Seanad debates

Wednesday, 23 May 2012

7:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is trua go gcaithfidh méé a tharraingt isteach ar lá chomh breá leis seo ach is lá breáé thiar i Ros Muc chomh maith céanna, táim cinnte. Baineann an cheist atá curtha agam ar an Athló tráthnóna leis an ionad oidhreachta a bhí beartaithe in onóir Phádraig Mhic Phiarais i gceantar Ros Muc. Mar atá a fhios ag gach duine, duine de laochra na Cásca a bhí ann sa Phiarsach ach duine ildánach é chomh maith, fear dlí, fear léannta, múinteoir Ghaeilge, oideachasóir agus duine na bpríomhdhaoine a bhí bainteach le hÉirí Amach 1916 agus an phleanáil ar fad a chuaigh isteach ansin. Thugadh Pádraig Mac Piarais cuairt go rialta ar Ros Muc. Tá an teachín beag a cheannaigh sé ansin coinnithe faoi scáth Oifig na nOibreacha Poiblí go fóill. Bíonn cuid mhaith cuairteoirí ansin agus bíonn comóradh ansin go rialta. Roinnt blianta ó shin tháinig daoine le chéile ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, daoine ón gceantar féin, Oifig na nOibreacha Poiblí agus mar sin agus bhí pléá dhéanamh go dtógfaí ionad mínithe in onóir Phádraig Mhic Phiarais, agus go ndéanfaí sin ag suíomh in aice le láthair an tí i Ros Muc. Bheadh buntáistí ag baint leis sin ach an príomhrud ná go mbeadh sé ag tabhairt aitheantais mar is cuí don laoch ildánach seo. Bheadh sé iontach tábhachtach ó thaobh an cheantair féin de. Is ceantar é nach bhfuil an t-uafás séadchomharthaí náisiúnta ann agus níl an oiread sin tarraingt ar an turasóir ar an bhóthar sin ach go háirithe agus tharraingeodh sé daoine isteach go deisceart Chonamara as gach áit ar fud an domhain mar bheadh aithne ar Phádraig Mac Piarais ar fud an domhain. De réir mar a thuigim, bhí pleananna ullmhaithe, cuid mhaith taighde déanta, ailtirí de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair ar phlean, agus is cosúil go ndearnadh staidéar féidearthachta fiú ar an láthair agus go raibh seo gar a bheith réidh le cur i gcrích.

Ach ó shin i leith, níor chuala muid aon rud faoi. Táimid ag teannadh le 2016, ceiliúradh 100 bliain comóradh Éirí Amach na Cásca 1916. Bhí mé ag labhairt le roinnt daoine sa gceantar aimsir na Cásca agus bhraitheadar gur cóir ceist a chur an bhfuil plean ag an Rialtas aitheantas cuí a thabhairt do Phádraig Mac Piarais i gcóir 2016 agus an mbeadh sé i gceist ionad mínithe a thógáil, mar a bhí beartaithe. An bhfuil an plean sin fós ag an Rialtas agus an bhfuil sé i gceist é a bhrú chun cinn i gceantar Rosmuc mar chuid den chomóradh seo? Arís, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus fáiltím roimh an scéal atá aige dúinn.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an ábhar seo, a luíonn le mo chroí féin, a thógáil anseo ar an Athló. Thug mé cuairt níos mó ná uair amháin ar theach an Phiarsaigh i Rosmuc. Ar cheann de na laethanta ar thug mé cuairt ann, bhí an aimsir cosúil leis an lá inniu. Ní iarrthadh éinne an áit a fhágáil agus tuigim cén fáth gur thit Pádraig Mac Piarais i ngrá leis an ceantar agus le muintir na háite. Lá eile, agus ní raibh an aimsir thar moladh beirte. Ach is cuma cé acu atá an lá go maith ná go holc, nuair a thugann muid cuairt ar Rosmuc agus go speisialta ar theach an Phiarsaigh go bhfuil dúthracht éigin ag baint leis agus gur fiú go mór é a dhéanamh.

Mar atá ráite ag an Seanadóir, chaith Pádraig Mac Piarais a chuid saoire i rith an tsamhraidh i Ros Muc. Is cinnte go bhfaigheann cuairteoirí ar Theach an Phiarsaigh léargas ann ar an bPiarsach mar réabhlóidí. Ina theannta sin, faigheann siad léeargas ann ar ghnéithe eile den Phiarsach mar oideachasóir, mar scríbhneoir agus, go mór mhór, mar ghníomhaí paiseanta ar son na Gaeilge.

Tuigim go bhfuil plé ar siúl le cúpla bliain anuas chun ionad cuairteoirí a fhorbairt ag suíomh Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Mar thoradh ar na cainteanna idir na páirtithe éagsúla, lena n-airítear mo Roinn féin, an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Údarás na Gaeltachta, aontaíodh tabhairt faoi ionad cuairteoirí a fhorbairt gar don teach agus bunaíodh grúpa idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Údarás na Gaeltachta chun an tionscnamh a chur chun cinn. Is í an aidhm atá leis an gcomhoibriú seo ná maoiniú a aimsiú don fhorbairt, an obair ar an talamh a bhainistiú agus socruithe a dhéanamh chun an t-ionad abhainistiú nuair a bheidh sé tógtha. Tááthas orm a rá go bhfuil an tionscnamh tugtha chuig staid réamhphleanála ag an ngrúpa seo le sonraíochtaí iomlána do na foirgnimh molta agus d'fheistiú na bhfoirgneamh ina dhiaidh sin. San áireamh sa tionscnamh, tááiseanna éagsúla ar nós ionad cuairteoirí nua-thógtha, cosán léirmhínithe agus, ar ndóigh, an teach stairiúil féin.

