Seanad debates
Thursday, 12 June 2014
Adjournment Matters
An Teanga Gaeilge
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Seo mí Mheitheamh 2014 agus caithfidh cinneadh a bheith déanta roimh mí na Nollag 2015. Ciallaíonn sé sin go bhfuil bliain go leith againn le cinneadh a dhéanamh agus é a chur in iúl don Aontas Eorpach. San am i láthair, tá an cheist á scrúdú agus táimid ag amharc ar na féidireachtaí go léir.
Ní aontaím ar chor ar bith nach bhfuil aon rud á dhéanamh. Táimid ag caitheamh airgid mór le oiliúint a chur ar fáil do dhaoine a mbeidh na scileanna riachtanacha acu má táimid chun deireadh a chur leis an maolú seo. Tá €11 milliún caite cheana féin, agus ní suarach an tsuim sin, le daoine a chur ar fáil a bhfuil scileanna sa teanga acu. Chomh maith le sin, tá na milliúin euro curtha ar fáil d'Fhiontar. Tá an Rialtas ag cur an airgid isteach, ag iarraidh cór daoine a fháil a mbeidh an oiliúint agus na scileanna riachtanacha acu a bheidh á éileamh ag an AE. Ní dóigh liom go nglacfadh siad leis an Seanadóir féin, cé chomh líofa agus atá sé i nGaeilge. Is cinnte nach nglacfadh siad liomsa, an tAire Stáit, thall ansin mar theangaire nó mar aistritheoir nó mar shaineolaí, cé gur cainteoir dúchais mé.
Tá ardchaighdeán i gceist. Caithfidh muidne bheith ábalta daoine agus foireann a chur ar fáil a bhfuil an ardchaighdeán sin acu. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag cur acmhainní ganna, luachmhara agus fiúntacha isteach. Tá sé sin á dhéanamh leis na daoine sin a oiliúnt. Mar a dúirt mé, tá an cheist seo á scrúdú. Níl dearmad déanta de. Tá bliain go leith againn le cinneadh a dhéanamh. Ní aontaím leis an rud a dúirt an Seanadóir.
No comments