Seanad debates

Thursday, 12 June 2014

Adjournment Matters

An Teanga Gaeilge

3:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Ta an cheist atá curtha síos anocht agam pléite againn cheana agus tá súil agam go gcloisfidh mé go bhfuil dul chun cinn déanta ar an méid a luaigh muid. De réir mar a thuigim, is ceist don Tánaiste atá i gceist anseo, mar sílim gur é an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a chaitheas cinneadh a dhéanamh maidir leis an gceist seo. Ach is dóigh go bhfuil saineolas faoi leith ag an Aire Stáit ar seo chomh maith.

Táim ag labhairt faoin maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar cheal ag deireadh na bliana 2016. An suíomh reatha atá ann ná gur aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil don Aontas Eorpach ón gcéad lá d'Eanáir 2007. Cuireadh maolú ar an stádas sin, ar dtús ar feadh tréimhse cúig bliana, go dtí deireadh 2011 agus arís ansin go dtí deireadh 2016, ionas nach raibh gá na doiciméid dlithiúla ar fad a aistrítear go dtí na teangacha oifigiúla eile a chur ar fáil i nGaeilge. Tugadh easpa saineolaithe Gaeilge mar chúis don mhaolú, ach níl an easpa sin ann a thuilleadh.

Anuas ar sin, níl an deis céanna ag ionadaithe na hÉireann an Ghaeilge a úsáid san Aontas Eorpach, de dheasca easpa ateangairí. Is ceist faoi leith í sin, os rud é go bhfuil roinnt Gaeilgeoirí breise curtha go dtí an Eoraip againn le cúpla seachtain anuas, mo chomhghleacaí Liadh Ní Riada ina measc. Beidh siad ag úsáid na Gaeilge thall, le cúnamh Dé.

Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé é iarradh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan. Is gá don Rialtas an cinneadh sin a ghlacadh go luath, má tá an feachtas earcaíochta a mbeadh gá leis idir seo agus 2017 le riaradh mar is ceart. Tá daoine dhá bhfostú ag an Aontas Eorpach faoi láthair. Mar shampla, tá deich bpost do dlítheangeolaithe le líonadh i 2014. Beidh breis agus 180 post breise le líonadh roimh an chéad lá d'Eanáir 2017, má chuirtear deireadh leis an maolú. Mar sin, táimid ag caint, isteach agus amach, ar 200 post.

Glacadh leis an Mháltais mar theanga oifigiúil i 2004 ags d'éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de trí bliana. Baineadh é seo amach trí conarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an tríú teanga a shealbhú agus iad ag obair le hinstitiúdí an Aontais. Tá an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfí post buan mar shaineolaí teanga.

Cén fáth an bhfuil muid ag cuartú seo agus céard iad na buntáistí a bheadh ann d'Éirinn? Bheadh an Ghaeilge ar chomhchéim le gach ceann eile de na 24 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach, an Máltais, an Eastóinis agus an Laitvis ina measc. Cuirfear 183 post ar árd luach ar fáil idir seo agus 2017 - 103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaí agus 6 cinn d'aonaid - gan aon chostas ar Rialtas na hÉireann. Bheadh buntáiste fadtéarmach maidir le tionchar na hÉireann san Aontas Eorpach, de réir mar a rachadh líon áirithe de na daoine seo ar aghaidh go dtí poist a bhaineann le réimsí polasaithe san Aontas. Freisin, chuirfeadh sé le stádas na Gaeilge in Éirinn, Thuaidh agus Theas, agus leis an íomhá den teanga sa phobal, ach go háirithe i measc daoine óga in aois scoile agus ag an tríú leibhéal.

Mar sin, táim ag tacú leis an éileamh a rinne Conradh na Gaeilge, atá á éileamh acu le fada agus atá muid féin ag éileamh, go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016. Le go dtarlódh sin, bheadh ar Rialtas na hÉireann a chur in iúl don Chomhairle i 2014 go bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas deireadh an mhaolaithe a mholadh ag cruinniú foirmeáilte sa bhliain 2015. Sin an cheist atá agam anocht. An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas sin a dhéanamh? Tá súil agam go ndéarfaidh an tAire Stáit liom go bhfuil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.