Seanad debates

Wednesday, 4 March 2015

Commencement Matters

Forbairt Pobal

10:30 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an deis seo an rún ata curtha síos ag an Seanadóir Ó Clochartaigh maidir le Pléaráca a phlé anseo. Ba mhaith liom fosta mo bhuíochas a chur in iúl do Bhaill an Tí seo mar gheall ar an spéis atá léirithe acu san ábhar seo.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin eagraíocht, Pléaráca. Tuigim gur bunaíodh an eagraíocht os cionn scór bliain ó shin i gConamara theas. Cuireann an eagraíocht béim ar úsaid na n-ealaíon i gceantar tuaithe. Ar ndóigh, is í an Ghaeilge teanga oibre an tionscnaimh os rud é gurb í an Ghaeilge teanga an phobail. Tuigim go ndeanann Pléaráca clár leathan imeachtai ealaíona a reachtáil i rith na bliana sa limistéar ó Charna go Bearna.Thar na blianta, tá réimse tionscnaimh éagsúla bunaithe ar na healaín agus ar chultúr na Gaeltachta curtha chun cinn ag Pléaráca, lena n-áirítear scéimeanna ealaíona pobail, féilte ealaíon, scéimeanna ealaíona don óige, féilte litríochta do pháistí, agus ceardlanna ealaíona, drámaíochta, scríobhneoireachta agus damhsa. Mar is eol don Seanadóir, tá Pléaráca lonnaithe san ionad fiontair i Ros Muc ó bunaíodh é agus tá spás oibre ar léas ó Údarás na Gaeltachta. Tuigtear dom go bhfuil beirt oibrí, duine lánaimseartha agus duine páirtaimseartha, fostaithe ag Pléaráca chomh maith le hoifigigh ealaíona atá fostaithe le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta Teo.

Ó bunaíodh é, tá Pléaráca ag fáil maoiniú ó chláir tacaíochta éagsúla de chuid an Stáit. Suas go dtí trí bliana ó shin, bhí Pléaráca ag fáil maoiniú bliantúil ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil tríd an chlár forbartha áitiúil agus pobail. Nuair a tháinig an clár forbartha áitiúil agus pobail nua i bhfeidhm in 2012, cinneadh an fhreagracht i gcás trí tionscadal forbartha pobail, nó CDP mar a thugar orthu, lena n-áirítear Pléaraca, a aistriú chuig Údarás na Gaeltachta. Is ar mhaithe le comhordú níos éifeachtaí ó shólathar an chláir do phobail na Gaeltachta a tharla sé seo.

Mar chuid den socrú sin, aistríodh suim airgid ó Vota na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil chuig Vóta mo Roinne in 2012 agus bhí sé san áireamh sa soláthar a cuireadh ar fáil ó mo Roinn don Údarás ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, d'fhéadfaí a rá go raibh an tÚdarás ag feidhmiú mar fheithicil faoin chlár maoinithe deiridh chun maoiníu a chur ar fáil do na tionscadail seo. Mar is eol don Seanadóir, tá deireadh le teacht leis an clár áirithe sin an 31 Márta agus ta clár úr, an social inclusion and community activation programme, SICAP, le teacht i bhfeidhm ó thús mhí Aibreáin. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil maoiniú curtha ar fáil acu do Phléaraca go dtí deireadh mhí an Mhárta.

Tuigim fosta ón Údarás go bhfuil iarratas déanta ag Pléaracha ar mhaoiniú don tréimhse amach romhainn chun cuidiú leo leanúint ar aghaidh lena gcuid gníomhaíochtaí. Beidh athbhreithniú le déanamh ag an Údarás ar na tionscadail seo i gcomhthéacs buiséad forbartha pobail an Údaráis agus i gcomhthéacs an clár úr SICAP a bheidh ar an bhfód go luath.

Chomh maith le sin, tuigtear dom go mbeidh deis ag Pléaráca iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin chlár seo. Beidh sé seo le deimhniú nuair atá cinneadh déanta faoi chur i bhfeidhm an chláir SICAP i gContae na Gaillimhe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.