Seanad debates

Wednesday, 4 March 2015

Commencement Matters

Forbairt Pobal

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit, go háirithe an tseachtain seo, Seachtain na Gaeilge. Is breá an rud go bhfuil muid ag cur leis an obair sin inniu ó thaobh na Gaeilge de.

Baineann an cheist atá á ardú agam inniu leis an eagraíocht Pléaráca Teoranta. Is eagraíocht ealaíona agus pobail é Pléaráca atá ar bun le os cionn 20 bliain anuas. D'fhás Pléaráca mar eagraíocht as an droch íomhá a bhí dhá thabhairt don Ghaeltacht, bunaithe ar leabhar le fear darbh ainm Reg Hindley a bhí ag tuar go raibh an Ghaeltacht le bás a fháil taobh istigh de 20 bliain. I dtosach báire, bhí na daoine a bhunaigh Pléaráca ag smaoineamh ar agóid mór a dhéanamh, ach ansin bheartaigh siad ar rud éigin dearfach a dhéanamh agus bhunaigh siad Féile Phléaráca, a bhí ag ceiliúradh gach rud a bhí go maith ó thaobh na healaíona agus mar sin de i gConamara.

Bhí Pléaráca neamhghnách ó thús, mar tá sé ag fáil maoinithe mar gheall ar an gclár áireamh shóisialta, no social inclusion, atá ar siúl aige. Ní airgead díreach ar son chúrsaí Gaeilge ná cúrsaí ealaíona a bhí ann ón tús. Ach de réir a chéile, d'fhás Pléaráca. Bíonn an féile ann go bliaintiúil agus bíonn eagraíochtaí agus imeachtaí ealaíona ar siúl ar fud Chonamara agus ar Oileáin Árainn. Cuireann Pléaráca scribhneoirí cónaithe agus ealaíontóirí cónaithe isteach in eagraíochtaí, scoileanna agus i bpobail. Mar thoradh ar sin, tá cuid mhaith ealaíontóirí ag baint amach slí beatha san obair sin agus tá anam sa gceantar. Bíonn meanma an phobail ardaithe de bharr an obair iontach atá ar siúl ag Pléaráca. Bíonn drámaí, ceol, féilte agus mar sin de ar siúl. Freisin, tá Pléaráca tar éis maoinithe breise a mhealladh chuig an ceantar agus chuig an eagraíocht ó fhoinsí eile, le rudaí ar nós féiltí leabhar agus clár imeachtaí óige agus mar sin de a chur ar bun.

Tá Pléaráca lonnaithe i Rosmuc ó thús aimsire, ceantar a bhfuil an-tábhacht ag baint leis ó thaobh na Gaeilge agus a bhfuil géarghá ann leis an bhfostaíocht atá cruthaithe agus ó thaobh imeachtaí eile a bhíonn ar siúl ann. Tá an maoiniú reatha atá ag Pléaráca ag teacht chun críche mar gheall go bhfuil deireadh ag teacht leis an gclár LCDP, local community development programme. Tá éiginnteacht an-mhór ann maidir leis an gclár SICAP atá ag teacht ina áit. Chuala muid fógra i nGaillimh inné go mbeidh an clár SICAP, social inclusion and community activation programme, á bhainistiú agus á riaradh ag comhlacht darbh ainm GRD, Galway Rural Development. Tá ceist faoi sin agus faoi chonspóid faoin leagan amach atá tógtha ag an LCDC, local community development committee, maidir le leagan amach an clár SICAP i gContae na Gaillimhe ar fad.

Tá imní ó thús ann maidir leis an ghné Gaeltachta de, an easpa ionadaíochta ar an LCDC ó thaobh ionadaíocht Gaeltachta agus daoine le Gaeilge agus daoine as ceantar Chonamara, a thuigeann na gnéithe éagsúla a bhaineann le sin. Tá imní ann freisin go mbeidh laghdú ar an mbuiséad i SICAP agus dá bhrí sin, go mbeidh níos lú airgid ar fáil le tograí cosúil le Pléaráca a mhaoiniú agus go mbeidh Pléaráca ag teacht chun críche de bharr sin. Mar, má chaileann Pléaráca an chroímhaoiniú, an maoiniú a bhíonn aige le haghaidh riarachán agus daoine a fhostú, beidh sé an-deacair air leanacht ar aghaidh i Rosmuc.

Dá bhrí sin, táim ag cur na ceiste seo ar an Aire Stáit. Tuigim go dtuigeann sé an obair iontach atá ar bun ag Pléaráca. Leis an gceart a thabhairt, bhí tacaíocht an-mhaith anuas tríd na blianta ó Údarás na Gaeltachta do Phléaráca, tríd an clár ealaíona atá ag an údarás, agus é ag riaradh na scéime LCDP i gConamara ar son Phobail. Má thagann deireadh leis an maoiniú trí SICAP, nó fiú má thagann laghdú suntasach, beidh gá le duine éigin eile teacht sa bhearna baol le cinntiú go leanann an obair iontach atá ar bun ag Pléaráca le roinnt blianta eile. Mar Aire Stáit le freagracht don Ghaeltacht agus mar dhuine atá ag iarraidh na Gaeltachta a chaomhnú, a neartú agus a láidriú, tá an obair chultúrtha, ealaíona agus áirimh shóisialta seo thar a bheith tábhachtach. Tá an obair seo an-tábhachtach do cheantar Chonamara agus tá sé an-tábhachtach go dtiocfaidh an Rialtas isteach le maoiniú a chur ar fáil, tríd an Roinn, tríd an údarás nó trí meicníocht éigin eile le Pléaráca a choinneáil ag imeacht ar feadh scór blianta eile ar a laghad - b'fhéidir fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth agus b'fhéidir - seachas an leabhar le Muiris Ó Súilleabháin fiche bliain ag dul in éag - fiche bliain breise ina dhiaidh sin a bheidh i gceist.

Beidh seo an-tábhachtach freisin do chur chun cinn An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh dea-scéal ag an Aire Stáit dúinn agus go mbeidh sé sásta a thacaíocht iomlán a léiriú do Phléaráca Teoranta sna blianta atá romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.