Dáil debates

Thursday, 11 February 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Cuanta agus Céanna

4:10 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Baineann an t-ábhar seo le ché ar Inis Oírr. Chuir mé síos an t-ábhar seo an tseachtain seo caite agus chuir an Ceann Comhairle é ar liosta cúltaca. Sin an fáth go bhfuil sé ag teacht aníos inniu. Fáiltím roimh an deis labhairt faoin togra seo mar tá a lán cainte taobh thiar de gan aon bheart.

Bhí cruinniú dearfach inné. Bhí na hionadaithe ann ar Zoom ón oileán agus bhí cuid de na Teachtaí Dála agus an Seanadóir Kyne i láthair. Is dearfach an rud é sin. Cuid den fhadhb, áfach, ná go bhfuil dhá Roinn i gceist. Is maith an rud é go bhfuil an tAire Stáit anseo agus go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl trí Ghaeilge ach baineann an t-ábhar seo leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail freisin agus leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Teachta Humphreys.

Dúirt sí go raibh sí thar a bheith dearfach. Cuirim fáilte roimhe sin ach roimh an tAire seo, bhí Airí eile ann a bhí dearfach freisin ach fós tá fadhbanna ollmhóra leis an gcé, go háirithe ó thaobh cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Chomh maith leis sin, tá fadhbanna maidir le dul chun cinn san oileán mar is gné lárnach den saol í an ché ó thaobh fostaíochta, ó thaobh na n-iascairí agus ó thaobh na ndaoine iad féin.

Bhí mé ag breathnú siar ar fhreagraí parlaiminte agus chuir an Teachta Ó Cuív a lán ceisteanna faoin ábhar seo. Tá an freagra ceannann céanna á thabhairt anois ar feadh ar a laghad dhá bhliain, go háirithe ó 2019 ar aghaidh. Bhí an Rialtas ag caint faoi chás gnó in 2019 agus táimid fós ag caint faoi chás gnó in 2021. An t-aon dul chun cinn atá feicthe agamsa ná go bhfuil sprioc ama sé seachtaine i gceist anois, chun deis a thabhairt do cibé Roinn atá i mbun na hoibre sin measúnú a dhéanamh ar an gcás gnó. Tá súil agam go mbeidh an Rialtas sásta leis an gcás gnó. Ansin tá tréimhse de shé mhí i gceist chun an próiseas tairisceana a chur chun cinn. Sin an áit a bhfuilimid faoi láthair.

Bhí cur i láthair iontach againn inné ón toscaireacht ó Inis Oírr agus is fiú breathnú air. Níl an t-am agam anois ach ba mhaith liom an tréimhse ama a lua. Tá sé seo ag dul ar aghaidh ó 2003 go dtí anois agus tá geallúintí agus geallúintí á dhéanamh. An rud a sheas amach ná go ndearna an toscaireacht tagairt don ché i Dúlainn. Laistigh de thrí mhí bhí deireadh leis an obair ar an gcé i Dúlainn agus tá muintir Inis Oírr ag fanacht ó 2003 le geallúintí éagsúla. Ag an bpointe seo, an bhfuil freagra ag an Aire Stáit faoin tréimhse ama? An gcloífidh an Roinn leis an sprioc ama de shé seachtaine don chás gnó agus an sprioc ama don phróiseas tairisceana? An dtabharfaidh an tAire Stáit sprioc ama maidir le tús na hoibre agus deireadh na hoibre? Tá gá práinneach leis an obair sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.