Seanad debates

Thursday, 12 December 2013

Adjournment Matters

Oifig an Choimisinéara Teanga

5:30 pm

Photo of Michael MullinsMichael Mullins (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I welcome the Minister of State, Deputy McGinley, to the House.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá mé an-sásta go bhfuil sé anseo tráthnóna leis an gceist fhíorthábhachtach seo a phlé. Tá mé thar a bheith díomách le Ceannaire an Tí ós rud é nach raibh sé sásta go mbeadh díospóireacht againn ar an ábhar fíorthromchúiseach seo; sé sin, éirí as an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Aithníonn muid ar fad an ról tábhachtach a bhaineann le hOifig an Choimisinéara Teanga. Tá sé tábhachtach a aithint freisin gur ról ombudsman atá i gceist. Níl an coimisinéir mar an gcéanna le daoine eile atá ceaptha ag an Aire, ar nós ball nó cathaoirleach ar bhord Stáit. Tá an Coimisinéir Teanga ceaptha mar ombudsman faoi shéala an Uachtaráin, rud a thugann gradam agus neamhspleáchas faoi leith don ról sin. Sílim go n-aithnítear go forleathan go bhfuil jab fíormhaith déanta ag Seán Ó Cuirreáin sa ról sin le deich mbliana anuas. B'éigean dó an oifig a bhunú, mar go raibh reachtaíocht nua i gceist ag an am, le cearta a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh a gcuid gnóthaí a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge. Bíonn na scéimeanna teanga atá réitithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta á bplé ag an oifig. Tá sórt jab maoirseachta le déanamh ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis na scéimeanna sin a chur i bhfeidhm.

Tháinig sé aniar aduaidh orainn ar fad nuair a tháinig an coimisinéir os comhair an chomhchoiste an tseachtain seo caite. D'fhógair sé go bunúsach go bhfuil air éirí as a ról ar bhonn phrionsabal - sé sin, nach mbraitheann sé i ndáiríre gur féidir leis aon dul chun cinn breise a dhéanamh sa ról sin mar gheall ar an easpa tacaíochta ón Rialtas. Is náireach go deo an mhaise don Rialtas é go gcaithfidh ombudsman éirí as a phost ar an mbunús sin. Tá súil agam go bhfuil náire ar an Aire Stáit go bhfuil sé seo tarluithe fad is atá sé freagrach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Tá cuid mhaith moltaí curtha chun cinn ag an gCoimisiéir Teanga, agus cuid mhaith cáineadh déanta aige ar na Ranna Stáit agus na heagrais Stáit nach bhfuil ag comhlíonadh a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Aírím ansin daingniú scéimeanna teanga. Tá an tAire Stáit ag feidhmiú mar Aire na Gaeltachta. Tá sé freagrach as an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. Tá an Roinn fhreagrach as daingniú scéimeanna teanga. Tá 75% de na scéimeanna teanga imithe in éag. Céard atá ar bun i Roinn na Gaeltachta nach bhfuil sé in ann fiú na scéimeanna teanga a dhaingniú, rud a chinnteodh go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh an bealach ina dtiocfadh lucht labhartha na Gaeilge i muinín seirbhísí Stáit a fháil trí mheán na Gaeilge? Tá cuid mhaith tuarascálacha leagtha ag an gCoimisinéir Teanga os comhair Thithe an Rialtais. Baineann cuid acu le Ranna éagsúla, ar nós na Roinne Coimirce Sóisialaí. Is beag atá déanta aige leis na moltaí atá curtha ag an gcoimisinéir faoinár mbráid a chur i bhfeidhm.

Dá n-éireodh an tOmbudsman do Leanaí, Emily Logan, as a post ar an gcaoi ar éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost, nó dá éireodh Emily O'Reilly as a post mar Ombudsman nuair a bhí sí sa ról sin, agus iad a rá nach raibh tacaíocht an Stát á fháil acu, bheadh sé ina chogadh dearg. Is beag suim atá an Rialtas ag léiriú sa cheist seo. Chuir siad fógra amach chun "slán le Seán" a rá, agus tá sé i gceist acu fógra eile a chur sna páipéirí ag lorg duine éigin eile. Níl sé sin maith go leor. Céard atá sé i gceist ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhéanamh idir an dá linn, fad is atá comharba le ceapadh, leis na moltaí a rinne Seán Ó Cuirreáin nuair a bhí sé mar Choimisinéir Teanga a chur i bhfeidhm go praiticiúil ar an talamh? An dtabharfaidh siad na hacmhainní cuí agus an tacaíocht chuí? Go leor den am, ní ceist airgid atá i gceist anseo ach toil agus toil pholaitiúil. An bhfuil an tAire Stát ag fáil tacaíocht óna chomhghleacaithe ar bord an Rialtais? Tá faitíos orainn go bhfuil sé ina aonar agus an coirnéal seo á troid aige. Tá imní orainn nach bhfuil le fáil aige ag bord an Rialtais ach an chluas bhodhar.

