Dáil debates

Wednesday, 18 May 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scéimeanna Tuaithe

9:32 am

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an cheist seo a thógáil. Táimid ag iarraidh ceist LEADER ar na hoileáin a ardú leis. Bhíodh sé á thaifeadadh i ngrúpaí do na hoileáin ar fad ach athraíodh é seo roinnt blianta ó shin nuair a socraíodh é a dháileadh ag aon ghrúpa amháin in aghaidh an chontae. Is í an fhadhb atá againn ná nach bhfuil na hoileáin aitheanta mar áit faoi leith ach go bhfuil siad clúdaithe i bpleananna contae. Is minic a bhíonn na hoileáin i gcoimhlint le pobail na mórthíre agus tá deacrachtaí mar gheall air sin.

Tuigim, ar ndóigh, go bhfuil athbhreithniú ar siúl faoi láthair agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag ardú na ceiste seo faoi láthair agus tuigim go raibh grúpaí i dteagmháil leis an Aire sinsearach mar gheall air seo. Impím ar an Aire Stáit an cheist seo a chur san áireamh ag an bpointe seo.

Déanfaidh mé cur síos ar na fadhbanna mar gheall air seo. Is é ceann de na fadhbanna is mó ná an cistiú meaitseála 50% atá ag teastáil i gcomhair na ndeontas fiontraíochta. Tuigim gur 75% atá ann faoi láthair ach de ghnáth is 50% atá i gceist leis. Tá a fhios againn go bhfuil níos lú deiseanna oibre ar na hoileáin agus gur beag fostaíochta lánaimseartha atá i gceist mar gheall go bhfuil go leor fostaíochta séasúraí i gceist ann. Chomh maith leis sin, tá go leor den fhostaíocht ag brath ar chúrsaí turasóireachta, rud nach raibh mórán de ann i rith 2020.

Is rud eile a bhféadfaí a chur san áireamh ná go bhfuil sé i bhfad níos deacra an t-airgead a fháil ar iasacht chomh maith. Ní hé amháin go gcaithfí an t-airgead a bheith á mheaitseáil ach, chomh maith leis sin, caithfear a chinntiú go bhfuil an t-airgead ann roimh réidh agus ansin faightear an t-airgead ar ais. Tá deacrachtaí ar leith mar gheall air sin sna hoileáin.

Aithnítear na deacrachtaí seo nuair a bhreathnaítear ar dheontais an Sustainable Energy Authority of Ireland, SEAI, áit a thugtar níos mó airgid do mhuintir na n-oileán. De bharr go n-aithníonn an Rialtas é seo, impím ar an Aire Stáit anseo agus ar an Rialtas breathnú air seo agus déileáil leis nuair atá athbhreithniú ag tarlú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.