Dáil debates

Wednesday, 8 May 2019

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scoileanna Lán-Ghaeilge

5:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom filleadh ar roinnt ceisteanna curtha agam le tamall anuas. Cén fáth go bhfuil €103 in aghaidh an chloiginn sa bhreis á íoc leis na scoileanna deonacha le hais na scoileanna a thagann faoi na ETBs, na scoileanna pobail agus na scoileanna cuimsitheacha atá ag múineadh trí Ghaeilge? Faighim an freagra céanna i gcónaí, is é sin, nach é an Roinn a leithdháileann an t-airgead ar na scoileanna a thagann faoi na ETBs. Ar ndóigh, mura bhfaigheann na ETBs an t-airgead, ní féidir leo é a roinnt. Íoctar na liúntais céanna, nach mór, leis na ETBs faoi gach uile aicme eile de liúntas seachas an liúntas múineadh trí Ghaeilge de €103 in aghaidh an dalta in aghaidh na bliana. Is léir nach bhfuil fonn ar dhuine éigin istigh sa Roinn cothrom na Féinne a thabhairt sa chás seo. Tá 71 meánscoil ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Is scoileanna deonacha iad 20 acu siúd, agus tá cuid acu in áiteanna rachmasacha. Is scoileanna ETB iad 46 acu. Is scoileanna pobail nó cuimsitheacha iad na cúig scoil eile. Chomh maith leis sin, tá cúig cinn de na scoileanna a thagann faoi na ETBs, nó na coistí gairmoideachais mar a bhíodh, ar oileáin. Dhéanfadh an €103 in aghaidh an chloiginn an-difríocht dóibh. Cén fáth a bhfuil an ceart seo á shéanadh ar dhaltaí na scoileanna lán-Ghaeilge atá faoi chúram na boird oideachais agus oiliúna nó atá ag feidhmiú mar phobalscoileanna nó scoileanna cuimsitheacha?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil míchothromaíocht i gceist anseo. Is dócha go n-aontaíonn an tAire nach féidir leanúint ar aghaidh le míchothromaíocht. Tá scoileanna áirithe - na scoileanna deonacha - ag fáil airgid, ach níl na scoileanna cuimsitheacha, na scoileanna pobail agus na scoileanna a thagann faoi Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag fáil airgid. Is ceist thar a bheith simplí í an cheist seo. An féidir leanúint ar aghaidh leis an mhíchothromaíocht seo agus gan cothrom na Féinne a thabhairt do gach uile scoil, beag beann ar cé atá i gceannas ar na scoileanna sin? Tá an t-ábhar seo ardaithe go mion minic linne mar pholaiteoirí i nDáilcheantar Gaillimh Thiar, mar shampla ón bhord oideachais agus oiliúna. Nuair a bhí cruinniú againn i mí an Mhárta, bhí an cheist seo ar an gclár oibre arís. Tá an cheist á ardú againn arís inniu agus muid ag iarraidh a fháil amach céard iad na pleananna atá ag an Rialtas chun fáil réidh leis an mhíchothromaíocht atá luaite agam. An féidir leis an Aire freagra díreach a thabhairt dúinn ar an scéal seo?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as ceist mhaoiniú na scoileanna a tharraingt anuas i gcás an deontas do mhúineadh trí Ghaeilge agus an deontas do mhúineadh tríd an dá theanga. Táim buíoch as seans a fháil chun an cheist sin a shoiléiriú. Tá an deontas Gaeilge agus an deontas dátheangach ann mar chistiú do scoileanna a mhúineann trí Ghaeilge. Is léiriú iad na socruithe atá déanta ag mo Roinn leis na scoileanna agus coláistí deonacha, na scoileanna dara leibhéal, na pobalscoileanna, na scoileanna cuimsitheacha agus na scoileanna a thagann faoi na boird oideachais agus oiliúna ar na socruithe éagsúla bainistíochta agus úinéireachta atá i réim trasna na scoileanna dara leibhéal.

Is le deontais chaipitíochta a mhaoinítear na meánscoileanna deonacha. Faigheann na scoileanna sin deontais in ionad na dtáillí a bhíodh á ngearradh roimh 1967. Íoctar deontais caipitíochta breise le meánscoileanna deonacha ina múintear cuid de na hábhair, nó na hábhair go léir, trí Ghaeilge. Ní íoctar an deontas le pobalscoileanna, scoileanna cuimsitheacha ná le scoileanna na mbord oideachais agus oiliúna. Íoctar leithdháiltí leis na pobalscoileanna, na scoileanna cuimsitheacha agus leis na scoileanna a thagann faoi na boird oideachais agus oiliúna ar bhonn buiséid bhliantúil.

I gcás na scoileanna a thagann faoi na boird oideachas agus oiliúna, áirítear ar an gcistiú airgead don cheannoifig agus do chostais eile, costais scoileanna san áireamh. Tugtar ardleibhéal féinrialachais do scoileanna na mbord oideachas agus oiliúna chun a mbuiséid féin a bhainistiú agus a chionroinnt. Tá cead ag gach bord oideachais agus oiliúna a leithdháiltí a dháileadh de réir a thosaíochtaí agus a riachtanais féin. Ní mór aon easnamh ar chistiú i scoil ar leith a thagann faoi na boird oideachais agus oiliúna a bhainistiú as buiséad an bhoird oideachais agus oiliúna lena mbaineann. Ní leithdháileann mo Roinn cistí ar scoileanna aonair in earnáil na mbord oideachais agus oiliúna. Rud casta is ea cistiú a chothromú ar fud na hearnála iar-bhunoideachais, agus ní mór raon tosca a chur san áireamh ann, leithéidí an tslí a n-íoctar costais fhoirne agus costais neamhphá eile.

5:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an freagra glic, seachantach agus bréagach. Íocann an Rialtas airgead leis na boird oiliúna agus oideachais. Adhmhaím é sin. Tugtar cnapshuim do chuile cheann acu. Ach tá sé sin comhdhéanta d'airgead in aghaidh an chloiginn bunaithe ar líon na ngasúr atá ann agus mar sin de. Mar sin, níl fadhb ar bith againn teacht ar réiteach ar an bhfadhb seo. Is féidir leis an Aire leithdháileadh lárnach de €103 in aghaidh an chloiginn do chuile ghasúr atá á mhúineadh trí Ghaeilge ag an Education and Training Board i nGaillimh agus Ros Comáin, mar shampla, a dhéanamh agus ligean don ETB é sin a roinnt amach. Ag deireadh an lae - díreodh muid díriú isteach ar fhírinne an scéil seo - tugann an tAire €103 níos mó do scoileanna deonacha atá ag múineadh trí Ghaeilge ná mar a thugann sé do phobalscoileanna, scoileanna cuimsitheacha agus ETBs. Más í an rud é go bhfuil dáileadh lárnach á dhéanamh, cén fáth nach n-íoctar é seo do na scoileanna cuimsitheacha agus do na pobalscoileanna? Sin rud eile a seachnaíodh sa bhfreagra. Chosnódh sé €1 milliún sa mbliain.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá trí leathanach go leith de fhreagra ann. Tá meas agam ar an Aire agus tá a fhios agam go bhfuil a chroí san áit cheart, ach tá trí leathanach go leith againn agus ní thuigim an freagra ach amháin an rud atá ar eolas againn cheana, is é sin nach n-íoctar an deontas le pobalscoileanna, le scoileanna cuimsitheacha ná le scoileanna na mbord oideachais agus oiliúna. Tá a fhios againn é sin. Sin an fáth go bhfuil an bheirt againn ag seasamh suas ag cur ceiste. Cén chaoi is féidir leanúint ar aghaidh leis an míchothromaíocht sin? Níl aon mhíniú tugtha dúinn sa fhreagra. Cén fáth go bhfuil an Rialtas ag leanúint ar aghaidh leis an míchothromaíocht? Tá scoileanna áirithe, na scoileanna deonacha, ag múineadh trí Ghaeilge agus ag fáil breis is €100 in aghaidh chuile dálta. Níl na scoileanna eile, dóibh siúd faoin mbord oideachais, na scoileanna cuimsitheacha, agus na pobalscoileanna, ag fáil aon rud. Ní féidir leis an Teachta, mar Aire Oideachais agus Scileanna, glacadh leis sin. Ní dóigh liom go bhfuil sé sásta leis. Tá réiteach ag teastáil. Ní féidir idirdhealú mar sin a dhéanamh, idirdhealú atá, bun agus barr, bunaithe ar an míchothromaíocht agus ní féidir a bheith anseo ag tabhairt freagra mar sin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní mhaoinítear an dá earnáil ar an shlí chéanna. Cuirtear cistiú ar fáil d’earnáil na meánscoileanna deonacha i bhfoirm deontais chaipitíochta agus d’earnáil na mbord oideachais agus oiliúna, do na pobalscoileanna agus do na scoileanna cuimsitheacha i bhfoirm buiséad bliantúil. Ní cistiú ar bhonn iontamhla é, agus tá sé ceaptha le costais éagsúla, cuid acu cosúil agus cuid acu difriúil, a ghabhann le reáchtáil an dá earnáil, a chlúdach.

Dá n-iarrfaí aon mhéadú eile ar na buiséid do mhúineadh trí Ghaeilge, ba ghá iad féachaint orthu i bhfianaise bhuiséad iomlán mo Roinne agus a tosaíochtaí ginearálta maidir le cothromú an chistithe don earnáil iar-bhunoideachais trí chéile, nithe de dhroimh an phlean gníomhaíochta reatha don oideachas agus tosaíochtaí agus cuspóirí eile a bhaineann le hábhar.

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí arís fá choinne na ceiste. D'ardaigh cúpla duine ó Ros Comáin an cheist seo nuair a tháinig mé isteach sa phost úr. Bhí mé ag labhairt le mo chuid oifigeach sa Roinn fadúda na rudaí seo. B'fhéidir go mbeidh athrú ar na rudaí sin i gceist agus an comhrá roimh an bhuiséad atá le teacht ag dul ar aghaidh. Dá mbeadh an Rialtas fós ann roimh an bhuiséad i mbliana, beidh seans ag na Teachtaí labhairt linn. Dá mbeadh aon athrú ag teacht, beidh seans acu labhairt linn tríd an chóras sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba chóir don Aire é a chur ar an liosta siopadóireachta. Is airgead an-bheag é i gcomhthéacs an €10 billiún atá aige.