Dáil debates
Thursday, 4 December 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Foras na Gaeilge
2:25 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tabharfaidh mé seans dó a breath a fháil. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn buiséid bhliantúla na gComhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas, an Foras Teanga san áireamh. Cuireann Rialtas na hÉireann 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ar fáil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, de réir an chóimheas maoinithe a aontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga.
D'fhreastail mé ar chruinniú de chuid an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i gCampas Síochána Mhuineacháin inné, an 3 Nollaig, inar aontaíodh pleananna gnó agus buiséid 2026 d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise. Mar thoradh air seo, cuirfear maoiniú comhaontaithe de €20 milliún ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise in 2026. Anuas air seo, cuimsítear sna pleananna gnó go mbeidh maoiniú imfhálaithe á chur ar fáil ag mo Roinn don fhoras agus don ghníomhaireacht le cláir agus gníomhaíochtaí ar leith a reachtáil in 2026. Cuimsíonn sé seo an maoiniú breise a fuair mé mar chuid de bhuiséad 2026.
Tá áthas orm a fhógairt go n-ardófar maoiniú chlár na leabhar Gaeilge go €2 milliún in 2026, an leibhéal is airde riamh. Chomh maith leis sin, cuirfear maoiniú breise os cionn €2 milliún ar fáil do chláir agus do ghníomhaíochtaí eile Fhoras na Gaeilge in 2026. Cuirfear €200,000 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise do thograí bainteach le gníomhaíochtaí ar leith i gContaetha Dhún na nGall, Mhuineacháin agus an Chabháin, agus níos faide ó dheas de réir a chéile. Tabharfaidh sé seo ar fad cinnteacht don bhForas Teanga agus do na heagraíochta agus grúpaí pobail ar fud an oileáin a bhaineann tairbhe as na scéimeanna tacaíochta agus maoinithe a chuirtear ar fáil.
No comments