Dáil debates

Tuesday, 5 October 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:20 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is é cuspóir forbartha agus fostaíochta Údarás na Gaeltachta ná postanna poist a chruthú do phobal na Gaeltachta ar mhaithe le pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Oibríonn an t-údarás lena chliantchuideachtaí ar bhonn leanúnach le cinntiú go bhfuil a dtionchar ar an nGaeltacht dearfach ar go leor bealaí mar a bhaineann sé le fostaíocht, úsáid na Gaeilge, seirbhísí agus infreastruchúr pobail ach go háirithe.

Agus pacáiste tacaíochta á phlé agus á cheadú ag an údarás do chliantchuideachta, déantar plean teanga a aontú leis an chliantchuideachta. Déantar bearta sonracha a aontú mar chuid dá bplean teanga i réimsí faoi leith lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le: an chumarsáid scríofa, mar shampla ar chomharthaíocht, i bhfógraí agus in ábhar poiblíochta agus bolscaireachta; an chumarsáid labhartha; polasaithe earcaíochta agus oiliúna na cuideachta; agus aitheantas a thabhairt don Ghaeilge sa ghnó agus sa phobal ina bhfuil sé lonnaithe. Aontaíodh pleananna teanga agus rinneadh athbhreithniú ar phleananna teanga i mbeagnach 60 cliantchuideachta le linn 2020. Anuas air sin, fuair 199 gnó tacaíocht faoin scéim trádáil ar líne agus d’éirigh leis an údarás dul i bhfeidhm ar na gnóthaí sin maidir le breis Gaeilge a úsáid ar a gcuid uirlísí ar-líne.

Cuireann an t-údarás na tacaíocht deontais ar fáil do chliaintchuideachtaí nuair atáthar sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an bplean teanga. Sa chás go mbíonn dúshláin ag cliaintchuideachtaí an plean teanga a chuir i bhfeidhm, oibríonn feidhmeannaigh an údaráis go dlúth leo chun tacú leo na gníomhaíochtaí a bhíonn aontaithe a chomhlíonadh. Ní phróiseáiltear éilimh ar íocaíochta mura bhfuil an plean teanga atá aontaithe comhlíonta chun sástacht an údaráis. Tá córais rialaithe inmheánacha i bhfeidhm ag an údarás a chinntíonn an méid sin. Tuigtear dom go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an údarás ar na córais agus an cur chuige atá in áit aige faoi láthair le taca le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí a dhéantar an t-ábhar a bhaineann leis a riar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.