Seanad debates

Wednesday, 15 June 2005

7:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Tá an tAire ag dul i gciorcal; níl sé ag baint leis an argóint ar chor ar bith. An loighic atá ráite aige, má tá sé le rá ag muintir Dhún Chaoin gur sin ainm na háite, sin mar is fearr leo é. An deacracht anseo ná má tá muid sásta dul sa dtreo sin, cén fáth nach mbeidh an rogha ag muintir na háite i ngach áit, the 3,515 of them, an logainm céanna a bheith acu agus ansin a chur suas ar na fógraí go dátheangach?

Sin a bhí againn i gcónaí. Tá an loighic don argóint cosúil le caora leis an ngalar cromtha, ag dul timpeall agus timpeall gan bheith ag dul i ngleic leis an cheist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.