Seanad debates
Wednesday, 11 February 2015
Commencement Matters
Wild Atlantic Way Project
10:40 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit agus táim thar a bheith buíoch dó as am a thógáil teacht isteach arís go dtí an Seanad, ar cheist a bhaineann le cúrsaí turasóireachta ach atá ceangailte le Údarás na Gaeltachta agus an ról atá aige. Tá fáilte coitianta curtha roimh an fhorbairt atá déanta ar Slí an Atlantaigh Fhiáin ar fud chósta an iarthair agus tá cosúlacht ar an scéal go bhfuil líon na dturasóirí atá ag teacht, go háirithe go dtí na ceantair ó Thír Chonaill go Corcaigh, ag méadú mar thoradh ar sin.
De réir mar a thuigim, an chéad rud a bhí le déanamh ná bhí na comharthaí bóthair le crochadh, an suíomh Idirlíon a dhéanamh agus an App a dhéanamh sa gcaoi go mbeadh a fhios ag na turasóirí cá raibh siad ag dul. Tuigim anois go bhfuil obair forbartha breise le déanamh ó thaobh gnóthaí atá ar an mbóthar ó Thír Chonaill go Corcaigh. Táim ag breathnú ar an App ar an ríomhaire beag atá agam anseo agus feicim go bhfuil sé an-tarraingteach ar fad. Ach, nuair a théann duine isteach go dtí na gnóthaí agus nuair a fhéachann sé ar na ceantair Gaeltachta ach go háirithe, feicim go bhfuil líon na ngnóthaí Gaeltachta atá páirteach sa Wild Atlantic Way i bhfad níos ísle ná ceantair eile. I gConamara mar shampla, is thar timpeall ar cheantar an Chlocháin is mó atá na gnóthaí.
Ar ndóigh, tá ról forbartha ag Údarás na Gaeltachta. Anuas tríd na blianta bhíodh baint ag Údarás na Gaeltachta le cúrsaí turasóireachta. Bunaíodh an eagraíocht GaelSaoire faoi scáth Údarás na Gaeltachta agus rinne an eagraíocht sin obair mhaith ag cur chun cinn cúrsaí turasóireachta. Cén ról atá ag Údarás na Gaeltachta i leith Slí an Atlantaigh Fhiáin, an togra nua seo? Cén ról atá aige agus cén tacaíocht ar féidir leis a thabhairt má tá gnó beag amuigh ansin atá ag plé le deatú bradán nó ag cur turas siúlóide ar siúl nó aon rud mar sin. Cén cúnamh atá le fáíl ó Údarás na Gaeltachta. An bhfuil an t-údarás ag fanacht go dtiocfaidh daoine chuige nó an bhfuil sé ag dul amach agus ag fógairt na tacaíochta gur féidir leis a thabhairt? An bhfuil an t-údarás gníomhach ag cur chun cinn na ceantair Gaeltachta ó thaobh an Wild Atlantic Way? Tá seo fíor thábhachtach mar tá deis maith anseo.
Ar maidin, mar shampla, bhí mé ag caint le duine i gceantar na n-oileán - bhí an tAire Stáit sa cheantar sin an lá cheana - agus táthar ag rá ansin go bhfuil comharthaí maith le feiceáil, ach nuair a théann duine siar níos faide ná Droichead Charraig an Logáin in aice le Leitir Mór, nach bhfuil aon chomharthaí níos faide siar ná sin. Mar shampla, níl comhartha maidir leis an ionad oidhreachta atá i Leitir Mulláin, atá luaite leis an App. Níl comhartha bóthair ag rá cá bhfuil an t-ionad go díreach. An bhféadfadh an tAire Stáit léargas a thabhairt dúinn ar seo. Ó thaobh na Roinne de, an bhfuil dóthain tacaíochta tugtha aige don údarás le gur féidir leis na cúraimí seo ó thaobh chúrsaí turasóireachta a dhéanamh? An bhfuil dóthain fóirne aige nó an bhfuil deacrachtaí eile ann nach dtuigeann muid? An bhfuil comhoibriú ar siúl idir an údarás agus Fáilte Éireann?
