Seanad debates

Wednesday, 4 March 2015

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit, go háirithe an tseachtain seo, Seachtain na Gaeilge. Is breá an rud go bhfuil muid ag cur leis an obair sin inniu ó thaobh na Gaeilge de.

Baineann an cheist atá á ardú agam inniu leis an eagraíocht Pléaráca Teoranta. Is eagraíocht ealaíona agus pobail é Pléaráca atá ar bun le os cionn 20 bliain anuas. D'fhás Pléaráca mar eagraíocht as an droch íomhá a bhí dhá thabhairt don Ghaeltacht, bunaithe ar leabhar le fear darbh ainm Reg Hindley a bhí ag tuar go raibh an Ghaeltacht le bás a fháil taobh istigh de 20 bliain. I dtosach báire, bhí na daoine a bhunaigh Pléaráca ag smaoineamh ar agóid mór a dhéanamh, ach ansin bheartaigh siad ar rud éigin dearfach a dhéanamh agus bhunaigh siad Féile Phléaráca, a bhí ag ceiliúradh gach rud a bhí go maith ó thaobh na healaíona agus mar sin de i gConamara.

Bhí Pléaráca neamhghnách ó thús, mar tá sé ag fáil maoinithe mar gheall ar an gclár áireamh shóisialta, no social inclusion, atá ar siúl aige. Ní airgead díreach ar son chúrsaí Gaeilge ná cúrsaí ealaíona a bhí ann ón tús. Ach de réir a chéile, d'fhás Pléaráca. Bíonn an féile ann go bliaintiúil agus bíonn eagraíochtaí agus imeachtaí ealaíona ar siúl ar fud Chonamara agus ar Oileáin Árainn. Cuireann Pléaráca scribhneoirí cónaithe agus ealaíontóirí cónaithe isteach in eagraíochtaí, scoileanna agus i bpobail. Mar thoradh ar sin, tá cuid mhaith ealaíontóirí ag baint amach slí beatha san obair sin agus tá anam sa gceantar. Bíonn meanma an phobail ardaithe de bharr an obair iontach atá ar siúl ag Pléaráca. Bíonn drámaí, ceol, féilte agus mar sin de ar siúl. Freisin, tá Pléaráca tar éis maoinithe breise a mhealladh chuig an ceantar agus chuig an eagraíocht ó fhoinsí eile, le rudaí ar nós féiltí leabhar agus clár imeachtaí óige agus mar sin de a chur ar bun.

Tá Pléaráca lonnaithe i Rosmuc ó thús aimsire, ceantar a bhfuil an-tábhacht ag baint leis ó thaobh na Gaeilge agus a bhfuil géarghá ann leis an bhfostaíocht atá cruthaithe agus ó thaobh imeachtaí eile a bhíonn ar siúl ann. Tá an maoiniú reatha atá ag Pléaráca ag teacht chun críche mar gheall go bhfuil deireadh ag teacht leis an gclár LCDP, local community development programme. Tá éiginnteacht an-mhór ann maidir leis an gclár SICAP atá ag teacht ina áit. Chuala muid fógra i nGaillimh inné go mbeidh an clár SICAP, social inclusion and community activation programme, á bhainistiú agus á riaradh ag comhlacht darbh ainm GRD, Galway Rural Development. Tá ceist faoi sin agus faoi chonspóid faoin leagan amach atá tógtha ag an LCDC, local community development committee, maidir le leagan amach an clár SICAP i gContae na Gaillimhe ar fad.

Tá imní ó thús ann maidir leis an ghné Gaeltachta de, an easpa ionadaíochta ar an LCDC ó thaobh ionadaíocht Gaeltachta agus daoine le Gaeilge agus daoine as ceantar Chonamara, a thuigeann na gnéithe éagsúla a bhaineann le sin. Tá imní ann freisin go mbeidh laghdú ar an mbuiséad i SICAP agus dá bhrí sin, go mbeidh níos lú airgid ar fáil le tograí cosúil le Pléaráca a mhaoiniú agus go mbeidh Pléaráca ag teacht chun críche de bharr sin. Mar, má chaileann Pléaráca an chroímhaoiniú, an maoiniú a bhíonn aige le haghaidh riarachán agus daoine a fhostú, beidh sé an-deacair air leanacht ar aghaidh i Rosmuc.

