Dáil debates

Thursday, 26 January 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:14 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

3. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta faoina mbeidh bord nua ceaptha d’Údarás na Gaeltachta; conas a ligeadh do thréimhse an bhoird teacht chun críche gan tús a bheith curtha fiú le ceapadh an bhoird nua agus cé na bearta atá déanta chun a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís i gcás boird Stáit; agus an dtabharfaidh sí soiléiriú maidir le dáta an toghcháin atá beartaithe a thabhairt ar ais; cad é an tionchar a bheidh ag an athstruchtúrú sin ar thréimhse oifige an bhoird; agus cén tábhacht a bhaineann le bord a bheith i bhfeidhm go dtí go dtarlaíonn an t-athstruchtúrú sin. [3877/23]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an cheist seo le bord nua atá le ceapadh d’Údarás na Gaeltachta agus cén fáth gur ligeadh do thréimhse an bhoird sin teacht chun críche gan aon socrú a bheith déanta roimh bhord nua a cheapadh le cathaoirleach nua.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Táim ag súil leis an bpost nua atá agam ag obair ar son muintire na Gaeltachta, na Gaelainne agus freisin mo chuid Ghaeilge a fheabhsú. Faoi réir na socruithe reatha atá i bhfeidhm maidir le ceapadh bhord an údaráis mar a leagtar amach iad faoi Acht na Gaeltachta 2012, ceapann an tAire seachtar comhalta don bhord, an cathaoirleach san áireamh, agus ceaptar an cúigear eile de thoradh ainmniúcháin a lorg ó na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu. Is ar bhonn róta a cheaptar comhaltaí i leith na trí chontae Gaeltachta is lú: Corcaigh, Port Láirge, agus an Mhí.

Faoin Acht, ní rachaidh téarma oifige na gcomhaltaí thar tréimhse cúig bliana agus ní cheapfar comhaltaí chun oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma i ndiaidh a chéile. Ceaptar an seachtar a luaigh mé de thoradh comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Poiblí, PAS. Sa chaoi seo tugtar an deis don phobal a bheith san áireamh le bheith ceaptha ar an mbord.

