Dáil debates

Tuesday, 5 October 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:20 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Maíodh san abairt deireanach ansin "go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an údarás ar na córais". Fáiltím roimh sin. Cén uair a bheas an t-athbhreithniú sin críochnaithe? Bhain mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus bhain sí go shonrach leis an dteagmháil a bhí ag an Aire Stáit leis. An bhfuil an t-údarás sásta, nó níos tábhachtaí fós, an bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil an córas monatóireachta cuí don fheidhm? Mar is eol don Aire Stáit, tá trionóid de fhreagrachtaí ag Údarás na Gaeltachta. Is iad sin fostaíocht, an pobal agus an teanga. Tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall déanta aige, ach go háirithe i bhfianaise na ciorruithe leis na blianta fada ach tá mé ag díriú isteach ar an teanga mar tá sí tábhachtách agus tá sí mar chuid lárnach den trionóid atá aige. Tá athbhreithniú i gceist; cén fath agus cén uair a bheidh sé críochnaithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.