Dáil debates
Thursday, 4 December 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Foras na Gaeilge
2:35 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Tá muinín agam anois mar gheall ar an airgead breise. Níl aon chúis ann go gcaillfeadh aon ghrúpa am nó airgead. Bhí mé soiléir le m’oifigigh agus leis an bhforas nach raibh mé ag iarraidh go mbeimid san áit céanna a raibh siad sa tréimhse dheireanach. Mar a dúirt mé sa fhreagra, tá cinnteacht ag Foras na Gaeilge faoin airgead breise atá acu le caitheamh ar ghrúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge. Leis an gcinnteacht sin, beidh bord an fhorais in ann plean gníomhaíochta agus plean gnó a aontú leis na heagraíochtaí. Mar gheall ar an airgead breise, ní bheidh aon ghá leis na fadhbanna a bhí againn i rith na bliana. Tuigim, i ndiaidh na comhráite a bhí agam le príomhfheidhmeannach an fhorais agus le cathaoirleach bhord an fhorais inné go bhfuil siad ag ullmhú agus ag caint leis na heagraíochtaí Gaeilge. Tá oifigigh mo Roinne ag caint leo freisin. Tá muinín agam go mbeidh bliain fhada agus láidir ag an bhforas agus, go háirithe, ag na heagraíochtaí faoi stiúradh an fhorais.
No comments