Dáil debates

Thursday, 11 February 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Cuanta agus Céanna

4:10 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an t-ábhar seo le ché ar Inis Oírr. Chuir mé síos an t-ábhar seo an tseachtain seo caite agus chuir an Ceann Comhairle é ar liosta cúltaca. Sin an fáth go bhfuil sé ag teacht aníos inniu. Fáiltím roimh an deis labhairt faoin togra seo mar tá a lán cainte taobh thiar de gan aon bheart.

Bhí cruinniú dearfach inné. Bhí na hionadaithe ann ar Zoom ón oileán agus bhí cuid de na Teachtaí Dála agus an Seanadóir Kyne i láthair. Is dearfach an rud é sin. Cuid den fhadhb, áfach, ná go bhfuil dhá Roinn i gceist. Is maith an rud é go bhfuil an tAire Stáit anseo agus go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl trí Ghaeilge ach baineann an t-ábhar seo leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail freisin agus leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Teachta Humphreys.

Dúirt sí go raibh sí thar a bheith dearfach. Cuirim fáilte roimhe sin ach roimh an tAire seo, bhí Airí eile ann a bhí dearfach freisin ach fós tá fadhbanna ollmhóra leis an gcé, go háirithe ó thaobh cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Chomh maith leis sin, tá fadhbanna maidir le dul chun cinn san oileán mar is gné lárnach den saol í an ché ó thaobh fostaíochta, ó thaobh na n-iascairí agus ó thaobh na ndaoine iad féin.

Bhí mé ag breathnú siar ar fhreagraí parlaiminte agus chuir an Teachta Ó Cuív a lán ceisteanna faoin ábhar seo. Tá an freagra ceannann céanna á thabhairt anois ar feadh ar a laghad dhá bhliain, go háirithe ó 2019 ar aghaidh. Bhí an Rialtas ag caint faoi chás gnó in 2019 agus táimid fós ag caint faoi chás gnó in 2021. An t-aon dul chun cinn atá feicthe agamsa ná go bhfuil sprioc ama sé seachtaine i gceist anois, chun deis a thabhairt do cibé Roinn atá i mbun na hoibre sin measúnú a dhéanamh ar an gcás gnó. Tá súil agam go mbeidh an Rialtas sásta leis an gcás gnó. Ansin tá tréimhse de shé mhí i gceist chun an próiseas tairisceana a chur chun cinn. Sin an áit a bhfuilimid faoi láthair.

Bhí cur i láthair iontach againn inné ón toscaireacht ó Inis Oírr agus is fiú breathnú air. Níl an t-am agam anois ach ba mhaith liom an tréimhse ama a lua. Tá sé seo ag dul ar aghaidh ó 2003 go dtí anois agus tá geallúintí agus geallúintí á dhéanamh. An rud a sheas amach ná go ndearna an toscaireacht tagairt don ché i Dúlainn. Laistigh de thrí mhí bhí deireadh leis an obair ar an gcé i Dúlainn agus tá muintir Inis Oírr ag fanacht ó 2003 le geallúintí éagsúla. Ag an bpointe seo, an bhfuil freagra ag an Aire Stáit faoin tréimhse ama? An gcloífidh an Roinn leis an sprioc ama de shé seachtaine don chás gnó agus an sprioc ama don phróiseas tairisceana? An dtabharfaidh an tAire Stáit sprioc ama maidir le tús na hoibre agus deireadh na hoibre? Tá gá práinneach leis an obair sin.

4:20 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé mar chuspóir lárnach ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail go ndéanfaí caomhnú ar bhonn inmharthana ar phobail na n-oileán amach ó chósta na tíre. Mar chuid den chuspóir sin, tá sé riachtanach go mbeadh rochtain shábháilte ag na hoileánaigh agus ag cúirteoirí chuig na hoileáin. Chuige sin, aithníodh le tamall gur theastaigh go ndéanfaidh forbairt ar ché Inis Oírr, agus tá tagairt shonrach déanta don togra seo sa phlean forbartha náisiúnta. Tionóladh cruinniú idir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Teachta Heather Humphreys, toscaireacht ó Inis Oírr agus baill an Oireachtais inné chun an cás a phlé. Tuigim gur fhreastail an Teachta Connolly ar an gcruinniú fíorúil sin freisin.

Aontaíonn gach duine go bhfuil gá le forbairt shuntasach a dhéanamh ar ché Inis Oírr ar mhaithe le sábháilteacht na ndaoine atá ag baint úsáid as an gcéibh, idir oileánaigh agus chuairteoirí. Tuigim gur aithníodh é seo chomh fada siar le 2007, nuair a forbraíodh cur chuige a chuimsigh síneadh ar an gcé agus tonnchosc chun aghaidh a thabhairt ar na tonnta ag dul thar an gcé. Ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear tionchar na géarchéime airgeadais ar chaiteachas phoiblí, níor cuireadh an fhorbairt seo i gcríoch faoi mar a bhí beartaithe.

