Seanad debates

Wednesday, 15 June 2005

7:00 pm

Photo of Paul CoghlanPaul Coghlan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I wish to share my time with Senator O'Toole.

Rory Kiely (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is that agreed? Agreed.

Photo of Paul CoghlanPaul Coghlan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I welcome the Minister to the House. Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom labhairt faoin chinneadh conspóideach an t-ainm "Dingle" a bhaint anuas de na comharthaí bóthair lasmuigh de Ghaeltacht Chorca Dhuibhne.

Tá clú agus cáil ar an bhaile beag seo in iarthar Chiarraí, "Dingle". Baile agus ceantar mór feirmeoireachta agus iascaigh ab ea é uair. Cé go bhfuil siúd fós i gceist is i dtionscail na turasóireachta is mó go bhfuil cáil bainte amach aige anois.

Níl a fhios agam an dtuigeann an tAire an díobháil a dhéanfaidh sé leis an chinneadh uafásach seo an t-ainm Dingle a chaitheamh anuas. Is fiú €100 milliún euro an turasóireacht don cheantar le os cionn 50% den lucht oibre bainteach leis — tá an-chuid daoine tagtha abhaile ó Mheiriceá agus Sasana, chun a gclanna a thógáil.

Mar sin, ní cheart don Aire a bheith ag cur a lámh isteach i dtionscail nó in ainm áite — go mórmhór an "Dingle" brand name. Mar a deir an seanfhocal, ná dein nós — ná bris nós.

I appeal to the Minister to carry out a consultation on this matter. Everybody is in favour of a bilingual situation on the roads outside the Gaeltacht. We are only causing confusion for tourists, however, by having road signs for Dingle only in Irish. Our roads are twisty and winding enough without having visitors straining to read signs and trying to understand An Daingean when they are more familiar with the placename of Dingle. People's views must count because we live in a democracy. I appeal to the Minister to allow for bilingual road signs. That is what the people of Dingle town want, in addition to those on the Dingle peninsula and in County Kerry generally. That is what the local authorities want also.

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá an moladh seo chomh scannalach le rud ar bith atá déanta againn ó thaobh airgead a chur amú, airgead a thig linn a infheistiú ar son mhuintir na Gaeltachta nó ar son na Gaeilge. Conas mar a tharla nach bhfuil a gcearta daonlathacha ar fáil do mhuintir Chorca Dhuibhne agus muintir Dhaingean Uí Chúis sa nGaeilge?

An gcuimhin leis an Aire 40 bliain ó shin nuair a rinne an Bhreatain iarracht to change the name of this country to Éire against the wishes of the Irish people? At that stage the Taoiseach of the day, Éamon de Valera made it quite clear that the name of this country in English was Ireland, and in Irish it was Éire agus nach mbeadh aon mheascadh idir an bheirt. Níl ann ach dhá bhliain ó rinne muintir Moyvane gach iarracht logainm na háite a aistriú ó Newtownsandes because it was named after one of the most terrible landlords ever seen in north Kerry. Cuireadh chun vóta é agus bhí tromlach na ndaoine i bhfábhar an logainm a athrú ó Newtownsandes go dtí Moyvane but it was not done because not enough people took part in the election. That was democracy at work.

Recently, I saw that the residents of a small street in Dublin wanted to change the street's name. They were required by the council to have a full referendum in order to do that. Cén fáth nach mbeadh an seans céanna ag muintir Chorca Dhuibhne agus muintir na n-áiteanna eile tríd an tír a n-aistreoidh an tAire logainm a mbailte? Cén fáth nach bhfuil dátheangachas ar fáil, mar a bhí mar aidhm againn le tacaíocht a thabhairt don Ghaolainn? Cad é tá cearr leis An Daingean agus Dingle a bheith ar an fhógra céanna? Cén fáth go bhfuil muid ag cur isteach ar mhuintir na háite agus ag cur embarrassment ar mhuintir na Gaeltachta mar seo?

I appeal to the Minister to take another look at this matter and to consult the people of west Kerry on the issue, as well as the people of other parts of the Gaeltachtaí and the breac-Ghaeltachtaí. In a democratic country, they deserve to be heard.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé beagáinín faoi dhá bhliain ó ghlac dhá Theach an Oireachtais leis an Acht Teanga. B'fhéidir go bhfuil dearmad déanta ag na Seanadóirí air sin, mar seo ceann d'fhorálacha an Achta. Ní dhearna mé tada ach deimhniú a dhéanamh agus ordú a dhéanamh faoin Acht i gcás 2,319 logainm. Na Seanadóirí, áfach, a rinne an cinneadh. Níor chuir éinne atá ag labhairt anocht ina choinne.

