Seanad debates

Wednesday, 23 May 2012

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

 

7:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is trua go gcaithfidh méé a tharraingt isteach ar lá chomh breá leis seo ach is lá breáé thiar i Ros Muc chomh maith céanna, táim cinnte. Baineann an cheist atá curtha agam ar an Athló tráthnóna leis an ionad oidhreachta a bhí beartaithe in onóir Phádraig Mhic Phiarais i gceantar Ros Muc. Mar atá a fhios ag gach duine, duine de laochra na Cásca a bhí ann sa Phiarsach ach duine ildánach é chomh maith, fear dlí, fear léannta, múinteoir Ghaeilge, oideachasóir agus duine na bpríomhdhaoine a bhí bainteach le hÉirí Amach 1916 agus an phleanáil ar fad a chuaigh isteach ansin. Thugadh Pádraig Mac Piarais cuairt go rialta ar Ros Muc. Tá an teachín beag a cheannaigh sé ansin coinnithe faoi scáth Oifig na nOibreacha Poiblí go fóill. Bíonn cuid mhaith cuairteoirí ansin agus bíonn comóradh ansin go rialta. Roinnt blianta ó shin tháinig daoine le chéile ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, daoine ón gceantar féin, Oifig na nOibreacha Poiblí agus mar sin agus bhí pléá dhéanamh go dtógfaí ionad mínithe in onóir Phádraig Mhic Phiarais, agus go ndéanfaí sin ag suíomh in aice le láthair an tí i Ros Muc. Bheadh buntáistí ag baint leis sin ach an príomhrud ná go mbeadh sé ag tabhairt aitheantais mar is cuí don laoch ildánach seo. Bheadh sé iontach tábhachtach ó thaobh an cheantair féin de. Is ceantar é nach bhfuil an t-uafás séadchomharthaí náisiúnta ann agus níl an oiread sin tarraingt ar an turasóir ar an bhóthar sin ach go háirithe agus tharraingeodh sé daoine isteach go deisceart Chonamara as gach áit ar fud an domhain mar bheadh aithne ar Phádraig Mac Piarais ar fud an domhain. De réir mar a thuigim, bhí pleananna ullmhaithe, cuid mhaith taighde déanta, ailtirí de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair ar phlean, agus is cosúil go ndearnadh staidéar féidearthachta fiú ar an láthair agus go raibh seo gar a bheith réidh le cur i gcrích.

Ach ó shin i leith, níor chuala muid aon rud faoi. Táimid ag teannadh le 2016, ceiliúradh 100 bliain comóradh Éirí Amach na Cásca 1916. Bhí mé ag labhairt le roinnt daoine sa gceantar aimsir na Cásca agus bhraitheadar gur cóir ceist a chur an bhfuil plean ag an Rialtas aitheantas cuí a thabhairt do Phádraig Mac Piarais i gcóir 2016 agus an mbeadh sé i gceist ionad mínithe a thógáil, mar a bhí beartaithe. An bhfuil an plean sin fós ag an Rialtas agus an bhfuil sé i gceist é a bhrú chun cinn i gceantar Rosmuc mar chuid den chomóradh seo? Arís, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus fáiltím roimh an scéal atá aige dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.