Seanad debates
Wednesday, 23 May 2012
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
7:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an ábhar seo, a luíonn le mo chroí féin, a thógáil anseo ar an Athló. Thug mé cuairt níos mó ná uair amháin ar theach an Phiarsaigh i Rosmuc. Ar cheann de na laethanta ar thug mé cuairt ann, bhí an aimsir cosúil leis an lá inniu. Ní iarrthadh éinne an áit a fhágáil agus tuigim cén fáth gur thit Pádraig Mac Piarais i ngrá leis an ceantar agus le muintir na háite. Lá eile, agus ní raibh an aimsir thar moladh beirte. Ach is cuma cé acu atá an lá go maith ná go holc, nuair a thugann muid cuairt ar Rosmuc agus go speisialta ar theach an Phiarsaigh go bhfuil dúthracht éigin ag baint leis agus gur fiú go mór é a dhéanamh.
Mar atá ráite ag an Seanadóir, chaith Pádraig Mac Piarais a chuid saoire i rith an tsamhraidh i Ros Muc. Is cinnte go bhfaigheann cuairteoirí ar Theach an Phiarsaigh léargas ann ar an bPiarsach mar réabhlóidí. Ina theannta sin, faigheann siad léeargas ann ar ghnéithe eile den Phiarsach mar oideachasóir, mar scríbhneoir agus, go mór mhór, mar ghníomhaí paiseanta ar son na Gaeilge.
Tuigim go bhfuil plé ar siúl le cúpla bliain anuas chun ionad cuairteoirí a fhorbairt ag suíomh Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Mar thoradh ar na cainteanna idir na páirtithe éagsúla, lena n-airítear mo Roinn féin, an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Údarás na Gaeltachta, aontaíodh tabhairt faoi ionad cuairteoirí a fhorbairt gar don teach agus bunaíodh grúpa idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Údarás na Gaeltachta chun an tionscnamh a chur chun cinn. Is í an aidhm atá leis an gcomhoibriú seo ná maoiniú a aimsiú don fhorbairt, an obair ar an talamh a bhainistiú agus socruithe a dhéanamh chun an t-ionad abhainistiú nuair a bheidh sé tógtha. Tááthas orm a rá go bhfuil an tionscnamh tugtha chuig staid réamhphleanála ag an ngrúpa seo le sonraíochtaí iomlána do na foirgnimh molta agus d'fheistiú na bhfoirgneamh ina dhiaidh sin. San áireamh sa tionscnamh, tááiseanna éagsúla ar nós ionad cuairteoirí nua-thógtha, cosán léirmhínithe agus, ar ndóigh, an teach stairiúil féin.
Tá i gceist go mbeidh an t-ionad mar lárphointe cultúrtha i gConamara do chuairteoirí idirnáisiúnta agus náisiúnta agus go gcuirfidh sé feabhas mór ar áiseanna do chuairteoirí sa réigiún i gcoitinne. Tabharfaidh an t-ionad léargas do chuairteoirí ar thábhacht na Gaeilge don náisiún i súile an Phiarsaigh agus ar thábhacht chultúr na Gaeltachta agus an tírdhreach morthimpeall i gConamara mar thobar ár n-oidhreachta. Cuirfidh an t-ionad scéal an Phiarsaigh i láthair an chuairteora trí léargas a thabhairt ar na nithe dúchasacha a tharraing go Ros Muc é an chéad lá riamh. Tugann suíomh Teach an Phiarsaigh i nGaeltacht Chonamara, atá ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh labhairt na teanga de, deis don chuairteoir blaiseadh a fháil dár dteanga agus dár gcultúr atá chomh lárnach dár bhféiniúlacht sa lá atá inniu ann is a bhí le linn ré an Phiarsaigh.
Cruthaíonn an éagsulacht a bhain le saol an Phiarsaigh go leor deiseanna dóibh siúd atá i mbun an tionscnaimh seo an t-ionad a fhorbairt, bunaithe ar iliomad téamaíéagsúla. I mease na dtéamaí sin, tá an Piarsach mar scríibhneoir polaitiúil agus cruthaitheach, mar oideachasóir, mar réabhlóidí agus mar ghníomhaí ar son na Gaeilge, chomh maith le téamaí níos leithne maidir leis an nGaeilge agus cultúr na Gaeltachta gan trácht ar stair Ros Muc agus Chonamara. Níl aon amhras ach go gcruthóidh an fhorbairt seo deiseanna iontacha, ni hamháin do phobal Ros Muc, ach do phobal an réigiúin chomh maith. Is cinnte go dtabharfaidh an fhorbairt seo luach suntasach breise turasóireachta agus cultúrtha don réigiún, go háirithe ó thaobh na turasóireachta cultúrtha de. Tabharfaidh sé deis don turasóir blaiseadh a fháil ar na nithe a thug inspioráid don Phiarsach ina chuid scríbhneoireachta - an tírdhreach sceirdiúil, an talamh portaigh, na lochanna, na sléibhte agus an fharraige, gan trácht ar theanga agus ar chultúr na ndaoine.
Tuigtear dom go bhfuil dul chun cinn maith déanta go dáta maidir le forbairt an ionaid. Tá iarratas chun an togra a mhaoiniú le Fáilte Éireann faoi láthair agus táthar ag súil le cinneadh maidir leis an iarratas seo am éigin i lár na bliana seo. Máéiríonn leis an togra tacaíocht a fháil faoin gclár maoinithe caipitil de chuid Fáilte Éireann, tosófar láithreach ar an bpróiseas pleanála agus ar phróisis gaolmhara. Meastar go bhféadfadh an t-ionad ioncam measta de suas go €4 milliún sa bhliain a ghiniúint, bunaithe ar 60,000 cuairteoir chuig an ionad. Meastar freisin go bhféadfadh cuairteoirí eachtrannacha idir €1.4 milliún agus €2.3 milliún a chaitheamh in Éirinn in aghaidh na bliana, ag eascairt go díreach ón tionscnamh seo. Ach gach rud ag dul ar aghaidh mar atá beartaithe agus, ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fail, bhéifí ag súil go dtosófaí ar an obair thógála go luath in 2014 le clár tógála measta de 20 mí. Ag brath ar na cuinsí uile, d'fhéadfadh an t-ionad a bheith réidh do chomóradh an chéid ar Éiri Amach na Cásca 1916.
Sílim go bhfuil sé oiriúnach ar fad an leacht a bheith ann. An dualgas atá orainn go léir ná gur amhlaidh a bheidh sé faoin bhliain 2016. Gabhaim buíochas arís leis an Seanadóir as an ábhar seo a ardú. Tá mé cinnte go gcoinneoidh sé i dteagmháil liom faoin ábhar.
No comments