Seanad debates

Wednesday, 11 February 2015

Commencement Matters

Wild Atlantic Way Project

10:50 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an rún atá curtha síos ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh maidir le Slí an Atlantaigh Fhiáin. Táim buíoch de bhaill an Tí seo mar gheall ar an spéis atá léirithe acu san ábhar seo atá gar do mo chroí. Ní miste a aithint go bhfuil tionscal na turasóireachta thar a bheith tábhachtach do gheilleagar na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach chun fostaíocht a chruthú do phobal na Gaeltachta ar an mórthír agus go deimhin ar na hoileáin Ghaeltachta, agus na hoileáin lasmuigh den Ghaeltacht. Sa bhreis air sin, tugann an turasóireacht deiseanna don Ghaeltacht an teanga agus an cultúr a chothú, a cheiliúradh agus a léiriú don domhan mór. Cuireann teanga agus cultúr na Gaeltachta iontu féin gné faoi leith leis an turasóireacht sa tír ar fad.

Tá gné úr ag baint leis an turasóireacht sa Ghaeltacht anois le Slí an Atlantaigh Fhiáin atá forbartha ag Fáilte Éireann. Níl aon dabht ach go gcruthaíonn Slí an Atlantaigh Fhiáin ár gCamino féin anseo in Éirinn. Tá an cheathrú chuid den tSlí, atá 2,500 km ar fhad, ag dul tríd an Ghaeltacht, ó Chionn Mhálanna tríd an iarthar go dtí an deisceart. Is cinnte go bhfuil Slí an Atlantaigh Fhiáin ar cheann de na tionscnaimh thurasóireachta is rathúla atá forbartha le blianta beaga anuas agus go bhfuil sé ag déanamh difríocht nach beag do chúrsaí turasóireachta sa Ghaeltacht ach go háirithe.

Maidir le ról agus tacaíochtaí Údarás na Gaeltachta i ndáil le cúrsaí turasóireachta, tuigim gurb í an aidhm atá ag an údarás ná an Ghaeltacht a fhorbairt mar cheann scríbe turasóireachta i gcomhar le Fáilte Éireann. Déantar é seo i gcomhthéacs na turasóireachta cultúrtha agus an tábhacht a bhaineann léi do gheilleagar na Gaeltachta agus don gheilleagar náisiúnta araon. Tá scéimeanna tacaíochta airgeadais ar fáil ó Údarás na Gaeltachta le tograí cultúrtha turasóireachta a bhunú agus a fhorbairt, lena n-áirítear tograí atá suite sna ceantair Ghaeltachta gar do Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tuigtear dom go gcuirtear tacaíocht ar fáil do thograí turasóireachta cultúrtha trí ghnáthscéimeanna deontais an Údaráis, ina measc: staidéar féidearthachta nó taighde agus forbairt, deontas caipitil, deontas fostaíochta, deontas oiliúna, deontas do sheirbhísí comhairleoireachta, forbairt scileanna taighde margaíochta agus deontas rannpháirtíochta in aontaí trádála. Tuigim go mbeidh an t-údarás ag díriú i mbliana ar thacaíocht a thabhairt dá gcuid cliaint agus iad ag cur Slí an Atlantaigh F:hiáin chun cinn trí tháirgí nuálaíocha a chur ar fáil a bhfuil baint acu le teanga agus le cultúr na Gaeltachta i measc rudaí eile.

Muid ag caint ar ról an Údaráis ó thaobh na turasóireachta de, ní fhéadfainn gan tagairt shonrach a dhéanamh don obair cheannródaíoch atá ar bun aige maidir leis an fhorbairt ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Mar is eol don Teach, tá an fhorbairt seo ar cheann de na tograí caipitil atá á maoiniú ag an Rialtas mar chuid den chuimhneachán ar 1916. Tá an tionscadal seo faoi cheannaireacht Údarás na Gaeltachta mar chuid de ghrúpa stiúrtha atá déanta suas de Chomhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na nOibreacha Poiblí, Fáilte Éireann agus mo Roinn féin. Tá mé ag súil go ndéanfar dul chun cinn suntasach in 2015 le go mbeidh an tionscadal críochnaithe in am do Cháisc 2016.

Cuirim fáilte roimh an deis an Teach seo a chur ar an eolas faoin tacaíocht atá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt do thograí agus do ghnólachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.