Dáil debates

Thursday, 26 January 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:14 am

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Táim ag súil leis an bpost nua atá agam ag obair ar son muintire na Gaeltachta, na Gaelainne agus freisin mo chuid Ghaeilge a fheabhsú. Faoi réir na socruithe reatha atá i bhfeidhm maidir le ceapadh bhord an údaráis mar a leagtar amach iad faoi Acht na Gaeltachta 2012, ceapann an tAire seachtar comhalta don bhord, an cathaoirleach san áireamh, agus ceaptar an cúigear eile de thoradh ainmniúcháin a lorg ó na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu. Is ar bhonn róta a cheaptar comhaltaí i leith na trí chontae Gaeltachta is lú: Corcaigh, Port Láirge, agus an Mhí.

Faoin Acht, ní rachaidh téarma oifige na gcomhaltaí thar tréimhse cúig bliana agus ní cheapfar comhaltaí chun oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma i ndiaidh a chéile. Ceaptar an seachtar a luaigh mé de thoradh comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Poiblí, PAS. Sa chaoi seo tugtar an deis don phobal a bheith san áireamh le bheith ceaptha ar an mbord.

Ós rud é go ndeachaigh bord reatha Údarás na Gaeltachta, a ceapadh i mí Eanáir 2018 ar feadh téarma cúig bliana, in éag i lár mhí Eanáir, thosaigh an Roinn i mbun na socruithe chun bord nua a cheapadh i mí Dheireadh Fómhair seo caite, tráth a iarradh ar an húdaráis áitiúla ábhartha a gcuid ainmniúcháin don bhord nua a chur chun na Roinne. Fuarthas na hainmniúcháin sin faoi thús mhí na Nollag. Mar gheall ar mhoill nach raibh aon smacht ag mo Roinn air áfach, ní bheidh ar a chumas PAS tús a chur leis an gcomórtas poiblí go dtí tús mhí Feabhra, rud a chiallaíonn nach mbeidh bord iomlán in ann a bheith ceaptha go dtí deireadh mhí Márta nó mar sin. Le dul i ngleic leis an moill seo, tá mo Roinn ag breathnú go gníomhach faoi láthair ar na féidearthachtaí bord a cheapadh ar bhonn eatramhach go dtí go mbeidh bailchríoch curtha ar na socruithe i gcomhar le PAS agus bord in ann a bheith ceaptha faoi réir na gnáthshocruithe a bhaineann leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.