Dáil debates

Thursday, 11 February 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Cuanta agus Céanna

4:20 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé mar chuspóir lárnach ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail go ndéanfaí caomhnú ar bhonn inmharthana ar phobail na n-oileán amach ó chósta na tíre. Mar chuid den chuspóir sin, tá sé riachtanach go mbeadh rochtain shábháilte ag na hoileánaigh agus ag cúirteoirí chuig na hoileáin. Chuige sin, aithníodh le tamall gur theastaigh go ndéanfaidh forbairt ar ché Inis Oírr, agus tá tagairt shonrach déanta don togra seo sa phlean forbartha náisiúnta. Tionóladh cruinniú idir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Teachta Heather Humphreys, toscaireacht ó Inis Oírr agus baill an Oireachtais inné chun an cás a phlé. Tuigim gur fhreastail an Teachta Connolly ar an gcruinniú fíorúil sin freisin.

Aontaíonn gach duine go bhfuil gá le forbairt shuntasach a dhéanamh ar ché Inis Oírr ar mhaithe le sábháilteacht na ndaoine atá ag baint úsáid as an gcéibh, idir oileánaigh agus chuairteoirí. Tuigim gur aithníodh é seo chomh fada siar le 2007, nuair a forbraíodh cur chuige a chuimsigh síneadh ar an gcé agus tonnchosc chun aghaidh a thabhairt ar na tonnta ag dul thar an gcé. Ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear tionchar na géarchéime airgeadais ar chaiteachas phoiblí, níor cuireadh an fhorbairt seo i gcríoch faoi mar a bhí beartaithe.

É sin ráite, tá dul chun cinn déanta le cúpla bliain anuas agus is gearr go mbeidh Comhairle Contae na Gaillimhe ag dul i mbun tairisceana chun cé nua a dhearadh agus a thógáil. I dtreo dheireadh 2018, chuaigh Comhairle Contae na Gaillimhe i mbun oibre ar chás gnó nua, chun meastachán nuashonraithe ar chostais a áireamh agus chun riachtanais an chóid chaiteachas phoiblí a chomhlíonadh. D’oibrigh oifigigh na Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe as lámha a chéile chun an cás gnó a thabhairt chun críche agus tuigim go bhfuil an fhaisnéis uile a theastaíonn chun tacú leis an gcás gnó seo faighte anois ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ón Aoine seo caite, an 5 Feabhra. Tá an cás gnó á scrúdú ag an Roinn anois agus tuigim go bhféadfadh sé timpeall sé seachtaine a thógáil chun an próiseas a chríochnú.

Ach an cás gnó a bheith faofa ag an Roinn, is féidir le Comhairle Contae na Gaillimhe tairiscintí dearadh agus tógála a lorg d’fhorbairt na cé. Meastar go dtógfaidh an próiseas tairisceana dá leithéid seo de thogra thart ar naoi mí. Is tionscadal suntasach é forbairt na cé ar Inis Oírr agus déanfar an maoiniú don obair seo a sholáthar thar roinnt blianta, de réir an chláir tógála. Tuigim go bhfuil cás láidir déanta ag an Aire, an Teachta Humphreys, leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun maoiniú a chur in áirithe don ché seo mar chuid den athbhreithniú ar an bplean forbartha náisiúnta. Idir an dá linn, tá maoiniú breise ar fáil i mbliana ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail do mhion-oibreacha ar na hoileáin. Molaim go láidir do Chomhairle Contae na Gaillimhe iarratas a dhéanamh ar an maoiniú seo le haghaidh aon oibreacha eatramhacha a d’fhéadfaí a dhéanamh chun go mbeadh an ché níos sábháilte d’úsáideoirí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.