Dáil debates

Wednesday, 18 May 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scéimeanna Tuaithe

9:42 am

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit maidir leis an gceist a fhreagairt. Dhíreoinn ar rud eile atá ag cur as dó seo agus ar na deacrachtaí faoi leith atá ag na hoileáin, is iad sin na costais riaracháin freisin. Má táimid ag iarraidh go n-úsáideann daoine LEADER agus gur féidir le daoine cur isteach air, teastaíonn an t-eolas freisin ón bpobal áitiúil. Mar a bhfuil a fhios againn ar fad, tá costas faoi leith i gceist chun dul amach go dtí na hoileáin. De bharr go bhfuil an costas nó an méid airgid riaracháin a fhaigheann iad siúd a théann amach chuig na hoileáin mar an gcéanna leo siúd a théann chuig ceantar tuaithe nach ar oileáin iad, níl na deiseanna céanna acu an t-eolas sin a scaipeadh. Is fadhb agus deacracht eile í sin.

Tuigim ag an bpointe seo nach féidir leis an Aire Stáit a rá go cinnte gur féidir é seo a dhéanamh ach molaim dó smaoineamh air seo ar fad agus an cinneadh á dhéanamh aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.