Tá deis anseo an Ghaeltacht a chur chun cinn. Ní Gaeltacht na Gaillimhe amháin atáimid ag caint faoi ach beagnach gach ceantar Gaeltachta ins an áireamh, Tír Chonaill, Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí. Ní rachainnse baileach isteach go cheantar Mhúscraí ná Contae na Mí ach b'fhéidir go mbeidh scéimeanna eile dóibh siúd amach anseo. Tá deis iontach anseo an turasóireacht a chur chun cinn sna ceantair seo agus tá sé ag teastáil go géar. Mar sin, beidh mé sásta freagra an Aire Stáit a chloisteáil.
10:50 am
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an rún atá curtha síos ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh maidir le Slí an Atlantaigh Fhiáin. Táim buíoch de bhaill an Tí seo mar gheall ar an spéis atá léirithe acu san ábhar seo atá gar do mo chroí. Ní miste a aithint go bhfuil tionscal na turasóireachta thar a bheith tábhachtach do gheilleagar na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach chun fostaíocht a chruthú do phobal na Gaeltachta ar an mórthír agus go deimhin ar na hoileáin Ghaeltachta, agus na hoileáin lasmuigh den Ghaeltacht. Sa bhreis air sin, tugann an turasóireacht deiseanna don Ghaeltacht an teanga agus an cultúr a chothú, a cheiliúradh agus a léiriú don domhan mór. Cuireann teanga agus cultúr na Gaeltachta iontu féin gné faoi leith leis an turasóireacht sa tír ar fad.
Tá gné úr ag baint leis an turasóireacht sa Ghaeltacht anois le Slí an Atlantaigh Fhiáin atá forbartha ag Fáilte Éireann. Níl aon dabht ach go gcruthaíonn Slí an Atlantaigh Fhiáin ár gCamino féin anseo in Éirinn. Tá an cheathrú chuid den tSlí, atá 2,500 km ar fhad, ag dul tríd an Ghaeltacht, ó Chionn Mhálanna tríd an iarthar go dtí an deisceart. Is cinnte go bhfuil Slí an Atlantaigh Fhiáin ar cheann de na tionscnaimh thurasóireachta is rathúla atá forbartha le blianta beaga anuas agus go bhfuil sé ag déanamh difríocht nach beag do chúrsaí turasóireachta sa Ghaeltacht ach go háirithe.
Maidir le ról agus tacaíochtaí Údarás na Gaeltachta i ndáil le cúrsaí turasóireachta, tuigim gurb í an aidhm atá ag an údarás ná an Ghaeltacht a fhorbairt mar cheann scríbe turasóireachta i gcomhar le Fáilte Éireann. Déantar é seo i gcomhthéacs na turasóireachta cultúrtha agus an tábhacht a bhaineann léi do gheilleagar na Gaeltachta agus don gheilleagar náisiúnta araon. Tá scéimeanna tacaíochta airgeadais ar fáil ó Údarás na Gaeltachta le tograí cultúrtha turasóireachta a bhunú agus a fhorbairt, lena n-áirítear tograí atá suite sna ceantair Ghaeltachta gar do Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tuigtear dom go gcuirtear tacaíocht ar fáil do thograí turasóireachta cultúrtha trí ghnáthscéimeanna deontais an Údaráis, ina measc: staidéar féidearthachta nó taighde agus forbairt, deontas caipitil, deontas fostaíochta, deontas oiliúna, deontas do sheirbhísí comhairleoireachta, forbairt scileanna taighde margaíochta agus deontas rannpháirtíochta in aontaí trádála. Tuigim go mbeidh an t-údarás ag díriú i mbliana ar thacaíocht a thabhairt dá gcuid cliaint agus iad ag cur Slí an Atlantaigh F:hiáin chun cinn trí tháirgí nuálaíocha a chur ar fáil a bhfuil baint acu le teanga agus le cultúr na Gaeltachta i measc rudaí eile.
Muid ag caint ar ról an Údaráis ó thaobh na turasóireachta de, ní fhéadfainn gan tagairt shonrach a dhéanamh don obair cheannródaíoch atá ar bun aige maidir leis an fhorbairt ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Mar is eol don Teach, tá an fhorbairt seo ar cheann de na tograí caipitil atá á maoiniú ag an Rialtas mar chuid den chuimhneachán ar 1916. Tá an tionscadal seo faoi cheannaireacht Údarás na Gaeltachta mar chuid de ghrúpa stiúrtha atá déanta suas de Chomhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na nOibreacha Poiblí, Fáilte Éireann agus mo Roinn féin. Tá mé ag súil go ndéanfar dul chun cinn suntasach in 2015 le go mbeidh an tionscadal críochnaithe in am do Cháisc 2016.
