Seanad debates

Thursday, 12 June 2014

3:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Ta an cheist atá curtha síos anocht agam pléite againn cheana agus tá súil agam go gcloisfidh mé go bhfuil dul chun cinn déanta ar an méid a luaigh muid. De réir mar a thuigim, is ceist don Tánaiste atá i gceist anseo, mar sílim gur é an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a chaitheas cinneadh a dhéanamh maidir leis an gceist seo. Ach is dóigh go bhfuil saineolas faoi leith ag an Aire Stáit ar seo chomh maith.

Táim ag labhairt faoin maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar cheal ag deireadh na bliana 2016. An suíomh reatha atá ann ná gur aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil don Aontas Eorpach ón gcéad lá d'Eanáir 2007. Cuireadh maolú ar an stádas sin, ar dtús ar feadh tréimhse cúig bliana, go dtí deireadh 2011 agus arís ansin go dtí deireadh 2016, ionas nach raibh gá na doiciméid dlithiúla ar fad a aistrítear go dtí na teangacha oifigiúla eile a chur ar fáil i nGaeilge. Tugadh easpa saineolaithe Gaeilge mar chúis don mhaolú, ach níl an easpa sin ann a thuilleadh.

Anuas ar sin, níl an deis céanna ag ionadaithe na hÉireann an Ghaeilge a úsáid san Aontas Eorpach, de dheasca easpa ateangairí. Is ceist faoi leith í sin, os rud é go bhfuil roinnt Gaeilgeoirí breise curtha go dtí an Eoraip againn le cúpla seachtain anuas, mo chomhghleacaí Liadh Ní Riada ina measc. Beidh siad ag úsáid na Gaeilge thall, le cúnamh Dé.

Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé é iarradh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan. Is gá don Rialtas an cinneadh sin a ghlacadh go luath, má tá an feachtas earcaíochta a mbeadh gá leis idir seo agus 2017 le riaradh mar is ceart. Tá daoine dhá bhfostú ag an Aontas Eorpach faoi láthair. Mar shampla, tá deich bpost do dlítheangeolaithe le líonadh i 2014. Beidh breis agus 180 post breise le líonadh roimh an chéad lá d'Eanáir 2017, má chuirtear deireadh leis an maolú. Mar sin, táimid ag caint, isteach agus amach, ar 200 post.

Glacadh leis an Mháltais mar theanga oifigiúil i 2004 ags d'éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de trí bliana. Baineadh é seo amach trí conarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an tríú teanga a shealbhú agus iad ag obair le hinstitiúdí an Aontais. Tá an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfí post buan mar shaineolaí teanga.

Cén fáth an bhfuil muid ag cuartú seo agus céard iad na buntáistí a bheadh ann d'Éirinn? Bheadh an Ghaeilge ar chomhchéim le gach ceann eile de na 24 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach, an Máltais, an Eastóinis agus an Laitvis ina measc. Cuirfear 183 post ar árd luach ar fáil idir seo agus 2017 - 103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaí agus 6 cinn d'aonaid - gan aon chostas ar Rialtas na hÉireann. Bheadh buntáiste fadtéarmach maidir le tionchar na hÉireann san Aontas Eorpach, de réir mar a rachadh líon áirithe de na daoine seo ar aghaidh go dtí poist a bhaineann le réimsí polasaithe san Aontas. Freisin, chuirfeadh sé le stádas na Gaeilge in Éirinn, Thuaidh agus Theas, agus leis an íomhá den teanga sa phobal, ach go háirithe i measc daoine óga in aois scoile agus ag an tríú leibhéal.

Mar sin, táim ag tacú leis an éileamh a rinne Conradh na Gaeilge, atá á éileamh acu le fada agus atá muid féin ag éileamh, go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016. Le go dtarlódh sin, bheadh ar Rialtas na hÉireann a chur in iúl don Chomhairle i 2014 go bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas deireadh an mhaolaithe a mholadh ag cruinniú foirmeáilte sa bhliain 2015. Sin an cheist atá agam anocht. An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas sin a dhéanamh? Tá súil agam go ndéarfaidh an tAire Stáit liom go bhfuil.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt don Seanadóir as an ábhar seo a thógáil ar an Athló. Fáiltím roimh an deis insint go díreach dó agus don Teach caidé mar a sheasann cúrsaí maidir leis an cheist thábhachtach seo i láthair na huaire.

