus é ag labhairt le muintir na Gaeltachta, do Mhuintearas agus do dhaoine eile a bhí ag éisteacht. Dúirt sé go raibh sé sin ceadaithe. An bhfuil cead tugtha do na scoileanna seo cúntóir teanga a fhostú? Ceapaim féin go bhfuil sé seo scanallach bliain ar bith, go háirithe in 2016. Céad bliain ó Éirí Amach na Cásca tá an Roinn ag rá nach bhfuil ach cúpla pingean breise ann. Thug an tAire Stáit an gealltanas ar Raidió na Gaeltachta agus phléigh mé féin agus an Teachta Pearse Doherty an cheist leis sa Dáil, ach níor tharla rud ar bith ó shin. Bheinn i bhfábhar an comhordaithe ó thaobh oideachais de, mar a bhí ann ó 1982 go 2007. B'fhéidir nach raibh airgead ann idir an dá linn ach níl an oiread sin airgead de dhíth chun duine mar sin a fhostú. B'fhéidir gur féidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna an t-airgead a chur ar fáil.

Smaoiním ar an naíolann a bhí ar An Screabán i nGaoth Dóbhair go dtí cúpla bliain anuas agus í ag obair go maith, ach thit an tóin as. Gan Muintearas ag teacht isteach ag an am, b'fhéidir nach mbeadh naíolann ar bith againn anois. Tá naíolann den scoth acu anois ar An Screabán, nó i bPáirc Ghnó Ghaoth Dóbhair mar a deireann siad anois agus í faoi lánseol. Caithfear moladh a thabhairt do Mhuintearas as ucht teacht isteach ag an am sin.

Tá ceist eile réasúnta tábhachtach agam. Maidir le struchtúr Muintearas, cím go bhfuil idir 35% and 40% den soláthar airgid atá ag Muintearas á chaitheamh i nDún na nGall ach ní dóigh liom go bhfuil duine ar bith as Dún na nGall ar bord Muintearas, más é sin an focal ceart. An bhfuil bord ag Muintearas? B'fhéidir gur cheist d'Údarás na Gaeltachta nó don Aire í nó b'fhéidir gur cheist do Mhuintearas í, ach ba cheart go mbeadh duine nó beirt as Dún na nGall ar bord Muintearas. Caithfidh athrú a theacht air sin. Tá muidne i nDún na nGall - tá mé féin agus an Seanadóir Ó Domhnaill anseo - ag tabhairt ár dtacaíocht ach níl duine ó Dhún na nGall ar an mbord.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.