Dáil debates

Tuesday, 5 October 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:20 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

12. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén teagmháil a bhí agus atá aici le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis an mhonatóireacht atá á dhéanamh ag an Údarás ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn sna monarchana a thagann faoi chúram an Údaráis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47903/21]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an gcóras monatóireachta atá aige ó thaobh na Gaeilge de maidir lena comhlachtaí a thagann faoi chúram an údaráis. An bhfuil an córas monatóireachta cuí don fheidhm; is é sin chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge i lár an aonaigh sna monarchana uilig?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é cuspóir forbartha agus fostaíochta Údarás na Gaeltachta ná postanna poist a chruthú do phobal na Gaeltachta ar mhaithe le pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Oibríonn an t-údarás lena chliantchuideachtaí ar bhonn leanúnach le cinntiú go bhfuil a dtionchar ar an nGaeltacht dearfach ar go leor bealaí mar a bhaineann sé le fostaíocht, úsáid na Gaeilge, seirbhísí agus infreastruchúr pobail ach go háirithe.

Agus pacáiste tacaíochta á phlé agus á cheadú ag an údarás do chliantchuideachta, déantar plean teanga a aontú leis an chliantchuideachta. Déantar bearta sonracha a aontú mar chuid dá bplean teanga i réimsí faoi leith lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le: an chumarsáid scríofa, mar shampla ar chomharthaíocht, i bhfógraí agus in ábhar poiblíochta agus bolscaireachta; an chumarsáid labhartha; polasaithe earcaíochta agus oiliúna na cuideachta; agus aitheantas a thabhairt don Ghaeilge sa ghnó agus sa phobal ina bhfuil sé lonnaithe. Aontaíodh pleananna teanga agus rinneadh athbhreithniú ar phleananna teanga i mbeagnach 60 cliantchuideachta le linn 2020. Anuas air sin, fuair 199 gnó tacaíocht faoin scéim trádáil ar líne agus d’éirigh leis an údarás dul i bhfeidhm ar na gnóthaí sin maidir le breis Gaeilge a úsáid ar a gcuid uirlísí ar-líne.

Cuireann an t-údarás na tacaíocht deontais ar fáil do chliaintchuideachtaí nuair atáthar sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an bplean teanga. Sa chás go mbíonn dúshláin ag cliaintchuideachtaí an plean teanga a chuir i bhfeidhm, oibríonn feidhmeannaigh an údaráis go dlúth leo chun tacú leo na gníomhaíochtaí a bhíonn aontaithe a chomhlíonadh. Ní phróiseáiltear éilimh ar íocaíochta mura bhfuil an plean teanga atá aontaithe comhlíonta chun sástacht an údaráis. Tá córais rialaithe inmheánacha i bhfeidhm ag an údarás a chinntíonn an méid sin. Tuigtear dom go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an údarás ar na córais agus an cur chuige atá in áit aige faoi láthair le taca le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí a dhéantar an t-ábhar a bhaineann leis a riar.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maíodh san abairt deireanach ansin "go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an údarás ar na córais". Fáiltím roimh sin. Cén uair a bheas an t-athbhreithniú sin críochnaithe? Bhain mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus bhain sí go shonrach leis an dteagmháil a bhí ag an Aire Stáit leis. An bhfuil an t-údarás sásta, nó níos tábhachtaí fós, an bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil an córas monatóireachta cuí don fheidhm? Mar is eol don Aire Stáit, tá trionóid de fhreagrachtaí ag Údarás na Gaeltachta. Is iad sin fostaíocht, an pobal agus an teanga. Tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall déanta aige, ach go háirithe i bhfianaise na ciorruithe leis na blianta fada ach tá mé ag díriú isteach ar an teanga mar tá sí tábhachtách agus tá sí mar chuid lárnach den trionóid atá aige. Tá athbhreithniú i gceist; cén fath agus cén uair a bheidh sé críochnaithe?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh mé i dteagmháil leis an Teachta maidir leis an dáta a bheidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe. Mar is eol don Teachta, tá sé mar chuspóir ag Údarás na Gaeltachta pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Déanann an t-údarás an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí pobal, cultúrtha agus teangabhunaithe. Tá an cheist seo maidir le húsáid na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí ardaithe cúpla uair le bliain anuas agus tá sé curtha in iúl ag an údarás go mbíonn teagmháil rialta ag roinnt oifigigh teanga leis na cliantchomhlachtaí agus leis na feidhmeannaigh fiontraíochta a bhíonn ag plé leo agus n-éiríonn go maith leo dul i bhfeidhm orthu ó thaobh na Gaeilge de.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag súil leis go dtiocfaidh an tAire Stáit ar ais chugam.

Questions Nos. 13 to 23 replied to with Written Answers.