Dá bhrí sin, táim ag cur na ceiste seo ar an Aire Stáit. Tuigim go dtuigeann sé an obair iontach atá ar bun ag Pléaráca. Leis an gceart a thabhairt, bhí tacaíocht an-mhaith anuas tríd na blianta ó Údarás na Gaeltachta do Phléaráca, tríd an clár ealaíona atá ag an údarás, agus é ag riaradh na scéime LCDP i gConamara ar son Phobail. Má thagann deireadh leis an maoiniú trí SICAP, nó fiú má thagann laghdú suntasach, beidh gá le duine éigin eile teacht sa bhearna baol le cinntiú go leanann an obair iontach atá ar bun ag Pléaráca le roinnt blianta eile. Mar Aire Stáit le freagracht don Ghaeltacht agus mar dhuine atá ag iarraidh na Gaeltachta a chaomhnú, a neartú agus a láidriú, tá an obair chultúrtha, ealaíona agus áirimh shóisialta seo thar a bheith tábhachtach. Tá an obair seo an-tábhachtach do cheantar Chonamara agus tá sé an-tábhachtach go dtiocfaidh an Rialtas isteach le maoiniú a chur ar fáil, tríd an Roinn, tríd an údarás nó trí meicníocht éigin eile le Pléaráca a choinneáil ag imeacht ar feadh scór blianta eile ar a laghad - b'fhéidir fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth agus b'fhéidir - seachas an leabhar le Muiris Ó Súilleabháin fiche bliain ag dul in éag - fiche bliain breise ina dhiaidh sin a bheidh i gceist.

Beidh seo an-tábhachtach freisin do chur chun cinn An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh dea-scéal ag an Aire Stáit dúinn agus go mbeidh sé sásta a thacaíocht iomlán a léiriú do Phléaráca Teoranta sna blianta atá romhainn.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an deis seo an rún ata curtha síos ag an Seanadóir Ó Clochartaigh maidir le Pléaráca a phlé anseo. Ba mhaith liom fosta mo bhuíochas a chur in iúl do Bhaill an Tí seo mar gheall ar an spéis atá léirithe acu san ábhar seo.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin eagraíocht, Pléaráca. Tuigim gur bunaíodh an eagraíocht os cionn scór bliain ó shin i gConamara theas. Cuireann an eagraíocht béim ar úsaid na n-ealaíon i gceantar tuaithe. Ar ndóigh, is í an Ghaeilge teanga oibre an tionscnaimh os rud é gurb í an Ghaeilge teanga an phobail. Tuigim go ndeanann Pléaráca clár leathan imeachtai ealaíona a reachtáil i rith na bliana sa limistéar ó Charna go Bearna.Thar na blianta, tá réimse tionscnaimh éagsúla bunaithe ar na healaín agus ar chultúr na Gaeltachta curtha chun cinn ag Pléaráca, lena n-áirítear scéimeanna ealaíona pobail, féilte ealaíon, scéimeanna ealaíona don óige, féilte litríochta do pháistí, agus ceardlanna ealaíona, drámaíochta, scríobhneoireachta agus damhsa. Mar is eol don Seanadóir, tá Pléaráca lonnaithe san ionad fiontair i Ros Muc ó bunaíodh é agus tá spás oibre ar léas ó Údarás na Gaeltachta. Tuigtear dom go bhfuil beirt oibrí, duine lánaimseartha agus duine páirtaimseartha, fostaithe ag Pléaráca chomh maith le hoifigigh ealaíona atá fostaithe le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta Teo.