Tá lucht na Gaeilge agus pobal na Gaeilge ar buile leis an méid atá tarluithe le déanaí. Is dócha gurb é seo an rud is tromchúisí atá tarluithe le cuimhne na ndaoine ó thaobh saol na Gaeilge de. Ba cheart don Rialtas an t-imeacht seo a thógáil i bhfad níos dáiríre. Tá sé de dhualgas orthu gach gur féidir leo a dhéanamh le cinntiú go bhfaighidh an duine a thiocfaidh i gcomharbas ar Sheán Ó Cuirreáin an tacaíocht riachtanach. Sa chomhthéacs sin, cá bhfuil Acht na Gaeltachta? Cá bhfuil an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhí le déanamh le dhá bhliain anuas? Tá moltaí faighte ag an Aire Stáit agus tá tuarascáil réitithe. Ní fhaca muid na moltaí sin go dtí seo. Tá súil agam nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas lagú a dhéanamh ar an Acht sin anois agus na moltaí sin á dtabhairt isteach gan aon choimisinéir sa ról. Tá mé ag súil le freagra an Aire Stáit.

5:35 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá áthas orm deis a fháil sa Teach seo, mar a rinne mé sa Dáil inné, aitheantas a thabhairt don mhéid atá curtha i gcrích ag an Choimisinéir Teanga le linn a thréimhse in oifig. Níl amhras ar bith ach gur thug an Coimisinéir Teanga faoi bhunú a oifige nua le fís agus díograis. Tá an t-ardmheas atá air i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le sonrú go soiléir. Chuir an Coimisinéir Teanga in iúl don Uachtarán ar 4 Nollaig 2013 go raibh sé beartaithe aige éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014, tar éis deich mbliana a chaitheamh sa phost. Chuir an Coimisinéir a chinneadh in iúl dom go pearsanta an lá céanna, sula ndearna sé fógra poiblí ina leith le linn dó a bheith ag tabhairt tuairisce maidir le tuarascáil bhliantúil a oifige don bhliain 2012 ag cruinniú den Chomhchoiste Oireachtais ar Mhaoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha.

Is trua liom gur thóg an Coimisinéir Teanga an cinneadh gan a théarma ceapacháin, a mhaireann go dtí Feabhra 2016, a chríochnú. Tá meas agam ar an gcinneadh atá déanta aige. Tá tús curtha leis an phróiseas chun Coimisinéir nua a cheapadh faoi réir alt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuirfear moladh ina leith seo faoi bhráid an Rialtais in am trátha. Maidir leis an tsaincheist atá ardaithe ag an Seanadóir, ba mhaith liom a mheabhrú dó go bhfuil tiomantas an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa saol poiblí agus i measc an phobail i gcoitinne le feiceáil go soiléir. Tá an tiomantas seo léirithe ní hamháin trí na gealltanais shonracha atá tugtha i gclár an Rialtais, ach freisin trí bhearta dearfacha agus caiteachas an Stáit laistigh de chreatlach polasaí na straitéise 20 bliain don Ghaeilge.

Ba mhaith liom díriú anois ar roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an ábhar atá tógtha ag an Seanadóir. I dtús báire, measaim go bhfuil sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Stáit i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Aithníodh ón tús nach mbeadh sé indéanta dul chun cinn suntasach a dhéanamh thar oíche agus gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla.

Is aidhm lárnach de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge a éascú agus a chur chun cinn. Tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go bhfuil baill fhoirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státseirbhís chun freastal ar riachtanais an phobail i gcoitinne agus ar riachtanais shainiúla na Gaeltachta. Tá sé aitheanta ag an Rialtas go bhfuil gá le cur chuige spriocdhírithe a chinnteoidh go mbeidh foireann leis na scileanna riachtanacha Gaeilge ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Sa chomhthéacs seo, thóg an Rialtas cinneadh i mí Dheireadh Fómhair an polasaí maidir le marcanna bónais do chomórtais earcaíochta agus ardaithe céime a chur ar ceal agus bearta a chur in áit a gcuirfidh leis an líon oifigeach sa Státseirbhís atá in ann feidhmiú go dátheangach. Mar chéad chéim sa phróiseas seo, tá sé i gceist comórtas d'oifigigh feidhmiúcháin a reáchtáil go luath agus beidh fo-phainéal de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge le bunú mar thoradh ar an gcomórtas seo. Cuirfear bearta sonracha i bhfeidhm fosta chun tacú le hoiliúint sa Státseirbhís. Creidim féin gur polasaí dearfach é seo a thabharfaidh deis do ranna Stáit a gcuid riachtanas maidir le seirbhísí i nGaeilge a aithint, seirbhísí don Ghaeltacht san áireamh. Tá mé dóchasach go rachaidh an t-athrú seo chun sochair don Ghaeilge sa Státchóras sa todhchaí.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí a dhaingniú. Is gné an-tábhachtach den Acht é daingniú na scéimeanna teanga chun go dtiocfaidh méadú ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a chuirfear ar fáil trí Ghaeilge ar bhealach eagraithe agus tomhaiste thar thréimhse ama. Tá sé ríshoiléir ó alt 14(3) den Acht go maireann scéim teanga i bhfeidhm ar feadh trí bliana ón dáta a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim úr, cibé acu is moille. Tá beagnach 200 comhlacht poiblí clúdaithe faoi na scéimeanna éagsúla atá i bhfeidhm. Is dul chun cinn suntasach é sin. Ní miste a aithint go n-athraíonn feidhmeanna comhlachtaí poiblí agus go ndéantar cuid dóibh a scor ó am go chéile. Mar shampla, tá na boird oideachais agus oiliúna tagtha in áit na gcoistí gairmoideachais. Tá iarrtha agam ar gach ceann de na boird úra scéim teanga a ullmhú.

