Seanad debates

Thursday, 12 December 2013

Adjournment Matters

Oifig an Choimisinéara Teanga

5:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá mé an-sásta go bhfuil sé anseo tráthnóna leis an gceist fhíorthábhachtach seo a phlé. Tá mé thar a bheith díomách le Ceannaire an Tí ós rud é nach raibh sé sásta go mbeadh díospóireacht againn ar an ábhar fíorthromchúiseach seo; sé sin, éirí as an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Aithníonn muid ar fad an ról tábhachtach a bhaineann le hOifig an Choimisinéara Teanga. Tá sé tábhachtach a aithint freisin gur ról ombudsman atá i gceist. Níl an coimisinéir mar an gcéanna le daoine eile atá ceaptha ag an Aire, ar nós ball nó cathaoirleach ar bhord Stáit. Tá an Coimisinéir Teanga ceaptha mar ombudsman faoi shéala an Uachtaráin, rud a thugann gradam agus neamhspleáchas faoi leith don ról sin. Sílim go n-aithnítear go forleathan go bhfuil jab fíormhaith déanta ag Seán Ó Cuirreáin sa ról sin le deich mbliana anuas. B'éigean dó an oifig a bhunú, mar go raibh reachtaíocht nua i gceist ag an am, le cearta a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh a gcuid gnóthaí a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge. Bíonn na scéimeanna teanga atá réitithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta á bplé ag an oifig. Tá sórt jab maoirseachta le déanamh ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis na scéimeanna sin a chur i bhfeidhm.

Tháinig sé aniar aduaidh orainn ar fad nuair a tháinig an coimisinéir os comhair an chomhchoiste an tseachtain seo caite. D'fhógair sé go bunúsach go bhfuil air éirí as a ról ar bhonn phrionsabal - sé sin, nach mbraitheann sé i ndáiríre gur féidir leis aon dul chun cinn breise a dhéanamh sa ról sin mar gheall ar an easpa tacaíochta ón Rialtas. Is náireach go deo an mhaise don Rialtas é go gcaithfidh ombudsman éirí as a phost ar an mbunús sin. Tá súil agam go bhfuil náire ar an Aire Stáit go bhfuil sé seo tarluithe fad is atá sé freagrach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Tá cuid mhaith moltaí curtha chun cinn ag an gCoimisiéir Teanga, agus cuid mhaith cáineadh déanta aige ar na Ranna Stáit agus na heagrais Stáit nach bhfuil ag comhlíonadh a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Aírím ansin daingniú scéimeanna teanga. Tá an tAire Stáit ag feidhmiú mar Aire na Gaeltachta. Tá sé freagrach as an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. Tá an Roinn fhreagrach as daingniú scéimeanna teanga. Tá 75% de na scéimeanna teanga imithe in éag. Céard atá ar bun i Roinn na Gaeltachta nach bhfuil sé in ann fiú na scéimeanna teanga a dhaingniú, rud a chinnteodh go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh an bealach ina dtiocfadh lucht labhartha na Gaeilge i muinín seirbhísí Stáit a fháil trí mheán na Gaeilge? Tá cuid mhaith tuarascálacha leagtha ag an gCoimisinéir Teanga os comhair Thithe an Rialtais. Baineann cuid acu le Ranna éagsúla, ar nós na Roinne Coimirce Sóisialaí. Is beag atá déanta aige leis na moltaí atá curtha ag an gcoimisinéir faoinár mbráid a chur i bhfeidhm.

Dá n-éireodh an tOmbudsman do Leanaí, Emily Logan, as a post ar an gcaoi ar éirigh Seán Ó Cuirreáin as a phost, nó dá éireodh Emily O'Reilly as a post mar Ombudsman nuair a bhí sí sa ról sin, agus iad a rá nach raibh tacaíocht an Stát á fháil acu, bheadh sé ina chogadh dearg. Is beag suim atá an Rialtas ag léiriú sa cheist seo. Chuir siad fógra amach chun "slán le Seán" a rá, agus tá sé i gceist acu fógra eile a chur sna páipéirí ag lorg duine éigin eile. Níl sé sin maith go leor. Céard atá sé i gceist ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhéanamh idir an dá linn, fad is atá comharba le ceapadh, leis na moltaí a rinne Seán Ó Cuirreáin nuair a bhí sé mar Choimisinéir Teanga a chur i bhfeidhm go praiticiúil ar an talamh? An dtabharfaidh siad na hacmhainní cuí agus an tacaíocht chuí? Go leor den am, ní ceist airgid atá i gceist anseo ach toil agus toil pholaitiúil. An bhfuil an tAire Stát ag fáil tacaíocht óna chomhghleacaithe ar bord an Rialtais? Tá faitíos orainn go bhfuil sé ina aonar agus an coirnéal seo á troid aige. Tá imní orainn nach bhfuil le fáil aige ag bord an Rialtais ach an chluas bhodhar.

Tá lucht na Gaeilge agus pobal na Gaeilge ar buile leis an méid atá tarluithe le déanaí. Is dócha gurb é seo an rud is tromchúisí atá tarluithe le cuimhne na ndaoine ó thaobh saol na Gaeilge de. Ba cheart don Rialtas an t-imeacht seo a thógáil i bhfad níos dáiríre. Tá sé de dhualgas orthu gach gur féidir leo a dhéanamh le cinntiú go bhfaighidh an duine a thiocfaidh i gcomharbas ar Sheán Ó Cuirreáin an tacaíocht riachtanach. Sa chomhthéacs sin, cá bhfuil Acht na Gaeltachta? Cá bhfuil an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhí le déanamh le dhá bhliain anuas? Tá moltaí faighte ag an Aire Stáit agus tá tuarascáil réitithe. Ní fhaca muid na moltaí sin go dtí seo. Tá súil agam nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas lagú a dhéanamh ar an Acht sin anois agus na moltaí sin á dtabhairt isteach gan aon choimisinéir sa ról. Tá mé ag súil le freagra an Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.