Dáil debates
Tuesday, 5 October 2021
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
9:20 pm
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Beidh mé i dteagmháil leis an Teachta maidir leis an dáta a bheidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe. Mar is eol don Teachta, tá sé mar chuspóir ag Údarás na Gaeltachta pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Déanann an t-údarás an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí pobal, cultúrtha agus teangabhunaithe. Tá an cheist seo maidir le húsáid na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí ardaithe cúpla uair le bliain anuas agus tá sé curtha in iúl ag an údarás go mbíonn teagmháil rialta ag roinnt oifigigh teanga leis na cliantchomhlachtaí agus leis na feidhmeannaigh fiontraíochta a bhíonn ag plé leo agus n-éiríonn go maith leo dul i bhfeidhm orthu ó thaobh na Gaeilge de.
No comments