Dáil debates

Thursday, 26 January 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:14 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is droch-chás é seo mar tá an t-údarás chomh tábhachtach sin. Is féidir leis an údarás leanúint leis an obair atá ar siúl aige mar tá príomhfheidhmeannach agus foireann maith aige agus is léir sin ón tuarascáil a rinne sé an tseachtain seo caite, áit a chur sé arís leis an líon poist. Tá sé go dona nuair nach bhfuil cathaoirleach ag an údarás chun déanamh cinnte de go bhfuil an straitéis á leanúint. B’fhéidir go mbeidh tréimhse de roinnt míonna ann nach mbeidh bord nó cathaoirleach ann chun déanamh cinnte de go bhfuil an straitéis á leanúint. B'fhéidir go mbeidh an túdarás ag féachaint ar na cinntí ar ghá a dhéanamh mar institiúid nó eagras forbartha, ní hamháin don tionsclaíocht sa Ghaeltacht ach ó thaobh pleanála teanga de chomh maith. Is drochlá é agus is trua sin ach níl a fhios agam fós cén fáth go raibh an fhadhb ann agus cén mhoill a raibh ann maidir le PAS. Níl a fhios agam cén fáth nach raibh PAS tar éis an chórais a chur i gceart chun an ceapachán sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.