Bhain an Ghaeilge aitheantas amach mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, AE, ar an 1 Eanáir 2007. Bhí feidhm ag an gcéad mhaolú maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an AE ar feadh cúig bliana, ón 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2011. Cuireadh síneadh cúig bliana eile leis sin ón 1 Eanáir 2012 go 31 Nollaig 2016. Faoi théarmaí an mhaolaithe, aistrítear téacsanna dlíthiúla, a dhéantar faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta, go Gaeilge. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin ar an 1 Nollaig 2009, is é nós imeachta na comhchinnteoireachta an gnáth-nós anois, seachas an eisceacht, i reachtóireacht an AE. Mar thoradh ar sin, tá méadú mór tagtha ar líon na dtéacsanna dlíthiúla a aistrítear go Gaeilge. Ina theannta sin, ní miste a rá go ndéanann na hinstitiúidí Eorpacha cuid mhór ábhair eile taobh amuigh de théarmaí an mhaolaithe a aistriú go Gaeilge.

Éilíonn an maolú féin go ndéanfaí cinneadh faoi mhí na Nollag 2015, ar a dhéanaí, maidir le todhchaí an mhaolaithe. Tá plé ar bun ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar le Roinn an Taoisigh le páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an Aontais Eorpaigh san áireamh, ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an gcur chuige is fearr i dtaca leis an maolú. Mar ghné lárnach de mholtaí ar bith, tá an fáil a bheadh ar dhaoine a mbeadh na scileanna riachtanacha acu chun dul i mbun poist in institiúidí an AE, chomh maith le giniúint téarmaí i gcomhair a n-úsáide in aistriú cáipéisí oifigiúla. Agus é sin tugtha san áireamh, tá dhá thionscnamh maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le roinnt blianta anuas, is iad sin an tionscnamh téarmaíochta agus an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge.

Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun téarmaí Gaeilge a aistriú do bhunachar sonraí téarmaíochta an AE, a dtugtar IATE, InterActive Terminology for Europe, air. Chuimsigh an maoiniú ó mo Roinn do Fiontar don tionsncamh seo ó 2007 go 2013 os cionn €2.1 milliún. Ina theannta sin, tá maoiniú ceadaithe don tionscnamh seo in 2014. Tá os cionn 50,000 téarma Gaeilge curtha ar fáil ag Fiontar do IATE, a chuimsíonn naoi milliún téarma i 24 teanga oifigiúla an AE. As an 24 teanga oifigiúla, tá an Ghaeilge anois ar an 14ú teanga is mó sa bhunachar sonraí téarmaíochta seo.

Bunaíodh an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge in 2006 mar fhreagra ar an riachtanas sainaitheanta go méadófaí líon na gcéimithe le scileanna i réimsí sonracha i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Ghaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an AE. Tá soláthar daoine cáilithe le scileanna Gaeilge, chun freastal ar riachtanais earcaíochta, á bhaint amach tríd an tionscnamh seo. Faoin tionscnamh, cuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil do réimse sainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal in Éirinn - i réimsí ar nós aistriúchán, ateangaireacht, teicneolaíocht faisnéise agus dlí. Tá an ciste á riar ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar leis an Údarás um Ard-Oideachas. Tá os cionn €11 milliún caite ar an tionscnamh seo go dáta.

