Dáil debates

Wednesday, 18 May 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scéimeanna Tuaithe

9:32 am

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an cheist seo a thógáil. Táimid ag iarraidh ceist LEADER ar na hoileáin a ardú leis. Bhíodh sé á thaifeadadh i ngrúpaí do na hoileáin ar fad ach athraíodh é seo roinnt blianta ó shin nuair a socraíodh é a dháileadh ag aon ghrúpa amháin in aghaidh an chontae. Is í an fhadhb atá againn ná nach bhfuil na hoileáin aitheanta mar áit faoi leith ach go bhfuil siad clúdaithe i bpleananna contae. Is minic a bhíonn na hoileáin i gcoimhlint le pobail na mórthíre agus tá deacrachtaí mar gheall air sin.

Tuigim, ar ndóigh, go bhfuil athbhreithniú ar siúl faoi láthair agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag ardú na ceiste seo faoi láthair agus tuigim go raibh grúpaí i dteagmháil leis an Aire sinsearach mar gheall air seo. Impím ar an Aire Stáit an cheist seo a chur san áireamh ag an bpointe seo.

Déanfaidh mé cur síos ar na fadhbanna mar gheall air seo. Is é ceann de na fadhbanna is mó ná an cistiú meaitseála 50% atá ag teastáil i gcomhair na ndeontas fiontraíochta. Tuigim gur 75% atá ann faoi láthair ach de ghnáth is 50% atá i gceist leis. Tá a fhios againn go bhfuil níos lú deiseanna oibre ar na hoileáin agus gur beag fostaíochta lánaimseartha atá i gceist mar gheall go bhfuil go leor fostaíochta séasúraí i gceist ann. Chomh maith leis sin, tá go leor den fhostaíocht ag brath ar chúrsaí turasóireachta, rud nach raibh mórán de ann i rith 2020.

Is rud eile a bhféadfaí a chur san áireamh ná go bhfuil sé i bhfad níos deacra an t-airgead a fháil ar iasacht chomh maith. Ní hé amháin go gcaithfí an t-airgead a bheith á mheaitseáil ach, chomh maith leis sin, caithfear a chinntiú go bhfuil an t-airgead ann roimh réidh agus ansin faightear an t-airgead ar ais. Tá deacrachtaí ar leith mar gheall air sin sna hoileáin.

Aithnítear na deacrachtaí seo nuair a bhreathnaítear ar dheontais an Sustainable Energy Authority of Ireland, SEAI, áit a thugtar níos mó airgid do mhuintir na n-oileán. De bharr go n-aithníonn an Rialtas é seo, impím ar an Aire Stáit anseo agus ar an Rialtas breathnú air seo agus déileáil leis nuair atá athbhreithniú ag tarlú.

9:42 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle. Mar a dúirt mo chomhghleacaí anseo, tá fadhb ann ó thaobh na n-oileán de agus an dóigh atáimid ag déileáil leis an gclár LEADER agus tá deis ann é a cheartú anois. Má fheictear ar LEADER amach sa todhchaí ón mbliain seo chugainn amach romhainn, tá fadhbanna faoi leith ag na hoileáin ach níl an Rialtas dírithe air seo mar go bhfuil áiseanna nach gcúitítear níos mó á dtabhairt do na hoileáin i scéimeanna difriúla. Tá deacrachtaí ann nuair atáimid ag déileáil leis na hoileáin i nDún na nGall, mar shampla, mar nach bhfuil an clár seo á riaradh ag grúpaí na n-oileáin iad féin. Má fhéachtar ar na hoileáin ar fud na tíre, tá siad ag déileáil le ceithre ghrúpa agus straitéis dhifriúla agus fadhbanna móra acu mar sin.

Nuair a bhristear síos é ó thaobh airgid de atá ag dul isteach go dtí na ceantair seo, airgead atá de dhíth, agus má amharcaimid ar an gclár a bhí ann roimhe seo, cífimid go raibh €1 milliún á chaitheamh ar oileáin amach ar chósta Dhún na nGall. Ón mbliain 2014 go dtí 2020, ní raibh ach leath den airgead sin, half the amount of money was spent on the island community in the last LEADER programme by comparison. There is a need to change the way we administer LEADER on the island. It has to be island-specific and administered by those who know the needs of the island and there are many other complications that have arisen.

Comhar na nOileán have put forward a very serious amount of proposals that should be taken up by the Government to ensure that our island communities have the best start and chance of availing of this necessary funding in the future funding stream. Gabhaim buíochas.

Photo of Ossian SmythOssian Smyth (Dún Laoghaire, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Teachtaí Dála Ó Fearail, Ó Cearáin agus Ó Dochartaigh as an gceist thábhachtach seo a chur chugam.