Tháinig dréacht-ordú faoi mo bhráid an samhradh seo caite agus aontaím leis an rud atá ráite faoi dhul i gcomhairle. Ní amháin go ndeachaigh mé i gcomhairle go hoifigiúil, ach le go mbeadh a fhios ag muintir na Gaeltachta céard a bhí ar bun, shocraigh mé go mbeinn ag dul i gcomhairle go cuimsitheach. Rinne mé sin agus fuair mé aighneachtaí. Tógadh na haighneachtaí sin san áireamh nuair a rinneadh an t-ordú— 24 acu a fuair muid. Dheimhnigh mé ansin an t-ordú ní i gcás logainm amháin ach i gcás 2,319 ainm ar fad.

Tá muid ag caint ar rogha. Níor chuala mé aon duine ag rá go raibh sé uafásach nach raibh ach ainm oifigiúil amháin ar Dhún Chaoin go dtí Luan Cásca na bliana seo. Sin Dunquin, agus ní raibh a leithéid is Dún Chaoin ann go hoifigiúil. Ní raibh Baile an Fhéirtearaigh, An Daingean, an Ceathrú Rua, Carn na Móna nó Ros Muc ann. Ní raibh aon seasamh oifigiúil ag aon cheann de na logainmneacha sin ar fud na Gaeltachta agus bhí an ceart ag an Teach seo sin a cheartú.

Deir an reachtaíocht a d'achtaigh muid, agus bhí muid go léir páirteach ann, gur féidir an leagan Béarla a úsáid ach i gceithre ní— Achtanna an Oireachtais agus Ionstraim Reachtúla, comharthaí sráide agus bóthair agus léarscáileanna a ndéanfaidh mé ordú ina leith — níl i gceist faoi láthair leis na léarscáileanna ach na cinn mhóra a úsáidtear le clárú talún. Anois, in ionad an mhasla atá ann do phobal na Gaeltachta go bhfuil muintir na Trá Báine agus na Carraige Thiar cláraithe faoi Trabane agus Carrick West, beidh siad anois cláraithe i dteanga an phobail.

Tá seafóid ar bun faoi cheist na gcomharthaí bóthair agus na dturasóirí. Feicim i nuachtáin ailt ag rá go mbeidh turasóirí ag dul amú. Níor athraíodh fiú comhartha bóthair amháin fós. Tá na comharthaí sin ann de réir orduithe a rinne Bobby Molloy 35 bliain ó shin. Má tá turasóirí ag dul amú anois, caithfidh go raibh siad ag dul amú le 35 bliain. B'fhéidir go raibh, ach níor athraigh mé comharthaí bóthair fós.

Rinne Bobby Molloy ordú go mbeadh na comharthaí bóthair i nGaeilge amháin sa nGaeltacht i 1970. Cén fáth a ndearnadh an t-ordú sin? Mar bhí pobal na Gaeltachta ar buille faoi na comharthaí dátheangacha. B'fhéidir nach gcuimhin leis na Seanadóirí sin ach is cuimhin liom é. Aon uair a chuirfí comhartha bóthair dátheangach suas sa nGaeltacht, thiocfadh dream le péint san oíche agus scriosfaidís an Béarla. Athraíodh mar gheall air sin na comharthaí bóthair sa nGaeltacht go Gaeilge amháin.

Tá rudaí i láthair na huaire áiféiseach. Máéiríonn duine ó eitleán sa bhFearann Fuar anois agus téann sé chuig an gcrosbhóthar ansin, feicfidh sé comhartha don Daingean. Faoi láthair deir an comhartha bóthair sin Dingle agus An Daingean. Ar an léarscáil deir sé Dingle amháin. Ní bhreathnaíonn sé ar an leagan Gaeilge, feiceann sé Dingle, feiceann sé ar an léarscáil é agus téann sé an treo sin. Ní thuigeann an turasóir teorannacha Gaeltachta, téann sé isteach go dtí An Daingean agus tá comhartha ansin a deir rud amháin. Níl aon Dingle le feiceáil níos mó; níl an logainm ach ar an léarscáil. Go tobann tá An Daingean roimhe. Rinne sé dearmad go raibh An Daingean thíos faoi Dingle ar an gcomhartha nuair a bhí sé sa bhFearann Fuar. Go tobann tá sé amú— bíonn daoine mar seo ag teacht isteach i mBaile an Fhéirtearaigh ar lorg Dingle fós.