Mar fhocal scoir, ní miste a rá go ndeirtear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go n-oibreoidh an Rialtas: "chun na himthosca a chruthú ina mbeidh go leor céimithe cáilithe ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an AE le go bhféadfar deireadh a chur leis an maolú sin le linn ré na Straitéise seo." Is léir ón méid atá ráite agam anseo inniu go bhfuil plé leanúnach gníomhach ar siúl leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an gcur chuige is fearr i dtaca leis an maolú.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, ach i gcead dó is beagnach an freagra céanna atá muid ag cloisteáil ó 2007 ar aghaidh, le seacht mbliana anuas, ar an gceist chéanna seo. Cén fáth an bhfuil an Rialtas ag tarraingt na gcos ar an gceist seo? Tá cuid mhaith daoine imithe tríd na cúrsaí aistriúchán, tá daoine ar fáil don tionscnamh, tá poist ag teastáil go géar agus tá poist ar fáil anseo nach mbeidh aon chostas acu ar an Stát. Táthar in ann é a dhéanamh i Málta, san Eastóin agus i Laitvia.

Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit ag tabhairt ceannródaíochta agus ag rá go bhfuil muid chun seo a dhéanamh agus chun an cinneadh a dhéanamh roimh dheireardh na bliana. Beidh na daoine ag teastáil sa bhliain dár gcionn agus cuirfear an traenáil ar fad ar bun. Cén fáth nach bhfuil sé ag glacadh smachta ar an gceist seo agus cén fáth nach ndeireann sé leis na Ranna agus na páirtithe leasmhara, atá á lua aige anseo, go bhfuil sé le déanamh go tapaidh agus go mbeidh sé déanta sula mbeidh an tAire Stáit imithe as oifig. Mura ndéanfar é seo, beidh muid ag caint ar seacht mbliana eile agus níl sin maith go leor. Beidh deich mbliana caite agus is ceap magaidh muid ar fud na hEorpa mura féidir a cruthú go bhfuil muid in ann daoine a chur ar fáil leis an chéim thábhachtach seo a thógáil ar son na Gaeilge ar fud na hEorpa.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Seo mí Mheitheamh 2014 agus caithfidh cinneadh a bheith déanta roimh mí na Nollag 2015. Ciallaíonn sé sin go bhfuil bliain go leith againn le cinneadh a dhéanamh agus é a chur in iúl don Aontas Eorpach. San am i láthair, tá an cheist á scrúdú agus táimid ag amharc ar na féidireachtaí go léir.

Ní aontaím ar chor ar bith nach bhfuil aon rud á dhéanamh. Táimid ag caitheamh airgid mór le oiliúint a chur ar fáil do dhaoine a mbeidh na scileanna riachtanacha acu má táimid chun deireadh a chur leis an maolú seo. Tá €11 milliún caite cheana féin, agus ní suarach an tsuim sin, le daoine a chur ar fáil a bhfuil scileanna sa teanga acu. Chomh maith le sin, tá na milliúin euro curtha ar fáil d'Fhiontar. Tá an Rialtas ag cur an airgid isteach, ag iarraidh cór daoine a fháil a mbeidh an oiliúint agus na scileanna riachtanacha acu a bheidh á éileamh ag an AE. Ní dóigh liom go nglacfadh siad leis an Seanadóir féin, cé chomh líofa agus atá sé i nGaeilge. Is cinnte nach nglacfadh siad liomsa, an tAire Stáit, thall ansin mar theangaire nó mar aistritheoir nó mar shaineolaí, cé gur cainteoir dúchais mé.

Tá ardchaighdeán i gceist. Caithfidh muidne bheith ábalta daoine agus foireann a chur ar fáil a bhfuil an ardchaighdeán sin acu. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag cur acmhainní ganna, luachmhara agus fiúntacha isteach. Tá sé sin á dhéanamh leis na daoine sin a oiliúnt. Mar a dúirt mé, tá an cheist seo á scrúdú. Níl dearmad déanta de. Tá bliain go leith againn le cinneadh a dhéanamh. Ní aontaím leis an rud a dúirt an Seanadóir.

3:10 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá treoir le tabhairt ag an Aire Stáit roimh deireadh na bliana.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor chuir mé isteach ar an Seanadóir.

Photo of Paddy BurkePaddy Burke (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An tAire Stáit, without interruption.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní aontaím ar chor ar bith go bhfuilimid ag tarraingt na gcos. Tá mé i ndiaidh na fíricí a thabhairt. Tá mé cinnte go n-aontóidh éinne atá réadúil nó éinne atá seasmhach liom.