Faoi láthair, tá plé gníomhach ar siúl ag mo Roinn le 128 comhlacht poiblí maidir le scéimeanna teanga a aontú. Tá sé aitheanta cheana féin go bhfuil an próiseas chun scéimeanna teanga a aontú casta. Tá céimeanna éagsúla chun an córas a éascú á mbeartú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe ar an Acht. Tá na dréacht-chinn den Bhille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú ullmhaithe. Tá mé ag súil iad a chur faoi bhráid an Rialtais ag tús na hathbhliana. Chomh maith leis na leasuithe éagsúla atá beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht, beidh leasuithe i gceist fosta a bhaineann le cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman. Ba mhaith liom a threisiú nach gcuirfidh an cónascadh seo isteach ar neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus go bhfanfaidh an oifig sa Ghaeltacht.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís don Choimisinéir Teanga as an méid a d'éirigh leis a chur i gcrích in achar deich mbliana. Ní inniu ná inné a aithníodh na constaicí agus na dúshláin a bhaineann le mionteanga, in ainneoin gurb í ár dteanga náisiúnta í, a chur chun cinn taobh le taobh le mórtheanga domhanda. Is ábhar misnigh dúinn ar fad é go maireann an Ghaeilge go fóill mar theanga bheo agus go bhfuil dea-thoil ann di i measc an phobail i gcoitinne. Níl aon amhras ach go ndearna an coimisinéir a chion féin chun feasacht maidir le cearta teanga agus dualgais teanga i leith na Gaeilge a ardú.

Tá súil agam go rachaidh an té a thiocfaidh i gcomharbacht ar an Choimisinéir Teanga i mbun oibre chomh díograiseach agus chomh fuinniúil céanna leis an chéad choimisinéir chun tógáil ar an dúshraith láidir atá leagtha síos aige.

5:45 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon rud sa bhfreagra sin a thabharfadh aon mhisneach domsa go bhfuil an tAire Stáit ag tabhairt aghaidh, i ndáiríre, ar na ceisteanna crua a d'ardaigh an Coimisinéir Teanga agus is trua liom sin. Tá iarrtha agam ar an gCeannaire sa Teach seo go mbeadh díospóireacht iomlán againn ar an ábhar seo mar tá cuid mhaith Seanadóirí eile gur bhreá leo é a phlé leis an Aire Stáit. An mbeidh an tAire Stáit sásta teacht isteach sa Seanad sula mbeidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin imithe as oifig le díospóireacht iomlán a bheith againn faoin ábhar seo?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An tosaíocht atá agamsa i láthair na huaire agus an dualgas agus an fhreagracht atá orm i láthair na huaire ná na sonraí a chur ar bun agus na céimeanna a ghlacadh chomh luath agus is féidir in Éirinn é chun comharba éifeachtach a cheapadh ar an choimisinéir atá i mbun oifige go dtí an 23 Feabhra. Tá na sonraí beagnach déanta agus tá súil agam go mbeidh muid ábalta a chur in iúl don phobal a bhfuil suim acu sa choimisinéir go mbeidh muid ag lorg tairiscintí gan mhoill. Tá súil agam go ndéanfar sin an tseachtain seo chugainn. An cuspóir atá agam ná go mbeidh comharba ar an choimisinéir atá ag éirí as oifig ainmnithe chomh luath agus is féidir.

Is féidir liom teacht isteach anseo agus díospóireacht ar an Athló a dhéanamh aon uair, ach sin ráite, níl a fhios agam an maith an rud -----

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Díospóireacht iomlán.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách. Tá an gradam sin aige agus níl a fhios agam ar mhaith liom díospóireacht iomlán a bheith ar an Choimisinéir Teanga fad agus atá sé ag gníomhú.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an reachtaíocht faoi chúram an Aire Stáit. Tá sé ag plé leis.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé cinnte go n-aontaíonn an Seanadóir liom gur an rud is práinní ná coimisinéir úr a thoghadh

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba chóir gur é an tAire Stáit a bheadh ag éirí as oifig, ní an coimisinéir.