Seanad debates

Wednesday, 15 June 2005

7:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá sé beagáinín faoi dhá bhliain ó ghlac dhá Theach an Oireachtais leis an Acht Teanga. B'fhéidir go bhfuil dearmad déanta ag na Seanadóirí air sin, mar seo ceann d'fhorálacha an Achta. Ní dhearna mé tada ach deimhniú a dhéanamh agus ordú a dhéanamh faoin Acht i gcás 2,319 logainm. Na Seanadóirí, áfach, a rinne an cinneadh. Níor chuir éinne atá ag labhairt anocht ina choinne.

Tháinig dréacht-ordú faoi mo bhráid an samhradh seo caite agus aontaím leis an rud atá ráite faoi dhul i gcomhairle. Ní amháin go ndeachaigh mé i gcomhairle go hoifigiúil, ach le go mbeadh a fhios ag muintir na Gaeltachta céard a bhí ar bun, shocraigh mé go mbeinn ag dul i gcomhairle go cuimsitheach. Rinne mé sin agus fuair mé aighneachtaí. Tógadh na haighneachtaí sin san áireamh nuair a rinneadh an t-ordú— 24 acu a fuair muid. Dheimhnigh mé ansin an t-ordú ní i gcás logainm amháin ach i gcás 2,319 ainm ar fad.

Tá muid ag caint ar rogha. Níor chuala mé aon duine ag rá go raibh sé uafásach nach raibh ach ainm oifigiúil amháin ar Dhún Chaoin go dtí Luan Cásca na bliana seo. Sin Dunquin, agus ní raibh a leithéid is Dún Chaoin ann go hoifigiúil. Ní raibh Baile an Fhéirtearaigh, An Daingean, an Ceathrú Rua, Carn na Móna nó Ros Muc ann. Ní raibh aon seasamh oifigiúil ag aon cheann de na logainmneacha sin ar fud na Gaeltachta agus bhí an ceart ag an Teach seo sin a cheartú.

Deir an reachtaíocht a d'achtaigh muid, agus bhí muid go léir páirteach ann, gur féidir an leagan Béarla a úsáid ach i gceithre ní— Achtanna an Oireachtais agus Ionstraim Reachtúla, comharthaí sráide agus bóthair agus léarscáileanna a ndéanfaidh mé ordú ina leith — níl i gceist faoi láthair leis na léarscáileanna ach na cinn mhóra a úsáidtear le clárú talún. Anois, in ionad an mhasla atá ann do phobal na Gaeltachta go bhfuil muintir na Trá Báine agus na Carraige Thiar cláraithe faoi Trabane agus Carrick West, beidh siad anois cláraithe i dteanga an phobail.

Tá seafóid ar bun faoi cheist na gcomharthaí bóthair agus na dturasóirí. Feicim i nuachtáin ailt ag rá go mbeidh turasóirí ag dul amú. Níor athraíodh fiú comhartha bóthair amháin fós. Tá na comharthaí sin ann de réir orduithe a rinne Bobby Molloy 35 bliain ó shin. Má tá turasóirí ag dul amú anois, caithfidh go raibh siad ag dul amú le 35 bliain. B'fhéidir go raibh, ach níor athraigh mé comharthaí bóthair fós.

Rinne Bobby Molloy ordú go mbeadh na comharthaí bóthair i nGaeilge amháin sa nGaeltacht i 1970. Cén fáth a ndearnadh an t-ordú sin? Mar bhí pobal na Gaeltachta ar buille faoi na comharthaí dátheangacha. B'fhéidir nach gcuimhin leis na Seanadóirí sin ach is cuimhin liom é. Aon uair a chuirfí comhartha bóthair dátheangach suas sa nGaeltacht, thiocfadh dream le péint san oíche agus scriosfaidís an Béarla. Athraíodh mar gheall air sin na comharthaí bóthair sa nGaeltacht go Gaeilge amháin.

Tá rudaí i láthair na huaire áiféiseach. Máéiríonn duine ó eitleán sa bhFearann Fuar anois agus téann sé chuig an gcrosbhóthar ansin, feicfidh sé comhartha don Daingean. Faoi láthair deir an comhartha bóthair sin Dingle agus An Daingean. Ar an léarscáil deir sé Dingle amháin. Ní bhreathnaíonn sé ar an leagan Gaeilge, feiceann sé Dingle, feiceann sé ar an léarscáil é agus téann sé an treo sin. Ní thuigeann an turasóir teorannacha Gaeltachta, téann sé isteach go dtí An Daingean agus tá comhartha ansin a deir rud amháin. Níl aon Dingle le feiceáil níos mó; níl an logainm ach ar an léarscáil. Go tobann tá An Daingean roimhe. Rinne sé dearmad go raibh An Daingean thíos faoi Dingle ar an gcomhartha nuair a bhí sé sa bhFearann Fuar. Go tobann tá sé amú— bíonn daoine mar seo ag teacht isteach i mBaile an Fhéirtearaigh ar lorg Dingle fós.

Céard a tharlódh anois? Tiocfaidh an duine céanna go dtí an Fearann Fuar san eitleán agus rachaidh sé isteach sa gcarr. Féachfaidh sé ar an léarscáil agus feicfidh sé, mar tá socrú déanta le Collins, an AA agus an Ordnance Survey, Dingle agus An Daingean. Feicfidh sé an comhartha agus déarfaidh sé "Nach ionann Dingle agus An Daingean mar tá sé ar an léarscáil?" Mar a thuigimid féin gurb ionann Florence agus Firenze. Nuair a thiocfaidh sé chomh fada leis An Daingean, tuigfidh sé go bhfuil léarscáil dátheangach aige, gurb ionann Dingle agus An Daingean agus stopfaidh sé ansin. In ionad bheith ag dul amú, beidh a fhios aige nuair a bheidh a cheann scríbe bainte amach aige agus ní bheidh aon fhadhb ann.

Tá mistéir ann. Cén fáth gur thóg sé 35 bliain ar na comhlachtaí na léarscáileanna seo a cheartú? An fhadhb go dtí seo ná go raibh na léarscáileanna ag taispeáint rud amháin taobh istigh den nGaeltacht agus na comharthaí ag taispeáint rud eile. Shíl mé gur cheart sin a cheartú agus ní thuigim cén fáth go mbeadh an comhartha difriúil taobh istigh nó taobh amuigh den nGaeltacht don áit céanna. An rud ciallmhar ná an rud a rinne an Teach seo.

Mura bhfuil seo sásúil, tig le Seanadóirí dul isteach agus reachtaíocht nua a chur i bhfeidhm, mar baineann seo le gach logainm Gaeltachta a bhfuil ordú déanta leis — 2,319 acu — agus ní bhfuair mé ceist fiú ach faoi cheann amháin — An Daingean. Is léir ansin ón vox pop, agus cinnte is léir ón méid a dúirt muintir na nDúnaibh——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.