Dáil debates

Thursday, 11 February 2021

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Cuanta agus Céanna

4:20 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is féidir breathnú ar aon fhreagra go dtí seo agus bheadh sé mar an gcéanna. Deir an freagra ó Dheireadh Fómhair 2019: “Agus an cás gnó a bheith faofa, is í an céad céim eile sa phróiseas ná tairiscintí a lorg don obair.” Sin in 2019. Is féidir dul siar agus dul siar ach ní hé sin atá ag teastáil uaim. De réir mar a thuigim, tá cúrsaí pleanála réitithe agus bhí an t-airgead curtha ar fáil. Rinneadh praiseach den rud seo ach ag an bpointe seo teastaíonn aitheantas, ar a laghad, go bhfuil gá práinneach leis an obair agus nach bhfuil sé sábháilte ar leibhéal bunúsach ar an gcéibh sin.

D’admhaigh an fear a bhí ag tabhairt an chúlra dúinn inné go raibh sé san uisce faoi dhó é féin. Bhí timpiste ann maidir le bád agus tá tuarascáil scríofa faoi sin ach níl aon tuarascálacha faoi na daoine a cuireadh isteach san uisce de bharr na dtonnta a thagann trasna ar an gcéibh. Táimid bréan de gheallúintí. Táim ag iarraidh oibriú in éindí leis an Aire Stáit agus na Teachtaí eile. Tá sé tuillte ag muintir Inis Oírr go gcomhlíontar na geallúintí anois, go leagtar síos spriocanna ama agus go gcomhlíontar iad. Sin an rud atá ag teastáil. Táimid ag fanacht do pholasaí do na hoileáin agus ar a lán rudaí eile. Ag an bpointe seo, is féidir le muintir Inis Oírr fanacht cúpla mí ach sin amháin má tá an tréimhse ama ann agus má chloímid leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.