É sin ráite, tá dul chun cinn déanta le cúpla bliain anuas agus is gearr go mbeidh Comhairle Contae na Gaillimhe ag dul i mbun tairisceana chun cé nua a dhearadh agus a thógáil. I dtreo dheireadh 2018, chuaigh Comhairle Contae na Gaillimhe i mbun oibre ar chás gnó nua, chun meastachán nuashonraithe ar chostais a áireamh agus chun riachtanais an chóid chaiteachas phoiblí a chomhlíonadh. D’oibrigh oifigigh na Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe as lámha a chéile chun an cás gnó a thabhairt chun críche agus tuigim go bhfuil an fhaisnéis uile a theastaíonn chun tacú leis an gcás gnó seo faighte anois ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ón Aoine seo caite, an 5 Feabhra. Tá an cás gnó á scrúdú ag an Roinn anois agus tuigim go bhféadfadh sé timpeall sé seachtaine a thógáil chun an próiseas a chríochnú.

Ach an cás gnó a bheith faofa ag an Roinn, is féidir le Comhairle Contae na Gaillimhe tairiscintí dearadh agus tógála a lorg d’fhorbairt na cé. Meastar go dtógfaidh an próiseas tairisceana dá leithéid seo de thogra thart ar naoi mí. Is tionscadal suntasach é forbairt na cé ar Inis Oírr agus déanfar an maoiniú don obair seo a sholáthar thar roinnt blianta, de réir an chláir tógála. Tuigim go bhfuil cás láidir déanta ag an Aire, an Teachta Humphreys, leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun maoiniú a chur in áirithe don ché seo mar chuid den athbhreithniú ar an bplean forbartha náisiúnta. Idir an dá linn, tá maoiniú breise ar fáil i mbliana ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail do mhion-oibreacha ar na hoileáin. Molaim go láidir do Chomhairle Contae na Gaillimhe iarratas a dhéanamh ar an maoiniú seo le haghaidh aon oibreacha eatramhacha a d’fhéadfaí a dhéanamh chun go mbeadh an ché níos sábháilte d’úsáideoirí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir breathnú ar aon fhreagra go dtí seo agus bheadh sé mar an gcéanna. Deir an freagra ó Dheireadh Fómhair 2019: “Agus an cás gnó a bheith faofa, is í an céad céim eile sa phróiseas ná tairiscintí a lorg don obair.” Sin in 2019. Is féidir dul siar agus dul siar ach ní hé sin atá ag teastáil uaim. De réir mar a thuigim, tá cúrsaí pleanála réitithe agus bhí an t-airgead curtha ar fáil. Rinneadh praiseach den rud seo ach ag an bpointe seo teastaíonn aitheantas, ar a laghad, go bhfuil gá práinneach leis an obair agus nach bhfuil sé sábháilte ar leibhéal bunúsach ar an gcéibh sin.

D’admhaigh an fear a bhí ag tabhairt an chúlra dúinn inné go raibh sé san uisce faoi dhó é féin. Bhí timpiste ann maidir le bád agus tá tuarascáil scríofa faoi sin ach níl aon tuarascálacha faoi na daoine a cuireadh isteach san uisce de bharr na dtonnta a thagann trasna ar an gcéibh. Táimid bréan de gheallúintí. Táim ag iarraidh oibriú in éindí leis an Aire Stáit agus na Teachtaí eile. Tá sé tuillte ag muintir Inis Oírr go gcomhlíontar na geallúintí anois, go leagtar síos spriocanna ama agus go gcomhlíontar iad. Sin an rud atá ag teastáil. Táimid ag fanacht do pholasaí do na hoileáin agus ar a lán rudaí eile. Ag an bpointe seo, is féidir le muintir Inis Oírr fanacht cúpla mí ach sin amháin má tá an tréimhse ama ann agus má chloímid leis.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an ábhar seo a ardú tráthnóna inniu. Tá gach rud atá ráite aici nótáilte agam agus ardófar na pointí seo le hoifigigh na Roinne. Tuigim go bhfuil an cheist seo an-tábhachtach do mhuintir Inis Oírr. Tuigim an imní agus an frustrachas atá ar mhuintir Inis Oírr freisin faoi staid na cé. Cé go bhfuil moill leis an togra, tá sé tábhachtach go ndéantar gach iarracht anois an tionscadal a bhrú chun cinn agus tairiscintí a lorg le rochtain shábháilte a chinntiú d’oileánaigh agus d’úsáideoirí na céibhe. Mar a mhínigh an tAire ag an gcruinniú inné, is tosaíocht di é forbairt ché Inis Oírr, agus tá i gceist aici go dtabharfaí tosaíocht di sa phlean forbartha náisiúnta athbhreithnithe i mbliana.

Agus an togra seo á chur i gcríoch, molaim do Chomhairle Contae na Gaillimhe gach rud gur féidir leis a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sláinte agus sábháilteachta, lena n-áirítear trí fhorbairt a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí mion-oibreacha nó fodhlíthe a d’fhéadfadh tacú le pobal Inis Oírr. Cé go bhfuil sé riachtanach tabhairt faoi phróiseas chuimsitheach agus críochnúil tairisceana do dhearadh agus do thógáil na céibhe, tá mé muiníneach go ndéanfar dul chun cinn suntasach maidir leis an togra seo le linn 2021, go háirithe leis an dea-thoil a léirigh na páirtithe uile a bhí i láthair ag an gcruinniú leis an Aire inné. Iarrfaidh mé ar an Aire teacht ar ais ag an Teachta go díreach maidir leis na pointí eile a luaigh sí inniu.