Dáil debates

Wednesday, 18 May 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scéimeanna Tuaithe

9:42 am

Photo of Ossian SmythOssian Smyth (Dún Laoghaire, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Teachtaí Dála Ó Fearail, Ó Cearáin agus Ó Dochartaigh as an gceist thábhachtach seo a chur chugam.

An bhliain seo caite, bhí clár LEADER ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód in Éirinn. Bhí tionchar ollmhór ag an gclár seo ar fhorbairt tuaithe in Éirinn, sna hoileáin ar chósta na hÉireann ina measc. Tá clár LEADER ar cheann de na hidirghabháil faoi Bheartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 - Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, an beartas Rialtais um fhorbairt tuaithe, a foilsíodh an bhliain so caite. Is iad na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta, na local action groups nó LAG-anna, a bhíonn ag reáchtáil an clár LEADER in Éirinn. Déanann na grúpaí seo measúnú ar iarratais LEADER i gcomhair cistithe ina gceantair fo-réigiúnacha féin. Faoin scéim mar atá sí anois, tá Comhar na nOiIeán, CTR, ina chomhpháirtí chomhfheidhmithe le ciste faoi chlár LEADER a chur ar fáil do na hoileáin do na LAG-anna i nDún na nGall, Maigh Eo agus iarthar Chorcaí. Is é Fóram Chonamara CLG an LAG do na hoileáin ar chósta na Gaillimhe.

The Minister, Deputy Humphreys, has announced an indicative budget of €180 million for the LEADER programme for the period 2023 to 2027. Taken together with the €70 million already provided for 2021 and 2022 under the transitional LEADER programme, a total of €250 million will be made available for the 2021 to 2027 period, thus maintaining the level of funding provided for the 2014 to 2020 programming period.

The maintenance of the €250 million funding allocation will underpin the continued contribution of the LEADER approach in delivering on the Government’s vision for rural Ireland.

Tá socruithe á ndéanamh faoi láthair maidir le plean agus seachadadh clár LEADER 2023 go dtí 2027 agus tá plé leanúnach ar siúl idir oifigigh na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus páirtithe leasmhara i dtaca leis seo.

Cuirfear cinneadh a bhaineann le ceantair faoi chúram na LAG-anna san áireamh mar chuid den fheidhmchlár deartha leanúnaigh. Tá sé beartaithe go mbeidh an Straitéis Forbartha Áitiúla, an próiseas roghnúcháin LAG, thar dá chéim. Ni féidir tús a chur le roghnú na LAG-anna go dtí do bhfuil an plean straitéiseach an Common Agricultural Policy, CAP, faofa ag an gCoimisiún Eorpach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.