Ós rud é go ndeachaigh bord reatha Údarás na Gaeltachta, a ceapadh i mí Eanáir 2018 ar feadh téarma cúig bliana, in éag i lár mhí Eanáir, thosaigh an Roinn i mbun na socruithe chun bord nua a cheapadh i mí Dheireadh Fómhair seo caite, tráth a iarradh ar an húdaráis áitiúla ábhartha a gcuid ainmniúcháin don bhord nua a chur chun na Roinne. Fuarthas na hainmniúcháin sin faoi thús mhí na Nollag. Mar gheall ar mhoill nach raibh aon smacht ag mo Roinn air áfach, ní bheidh ar a chumas PAS tús a chur leis an gcomórtas poiblí go dtí tús mhí Feabhra, rud a chiallaíonn nach mbeidh bord iomlán in ann a bheith ceaptha go dtí deireadh mhí Márta nó mar sin. Le dul i ngleic leis an moill seo, tá mo Roinn ag breathnú go gníomhach faoi láthair ar na féidearthachtaí bord a cheapadh ar bhonn eatramhach go dtí go mbeidh bailchríoch curtha ar na socruithe i gcomhar le PAS agus bord in ann a bheith ceaptha faoi réir na gnáthshocruithe a bhaineann leis sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leis an deis seo, déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as an Aireacht a bhaint amach agus tá súil agam go mbeidh téarma maith aige agus go mbeidh sé go maith don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Ceann de na fadhbanna bunúsacha anseo ná an teip ar PAS. Cén fáth gur theip ar PAS tús a chur leis an gcóras nó leis an mbealach chun na ceapacháin seo a dhéanamh nuair ba chóir? Beidh an bord ag imeacht i mí Eanáir agus ní bheidh bord nua ag tosú díreach i ndiaidh sin le cathaoirleach nua roghnaithe ag an Aire Stáit. An fhadhb atá againn anois ná go gcaithfidh PAS a chuid oibre a dhéanamh agus tógann sé sin roinnt míonna. Cén fáth go bhfuil an moill sin orainne agus nach mbeidh bord nó cathaoirleach ag an údarás ar feadh tréimhse roinnt míonna?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir go mbeidh tréimhse gairid ann nach mbeidh bord ceaptha d’Údarás na Gaeltachta, agus tá sé sin an-tábhachtach, ach tá céimeanna idir lámha ag PAS chun comórtas poiblí i leith an bhoird nua a fhógairt i mí Feabhra. Tá an socrú sealadach seo pléite ag oifigigh na Roinne le feidhmeannaigh ón údarás agus táthar sásta nach gcruthaíonn sé deacracht nach féidir a shárú do cheachtar den dá eagraíocht. Um thráthnóna beidh mé ag buaileadh le mo chuid feidhmeannaigh agus le foireann Údarás na Gaeltachta i nGaillimh. Beimid ag caint faoi na cúrsaí seo agus beidh mé in ann teacht ar ais tar éis an chruinnithe sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is droch-chás é seo mar tá an t-údarás chomh tábhachtach sin. Is féidir leis an údarás leanúint leis an obair atá ar siúl aige mar tá príomhfheidhmeannach agus foireann maith aige agus is léir sin ón tuarascáil a rinne sé an tseachtain seo caite, áit a chur sé arís leis an líon poist. Tá sé go dona nuair nach bhfuil cathaoirleach ag an údarás chun déanamh cinnte de go bhfuil an straitéis á leanúint. B’fhéidir go mbeidh tréimhse de roinnt míonna ann nach mbeidh bord nó cathaoirleach ann chun déanamh cinnte de go bhfuil an straitéis á leanúint. B'fhéidir go mbeidh an túdarás ag féachaint ar na cinntí ar ghá a dhéanamh mar institiúid nó eagras forbartha, ní hamháin don tionsclaíocht sa Ghaeltacht ach ó thaobh pleanála teanga de chomh maith. Is drochlá é agus is trua sin ach níl a fhios agam fós cén fáth go raibh an fhadhb ann agus cén mhoill a raibh ann maidir le PAS. Níl a fhios agam cén fáth nach raibh PAS tar éis an chórais a chur i gceart chun an ceapachán sin a dhéanamh.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Críochnóidh mé freagra na gceiste ón Roinn mar beidh an freagra ann. Faoin gcur chuige nua, tá beartaithe go ndéanfar na príomhleasuithe seo a leanas. Déanfar méadú ar bhallraíocht an bhoird go 16: deichniúr comhaltaí le toghadh de bhun toghchán ó réigiúin Ghaeltachta reachtúla atá lonnaithe sna contaetha Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí; agus seisear comhaltaí eile ceaptha de réir threoirlínte an Rialtais, is é sin comórtas poiblí. Bheadh sé i gceist go dtoghfar duine amháin chuig an mbord thar ceann na gcontaetha Gaeltachta Maigh Eo, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí; beirt ó Ghaeltacht Dhún na nGall agus triúr ó Ghaeltacht na Gaillimhe. Beidh ar gach duine atá ag iarraidh a bheith mar iarrthóir i dtoghchán nó roghnúchán a léiriú go bhfuil íoschaighdeán B2 bainte amach acu sa Ghaeilge faoin gcur chuige a bhaineann le teastas Eorpach na Gaeilge, TEG. Ina theannta sin, beidh gá d’iarrthóirí toghcháin buanchónaí a bheith orthu sa Ghaeltacht a bhfuil siad ag iarraidh a bheith tofa thar a cheann.

Ní bheidh aon duine ar chomhalta d'údarás áitiúil iad, comhalta de cheachtar Teach de chuid an Oireachtais, nó de Pharlaimint na hEorpa incháilithe chun suí ar bhord Udarás na Gaeltachta. Beidh comhaltaí teoranta do dhá théarma ar a mhéad a chur isteach ar an mbord. Ba chóir a thabhairt faoi deara gur imeacht é seo ón bhforáil atá ann faoi láthair.

Beidh mé in ann buaileadh leis an Teachta agus leis na hurlabhraí Gaeltachta agus Gaelainne sa Teach chun seo a phlé amach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit agus guím gach rath air ina ról nua.