Seanad debates

Thursday, 12 December 2013

Adjournment Matters

Oifig an Choimisinéara Teanga

5:35 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá áthas orm deis a fháil sa Teach seo, mar a rinne mé sa Dáil inné, aitheantas a thabhairt don mhéid atá curtha i gcrích ag an Choimisinéir Teanga le linn a thréimhse in oifig. Níl amhras ar bith ach gur thug an Coimisinéir Teanga faoi bhunú a oifige nua le fís agus díograis. Tá an t-ardmheas atá air i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le sonrú go soiléir. Chuir an Coimisinéir Teanga in iúl don Uachtarán ar 4 Nollaig 2013 go raibh sé beartaithe aige éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014, tar éis deich mbliana a chaitheamh sa phost. Chuir an Coimisinéir a chinneadh in iúl dom go pearsanta an lá céanna, sula ndearna sé fógra poiblí ina leith le linn dó a bheith ag tabhairt tuairisce maidir le tuarascáil bhliantúil a oifige don bhliain 2012 ag cruinniú den Chomhchoiste Oireachtais ar Mhaoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha.

Is trua liom gur thóg an Coimisinéir Teanga an cinneadh gan a théarma ceapacháin, a mhaireann go dtí Feabhra 2016, a chríochnú. Tá meas agam ar an gcinneadh atá déanta aige. Tá tús curtha leis an phróiseas chun Coimisinéir nua a cheapadh faoi réir alt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuirfear moladh ina leith seo faoi bhráid an Rialtais in am trátha. Maidir leis an tsaincheist atá ardaithe ag an Seanadóir, ba mhaith liom a mheabhrú dó go bhfuil tiomantas an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa saol poiblí agus i measc an phobail i gcoitinne le feiceáil go soiléir. Tá an tiomantas seo léirithe ní hamháin trí na gealltanais shonracha atá tugtha i gclár an Rialtais, ach freisin trí bhearta dearfacha agus caiteachas an Stáit laistigh de chreatlach polasaí na straitéise 20 bliain don Ghaeilge.

Ba mhaith liom díriú anois ar roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an ábhar atá tógtha ag an Seanadóir. I dtús báire, measaim go bhfuil sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Stáit i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Aithníodh ón tús nach mbeadh sé indéanta dul chun cinn suntasach a dhéanamh thar oíche agus gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla.

Is aidhm lárnach de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge a éascú agus a chur chun cinn. Tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go bhfuil baill fhoirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státseirbhís chun freastal ar riachtanais an phobail i gcoitinne agus ar riachtanais shainiúla na Gaeltachta. Tá sé aitheanta ag an Rialtas go bhfuil gá le cur chuige spriocdhírithe a chinnteoidh go mbeidh foireann leis na scileanna riachtanacha Gaeilge ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Sa chomhthéacs seo, thóg an Rialtas cinneadh i mí Dheireadh Fómhair an polasaí maidir le marcanna bónais do chomórtais earcaíochta agus ardaithe céime a chur ar ceal agus bearta a chur in áit a gcuirfidh leis an líon oifigeach sa Státseirbhís atá in ann feidhmiú go dátheangach. Mar chéad chéim sa phróiseas seo, tá sé i gceist comórtas d'oifigigh feidhmiúcháin a reáchtáil go luath agus beidh fo-phainéal de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge le bunú mar thoradh ar an gcomórtas seo. Cuirfear bearta sonracha i bhfeidhm fosta chun tacú le hoiliúint sa Státseirbhís. Creidim féin gur polasaí dearfach é seo a thabharfaidh deis do ranna Stáit a gcuid riachtanas maidir le seirbhísí i nGaeilge a aithint, seirbhísí don Ghaeltacht san áireamh. Tá mé dóchasach go rachaidh an t-athrú seo chun sochair don Ghaeilge sa Státchóras sa todhchaí.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí a dhaingniú. Is gné an-tábhachtach den Acht é daingniú na scéimeanna teanga chun go dtiocfaidh méadú ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a chuirfear ar fáil trí Ghaeilge ar bhealach eagraithe agus tomhaiste thar thréimhse ama. Tá sé ríshoiléir ó alt 14(3) den Acht go maireann scéim teanga i bhfeidhm ar feadh trí bliana ón dáta a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim úr, cibé acu is moille. Tá beagnach 200 comhlacht poiblí clúdaithe faoi na scéimeanna éagsúla atá i bhfeidhm. Is dul chun cinn suntasach é sin. Ní miste a aithint go n-athraíonn feidhmeanna comhlachtaí poiblí agus go ndéantar cuid dóibh a scor ó am go chéile. Mar shampla, tá na boird oideachais agus oiliúna tagtha in áit na gcoistí gairmoideachais. Tá iarrtha agam ar gach ceann de na boird úra scéim teanga a ullmhú.

Faoi láthair, tá plé gníomhach ar siúl ag mo Roinn le 128 comhlacht poiblí maidir le scéimeanna teanga a aontú. Tá sé aitheanta cheana féin go bhfuil an próiseas chun scéimeanna teanga a aontú casta. Tá céimeanna éagsúla chun an córas a éascú á mbeartú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe ar an Acht. Tá na dréacht-chinn den Bhille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú ullmhaithe. Tá mé ag súil iad a chur faoi bhráid an Rialtais ag tús na hathbhliana. Chomh maith leis na leasuithe éagsúla atá beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht, beidh leasuithe i gceist fosta a bhaineann le cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman. Ba mhaith liom a threisiú nach gcuirfidh an cónascadh seo isteach ar neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus go bhfanfaidh an oifig sa Ghaeltacht.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís don Choimisinéir Teanga as an méid a d'éirigh leis a chur i gcrích in achar deich mbliana. Ní inniu ná inné a aithníodh na constaicí agus na dúshláin a bhaineann le mionteanga, in ainneoin gurb í ár dteanga náisiúnta í, a chur chun cinn taobh le taobh le mórtheanga domhanda. Is ábhar misnigh dúinn ar fad é go maireann an Ghaeilge go fóill mar theanga bheo agus go bhfuil dea-thoil ann di i measc an phobail i gcoitinne. Níl aon amhras ach go ndearna an coimisinéir a chion féin chun feasacht maidir le cearta teanga agus dualgais teanga i leith na Gaeilge a ardú.

Tá súil agam go rachaidh an té a thiocfaidh i gcomharbacht ar an Choimisinéir Teanga i mbun oibre chomh díograiseach agus chomh fuinniúil céanna leis an chéad choimisinéir chun tógáil ar an dúshraith láidir atá leagtha síos aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.