Dáil debates
Thursday, 4 December 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Foras na Gaeilge
2:35 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Fad is atáimid ag caint faoi, tá sé tábhachtach a rá go bhfuil Gaeilge ag gach duine sa tír seo. Ba cheart go mbeimid in ann í a úsáid gan ghearán. Tá sé tábhachtach go mbeadh muinín ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid gan daoine a bheith ag magadh fúthu. Tá sí againn. Ba cheart go dtabharfadh daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu seans do dhaoine nach bhfuil chomh líofa céanna a gcuid Gaeilge a úsáid agus a labhairt. Tá sé tábhachtach go gcuirfimid béim ar an nGaeilge ó bhéal. Is é sin ceann de na cúiseanna go bhfuil cúrsaí ag éirí chomh láidir i dtaca leis an nGaeilge anois. Anseo i mBaile Átha Cliath tá Gaeilge 365 againn, ar bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá sé mar sprioc ag an gclár iontach seo cabhrú leis na húdaráis áitiúla seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Guím gach rath ar Gaeilge 365.
No comments