Ó bunaíodh é, tá Pléaráca ag fáil maoiniú ó chláir tacaíochta éagsúla de chuid an Stáit. Suas go dtí trí bliana ó shin, bhí Pléaráca ag fáil maoiniú bliantúil ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil tríd an chlár forbartha áitiúil agus pobail. Nuair a tháinig an clár forbartha áitiúil agus pobail nua i bhfeidhm in 2012, cinneadh an fhreagracht i gcás trí tionscadal forbartha pobail, nó CDP mar a thugar orthu, lena n-áirítear Pléaraca, a aistriú chuig Údarás na Gaeltachta. Is ar mhaithe le comhordú níos éifeachtaí ó shólathar an chláir do phobail na Gaeltachta a tharla sé seo.

Mar chuid den socrú sin, aistríodh suim airgid ó Vota na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil chuig Vóta mo Roinne in 2012 agus bhí sé san áireamh sa soláthar a cuireadh ar fáil ó mo Roinn don Údarás ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, d'fhéadfaí a rá go raibh an tÚdarás ag feidhmiú mar fheithicil faoin chlár maoinithe deiridh chun maoiníu a chur ar fáil do na tionscadail seo. Mar is eol don Seanadóir, tá deireadh le teacht leis an clár áirithe sin an 31 Márta agus ta clár úr, an social inclusion and community activation programme, SICAP, le teacht i bhfeidhm ó thús mhí Aibreáin. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil maoiniú curtha ar fáil acu do Phléaraca go dtí deireadh mhí an Mhárta.

Tuigim fosta ón Údarás go bhfuil iarratas déanta ag Pléaracha ar mhaoiniú don tréimhse amach romhainn chun cuidiú leo leanúint ar aghaidh lena gcuid gníomhaíochtaí. Beidh athbhreithniú le déanamh ag an Údarás ar na tionscadail seo i gcomhthéacs buiséad forbartha pobail an Údaráis agus i gcomhthéacs an clár úr SICAP a bheidh ar an bhfód go luath.

Chomh maith le sin, tuigtear dom go mbeidh deis ag Pléaráca iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin chlár seo. Beidh sé seo le deimhniú nuair atá cinneadh déanta faoi chur i bhfeidhm an chláir SICAP i gContae na Gaillimhe.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist shimplí agam ar an Aire Stáit. An mbeidh an Aire Stáit sásta airgead breise a chur ar fáil ón Roinn don Údarás sa gcás is nach mbeidh an maoiniú ó SICAP chomh hard agus a bhí sé ó na cláir eile roimhe sin. Cinntódh sé sin go mbeidh an méid céanna airgid ag Pléarácha le leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre sna blianta atá romhainn. An mbeidh an Roinn an difríocht a dhéanamh suas agus cinntiú go bhfuil an leibhéal céanna airgid acu an bhliain seo chugainn agus a bhí sna blianta roimhe seo?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl cinneadh déanta fós ó thaobh an SICAP. Chuir an dream iarratas isteach maidir leis an bpróiséas SICAP. Mar is eol don Seandóir, bhí Údarás na Gaeltachta freagrach as chúrsaí a bhain leis na trí tionscadail. Beidh dhá tionscadail i mo cheantar, i dTír Chonaill, Pobal Le Chéile agus an grúpa eile san Roisín. Tá fios agam go bhfuil díospóireacht ar siúl anois. Níl an cinneadh déanta maidir le SICAP. Nílim inniu in ann breis eolais a thabhairt maidir leis. B'fhearr liom fanacht leis an gcinneadh maidir le SICAP a bheith déanta. Mar is eol don Seanadóir fosta, laghdaíodh buiséad Údarás na Gaeltachta 14% thar na blianta. Tá na buiséid atá ar fáil do na trí grúpaí ag laghdú. B'fhéidir go bhfuil seans ann anois deontais nó maoiniú a fháil ó na grúpaí atá freagrach as an SICAP. Cífimid an scéal atá romhainn. Tá fios agam go mór an sár-obair atá ar siúl ar an bhFál Carrach, sna Rosa agus ag Pléaracha i gceantar an Sheanadóra. Tá sár-obair ar siúl acu. B'fhéidir go bhfuil cuidiú nó tacaíocht le fáil ón phróiséas SICOP. Muna bhfuil fadhb ann amach anseo, b'fhéidir go mbeidh seans ann na cinn a chur le chéile agus obair le chéile chun réiteach a fháil maidir leis an ábhar seo.