Tá i gceist go mbeidh an t-ionad mar lárphointe cultúrtha i gConamara do chuairteoirí idirnáisiúnta agus náisiúnta agus go gcuirfidh sé feabhas mór ar áiseanna do chuairteoirí sa réigiún i gcoitinne. Tabharfaidh an t-ionad léargas do chuairteoirí ar thábhacht na Gaeilge don náisiún i súile an Phiarsaigh agus ar thábhacht chultúr na Gaeltachta agus an tírdhreach morthimpeall i gConamara mar thobar ár n-oidhreachta. Cuirfidh an t-ionad scéal an Phiarsaigh i láthair an chuairteora trí léargas a thabhairt ar na nithe dúchasacha a tharraing go Ros Muc é an chéad lá riamh. Tugann suíomh Teach an Phiarsaigh i nGaeltacht Chonamara, atá ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh labhairt na teanga de, deis don chuairteoir blaiseadh a fháil dár dteanga agus dár gcultúr atá chomh lárnach dár bhféiniúlacht sa lá atá inniu ann is a bhí le linn ré an Phiarsaigh.

Cruthaíonn an éagsulacht a bhain le saol an Phiarsaigh go leor deiseanna dóibh siúd atá i mbun an tionscnaimh seo an t-ionad a fhorbairt, bunaithe ar iliomad téamaíéagsúla. I mease na dtéamaí sin, tá an Piarsach mar scríibhneoir polaitiúil agus cruthaitheach, mar oideachasóir, mar réabhlóidí agus mar ghníomhaí ar son na Gaeilge, chomh maith le téamaí níos leithne maidir leis an nGaeilge agus cultúr na Gaeltachta gan trácht ar stair Ros Muc agus Chonamara. Níl aon amhras ach go gcruthóidh an fhorbairt seo deiseanna iontacha, ni hamháin do phobal Ros Muc, ach do phobal an réigiúin chomh maith. Is cinnte go dtabharfaidh an fhorbairt seo luach suntasach breise turasóireachta agus cultúrtha don réigiún, go háirithe ó thaobh na turasóireachta cultúrtha de. Tabharfaidh sé deis don turasóir blaiseadh a fháil ar na nithe a thug inspioráid don Phiarsach ina chuid scríbhneoireachta - an tírdhreach sceirdiúil, an talamh portaigh, na lochanna, na sléibhte agus an fharraige, gan trácht ar theanga agus ar chultúr na ndaoine.

Tuigtear dom go bhfuil dul chun cinn maith déanta go dáta maidir le forbairt an ionaid. Tá iarratas chun an togra a mhaoiniú le Fáilte Éireann faoi láthair agus táthar ag súil le cinneadh maidir leis an iarratas seo am éigin i lár na bliana seo. Máéiríonn leis an togra tacaíocht a fháil faoin gclár maoinithe caipitil de chuid Fáilte Éireann, tosófar láithreach ar an bpróiseas pleanála agus ar phróisis gaolmhara. Meastar go bhféadfadh an t-ionad ioncam measta de suas go €4 milliún sa bhliain a ghiniúint, bunaithe ar 60,000 cuairteoir chuig an ionad. Meastar freisin go bhféadfadh cuairteoirí eachtrannacha idir €1.4 milliún agus €2.3 milliún a chaitheamh in Éirinn in aghaidh na bliana, ag eascairt go díreach ón tionscnamh seo. Ach gach rud ag dul ar aghaidh mar atá beartaithe agus, ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fail, bhéifí ag súil go dtosófaí ar an obair thógála go luath in 2014 le clár tógála measta de 20 mí. Ag brath ar na cuinsí uile, d'fhéadfadh an t-ionad a bheith réidh do chomóradh an chéid ar Éiri Amach na Cásca 1916.

Sílim go bhfuil sé oiriúnach ar fad an leacht a bheith ann. An dualgas atá orainn go léir ná gur amhlaidh a bheidh sé faoin bhliain 2016. Gabhaim buíochas arís leis an Seanadóir as an ábhar seo a ardú. Tá mé cinnte go gcoinneoidh sé i dteagmháil liom faoin ábhar.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim míle buíochas leis an Aire Stáit. Cuireann a fhreagra ríméad orm mar bhí go leor daoine den tuairim go raibh an togra seo marbh. Is breá a cloisteáíl go mbeidh sé ag tarlú. Tá ríméad orm faoi sin agus tréaslaím leis an Aire Stáit as an bhreagra. Táimid ag súil go mór le seo. Tá ceist bheag amháin agam. An bhfuil an Aire Stáit in ann léargas a thabhairt dúinn ar chén sórt buiséad tógála atá leis agus ar chén príomh tiománaí a bheidh i gceannas ar an togra. Cé acu de na heagrais, an dá Roinn, Údarás na Gaeltachta nó Oifig na nOibreacha Poiblí a bheidh ag tiomáint an togra chun cinn, sa gcaoi gur féidir linn brú leanúnach a choinneáil orthu?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar adúirt mé tá baint ag mo Roinn, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann le seo. Tá an rud á phlé i láthair na huaire. Ag an pointe seo, nílimid ag an pointe, chomh fada agus is eol dom, go bhuil costais measta, ach táimid ag súil go mbeidh siad sin ar fáil i lár na bliana.