Seanad debates

Wednesday, 11 February 2015

Commencement Matters

Wild Atlantic Way Project

10:40 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit agus táim thar a bheith buíoch dó as am a thógáil teacht isteach arís go dtí an Seanad, ar cheist a bhaineann le cúrsaí turasóireachta ach atá ceangailte le Údarás na Gaeltachta agus an ról atá aige. Tá fáilte coitianta curtha roimh an fhorbairt atá déanta ar Slí an Atlantaigh Fhiáin ar fud chósta an iarthair agus tá cosúlacht ar an scéal go bhfuil líon na dturasóirí atá ag teacht, go háirithe go dtí na ceantair ó Thír Chonaill go Corcaigh, ag méadú mar thoradh ar sin.

De réir mar a thuigim, an chéad rud a bhí le déanamh ná bhí na comharthaí bóthair le crochadh, an suíomh Idirlíon a dhéanamh agus an App a dhéanamh sa gcaoi go mbeadh a fhios ag na turasóirí cá raibh siad ag dul. Tuigim anois go bhfuil obair forbartha breise le déanamh ó thaobh gnóthaí atá ar an mbóthar ó Thír Chonaill go Corcaigh. Táim ag breathnú ar an App ar an ríomhaire beag atá agam anseo agus feicim go bhfuil sé an-tarraingteach ar fad. Ach, nuair a théann duine isteach go dtí na gnóthaí agus nuair a fhéachann sé ar na ceantair Gaeltachta ach go háirithe, feicim go bhfuil líon na ngnóthaí Gaeltachta atá páirteach sa Wild Atlantic Way i bhfad níos ísle ná ceantair eile. I gConamara mar shampla, is thar timpeall ar cheantar an Chlocháin is mó atá na gnóthaí.

Ar ndóigh, tá ról forbartha ag Údarás na Gaeltachta. Anuas tríd na blianta bhíodh baint ag Údarás na Gaeltachta le cúrsaí turasóireachta. Bunaíodh an eagraíocht GaelSaoire faoi scáth Údarás na Gaeltachta agus rinne an eagraíocht sin obair mhaith ag cur chun cinn cúrsaí turasóireachta. Cén ról atá ag Údarás na Gaeltachta i leith Slí an Atlantaigh Fhiáin, an togra nua seo? Cén ról atá aige agus cén tacaíocht ar féidir leis a thabhairt má tá gnó beag amuigh ansin atá ag plé le deatú bradán nó ag cur turas siúlóide ar siúl nó aon rud mar sin. Cén cúnamh atá le fáíl ó Údarás na Gaeltachta. An bhfuil an t-údarás ag fanacht go dtiocfaidh daoine chuige nó an bhfuil sé ag dul amach agus ag fógairt na tacaíochta gur féidir leis a thabhairt? An bhfuil an t-údarás gníomhach ag cur chun cinn na ceantair Gaeltachta ó thaobh an Wild Atlantic Way? Tá seo fíor thábhachtach mar tá deis maith anseo.

Ar maidin, mar shampla, bhí mé ag caint le duine i gceantar na n-oileán - bhí an tAire Stáit sa cheantar sin an lá cheana - agus táthar ag rá ansin go bhfuil comharthaí maith le feiceáil, ach nuair a théann duine siar níos faide ná Droichead Charraig an Logáin in aice le Leitir Mór, nach bhfuil aon chomharthaí níos faide siar ná sin. Mar shampla, níl comhartha maidir leis an ionad oidhreachta atá i Leitir Mulláin, atá luaite leis an App. Níl comhartha bóthair ag rá cá bhfuil an t-ionad go díreach. An bhféadfadh an tAire Stáit léargas a thabhairt dúinn ar seo. Ó thaobh na Roinne de, an bhfuil dóthain tacaíochta tugtha aige don údarás le gur féidir leis na cúraimí seo ó thaobh chúrsaí turasóireachta a dhéanamh? An bhfuil dóthain fóirne aige nó an bhfuil deacrachtaí eile ann nach dtuigeann muid? An bhfuil comhoibriú ar siúl idir an údarás agus Fáilte Éireann?

Tá deis anseo an Ghaeltacht a chur chun cinn. Ní Gaeltacht na Gaillimhe amháin atáimid ag caint faoi ach beagnach gach ceantar Gaeltachta ins an áireamh, Tír Chonaill, Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí. Ní rachainnse baileach isteach go cheantar Mhúscraí ná Contae na Mí ach b'fhéidir go mbeidh scéimeanna eile dóibh siúd amach anseo. Tá deis iontach anseo an turasóireacht a chur chun cinn sna ceantair seo agus tá sé ag teastáil go géar. Mar sin, beidh mé sásta freagra an Aire Stáit a chloisteáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.