Céard a tharlódh anois? Tiocfaidh an duine céanna go dtí an Fearann Fuar san eitleán agus rachaidh sé isteach sa gcarr. Féachfaidh sé ar an léarscáil agus feicfidh sé, mar tá socrú déanta le Collins, an AA agus an Ordnance Survey, Dingle agus An Daingean. Feicfidh sé an comhartha agus déarfaidh sé "Nach ionann Dingle agus An Daingean mar tá sé ar an léarscáil?" Mar a thuigimid féin gurb ionann Florence agus Firenze. Nuair a thiocfaidh sé chomh fada leis An Daingean, tuigfidh sé go bhfuil léarscáil dátheangach aige, gurb ionann Dingle agus An Daingean agus stopfaidh sé ansin. In ionad bheith ag dul amú, beidh a fhios aige nuair a bheidh a cheann scríbe bainte amach aige agus ní bheidh aon fhadhb ann.

Tá mistéir ann. Cén fáth gur thóg sé 35 bliain ar na comhlachtaí na léarscáileanna seo a cheartú? An fhadhb go dtí seo ná go raibh na léarscáileanna ag taispeáint rud amháin taobh istigh den nGaeltacht agus na comharthaí ag taispeáint rud eile. Shíl mé gur cheart sin a cheartú agus ní thuigim cén fáth go mbeadh an comhartha difriúil taobh istigh nó taobh amuigh den nGaeltacht don áit céanna. An rud ciallmhar ná an rud a rinne an Teach seo.

Mura bhfuil seo sásúil, tig le Seanadóirí dul isteach agus reachtaíocht nua a chur i bhfeidhm, mar baineann seo le gach logainm Gaeltachta a bhfuil ordú déanta leis — 2,319 acu — agus ní bhfuair mé ceist fiú ach faoi cheann amháin — An Daingean. Is léir ansin ón vox pop, agus cinnte is léir ón méid a dúirt muintir na nDúnaibh——

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)
Link to this: Individually | In context

Bhí 3,000 ceist eile le cur os comhair an Aire.

Rory Kiely (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

The Minister must conclude. There are two other matters on the Adjournment and there is a time limit.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Molaim an Seanadóir, agus má tá sin ar intinn aige, tig leis leasú a thabhairt isteach ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus pléifimid an cheist ansin mar ní féidir liom rud ar bith a dhéanamh faoi seo gan leasú Achta. Ní bheidh mise ag moladh leasuithe ar an Acht ach is Parlaimint dhaonlathach seo, agus is féidir leis an Seanadóir leasú a mholadh agus pléifear é.

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá an tAire ag dul i gciorcal; níl sé ag baint leis an argóint ar chor ar bith. An loighic atá ráite aige, má tá sé le rá ag muintir Dhún Chaoin gur sin ainm na háite, sin mar is fearr leo é. An deacracht anseo ná má tá muid sásta dul sa dtreo sin, cén fáth nach mbeidh an rogha ag muintir na háite i ngach áit, the 3,515 of them, an logainm céanna a bheith acu agus ansin a chur suas ar na fógraí go dátheangach?

Sin a bhí againn i gcónaí. Tá an loighic don argóint cosúil le caora leis an ngalar cromtha, ag dul timpeall agus timpeall gan bheith ag dul i ngleic leis an cheist.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Nach bhfuil soláthar san Acht a d'achtaigh muid uilig gan aon chur ina choinne ar chuile thaobh den Teach seo á dhéanamh? An t-aon bhealach leis sin a chur i gceart má tá fonn ar an Seanadóir ná an reachtaíocht a leasú. Tá an ceart sin aige. Níl mise i bhfabhar ach thiocfadh leis.

Photo of Paul CoghlanPaul Coghlan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I thank the Minister. Nobody is arguing against the enhanced status of the language. All we are asking is that the signs should be bilingual.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Both Houses, brought in this legislation. If the Senator wants to do this——

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)
Link to this: Individually | In context

And we argued about it for weeks.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

During the debate on the Bill, which involved no guillotine, we went through every line. Most of the time the argument was to do more, not less. The only way we can change it now is by amending the legislation. I do not intend introducing amending legislation. The Senator has that prerogative if he wishes.