Dáil debates

Wednesday, 8 May 2019

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scoileanna Lán-Ghaeilge

5:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom filleadh ar roinnt ceisteanna curtha agam le tamall anuas. Cén fáth go bhfuil €103 in aghaidh an chloiginn sa bhreis á íoc leis na scoileanna deonacha le hais na scoileanna a thagann faoi na ETBs, na scoileanna pobail agus na scoileanna cuimsitheacha atá ag múineadh trí Ghaeilge? Faighim an freagra céanna i gcónaí, is é sin, nach é an Roinn a leithdháileann an t-airgead ar na scoileanna a thagann faoi na ETBs. Ar ndóigh, mura bhfaigheann na ETBs an t-airgead, ní féidir leo é a roinnt. Íoctar na liúntais céanna, nach mór, leis na ETBs faoi gach uile aicme eile de liúntas seachas an liúntas múineadh trí Ghaeilge de €103 in aghaidh an dalta in aghaidh na bliana. Is léir nach bhfuil fonn ar dhuine éigin istigh sa Roinn cothrom na Féinne a thabhairt sa chás seo. Tá 71 meánscoil ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Is scoileanna deonacha iad 20 acu siúd, agus tá cuid acu in áiteanna rachmasacha. Is scoileanna ETB iad 46 acu. Is scoileanna pobail nó cuimsitheacha iad na cúig scoil eile. Chomh maith leis sin, tá cúig cinn de na scoileanna a thagann faoi na ETBs, nó na coistí gairmoideachais mar a bhíodh, ar oileáin. Dhéanfadh an €103 in aghaidh an chloiginn an-difríocht dóibh. Cén fáth a bhfuil an ceart seo á shéanadh ar dhaltaí na scoileanna lán-Ghaeilge atá faoi chúram na boird oideachais agus oiliúna nó atá ag feidhmiú mar phobalscoileanna nó scoileanna cuimsitheacha?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.