Dáil debates

Thursday, 26 January 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:14 am

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Críochnóidh mé freagra na gceiste ón Roinn mar beidh an freagra ann. Faoin gcur chuige nua, tá beartaithe go ndéanfar na príomhleasuithe seo a leanas. Déanfar méadú ar bhallraíocht an bhoird go 16: deichniúr comhaltaí le toghadh de bhun toghchán ó réigiúin Ghaeltachta reachtúla atá lonnaithe sna contaetha Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí; agus seisear comhaltaí eile ceaptha de réir threoirlínte an Rialtais, is é sin comórtas poiblí. Bheadh sé i gceist go dtoghfar duine amháin chuig an mbord thar ceann na gcontaetha Gaeltachta Maigh Eo, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí; beirt ó Ghaeltacht Dhún na nGall agus triúr ó Ghaeltacht na Gaillimhe. Beidh ar gach duine atá ag iarraidh a bheith mar iarrthóir i dtoghchán nó roghnúchán a léiriú go bhfuil íoschaighdeán B2 bainte amach acu sa Ghaeilge faoin gcur chuige a bhaineann le teastas Eorpach na Gaeilge, TEG. Ina theannta sin, beidh gá d’iarrthóirí toghcháin buanchónaí a bheith orthu sa Ghaeltacht a bhfuil siad ag iarraidh a bheith tofa thar a cheann.

Ní bheidh aon duine ar chomhalta d'údarás áitiúil iad, comhalta de cheachtar Teach de chuid an Oireachtais, nó de Pharlaimint na hEorpa incháilithe chun suí ar bhord Udarás na Gaeltachta. Beidh comhaltaí teoranta do dhá théarma ar a mhéad a chur isteach ar an mbord. Ba chóir a thabhairt faoi deara gur imeacht é seo ón bhforáil atá ann faoi láthair.

Beidh mé in ann buaileadh leis an Teachta agus leis na hurlabhraí Gaeltachta agus Gaelainne sa Teach chun seo a phlé amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.