Seanad debates

Thursday, 12 June 2014

Adjournment Matters

An Teanga Gaeilge

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt don Seanadóir as an ábhar seo a thógáil ar an Athló. Fáiltím roimh an deis insint go díreach dó agus don Teach caidé mar a sheasann cúrsaí maidir leis an cheist thábhachtach seo i láthair na huaire.

Bhain an Ghaeilge aitheantas amach mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, AE, ar an 1 Eanáir 2007. Bhí feidhm ag an gcéad mhaolú maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an AE ar feadh cúig bliana, ón 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2011. Cuireadh síneadh cúig bliana eile leis sin ón 1 Eanáir 2012 go 31 Nollaig 2016. Faoi théarmaí an mhaolaithe, aistrítear téacsanna dlíthiúla, a dhéantar faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta, go Gaeilge. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin ar an 1 Nollaig 2009, is é nós imeachta na comhchinnteoireachta an gnáth-nós anois, seachas an eisceacht, i reachtóireacht an AE. Mar thoradh ar sin, tá méadú mór tagtha ar líon na dtéacsanna dlíthiúla a aistrítear go Gaeilge. Ina theannta sin, ní miste a rá go ndéanann na hinstitiúidí Eorpacha cuid mhór ábhair eile taobh amuigh de théarmaí an mhaolaithe a aistriú go Gaeilge.

Éilíonn an maolú féin go ndéanfaí cinneadh faoi mhí na Nollag 2015, ar a dhéanaí, maidir le todhchaí an mhaolaithe. Tá plé ar bun ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar le Roinn an Taoisigh le páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an Aontais Eorpaigh san áireamh, ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an gcur chuige is fearr i dtaca leis an maolú. Mar ghné lárnach de mholtaí ar bith, tá an fáil a bheadh ar dhaoine a mbeadh na scileanna riachtanacha acu chun dul i mbun poist in institiúidí an AE, chomh maith le giniúint téarmaí i gcomhair a n-úsáide in aistriú cáipéisí oifigiúla. Agus é sin tugtha san áireamh, tá dhá thionscnamh maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le roinnt blianta anuas, is iad sin an tionscnamh téarmaíochta agus an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge.

Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun téarmaí Gaeilge a aistriú do bhunachar sonraí téarmaíochta an AE, a dtugtar IATE, InterActive Terminology for Europe, air. Chuimsigh an maoiniú ó mo Roinn do Fiontar don tionsncamh seo ó 2007 go 2013 os cionn €2.1 milliún. Ina theannta sin, tá maoiniú ceadaithe don tionscnamh seo in 2014. Tá os cionn 50,000 téarma Gaeilge curtha ar fáil ag Fiontar do IATE, a chuimsíonn naoi milliún téarma i 24 teanga oifigiúla an AE. As an 24 teanga oifigiúla, tá an Ghaeilge anois ar an 14ú teanga is mó sa bhunachar sonraí téarmaíochta seo.

Bunaíodh an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge in 2006 mar fhreagra ar an riachtanas sainaitheanta go méadófaí líon na gcéimithe le scileanna i réimsí sonracha i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Ghaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an AE. Tá soláthar daoine cáilithe le scileanna Gaeilge, chun freastal ar riachtanais earcaíochta, á bhaint amach tríd an tionscnamh seo. Faoin tionscnamh, cuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil do réimse sainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal in Éirinn - i réimsí ar nós aistriúchán, ateangaireacht, teicneolaíocht faisnéise agus dlí. Tá an ciste á riar ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar leis an Údarás um Ard-Oideachas. Tá os cionn €11 milliún caite ar an tionscnamh seo go dáta.

Mar fhocal scoir, ní miste a rá go ndeirtear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go n-oibreoidh an Rialtas: "chun na himthosca a chruthú ina mbeidh go leor céimithe cáilithe ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an AE le go bhféadfar deireadh a chur leis an maolú sin le linn ré na Straitéise seo." Is léir ón méid atá ráite agam anseo inniu go bhfuil plé leanúnach gníomhach ar siúl leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an gcur chuige is fearr i dtaca leis an maolú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.