Cuirim fáilte roimh an deis an Teach seo a chur ar an eolas faoin tacaíocht atá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt do thograí agus do ghnólachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fáiltím go mór roimh an méid atá ráite faoi Theach an Phiarsaigh agus faoin obair atá ar siúl ansin. Táimid ar fad ag súil go mbeidh sé críochnaithe in am do Cháisc 2016. Tuigim ón Aire Stáit mar sin go bhfuil scéim faoi leith, nó fócas faoi leith, le bheith ag Údarás na Gaeltachta ar tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí i dtaca le cúrsaí cultúrtha agus turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. An bhfuil dóthain acmhainní agus airgead ag an údarás leis an obair seo a dhéanamh? An bhfuil an Roinn ag cur aon airgead breise ar fáil le cabhrú leis an údarás an obair seo a dhéanamh agus fócas faoi leith a chur ar an obair fhorbartha seo, nó an bhfuilimid ag brath díreach ar na scéimeanna atá ag an údarás? Ar leor an méid atá le fáil ins na scéimeanna sin, mar ní raibh aon ardú suntasach ansin le roinnt blianta anuas?
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí mé ag caint faoi na scéimeanna fhoirmiúla atá ar fáil trí Údarás na Gaeltachta, ach tá ról leathan ag an Rialtas. Is é an nasc idir an Rialtas agus pobal na Gaeltachta an ceangal is tábhachtaí. Tá suim mhór agam, agus b'fhéidir go bhfuil suim mhór ag an Seanadóir freisin, sa teanga Gaeilge. Mar shampla, tá croí Slí an Atlantaigh Fhiáin sna ceantair Gaeltachta, na ceantair iargúlta agus na ceantair atá cultúr agus stair flúirseach acu. Is ansin atá na deiseanna móra. Nuair a bhí an tAire, an Teachta Pascal Donohoe, i dTír Chonaill coicís ó shin, dúirt sé gurb í an obair mhór atá ar siúl anois ná infheistíocht a mhealladh isteach sa Ghaeltacht. Tá an bealach ann. Is bealach fada é - 2,500 km - ach is é an ceangal idir an Rialtas agus na dream phobail ar an talamh an ceangal is doimhne. Chuala mé tuairim an tSeanadóra faoin gceangal seo. Ar dtús báire bhí sé ag labhairt faoi oileáin na Gaeltachta. Sin an deis mhór. Bhí seans mór agam anuraidh. Chuaigh mé go dtí Inis Oircín agus lasmuigh den Ghaeltacht bhí mé ar Oileán Thóraí. I mí Eanáir thug mé cuairt ar Árainn Mhór. Fuair mé cuireadh ó Oileáin Árann cúpla seachtain ó shin agus táim ag súil go mór leis an turas go dtí na hoileáin sin amach anseo. Tá ceangal mór idir oileáin na Gaeltachta agus na hoileáin lasmuigh den Ghaeltacht trí Slí an Atlantaigh Fhiáin agus ba mhaith liom obair leis an Seanadóir agus le Baill an Tí seo maidir leis na deiseanna a bheas ann amach anseo.
Gabhaim buíochas arís leis an Seanadóir as ucht an cheist. Beidh gach duine ag labhairt faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá plean ar siúl. Tá ceangal idir na Ranna ábhartha go léir agus tá ról mór ag an ceangal idir na dreamanna ar an talamh agus an Rialtas. Ba mhaith liom obair leis an Seanadóir agus a chomhghleacaithe i gContae na Gaillimhe. Tá deis ann. B'fhéidir go bhfuil seans ann go mbeidh ceangal le Port Láirge agus Contae na Mí fosta. Tá athrú ar siúl. Tá daoine i Meiriceá, san Astráil agus i dtíortha eile thar lear ag caint i dtéarmaí dearfacha faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá deis mhór ann fá choinne na daoine agus na ceantair faoi bhrú le dífhostaíocht agus eisimirce.