An bhliain seo caite, bhí clár LEADER ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód in Éirinn. Bhí tionchar ollmhór ag an gclár seo ar fhorbairt tuaithe in Éirinn, sna hoileáin ar chósta na hÉireann ina measc. Tá clár LEADER ar cheann de na hidirghabháil faoi Bheartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 - Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, an beartas Rialtais um fhorbairt tuaithe, a foilsíodh an bhliain so caite. Is iad na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta, na local action groups nó LAG-anna, a bhíonn ag reáchtáil an clár LEADER in Éirinn. Déanann na grúpaí seo measúnú ar iarratais LEADER i gcomhair cistithe ina gceantair fo-réigiúnacha féin. Faoin scéim mar atá sí anois, tá Comhar na nOiIeán, CTR, ina chomhpháirtí chomhfheidhmithe le ciste faoi chlár LEADER a chur ar fáil do na hoileáin do na LAG-anna i nDún na nGall, Maigh Eo agus iarthar Chorcaí. Is é Fóram Chonamara CLG an LAG do na hoileáin ar chósta na Gaillimhe.

The Minister, Deputy Humphreys, has announced an indicative budget of €180 million for the LEADER programme for the period 2023 to 2027. Taken together with the €70 million already provided for 2021 and 2022 under the transitional LEADER programme, a total of €250 million will be made available for the 2021 to 2027 period, thus maintaining the level of funding provided for the 2014 to 2020 programming period.

The maintenance of the €250 million funding allocation will underpin the continued contribution of the LEADER approach in delivering on the Government’s vision for rural Ireland.

Tá socruithe á ndéanamh faoi láthair maidir le plean agus seachadadh clár LEADER 2023 go dtí 2027 agus tá plé leanúnach ar siúl idir oifigigh na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus páirtithe leasmhara i dtaca leis seo.

Cuirfear cinneadh a bhaineann le ceantair faoi chúram na LAG-anna san áireamh mar chuid den fheidhmchlár deartha leanúnaigh. Tá sé beartaithe go mbeidh an Straitéis Forbartha Áitiúla, an próiseas roghnúcháin LAG, thar dá chéim. Ni féidir tús a chur le roghnú na LAG-anna go dtí do bhfuil an plean straitéiseach an Common Agricultural Policy, CAP, faofa ag an gCoimisiún Eorpach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid thar am agus faoi bhrú, a Aire Stáit. Beidh an tAire Stáit in ann teacht ar ais níos déanaí.

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit maidir leis an gceist a fhreagairt. Dhíreoinn ar rud eile atá ag cur as dó seo agus ar na deacrachtaí faoi leith atá ag na hoileáin, is iad sin na costais riaracháin freisin. Má táimid ag iarraidh go n-úsáideann daoine LEADER agus gur féidir le daoine cur isteach air, teastaíonn an t-eolas freisin ón bpobal áitiúil. Mar a bhfuil a fhios againn ar fad, tá costas faoi leith i gceist chun dul amach go dtí na hoileáin. De bharr go bhfuil an costas nó an méid airgid riaracháin a fhaigheann iad siúd a théann amach chuig na hoileáin mar an gcéanna leo siúd a théann chuig ceantar tuaithe nach ar oileáin iad, níl na deiseanna céanna acu an t-eolas sin a scaipeadh. Is fadhb agus deacracht eile í sin.

Tuigim ag an bpointe seo nach féidir leis an Aire Stáit a rá go cinnte gur féidir é seo a dhéanamh ach molaim dó smaoineamh air seo ar fad agus an cinneadh á dhéanamh aige.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an méid atá ráite aige. The priority here is to ensure that the next LEADER programme is shaped in the way that best fits the communities that need to be served by it. The Minister of State mentioned the amount of funding that is going to be made available. The key issue here for us is not the size of the pot, which in itself is very important when we look at it from a global point of view, but when we look at it from an island point of view, we need to ensure that we are able to spend that money on the islands. There was only one successful application for an enterprise grant on the islands off the coast of Donegal. The Minister of State knows the islands off the coast of Donegal, namely, Arranmore, Tory, Inis Bó Finne and Gola where many people could do with LEADER funding to help them start up businesses in an area that has been ravaged with high unemployment. The co-funding is not fit for purpose and makes it impossible for many people. This is a challenge because we do not have an island-specific LEADER programme. We are asking the Minister of State to implore the senior Minister and his Cabinet colleagues to ensure that when this is shaped, going forward, there is an understanding and a unique position for the islands for co-funding, ring-fenced funding and the administration of same.

Photo of Ossian SmythOssian Smyth (Dún Laoghaire, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag éisteacht leis na Teachtaí agus tuigim go bhfuil deacrachtaí faoi leith ag na hoileáin. I understand that this is mixed up with other funding under the LAGs. I am stating here that there will be a two-step process now. It is possible for eligible groups to apply for approval and to form an LAG before the CAP strategic plan it decided. After this strategic plan has been approved, that is the point at which the different local action groups will be named. I know that the Minister, Deputy Humphreys, understands this. I will also say this to her. As Deputy Doherty has said, I am familiar with the islands and we have connected some of them to fibre broadband off the coast and we will be putting particular interest into ensuring that the islands get what they need. These are particular areas which can benefit from renewable energy and need special attention.