Dáil debates
Thursday, 4 December 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Foras na Gaeilge
2:25 am
Barry Heneghan (Dublin Bay North, Independent)
Link to this: Individually | In context
6. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht , cé go bhfuil sé le moladh as an ardú suntasach a baineadh amach i mBuiséad 2026 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, an bhfuil socrú déanta i dtaobh an €2 mhilliúin a gealladh a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge ón 1 Eanáir 2026; agus mura bhfuil, i bhfianaise na bhfadhbanna struchtúrtha a bhaineann le maoiniú an Fhorais, an bhfuil réiteach eile socraithe aige maidir leis an airgead sin a dháileadh ar ghrúpaí pobail ón 1 Eanáir 2026; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68856/25]
Barry Heneghan (Dublin Bay North, Independent)
Link to this: Individually | In context
Cuirim ceist faoi fhorbairt an phobal Gaeltachta. Cé go bhfuil an tAire le moladh as an ardú suntasach a baineadh amach i mbuiséad 2026 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, an bhfuil socrú déanta i dtaobh an €2 mhilliún a gealladh d’Fhoras na Gaeilge?
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tabharfaidh mé seans dó a breath a fháil. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn buiséid bhliantúla na gComhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas, an Foras Teanga san áireamh. Cuireann Rialtas na hÉireann 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ar fáil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, de réir an chóimheas maoinithe a aontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga.
D'fhreastail mé ar chruinniú de chuid an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i gCampas Síochána Mhuineacháin inné, an 3 Nollaig, inar aontaíodh pleananna gnó agus buiséid 2026 d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise. Mar thoradh air seo, cuirfear maoiniú comhaontaithe de €20 milliún ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise in 2026. Anuas air seo, cuimsítear sna pleananna gnó go mbeidh maoiniú imfhálaithe á chur ar fáil ag mo Roinn don fhoras agus don ghníomhaireacht le cláir agus gníomhaíochtaí ar leith a reachtáil in 2026. Cuimsíonn sé seo an maoiniú breise a fuair mé mar chuid de bhuiséad 2026.
Tá áthas orm a fhógairt go n-ardófar maoiniú chlár na leabhar Gaeilge go €2 milliún in 2026, an leibhéal is airde riamh. Chomh maith leis sin, cuirfear maoiniú breise os cionn €2 milliún ar fáil do chláir agus do ghníomhaíochtaí eile Fhoras na Gaeilge in 2026. Cuirfear €200,000 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise do thograí bainteach le gníomhaíochtaí ar leith i gContaetha Dhún na nGall, Mhuineacháin agus an Chabháin, agus níos faide ó dheas de réir a chéile. Tabharfaidh sé seo ar fad cinnteacht don bhForas Teanga agus do na heagraíochta agus grúpaí pobail ar fud an oileáin a bhaineann tairbhe as na scéimeanna tacaíochta agus maoinithe a chuirtear ar fáil.
2:35 am
Barry Heneghan (Dublin Bay North, Independent)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá sé go deas é sin a cloisteáil. Maidir leis an maoiniú le haghaidh Foras na Gaeilge, ba mhaith liom míle buíochas a ghabháil ar son mo Dháilcheantar agus ar son muintir na Gaeltachta. Bhí mé ag caint le hionadaithe agus tá siad an-bhuíoch. An féidir leis an Aire an €2 milliún atá beartaithe d’Fhoras na Gaeilge ó mhí Eanáir ar aghaidh a mhíniú? Can this funding be channelled directly through Foras na Gaeilge from that date? What interim or alternative solution has been designed so that community groups do not lose time or opportunities?
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá muinín agam anois mar gheall ar an airgead breise. Níl aon chúis ann go gcaillfeadh aon ghrúpa am nó airgead. Bhí mé soiléir le m’oifigigh agus leis an bhforas nach raibh mé ag iarraidh go mbeimid san áit céanna a raibh siad sa tréimhse dheireanach. Mar a dúirt mé sa fhreagra, tá cinnteacht ag Foras na Gaeilge faoin airgead breise atá acu le caitheamh ar ghrúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge. Leis an gcinnteacht sin, beidh bord an fhorais in ann plean gníomhaíochta agus plean gnó a aontú leis na heagraíochtaí. Mar gheall ar an airgead breise, ní bheidh aon ghá leis na fadhbanna a bhí againn i rith na bliana. Tuigim, i ndiaidh na comhráite a bhí agam le príomhfheidhmeannach an fhorais agus le cathaoirleach bhord an fhorais inné go bhfuil siad ag ullmhú agus ag caint leis na heagraíochtaí Gaeilge. Tá oifigigh mo Roinne ag caint leo freisin. Tá muinín agam go mbeidh bliain fhada agus láidir ag an bhforas agus, go háirithe, ag na heagraíochtaí faoi stiúradh an fhorais.
Barry Heneghan (Dublin Bay North, Independent)
Link to this: Individually | In context
Ní raibh mé ag an gcruinniú sin; bhí mé ag cruinniú eile. Táim fíorbhuíoch as an €2 milliún sin d’Fhoras na Gaeilge. Bhí mé ag caint le hionadaithe aréir nuair a chuir an tAire an fógra amach. Gabhaim buíochas leis as sin. Agus muid ag caint mar gheall ar an nGaeilge agus Foras na Gaeilge, ba mhaith liom ceist eile atá ag goilliúint ar phobal mo dháilcheantar a ardú. B'fhéidir nach bhfuil an tAire in ann caint faoi. Tá mé ag caint faoi deighilt a dhéanamh idir an bhéalscrúdú agus ceist na gramadaí. Tá go leor daoine i mBaile Átha Cliath atá líofa sa Ghaeilge nach bhfuil in ann aon rud a chur ar pháipéar. An bhfuil éinne sa Roinn oideachais ag smaoineamh mar gheall ar an nGaeilge mar ábhar scoile a roinnt idir an bhéalscrúdú agus an ghramadach?
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ní hé sin mo chúram. Baineann sé leis an Aire oideachais agus an Roinn oideachais.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Fad is atáimid ag caint faoi, tá sé tábhachtach a rá go bhfuil Gaeilge ag gach duine sa tír seo. Ba cheart go mbeimid in ann í a úsáid gan ghearán. Tá sé tábhachtach go mbeadh muinín ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid gan daoine a bheith ag magadh fúthu. Tá sí againn. Ba cheart go dtabharfadh daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu seans do dhaoine nach bhfuil chomh líofa céanna a gcuid Gaeilge a úsáid agus a labhairt. Tá sé tábhachtach go gcuirfimid béim ar an nGaeilge ó bhéal. Is é sin ceann de na cúiseanna go bhfuil cúrsaí ag éirí chomh láidir i dtaca leis an nGaeilge anois. Anseo i mBaile Átha Cliath tá Gaeilge 365 againn, ar bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá sé mar sprioc ag an gclár iontach seo cabhrú leis na húdaráis áitiúla seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Guím gach rath ar Gaeilge 365.